|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1709 |
24.4.2026 |
P10_TA(2025)0300
Rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus do ghnólachtaí atá ag méadú
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 maidir le rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus do ghnólachtaí atá ag méadú (2025/2072(INI))
(C/2026/1709)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘A Competitiveness Compass for the EU’ [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2025 dar teideal ‘Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú – Roghnaigh an Eoraip chun dul i mbun gnó agus méadú’ (COM(2025)0270), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 dar teideal ‘An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte – Straitéis chun an Margadh Aonair a dhéanamh simplí, saoráideach agus láidir’ (COM(2025)0500), |
|
— |
ag féachaint do Dhearbhú Bhúdaipeist arna ghlacadh an 8 Samhain 2024 ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais, |
|
— |
ag féachaint d’fhoilseachán an 18 Iúil 2024 ó Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen, dar teideal ‘Rogha na hEorpa: treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’. |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach dar teideal ‘Survey on the Access to Finance of Enterprises in the euro area – First Quarter of 2025’ [Suirbhé maidir le Rochtain ar Mhaoiniú le haghaidh Fiontar sa limistéar euro – An Chéad Ráithe de 2025], a foilsíodh i mí Aibreáin 2025, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Savings and Investments Union – A Strategy to Foster Citizens’ Wealth and Economic Competitiveness in the EU’ [Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas na Saoránach agus Iomaíochas Eacnamaíoch a Chothú san Aontas] (COM(2025)0124), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘Survey on the access to finance of enterprises (SAFE) – Analytical report 2024’ [Suirbhé maidir le rochtain ar mhaoiniú le haghaidh fiontar (SAFE) – Tuarascáil anailíseach 2024], a foilsíodh i mí Eanáir 2025, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ó Mario Draghi dar teideal ‘The future of European competitiveness’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi), a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2024 dar teideal ‘Tuarascáil Bhliantúil 2023/2024 maidir le FBManna Eorpacha’, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta dar teideal ‘Much more than a market’ [Margadh Thar an gCoitiantacht] (Tuarascáil Letta), a foilsíodh i mí Aibreáin 2024, |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gcruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach an 17 agus an 18 Aibreán 2024, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2023 ar an nuálaíocht, an iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a mhéadú trí thimpeallacht fhabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú (1), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 dar teideal ‘An Pacáiste Fóirithinte do FBManna’ (COM(2023)0535), |
|
— |
ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0185/2025), |
|
A. |
de bhrí gurb ionann micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) agus cnámh droma ghnólachtaí na hEorpa, arb ionann FBManna agus 99,8 % de na fiontair uile, 65,2 % den fhostaíocht agus 53,1 % den bhreisluach san earnáil ghnó neamhairgeadais san Aontas in 2023 (2); |
|
B. |
de bhrí go bhfuil fás eacnamaíoch mall agus fadhbanna ag an Aontas ina iomláine, agus go háirithe ag a gheilleagair is mó, de réir mar atá cuideachtaí ag cailleadh iomaíochais i dtríú tíortha, rud atá níos measa mar gheall ar iarmhairtí na paindéime, ar an ngéarchéim fuinnimh agus ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a rinne difear ar leith do FBManna agus do gheilleagair tíortha feadh theorainn thoir an Aontais; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil éagsúlacht idir raon feidhme, tionscal, riachtanais airgeadais, suíomh, úinéireacht, samhail ghnó, agus acmhainneacht nuálaíochta FBManna Eorpacha, agus, dá bhrí sin, go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus riachtanais mhaoinithe éagsúla, agus a bhfuil acmhainneacht theoranta acu chun aghaidh a thabhairt orthu; de bhrí go bhfeidhmíonn formhór FBManna Eorpacha ar an leibhéal náisiúnta go príomha; de bhrí gur beag FBManna atá rannpháirteach in oibríochtaí trasteorann laistigh den Aontas, agus gur mionlach iad na FBManna sin a onnmhairíonn lasmuigh den Aontas; |
