European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1699

24.4.2026

P10_TA(2025)0284

Clárú agus glacadh níos tapúla a áirithiú maidir le hoibreáin rialaithe bhitheolaíoch

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar chlárú agus glacadh níos tapúla a áirithiú maidir le hoibreáin rialaithe bhitheolaíoch (2025/2086(INI))

(C/2026/1699)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 114 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE (1) ón gComhairle,

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 (COM(2022)0305),

ag féachaint do dhréachtrún uaithi lena leagtar síos sainmhíniú dlíthiúil agus catagóiriú dlíthiúil ar shubstaintí rialaithe bhitheolaíoch in úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy – for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc – le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381) agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,

Ag féachaint do fhreagairt an Choimisiúin ar Chinneadh (AE) 2022/2572 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 iarradh ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh lena gcomhlánaítear an measúnú tionchair ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus gníomhaíochtaí leantacha a mholadh, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir (2),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations’ [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil feirmeoireachta agus agraibhia tharraingteach a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),

ag féachaint do Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (3),

ag féachaint dá rún an 23 Samhain 2023 ar Thionscnamh athbhreithnithe an Aontais um Pailneoirí – Beart nua le haghaidh pailneoirí (4),

ag féachaint do Chinneadh 15/4 ó Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht de chuid na Náisiún Aontaithe an 19 Nollaig 2022 dar teideal ‘Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal’,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan’ [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais]: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] (COM(2021)0400),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le nós imeachta údarúcháin an Aontais maidir le lotnaidicídí (5),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0234/2025),

A.

de bhrí gur táirge ina bhfuil substaint é táirge cosanta plandaí (PPP) a choisceann, a scriosann nó a rialaíonn orgánach díobhálach (‘lotnaid’); de bhrí gur modh é rialú bitheolaíoch, de thionscnamh an nádúir nó atá comhionann leis an dúlra má dhéantar é a shintéisiú, chun lotnaidí agus galair a rialú trí orgánaigh eile nó codanna díobh a úsáid, go minic in éineacht le teicnící fisiceacha, chun cur isteach ar thimthriallta atáirgthe lotnaidí nó chun soghabháltacht barr i leith lotnaidí a theorannú;

B.

de bhrí, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, nach mór substaintí gníomhacha a fhormheas ar leibhéal an Aontais sula bhféadfaidh na Ballstáit PPPanna ina bhfuil siad a údarú; de bhrí go gcuimsíonn an liosta reatha de thart ar 420 substaint ghníomhach fhormheasta gnáthshubstaintí gníomhacha agus líon méadaitheach substaintí gníomhacha bithrialaithe araon (6); de bhrí go dtagann údarú táirgí rialaithe bitheolaíocha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 freisin; de bhrí go bhfuiltear ag dréim le níos mó ná 100 iarraidh ar fhormheas gníomhairí bithrialaithe ar mhargadh an Aontais faoi 2028, agus nach bhféadfaidh na hiarrataí sin formheas a fháil roimh 2031 go 2037; de bhrí gur féidir suas le 10 nó 15 bliana a bheith i gceist leis an tréimhse idir iarraidh ar údarú a chur isteach agus gníomhaire bithrialaithe a chur ar an margadh ag brath ar a n-aicmiú; de bhrí go bhfuil tionchar ag an bpróiseas fada formheasa ar infhaighteacht réiteach cosanta plandaí; de bhrí, cé nach bhfuil an phróifíl riosca chéanna acu agus atá ag gnáth-PPPanna, go bhféadfadh rioscaí (7) a bheith ag baint leis na táirgí bithrialaithe sin mar sin féin i gcásanna áirithe agus go n-éilítear leo modhanna measúnaithe riosca atá oiriúnach do mhodh gníomhaíochta agus do chineál an táirge chun meastóireacht a dhéanamh ar a sábháilteacht agus ar a n-éifeachtúlacht; de bhrí gur cheart go mbeadh an ceanglas sin comhréireach leis an riosca a bhaineann leis, agus go bhfuil timpeallacht rialála atá iomaíoch, eolaíochtbhunaithe agus fabhrach don nuálaíocht bunriachtanach chun inbhuanaitheacht agus táirgiúlacht araon a áirithiú in earnáil agraibhia an Aontais;

