European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1818

19.3.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/1818)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Aylés’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1522-AM04 — 11.11.2025

1.   Ainm an táirge

‘Aylés’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Spáinn

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bhia, Ard-Stiúrthóireacht um Bia, Fo-Ard-Stiúrthóireacht um Rialú Cáilíochta Bia agus Saotharlanna Agraibhia

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann an t-údarás inniúil gur leasú caighdeánach é an leasú seo ar shonraíocht táirge ATFC Aylés; ní féidir a mheas gur leasú ar leibhéal an Aontais é ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 maidir le tásca geografacha. Go sonrach: ní dhéantar athrú leis ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach; níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Leasuithe ar an tuairisc ar an bhfíon: saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha.

Tuairisc

Cuireadh réamhrá gairid le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge ina luaitear go dtagann fíonta ATFC ‘Aylés’ faoi chatagóir 1 ‘Fíon’, agus go bhféadfaidh na fíonta a bheith geal, rosé nó dearg. Dá bhrí sin, cuireadh táirgeadh fíonta geala sa tsonraíocht agus tugadh tuairisc ar shaintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha na bhfíonta.

Tá feidhm ag na teorainneacha anailíseacha seo a leanas:

neart alcóil iarbhír: baineadh na huasteorainneacha agus laghdaíodh an neart alcóil íosta de réir toirte go 12 % i gcás na bhfíonta dearga uile agus ó 12 % go 11,5 % i gcás fíonta rosé.

iomlán na siúcraí: in ionad na dteorainneacha, cuireadh isteach nach mór na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht atá ann faoi láthair a chomhlíonadh;

aigéadacht iomlán: baineadh an uasteorainn;

aigéadacht luaineach uasta: socraíodh luach 0,90 g/l i gcás gach cineáil fíona;

sulfar uasta: méadaíodh an teorainn i gcás gach cineáil fíona.

Rinneadh an tuairisc ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a athdhréachtú i bhfianaise na taithí a fuair painéal blaiste an chomhlachta rialúcháin agus i bhfianaise na hoibre a rinne an painéal céanna. I gcás na bhfíonta dearga, cuireadh na cineálacha tinto [dearg] agus tinto con envejecimiento [dearg aosaithe] in ionad na gcineálacha joven [óg], barrica [aosaithe i mbairillí], crianza [aosaithe] agus Tres de 3000 [trí as 3 000, ar tagairt é don dáileacht talún as a dtáirgtear an fíon].

Baineann an leasú le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 6 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Athruithe ar chleachtais saothraithe

Tuairisc

Baineadh na huasteorainneacha ar fhíniúnacha in aghaidh an heicteáir agus ar bhachlóga in aghaidh an heicteáir.

Baineann an leasú le hAirteagal 3(a) (Cleachtais saothraithe) den tsonraíocht táirge. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Athruithe ar chleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Tuairisc

Rinneadh feabhsuithe eagarthóireachta ar an roinn maidir le cleachtais fhíoneolaíocha: cuireadh atheagar ar an ábhar agus cuireadh foclaíocht isteach maidir le táirgeadh fíonta geala.

Ina theannta sin, baineadh na dátaí buainte sonracha; socraíodh an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte i gcás fíon geal, laghdaíodh é ó 12 % go 11 % i gcás fíon rosé agus socraíodh é ag 12 % i gcás gach cineáil fíona dheirg; scriosadh an ceanglas nach mór an fhíonlann a bheith cóngarach don fhíonghort; scriosadh an ceanglas nach mór fíon a dhéanamh as gach cineál ar leithligh; scriosadh na hagaí maothaithe agus coipthe (in uaireanta an chloig agus laethanta), mar aon leis na teochtaí coipthe; baineadh an oibleagáid an dlús a sheiceáil ar bhonn laethúil.

Sonraíodh nach féidir fíonta geala a dhéanamh ach amháin as cineálacha geala agus nach féidir fíonta rosé agus dearga a dhéanamh ach amháin as cineálacha dearga. Ar deireadh, baineadh an srian ar thoilleadh ainmniúil na mbairillí agus socraíodh íosagaí aosaithe i gcás fíonta geala, rosé, dearga agus Tres de 3000.