|
D. |
de bhrí go léirítear i dtuarascáil Draghi go bhfuil bacainní rialála agus ualaí riaracháin i measc na ndúshlán is mó atá roimh FBManna, agus go measann níos mó ná 60 % de chuideachtaí an Aontais go bhfuil rialacháin tuairiscithe, faoin gComhaontú Glas don Eoraip den chuid is mó, mar bhac ar infheistíocht, agus go dtuairiscíonn 55 % de FBManna bacainní rialála agus ualach riaracháin mar an dúshlán is mó atá rompu, cé go bhfuil an cion níos mó fós ann do ghnólachtaí nuathionscanta agus do mhicrifhiontair, agus á mholadh go ndéanfaí FBManna a dhíolmhú ó rialacháin ar fhorais chomhréireachta, agus go mbeadh creat rialála níos simplí, níos intuartha agus níos iomaíche agus athbhreithniú ar an gComhaontú Glas don Eoraip ríthábhachtach dá rathúnas; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna chun scála a mhéadú, neamhéifeachtúlachtaí a laghdú agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn, agus go bhfuil sprioc leagtha síos aige laghdú 35 % ar a laghad a dhéanamh ar na hualaí tuairiscithe do FBManna, agus gur fhógair sé seiceáil nua ar iomaíochas FBManna i measúnuithe tionchair; de bhrí nach mór éiceachóras dea-fhorbartha an chaipitil fiontair a bheith ag gabháil leis na tionscnaimh sin, agus é á chur san áireamh go gcuireann infheisteoirí institiúideacha amhail cuideachtaí árachais go mór le maoiniú FBManna trí sheachadadh agus claochlú rioscaí, agus á chur san áireamh freisin, murab ionann agus sna Stáit Aontaithe, gur ó bhainc a thagann formhór an mhaoinithe san Aontas Eorpach, agus go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha ann idir cultúr infheistíochta na hEorpa agus réigiúin eile den domhan, go háirithe maidir le caipiteal fiontair agus infheistíocht aingil; de bhrí go bhfágann an staid sin go bhfuil FBManna an-leochaileach maidir le géarú iasachtú bainc; |
|
F. |
de bhrí nach bhfuil timpeallacht níos dinimiciúla agus níos fabhraí ag an Eoraip do chuideachtaí nuálacha chun uas-scálú a dhéanamh agus do thuilleadh infheistíochta agus dul chun cinn sa bhonneagar digiteach, rud a fhágann go n-athlonnaíonn beagnach 30 % de na ‘haonbheannaigh’ thar lear (3); |
|
G. |
de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún straitéis do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, agus go bhfuil tionscnaimh éagsúla i bhfeidhm atá dírithe ar fhiontraíocht, nuálaíocht agus claochlú digiteach a chur chun cinn san Aontas, amhail an straitéis um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, an scórchlár éiceanuálaíochta, Pobail Eolais agus Nuálaíochta, an tArdán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha, an Deacáid Dhigiteach agus an straitéis maidir le margadh aonair digiteach, chomh maith le cláir chistithe atá tiomnaithe don nuálaíocht i réimsí beartais eile; |
Breithnithe ginearálta
|
1. |
á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dálaí fabhracha margaidh a chruthú do chuideachtaí Eorpacha chun nuálaíocht a dhéanamh, tosú, cruthú, fás agus méadú san Eoraip chun leas iomlán a bhaint as ár margadh agus chun cabhrú lenár ngeilleagair éirí níos iomaíche; á aithint go bhfuil ilroinnt rialála ar cheann de na bacainní a chuireann cosc ar ghnólachtaí atá ag méadú acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair a bhaint amach; á aithint go mbíonn ar FBManna aghaidh a thabhairt ar choinníollacha agus ceanglais neamhchothroma maoiniúcháin ar fud na mBallstát agus na réigiún, mar gheall ar thosca a bhaineann go sonrach le gach gnó, suíomh geografach – amhail a bheith lonnaithe i limistéir iargúlta, i limistéir is forimeallaí agus i limistéir oileánacha – agus an timpeallacht eacnamaíoch, agus dá bhrí sin, is gá réitigh atá saincheaptha do na saintréithe sin, agus do