C.

de bhrí nach bhfuil aon sainmhíniú dlíthiúil comhchuibhithe uile-Aontais ar rialú bitheolaíoch ann faoi láthair;

D.

de bhrí gur féidir le réitigh rialaithe bhitheolaíocha a bheith ina substaintí gníomhacha agus ina n-oibreáin ghníomhacha, ina mbithrialú inveirteabrach lena rialaítear lotnaidí agus galair, chomh maith le táirgí ina bhfuil substaint ghníomhach rialaithe bhitheolaíoch amháin nó níos mó; de bhrí go n-úsáidtear réitigh rialaithe bhitheolaíocha mar chuid de straitéisí iomlánaíocha sláinte plandaí a d’fhéadfadh bearta coisctheacha agranamaíocha agus cuir chuige eile a chomhcheangal freisin, chun éifeachtacht a bharrfheabhsú agus chun a áirithiú go leanfaidh a n-úsáid de bheith comhlántach agus bunaithe ar riachtanais;

E.

de bhrí gur féidir le rialú bitheolaíoch tarlú trí na nithe seo a leanas: (a) macra-orgánaigh agus miocrorgánaigh bheo, (b) leathcheimiceáin, (c) eastóscáin ó fhoinsí nádúrtha, go háirithe plandaí agus algaí, agus substaintí arna dtáirgeadh ag miocrorgánaigh, (d) substaintí atá comhionann leo siúd arna dtáirgeadh ag orgánaigh bhitheolaíocha nó ar comhábhair d’orgánaigh bhitheolaíocha iad agus (e) substaintí neamhorgánacha atá sa nádúr, cé is moite de mhiotail throma agus a salainn;

F.

de bhrí go bhfuil ról bunriachtanach cheana féin ag rialú bitheolaíoch inveirteabrach, amhail creachadóirí tairbhiúla feithidí, lena n-áirítear seadánóidigh, fíneoga agus néimeatóidí, i mbainistiú comhtháite lotnaidí agus i gcórais feirmeoireachta orgánaí; de bhrí, murab ionann agus táirgí rialaithe bitheolaíocha atá bunaithe ar shubstaintí, nach gcumhdaítear iad le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad fós faoi réir rialacha náisiúnta éagsúla agus ilroinnte; de bhrí go méadódh próisis údaraithe níos tapúla do mhacrorgánaigh agus ardchaighdeáin sábháilteachta don tsláinte agus don chomhshaol á gcoinneáil ag an am céanna a n-inrochtaineacht ar an margadh agus go bhféadfadh siad cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le sláinte plandaí;

G.

de bhrí gur minic a chuirtear réitigh rialaithe bhitheolaíoch le chéile chun cumaisc de shéimiceáin, d’eastóscáin plandaí nó de chuibhreannais mhiocróbacha a chruthú lena bhfeabhsaítear éifeachtacht, a dhíríonn ar lotnaidí nó galair iomadúla agus a fheabhsaíonn inoiriúnaitheacht chomhshaoil, agus gur minic a ionchorpraítear iad i dteicnící rialaithe lotnaidí eile, mar shampla bainistiú comhtháite lotnaidí (IPM); de bhrí, ar an gcúis sin, nach féidir i gcónaí táirge bithrialaithe aonair amháin a chur in ionad PPP traidisiúnta amháin;

H.