Baineann an leasú le hAirteagal 3(b) (Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha) den tsonraíocht táirge agus le Roinn 7.1 (Cleachtais fhíoneolaíocha) den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Críochú an limistéir gheografaigh ar leibhéal an pholagáin agus na dáileachta talún

Tuairisc

Tá limistéar geografach an ATFC críochaithe bunaithe ar pholagáin agus dáileachtaí talún ar leibhéal an bhardais; scriosadh an tagairt do cheapacha. Fágann sé sin go bhfuil an limistéar geografach beagán níos mó ach ní dhéanann sé difear don nasc idir an limistéar agus an táirge. Ciallaíonn sé freisin go bhfuil saoráidí na fíonlainne lonnaithe anois laistigh den limistéar críochaithe, rud a fhágann nach bhfuil feidhm leis an maolú maidir le fíonóireacht i limistéar atá díreach in aice láimhe. Dá bhrí sin, scriosadh an maolú sin sa roinn dar teideal ‘Coinníollacha breise’.

Baineann an leasú sin le hAirteagail 4 (Limistéar geografach críochaithe) agus 8 (Ceanglais bhreise) den tsonraíocht táirge agus le Ranna 9 (Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe) agus 11 (Ceanglais eile is infheidhme) den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Cineálacha nua a chur isteach

Tuairisc

Cuireadh na cineálacha Syrah (dearg) agus Chardonnay (bán) isteach.

Baineann an leasú le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 8 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Téarmaí lipéadaithe

Tuairisc

Cuireadh isteach dhá théarma lipéadaithe roghnacha nua: Viñas viejas [seanfhíniúnacha] agus Vendimia seleccionada [fómhar roghnaithe] nó Selección [roghnú]. Scriosadh an téarma traidisiúnta Clásico [clasaiceach].

Baineann an leasú le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le Roinn 11 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Feabhsuithe eagarthóireachta

Tuairisc

Ní raibh feidhme leis an tagairt don reachtaíocht in Airteagal 8(a) den tsonraíocht táirge agus scriosadh í. Ní raibh feidhm leis na tagairtí don bhunús dlí le haghaidh téarmaí traidisiúnta in Airteagal 8(b) ach oiread agus scriosadh iad.

Faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair, ní gá ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a sheiceálann comhlíonadh na sonraíochta táirge agus a gcúraimí sonracha a bheith sa tsonraíocht táirge a thuilleadh. Dá bhrí sin, scriosadh Airteagal 9 den tsonraíocht, inar tagraíodh don mhéid sin.

Déanann an leasú difear d’Airteagail 8 agus 9 den tsonraíocht táirge. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

‘Aylés’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1522-AM04 — 11.11.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Aylés’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Spáinn

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 – Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Táirge fíniúna

Fíon geal agus rosé

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma

Dath geal.

Dea-bholadh

Cumhracht an-dian le dea-bholaithe bláthacha agus/nó torthaíocha ar saintréithe den chineál iad.

Blas

Blas an-dian, iarbhlas cothrom.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

4

Aonad aigéadachta iomláin íosta

graim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

15

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

160

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

-

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo, tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Fíon dearg

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma

Fíon dearg: dath breá dian le himireacha beoga.

Fíon dearg aosaithe: dath idir meándéine agus ard-déine.

Dea-bholadh

Fíon dearg: cumhracht measartha dian lena ngabhann dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha a bhíonn níos láidre ná na dea-bholaithe coipthe.

Fíon dearg aosaithe: cumhracht measartha dian lena ngabhann dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha, agus ruainníní adhmadacha (nó rósta), b’fhéidir.

Blas

Fíon dearg: cothrom agus iarbhlas fada ag gabháil leis.

Fíonta dearga aosaithe: braistint láidir sa bhéal agus ruainníní adhmaid ag gabháil léi. Struchtúr cothrom.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

12

Aigéadacht iomlán íosta

4

Aonad aigéadachta iomláin íosta

-

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

15

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

120

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

-

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo, tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

-

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Is ar bhonn meicniúil a dhéantar an fómhar, agus más féidir, déantar é ar laethanta a bhíonn an teocht íseal. Ní dhéantar an fómhar de láimh ach amháin i gcás nach bhfuil an fómhar meicnithe oiriúnach chun tréithe sonracha a roghnú san fhíonghort, mar is gá i gcás fómhair áirithe agus cineálacha áirithe próiseála. Ní mór fíon a dhéanamh de na fíonchaora díreach tar éis an fhómhair.

Maidir leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, is éard atá ann 11 % i gcás na bhfíonta geala agus rosé agus 11,5 % i gcás na bhfíonta dearga.

Ní féidir ach fáisceáin hiodrálacha agus neomatacha a úsáid, agus ní ceadmhach an táirgeacht a bheith níos mó ná 70 lítear d’fhíon in aghaidh 100 kg d’fhíonchaora.

Úsáidtear an maothú réamhchoipthe chun fíon dearg a dhéanamh agus maothú peillicíneach fuar chun fíon geal agus rosé a dhéanamh.