riachtanais na ngeilleagar beag a dhéanamh orthu; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi gur aithníodh, i ndiaidh thuarascálacha Draghi agus Letta, go bhfuil gá le margadh aonair atá níos iomaíche, nach bhfuil chomh hilroinnte céanna agus nach bhfuil chomh maorlathach céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí sna tuarascálacha sin a chur san áireamh, ina luaitear go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach agus chinntitheach ar an leibhéal rialála agus ar an leibhéal polaitiúil araon; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, na hualaí iomarcacha a bhí ar FBManna mar thoradh ar chur chun feidhme oibleagáidí éagsúla faoin gComhaontú Glas don Eoraip; ós deimhin léi go méadódh sainmhínithe tiomnaithe ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú na deiseanna tacaíochta trí bhearta atá saincheaptha dá riachtanais shonracha; |
|
3. |
á aithint go bhfuil iasachtú bainc fós ar an bpríomhfhoinse maoinithe sheachtraigh do FBManna san Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag samhlacha traidisiúnta baincéireachta, lena n-áirítear bainc bheaga réigiúnacha, bainc choigiltis, comharbhainc agus institiúidí poiblí; |
|
4. |
á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh chun an timpeallacht ghnó a dhéanamh níos éasca agus níos tarraingtí chun caipiteal agus infheistíocht Eorpach agus idirnáisiúnta araon a shlógadh; á chur i bhfáth gur gá éiceachóras na ngnólachtaí atá ag méadú a chothú a bhraitheann go príomha ar infheistíochtaí príobháideacha agus ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, rud a chuideodh le caipiteal a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a éascú do ghnólachtaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach dea-fhorbartha ag bainc a bhfuil eolas sonrach réigiúnach agus áitiúil acu maidir le cistiú a chur ar fáil do FBManna, a eascraíonn as caidreamh fadtéarmach leis na cuideachtaí sin; |
|
5. |
ag tarraingt aird ar na dúshláin ar leith atá roimh ghnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis maidir le maoiniú fáis ag céim dhéanach a fháil; ag tabhairt dá haire go bhfuil go leor gnólachtaí ardacmhainneachta de chuid an Aontais fós ag brath ar chaipiteal fiontair eachtrach agus ar infheisteoirí, agus go bhfuil sciar mór de bhabhtaí cistiúcháin ina dhiaidh sin faoi stiúir infheisteoirí neamh-Eorpacha; á thabhairt chun suntais gur gá dálaí níos tarraingtí a chruthú don infheistíocht laistigh den Aontas; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rochtain ar mhaoiniú bunaithe ar chritéir na héifeachtúlachta eacnamaíche, na brabúsachta agus na hinscálaitheachta, gan beann ar bhunús an chaipitil, agus á mheabhrú go dtéann iomaíocht oscailte agus dhomhanda chun tairbhe do ghnólachtaí agus don nuálaíocht; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, gur glacadh Gníomh an Aontais um Liostú ar an Stocmhalartán (4) le déanaí, rud a fhágann go bhfuil sé níos simplí do chuideachtaí de gach méid, lena n-áirítear FBManna, a bheith liostaithe ar stocmhalartáin na hEorpa; |
|
6. |
ag cur sonrú i bhfoilsiú ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, lenar cheart an nuálaíocht a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag nuálaithe aonair, bunaitheoirí, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú san Aontas; á chur i bhfáth, cé go bhfuil an diagnóis atá sa straitéis cruinn go pointe áirithe, nach mór do na bearta atá beartaithe a bheith níos uaillmhianaí, agus béim á leagan ar rialacháin uile an Aontais a aisghairm lena bhforchuirtear ualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo a chuireann bac ar chruthú agus ar leathnú gnólachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún an talmhaíocht a áireamh i measc na n-earnálacha tosaíochta arna sainiú sa straitéis; |
|
7. |