de bhrí gur minic a bhaineann rialú bitheolaíoch le leibhéil níos ísle tocsaineachta, marthanachta agus truaillithe comhshaoil, agus le haird chuí gur féidir leis gnáththáirgí cosanta plandaí a chomhlánú; de bhrí gur féidir leis sin cur ar chumas feirmeoirí, i gcásanna áirithe, a spleáchas ar úsáid gnáth-PPPanna a laghdú trí bhreisithe sábháilte agus éifeachtacha a chur le bosca uirlisí na bhfeirmeoirí, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hithreacha níos sláintiúla agus tionchair ar an mbithéagsúlacht, ar éiceachórais, ar cháilíocht uisce, ar shlabhraí bia agus ar an tsláinte phoiblí a laghdú;

I.

de bhrí, dá ndéanfaí rialú bitheolaíoch a phróiseáil agus a chur ar mhargadh an Aontais go mear, go méadófaí infhaighteacht agus go gcuirfí deis ar fáil chun dul i ngleic le frithsheasmhacht lotnaidí agus galar in aghaidh PPPanna atá ann faoi láthair; de bhrí go gcabhródh sé sin le cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus athléimneacht agus iomaíochas earnáil na talmhaíochta a mhéadú trí bhosca uirlisí na bhfeirmeoirí maidir le roghanna rialaithe lotnaidí a choinneáil chomh leathan agus is féidir;

J.

de bhrí, ina Fhís 2025 don Talmhaíocht agus don Bhia (8), go luann an Coimisiún ‘go bhfuil bosca uirlisí níos forbartha de dhíth ar fheirmeoirí chun go mbeidh siad in ann feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don dúlra agus na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach. Éilíonn an bosca uirlisí seo meascán dea-chalabraithe de thacaíocht phoiblí níos spriocdhírithe ón CBT a bheidh ann amach anseo, infheistíochtaí i réitigh atá neamhdhíobhálach don dúlra, dreasachtaí níos eacnamaíche, comhairle shaincheaptha ag tarraingt ar dhul chun cinn sa taighde agus sa nuálaíocht, agus timpeallacht rialála níos solúbtha. Sampla amháin den sórt sin is ea uaillmhian an Aontais úsáid lotnaidicídí díobhálacha a laghdú. Tá sé sin tábhachtach d’athléimneacht fhadtéarmach na feirmeoireachta, an dúlra agus chosaint na sláinte araon. Mar sin féin, níor lean tabhairt isteach roghanna malartacha i bhfoirm táirgí cosanta plandaí ísealriosca bitheolaíocha nó nuálacha ar an luas céanna le substaintí gníomhacha a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais. Má leanann an treocht sin ar aghaidh, is féidir leis difear a dhéanamh do chumas an Aontais táirgeadh bia a áirithiú. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú cúramach ar aon toirmeasc breise ar lotnaidicídí mura bhfuil roghanna malartacha ar fáil go fóill, ach amháin más bagairt é an lotnaidicíd atá i gceist do shláinte an duine nó don chomhshaol ar a bhfuil an talmhaíocht ag brath ar mhaithe lena hinmharthanacht’;

K.

de bhrí gur minic a bhíonn easpa saineolais, taithí agus acmhainní ag teastáil chun iarratais ar rialú bitheolaíoch a phróiseáil in EFSA agus in údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe maidir leis an micribhitheolaíocht; de bhrí, chun cabhrú lena dtabhairt isteach ar an margadh, gur cheart go mbeadh treoirlínte agus ceanglais sonraí ag teacht le saintréithe sonracha na réiteach rialaithe bitheolaíoch, agus ualaí iomarcacha, costais, nósanna imeachta fada formheasa agus spriocdhátaí dlíthiúla á seachaint; de bhrí go bhféadfadh nósanna imeachta údarúcháin níos tapúla, níos inacmhainne agus nach bhfuil chomh casta céanna le haghaidh táirgí rialaithe bitheolaíocha cabhrú le níos mó infheistíochta a mhealladh chuig an Aontas agus a cheannaireacht dhomhanda i gcosaint inbhuanaithe plandaí a neartú;

L.