Ní mór an fíon a aosú i mbairillí darach de thionscnamh na Fraince, Mheiriceá nó Oirthear na hEorpa ar feadh na dtréimhsí seo a leanas ar a laghad:

≥ 30 lá i gcás fíon geal agus rosé

≥ 60 lá i gcás fíon dearg

≥ 12 mhí i gcás fíon Tres de 3000.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cleachtais saothraithe

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Srian ábhartha maidir le fíonóireacht

Tuairisc

Is éard atá sa phatrún plandaithe 3 mhéadar faoi 1 mhéadar.

Úsáidtear an t-uisciú silte, agus an timthriall fáis á chur san áireamh.

Leatar leasachán chun fás cothrom na bplandaí a choinneáil ar bun.

Déantar obair cothabhála ithreacha chun an creimeadh a chomhrac agus chun cuidiú leis an mbáisteach dul isteach san ithir.

Chun faireachán a dhéanamh ar shláinte na bhfíniúnacha, cuirtear critéir chomhtháite i bhfeidhm.

Déantar na triopaill fíonchaor a thanú má léiríonn réamhaisnéisí fómhair go bhféadfaí na huastáirgeachtaí a shárú.

Déantar seiceálacha tráthrialta aibíochta le linn na tréimhse aibithe.

Ní mór fíon a dhéanamh de na fíonchaora díreach tar éis an fhómhair.

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon / catagóir / cineál / cineál

Gach cineál

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht

8 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid

cileagraim d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál / cineál

Gach cineál

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht

56

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid

heictilítir in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

CABERNET SAUVIGNON

CHARDONNAY

GARNACHA TINTA

MERLOT

SYRAH

TEMPRANILLO

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

Na fíniúnacha chun fíonta ar a bhfuil an t-ainm ‘Aylés’, fástar iad ar an eastát a bhfuil an t-ainm sin air i mbardas Meloche (Zaragoza), go sonrach ar na dáileachtaí talún seo a leanas:

Polagán 16: dáileachtaí talún 2, 3, 4, 12 agus 13

Polagán 19: dáileachtaí talún 212, 213 agus 214.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóir an táirge fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Is eastát fíona é Aylés atá lonnaithe in abhantrach Huerva, áit a bhfuil fíniúnacha á bhfás ó thús an 20ú céad. Murab ionann is ithreacha na limistéar máguaird, tá ithreacha an eastáit sin lán le carbónáit chailciam, níl mórán ábhair orgánaigh ná nítrigine iontu, agus tá cion cothrom aolchloiche agus níos lú ná 45 % de chré iontu. Bíonn na fíonta a eascraíonn as sin den chéad scoth: neart eastóscán iontu, dath dorcha orthu, cumhra, agus lena ngabhann neart alcóil maith agus díreach an aigéadacht cheart. Mar gheall ar a gcomhdhéanamh ceimiceach (cion níos ísle aicéatóine agus cion níos airde eistear ná fíonta ó na limistéir máguaird) bíonn na fíonta cothrom, gan bheith ró-aigéadach. Bíonn dea-bholaithe láidre torthaíocha agus bláthacha ar fhíonta óga, agus leis an aosú, is láidre a bhíonn an léiriú ar an bhfíonchaor as a ndéantar iad.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Pacáistiú ag an bhfoinse

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

Déantar an fíon a bhuidéalú ag saoráidí fíonlainne ar an eastát. Tá dlúthnasc idir acmhainneacht na bhfíonta agus a n-áit tionscnaimh, i.e. an áit ina ndéantar iad. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéantar gach próiseas a bhfuil tionchar aige ar cháilíocht an táirge san fhíonlann féin, chun caidéalú, iompar nó gníomhaíochtaí comhchosúla eile nach bhfuil gá leo a sheachaint, ar gníomhaíochtaí iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht an fhíona.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

Téarmaí roghnacha atá bainteach le saintréithe an fhíonghoirt:

Viñas viejas [seanfhíniúnacha]: Fíon a dhéantar as fíonchaora a fhástar i bhfíonghoirt atá níos sine ná 20 bliain d’aois.

Vendimia seleccionada [fómhar roghnaithe] nó Selección [roghnú]: Fíon a dhéantar as fíonchaora a fhástar ar dháileachtaí talún sonracha a roghnaítear roimh an bhfómhar, i gcás ina bhfuil an táirgeacht níos lú ná 7 000 kg in aghaidh an heicteáir.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.aragon.es/documents/d/guest/pliego_de_condiciones_dop_ayles_aprobado


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1818/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)