á mheas go mbeidh éascú rochtana ar mhaoiniú do FBManna agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis ag brath ar (i) laghdú suntasach agus leanúnach ar ualaí maorlathacha agus rialála, lena n-áirítear nósanna imeachta fada ceadaithe, ceanglais chostasacha tuairiscithe, agus castacht agus neamhchinnteacht na timpeallachta rialála (ii) an acmhainneacht fheabhsaithe chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach agus coigilteas príobháideach, (iii) an bhearna chistiúcháin do ghnólachtaí atá i mbun fáis a dhúnadh, agus (iv) éiceachóras iomaíoch margaí caipitil a threisiú laistigh den Aontas; á chur i bhfáth, chun na gcríoch sin, nach mór gurb é sprioc dheiridh an Choimisiúin aontas coigiltis agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche lena n-urramaítear inniúlachtaí na mBallstát agus prionsabal na coimhdeachta; |
Ualaí maorlathacha agus rialála a laghdú
|
8. |
á mheabhrú go bhfuil go leor gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis a bhfuil gealladh fúthu á n-athlonnú chuig tíortha nach bhfuil san Aontas mar gheall ar thírdhreach rialála Eorpach atá trom, mall, ilroinnte agus dothuartha; á chur i bhfios go láidir, mura ndéanfar an treocht sin a aisiompú trí shimpliú suntasach, beidh cuideachtaí atá ag a gcéim fáis is straitéisí fós á gcailleadh ag an Eoraip, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos lú cruthú post agus fás eacnamaíoch níos moille; á chur in iúl gur saoth léi go ndíspreagann tairseacha cánach agus rialála fás gnó trí chóireáil níos ualaí a fhorchur a luaithe a sháraítear leibhéil áirithe méide nó láimhdeachais; |
|
9. |
á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí simpliúcháin agus ag spreagadh an Choimisiúin tograí ina dhiaidh sin a chur ar aghaidh a théann níos faide ná a phacáistí Omnibus simpliúcháin agus lena mbunaítear rialacháin agus creataí atá fabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta lena n-éascaítear fás, inscálaitheacht agus oibríochtaí trasteorann gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus cosaint tomhaltóirí, príobháideachas sonraí agus iomaíocht chóir á n-áirithiú ag an am céanna; ag meabhrú thiomantas an Choimisiúin maorlathas a laghdú trí chur chuige cothrománach, i ngach réimse, agus á iarraidh go ndéanfaí scagadh córasach ar acquis an Aontais chun bacainní rialála ar FBManna a shainaithint agus a dhíothú; |
|
10. |
ag cur béim ar an bhfíoras, tar éis don Choimisiún an Dara Pacáiste Omnibus a ghlacadh, go bhfuil gá le próisis chuíchóirithe i gcur chun feidhme chlár InvestEU chun a áirithiú gur féidir le FBManna – lena n-áirítear na FBManna is lú – rochtain níos éasca a fháil ar an tacaíocht airgeadais a theastaíonn uathu chun fás agus nuáil a dhéanamh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh creataí rialála agus ionstraimí arna gcistiú ag an Aontas comhréireach le méid agus acmhainneacht riaracháin FBManna, agus go gcuirfear in oiriúint go hiomchuí iad do FBManna, seachas iad a bheith á macasamhlú ó cheanglais ar chuideachtaí móra; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur féidir tionchar diúltach a bheith ag ceanglais rialála iolracha a fhorchur ar bhainc ar iasachtú FBManna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceanglais tuairiscithe dhúblacha agus ilbhealaí tuairiscithe a sheachaint, lena bhforchuirtear ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo, go háirithe ar bhainc bheaga; á iarraidh ar an gCoimisiún, le cúnamh ón Údarás Baincéireachta Eorpach agus ón Sásra Maoirseachta Aonair, measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na rialacha reatha rialála ar iasachtú FBManna; á chur i bhfios go láidir gur gá prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm sa rialáil baincéireachta; |
|
12. |
ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí rialála atá ann cheana atá ina n-ualach ar chuideachtaí, amhail an creat airgeadais inbhuanaithe, nach bhfuil oiriúnach do FBManna Eorpacha, agus oibleagáidí eile a eascraíonn as an gComhaontú Glas don Eoraip, agus tairseacha comhréireachta a fhorbairt chun FBManna a dhíolmhú ó oibleagáidí iomarcacha; á chur in iúl gur geal léi an tseiceáil nua ar iomaíochas FBManna atá beartaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh aon chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta simplí agus deonach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais maidir le nochtadh baincéireachta Cholún 3 a d’fhéadfadh éilimh dhíréireacha sonraí a fhorchur go hindíreach ar chliaint FBManna; |
|
13. |
á chur i bhfáth nach leor an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, nach gcuirtear chun feidhme go leordhóthanach sa chleachtas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis simpliúcháin níos uaillmhianaí a mholadh lena ndéantar foráil do dheimhneacht dhlíthiúil agus d’intuarthacht agus lena ndéantar athbhreithniú freisin ar reachtaíocht leibhéal 2 agus 3; á thabhairt chun suntais nach mór sprioc laghdaithe oibleagáidí tuairiscithe 35 % an Choimisiúin a bheith intomhaiste agus nach mór na torthaí a bheith inrianaithe, le hamlíne shoiléir, príomhtháscairí feidhmíochta agus modheolaíocht rianaithe atá oiriúnach don fheidhm; |
Caipiteal príobháideach agus coigilteas a scaoileadh
|
14. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún aontas coigiltis agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, nach mór a áireamh ann ní hamháin gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ach freisin forbairt uirlisí, réiteach agus dea-chleachtas lena n-urramaítear agus lena dtacaítear le gníomhaíochtaí na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta agus comhleanúnachas trasteorann agus laghdú de réir a chéile ar éagsúlachtaí criticiúla a chur chun cinn; |
|
15. |
á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar rochtain infheisteoirí ar fhaisnéis agus ar chosaint, agus acmhainneacht táirgí miondíola simplithe á ghiaráil ag an am céanna chun cabhrú le coigilteas teaghlaigh a dhíriú ar na margaí caipitil, agus á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag cistí pinsin agus ag cuideachtaí árachais mar éascaitheoirí an chainéil sin; ag tabhairt dá haire gur seoladh an lipéad ‘Finance Europe’, lenar cheart go gcuirfí ar chumas coigilteoirí ar mian leo a gcoigilteas a infheistiú i gcuideachtaí Eorpacha agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú go díreach le geilleagar an Aontais a mhaoiniú; á chur i bhfáth nár cheart go dtabharfaí isteach leis an lipéad sin aon ualach riaracháin breise do chuideachtaí; |
|
16. |
á chur in iúl gur oth léi gur beag tionchar dearfach a bhí ag an Rialachán maidir le Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha (EuVECA) (5) ar mhargaí caipitil fiontair áitiúla; á chur in iúl gur geal léi an bhéim ar chaipiteal fiontair do FBManna óga, nuálacha sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochtaí, ach á chur in iúl gur oth léi gur cuireadh moill ar an togra ón gCoimisiún maidir le EuVECA go dtí R3 2026; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an tairseach íosta infheistíochta EUR 100 000 a bhaint lenar féidir coigilteoirí príobháideacha infheistíocht a dhéanamh i gcistí malartacha; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun creataí cánach agus rialála atá tarraingteach agus cobhsaí a chur ar fáil do chistí caipitil fiontair a infheistíonn in FBManna; |
|
17. |
ag cur béim láidir ar an ngá atá le litearthacht airgeadais shaoránaigh agus fhiontraithe de chuid an Aontais a fheabhsú agus dálaí coigilte agus infheistíochta níos fearr a chur chun cinn lena gcumasaítear aistriú ó choigilt go hinfheistíocht ar bhealach eolasach agus neamhspleách; á iarraidh ar an gCoimisiún fiontraíocht a áireamh i raon feidhme na straitéise litearthachta airgeadais atá ag teacht isteach agus i sraith straitéisí do na Ballstáit chun feabhas a chur ar an gcomhordú i ndáil leis sin; |
|
18. |
á iarraidh nach n-úsáidfí cistiú poiblí mar fhóirdheontais, ach mar chatalaíoch chun infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh agus níos mó cistiú príobháideach a chur ar fáil do MFBManna; á mheabhrú nach mór an chuid is mó den infheistíocht sin a bheith príobháideach agus á chur i bhfios go láidir nach mór é sin a spreagadh trí chreataí cánach agus rialála tarraingteacha agus cobhsaí atá tarraingteach d’infheisteoirí gairmiúla agus miondíola araon; ag meabhrú na claontachta struchtúraí atá ann faoi láthair i leith iasachtaí agus á mheas gur gá tús a chur le díospóireacht maidir leis an ngá atá le dreasachtaí cánach cothromais, chomh maith le caipiteal fiontair a spreagadh mar chuid de shamhail ghnó na baincéireachta traidisiúnta gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol; |
|
19. |
á thabhairt chun suntais gur féidir ról lárnach a bheith ag an earnáil phoiblí maidir le caipiteal príobháideach a shlógadh, go háirithe in earnálacha neamhshiméadracha faisnéise nó i réigiúin ina bhfuil margaí airgeadais tearcfhorbartha; á iarraidh go ndéanfaí ionstraimí poiblí a dhearadh go héifeachtúil, le neodracht iomaíoch agus béim ar an tionchar, agus a n-éifeacht phlódaithe isteach ar infheistíocht phríobháideach a uasmhéadú; á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór acmhainneacht Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a ghiaráil go hiomlán chun infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach, agus nach mór dó níos mó acmhainní a thiomnú do thionscadail nuálaíochta FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; ag cur béim, thairis sin, ar ról an Chiste Forbraíochta Réigiúnaí, go háirithe i réigiúin ina bhfuil infhaighteacht chreidmheasa theoranta agus ós rud é go n-athraíonn costas na n-iasachtaí ar fud an Aontais, rud a chuireann FBManna i mbaol i roinnt Ballstát; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur foilsíodh an t-athbhreithniú ar an gcreat urrúsúcháin agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a dhéanamh níos solúbtha ionas go mbeidh institiúidí creidmheasa in ann cistiú breise a chur ar fáil do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus tacú lena bhfás gan trédhearcacht agus cáilíocht chreidmheasa a bheith creimthe; á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór stóinseacht an chreata shuntasaigh aistrithe riosca a fheabhsú trí íogaireacht riosca níos fearr a thabhairt isteach agus trí fhormhaoirseacht a fheabhsú, agus rannchuidítear ar an gcaoi sin le simpliú; |
|
21. |
ag aithint aidhm an Choimisiúin treoirphlean a fhorbairt do chuntas coigiltis infheistíochta an Aontais, lenar cheart a áireamh ann (i) nós imeachta simplithe maidir le dearbhú cánach, (ii) dreasachtaí cánach tionlacain, agus (iii) easpa srianta ar thíreolaíocht infheistíochta, ar earnáil, ar theorainneacha taisce, nó ar íostréimhsí sealbhaíochta; |
|
22. |
aithnítear inti an ról lárnach atá ag an earnáil phríobháideach i bhfás eacnamaíoch agus i rathúnas an Aontais; á chur i bhfáth nach mór aon dul chun cinn i dtreo chomhtháthú na margaí caipitil a bheith bunaithe ar phrionsabail na saoirse eacnamaíche, na hiomaíochta agus na deimhneachta dlíthiúla; |
|
23. |
á thabhairt chun suntais go gcuirfeadh margadh na hEorpa le haghaidh idirbhearta tánaisteacha díreacha, lena gceadófaí trádáil scaireanna i ngnólachtaí nuathionscanta ag céimeanna déanacha agus réamh-TTP (tairiscint tosaigh don phobal), feabhas ar éiceachóras maoinithe an Aontais chomh fada agus a áirithíonn sé cothrom iomaíochta i measc na mBallstát, a chuireann cosc ar chomhchruinniú na gníomhaíochta airgeadais i roinnt dlínsí, agus a urramaíonn inniúlachtaí náisiúnta go hiomlán; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire go bhforáiltear le hathmhúnlú na Treorach maidir leis an Margadh in Ionstraimí Airgeadais (6) (MiFID II) do chatagóir thiomnaithe de mhargaí fáis FBManna atá ceaptha freastal ar riachtanais shonracha cuideachtaí beaga; á iarraidh ar an gCoimisiún an ionstraim sin a fhorbairt tuilleadh trí chóras rialála níos solúbtha a chur ar fáil a oireann do riachtanais cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe; |
An bhearna chistiúcháin do ghnólachtaí atá i mbun fáis a dhúnadh
|
25. |
á chur in iúl gur oth léi mar thoradh ar an easpa roghanna tarraingteacha maoinithe do ghnólachtaí atá ag méadú inár margadh agus mar thoradh ar thimpeallacht rialála iomaíoch, go n-úsáideann go leor gnólachtaí Eorpacha caipitlithe fiontair atá lonnaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus socraíonn siad i margaí tíortha nach bhfuil san Aontas chun a gcuid gnólachtaí a mhéadú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na dteipeanna FBManna san Aontas (7); á mheas gur tosaíocht é aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna, amhail easpa caipitil fhadtéarmaigh, brú cánach le linn scálú agus ualaí riaracháin díréireacha; |
|
26. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil sé ríthábhachtach infheisteoirí institiúideacha Eorpacha a shlógadh, go háirithe cuideachtaí árachais, bainc agus cistí pinsin, chun an bhearna mhéadaithe a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le méadú ar sciar na gcistí caipitil fiontair san Eoraip chun tuilleadh cistiúcháin a chur ar fáil do ghnólachtaí atá ag méadú, a bhfuil gá le creat níos fabhraí do mhaoiniú caipitil fiontair agus d’infheistíochtaí díreacha coigríche sábháilte san Aontas ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a bhfuil córais tearcfhorbartha na bpinsean acu a spreagadh chun earnálacha pinsin forlíontacha (Colún 2) a fhorbairt, rud a d’fhéadfadh cabhrú le margaí caipitil fiontair a thógáil, agus timpeallacht rialála a chruthú lena gcuirtear infheistíochtaí cothromais ó infheisteoirí institiúideacha chun cinn; ag meabhrú thiomantas an Choimisiúin oibriú ar bhearta ionsúcháin riosca chun cistiú príobháideach a phlódú isteach ó bhainc thráchtála, ó infheisteoirí agus ó chaipiteal fiontair; |
|
27. |
ag spreagadh an Choimisiúin chun ardáin chomhinfheistíochta a neartú, lena n-áirítear feithiclí atá fréamhaithe go réigiúnach agus líonraí achair ghnó, chun caipiteal príobháideach a phlódú isteach agus bearnaí leanúnacha luathchéime maoiniúcháin a dhúnadh do FBManna ardfháis atá dírithe ar an nuálaíocht; á iarraidh go ndéanfaí Tionscnamh um Sheaimpíní Teicneolaíochta Eorpacha 2.0 atá ar na bacáin a chaipitliú go leordhóthanach agus go mbeadh scéimeanna tiomnaithe cistiúcháin an Aontais ann a thacaíonn le tiomsú airgid agus liostú gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí teicneolaíochta atá ag méadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sainordú ag Grúpa BEI tacú le FBManna, ag tathant air creat measúnaithe riosca níos solúbtha a ghlacadh agus a áirithiú go mbeidh rochtain fhorleathan ar Ardán nua TechEU ar fud na mBallstát uile trí nósanna imeachta cuíchóirithe; ag aontú leis an teachtaireacht ón aontas coigiltis agus infheistíochta maidir leis an tábhacht a bhaineann le hairgeadas poiblí ar leibhéal an Aontais agus, dá bhrí sin, ag moladh go ndéanfaí cistí an Aontais a atreorú i dtreo níos lú clár atá níos solúbtha lenar féidir acmhainní a aistriú idir tosaíochtaí le himeacht ama; |
|
28. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na dálaí cearta a chruthú chun coigilteas na saoránach a dhíriú ar ionstraimí infheistíochta táirgiúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do FBManna agus do ghnólachtaí atá ag méadú; ag spreagadh an Choimisiúin deireadh a chur le dídhreasachtaí rialála do tháirgí infheistíochta miondíola, agus a áirithiú go ndéanfar infheisteoirí miondíola a chosaint go leormhaith agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu; á aithint gur féidir le sluachistiú agus teicneolaíochtaí amhail conarthaí cliste agus maoiniú díláraithe rochtain FBManna ar mhaoiniú díreach a leathnú, agus ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chreat rialála le cur chuige riosca comhréireach atá dírithe ar an nuálaíocht; |
|
29. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil éiceachóras nuálaíochta níos comhtháite, ina bhfuil líonraí ollscoileanna, gnólachtaí nuathionscanta, fiontair mhóra agus caipitlithe fiontair, a bhfuil rochtain ar shaoráidí tástála agus ar bhonneagar teicneolaíochta mar bhonn taca leis, ríthábhachtach chun cabhrú le gnólachtaí uas-scálú; ag cur béim ar an ról dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag fóraim fiontraíochta, luasairí príobháideacha agus líonraí meantóireachta chun tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tógáil ar thionscnaimh amhail Líonra Infheisteoirí Iontaofa, arb é is aidhm dó caipiteal príobháideach a shlógadh chun tacú le huaillmhianta nuálaíochta na hEorpa; |
Éiceachóras iomaíoch san Aontas a threisiú
|
30. |
á mheas nach mór éiceachóras iomaíoch san Aontas a bheith comhdhéanta de mhargaí láidre náisiúnta agus de mhargadh inmheánach láidir araon, agus go ndreasaíonn iomaíocht shláintiúil idir na Ballstáit, go háirithe ó thaobh cur chuige eacnamaíoch agus rialála de, iad chun a ngeilleagair a choinneáil dinimiciúil agus tarraingteach, ach á mheabhrú nach bhfuil na Ballstáit le bacainní a chruthú ar leithdháileadh éifeachtúil trasteorann caipitil ná le tosaíochtaí a leagan síos ar bhonn thionscnamh geografach an chistithe amháin; á iarraidh ar thionscnaimh an Choimisiúin dea-chleachtais ar éirigh leo cheana féin sna Ballstáit a urramú agus a fhorbairt; |
|
31. |
ag tathant ar an gCoimisiún díriú ar choinníollacha cumasúcháin do mhargaí, ar chomhainmneoirí ábhartha do na Ballstáit agus ar chreataí deonacha agus comhlántacha atá dírithe ar ilroinnt an mhargaidh a laghdú de réir a chéile; |
|
32. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú cad a bheadh sa 28ú córas dlí agus á mheabhrú, dá dtabharfaí isteach é, go gcaithfí é a bheith deonach, córais na mBallstát a urramú go hiomlán, agus é a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach chun creat simplithe a thairiscint lena meallfaí infheisteoirí príobháideacha chuig gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus FBManna Eorpacha agus lena gcabhrófaí le gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha a bheith ina seaimpíní domhanda teicneolaíochta; |
|
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, le tacaíocht ó údaráis na mBallstát, uirlisí treorach simplithe agus ionaid ilfhreastail a fhorbairt do FBManna agus do ghnólachtaí atá ag méadú chun cabhrú leo dul i ngleic le córais dlí éagsúla ar fud an Aontais maidir le hábhair amhail an dlí corparáideach, dlí an tsaothair, an dlí dócmhainneachta, an dlí cánach, cearta maoine intleachtúla agus deiseanna cistiúcháin náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, feabhas a chur ar uirlisí faireacháin maidir le rochtain FBManna ar mhaoiniú, lena n-áirítear táscairí agus deaiseanna uile-Aontais a fhorbairt a d’fhéadfadh cabhrú leo deiseanna a shainaithint ar fud na mBallstát gan oibleagáidí tuairiscithe nua a chruthú ná ualaí riaracháin a mhéadú; ° ° ° |
|
34. |
ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) IO C, C/2024/4182, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4182/oj.
(2) Katsinis, A., Lagüera-González, J., Di Bella, L., Odenthal, L., Hell, M., et al., ‘Tuarascáil Bhliantúil 2023/2024 maidir le FBManna Eorpacha’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://single-market-economy.ec.europa.eu/document/download/2bef0eda-2f75-497d-982e-c0d1cea57c0e_en?filename=Annual%20Report%20on%20European%20SMEs%202024.pdf.
(3) Draghi, Mario, ‘The Future of European Competitiveness – A Competitiveness Strategy for Europe’ [Todhchaí Iomaíochas na hEorpa – Straitéis Iomaíochais don Eoraip], 2024, https://commission.europa.eu/document/97e481fd-2dc3-412d-be4c-f152a8232961_en
(4) Tá an Gníomh um Liostú ar an Stocmhalartán comhdhéanta de Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L, 2024/2809, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2809/oj), Treoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach (IO L, 2024/2810, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2810/oj) agus Treoir (AE) 2024/2811 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L, 2024/2811, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2811/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/345/oj).
(6) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).
(7) Katsinis, A., Lagüera-González, J., Di Bella, L., Odenthal, L., Hell, M., et al., ‘Tuarascáil Bhliantúil 2023/2024 maidir le FBManna Eorpacha’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://single-market-economy.ec.europa.eu/document/download/2bef0eda-2f75-497d-982e-c0d1cea57c0e_en?filename=Annual%20Report%20on%20European%20SMEs%202024.pdf.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1709/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)