de bhrí gur minic a bhíonn imscaradh éifeachtach táirgí bithrialaithe ag brath ar chleachtais oiriúnaithe, agus béim á leagan ar an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach in oiliúint, i mbonneagar agus i dtacaíocht chomhairleach chun a áirithiú go nglacfar go rathúil leo;

M.

de bhrí gurb ionann fiontair bhithrialaithe bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas agus thart ar 70 % d’earnáil bhithrialaithe an Aontais; de bhrí go bhfuil na cuideachtaí sin ina bpríomhspreagthaí don nuálaíocht inbhuanaithe; de bhrí go bhfuil costais shuntasacha i gceist le formheas substaintí gníomhacha le haghaidh PPPanna, lena n-áirítear oibreáin rialaithe bhitheolaíocha san Aontas, agus go meastar gur idir EUR 1,5 milliún agus EUR 4 mhilliún in aghaidh na substainte an infheistíocht fhoriomlán, lena n-áirítear giniúint sonraí, táillí rialála agus údaruithe náisiúnta;

Sainmhínithe dlíthiúla, raon feidhme agus prionsabail

1.

á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú dlíthiúil soiléir ar réitigh rialaithe bhitheolaíocha a bhunú, ar leibhéal an Aontais, chomh maith le creat chun formheas luathaithe a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha rialaithe bitheolaíocha ar leibhéal an Aontais agus chun táirgí rialaithe bitheolaíocha a údarú ar leibhéal na mBallstát; á mheas gur cheart ceanglais shoiléire sonraí agus treoirdhoiciméid nuashonraithe a bheith ag gabháil le creat den sórt sin, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, iarrachtaí nuálaíochta an Aontais a chothú, agus infheistíocht i roghanna malartacha inbhuanaithe a chur chun cinn; á áitiú, thairis sin, gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gCoimisiún ilroinnt an mhargaidh a chosc agus ualaí riaracháin a laghdú;

2.

ag tabhairt dá haire go n-éascóidh deimhneacht rialála nuálaíocht, go háirithe i measc FBManna, agus go spreagfaidh sí forbairt earnáil rialaithe bhitheolaíoch iomaíoch an Aontais; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá comhleanúnachas agus comhsheasmhacht reachtach le dlíthe ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2018/848 (9), agus le straitéisí, agus a thábhachtaí atá sé foráil a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, d’fhorálacha sonracha maidir le hoibreáin rialaithe bhitheolaíocha;

3.

á chur i bhfios go láidir go mbíonn próifílí riosca éagsúla ag oibreáin rialaithe bhitheolaíocha go ginearálta ó ghnáth-PPPanna ceimiceacha, ós rud é nach bhfuil na hairíonna, na modhanna gníomhaíochta ná na tionchair éiceolaíocha chéanna acu; á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil siad saor ó riosca agus, dá bhrí sin, go bhfuil measúnú riosca eolaíochtbhunaithe oiriúnach ag teastáil ina leith; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart modhanna measúnaithe riosca a chur in oiriúint do shaintréithe sonracha na n-oibreán rialaithe bitheolaíoch, agus a áirithiú ag an am céanna go dtabharfar aird chuí ar shainiúlachtaí agranamaíocha réigiúnacha, chomh maith le hardleibhéal cosanta don tsláinte, d’orgánaigh nach spriocorgánaigh iad, don bhithéagsúlacht agus don chomhshaol, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin agus le prionsabal an réamhchúraim; á mheabhrú, go háirithe, gur gá measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar speicis thairbheacha, ar éiceachórais agus ar bhithéagsúlacht, lena n-áirítear nuair a thugtar orgánaigh bheo amhail miocrorgánaigh, naimhde nádúrtha nó feithidí steiriúla nó a gcomhpháirteanna isteach sa chomhshaol;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún, sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra reachtach, meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnacht na measúnuithe riosca atá ann faoi láthair le linn substaintí gníomhacha bithrialaithe a fhormheas agus táirgí rialaithe bitheolaíocha a údarú, agus, más gá, prótacail shaincheaptha mheasúnaithe riosca a fhorbairt do gach réiteach bithrialaithe; á chur i bhfios go láidir nach mór do mheasúnuithe riosca d’oibreáin bhithrialaithe bainistiú riosca spriocdhírithe, iomchuí agus cuí agus ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol a áirithiú i gcónaí; á chur i bhfáth nach mór critéir chomhchuibhithe maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht a áireamh sna nósanna imeachta údarúcháin ar leibhéal an Aontais chun éagsúlachtaí idir na Ballstáit a chosc; á chur i bhfáth nár cheart táirgí rialaithe bitheolaíocha den sórt sin a fhormheas ach amháin má chomhlíonann siad na critéir (10) formheasa ábhartha lena ráthaítear úsáid shábháilte agus éifeachtach, agus go ndéantar éifeachtacht a fhíorú go heolaíoch agus go bhfuil torthaí ar fáil, agus faisnéis atá íogair ó thaobh gnó de á cosaint ag an am céanna; á mheabhrú nach mór nósanna imeachta a shimpliú chun moilleanna a sheachaint a chuirfeadh nuálaithe agus feirmeoirí an Aontais faoi mhíbhuntáiste; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh nósanna imeachta measúnaithe riosca trédhearcach agus soiléir;

Leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009

5.

á iarraidh ar an gCoimisiún, sa ghearrthéarma, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 atá ann faoi láthair a oiriúnú chun freastal go sonrach ar shubstaintí gníomhacha a fheidhmíonn táirgí bithrialaithe agus bithrialaithe;

6.

á chur in iúl gur geal léi an cur i láthair a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le hathbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 mar chuid den phacáiste simplithe a fógraíodh, lena ndíreofar ar shubstaintí gníomhacha bithrialaithe a fhormheas agus a údarú agus ar tháirgí nach bhfuil iontu ach na substaintí sin, chun go bhféadfar measúnú brostaithe a dhéanamh ar iarratais ar tháirgí bithrialaithe, agus chun próiseas athnuachana substaintí gníomhacha bithrialaithe a formheasadh cheana a éascú, chun soláthar PPPanna atá ar fáil a mhéadú sa ghearrthéarma agus chun tacú leis an aistriú chuig córais táirgthe ina n-úsáidtear substaintí gníomhacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna;

Aitheantas frithpháirteach

7.

ag spreagadh na mBallstát úsáid a bhaint as an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach atá ann faoi láthair faoi Airteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chun dlús a chur le húdarú táirgí rialaithe bitheolaíocha chun glacadh agus infhaighteacht táirgí bithrialaithe ar fud an Aontais a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme Airteagal 40 agus tionscnaimh leantacha a chur ar bun chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é i gcás inarb iomchuí;

8.

ag tabhairt dá haire gur cheart, leis an leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh maidir le nósanna imeachta údaraithe an Aontais um rialú bitheolaíoch a neartú, a éascú agus a oibríochtú, agus ar an gcaoi sin dúbailt measúnuithe náisiúnta a laghdú agus prionsabal an réamhchúraim agus na difríochtaí idir dálaí áitiúla á n-urramú ag an am céanna;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú ar threochlár lena bhféachfar le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a thabhairt do tháirgí bithrialaithe amháin agus an fhéidearthacht a bheith ann d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh le sainchomhad aonair ar tháirge rialaithe bitheolaíoch i roinnt Ballstát ag an am céanna, agus ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol á áirithiú ag an am céanna, agus breithniú a dhéanamh ar chrios údaraithe aonair ar fud an Aontais lena n-áiritheofaí go léireofaí go gcomhlíontar na caighdeáin eolaíocha, na critéir éifeachtúlachta agus na leibhéil sábháilteachta chéanna ar fud an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go n-oibreodh treochlár den sórt sin i dtreo creat reachtach a d’fhéadfadh a bheith faoi réir measúnú tionchair láidir agus dian, agus nár cheart é a bhunú ach amháin ina dhiaidh sin, agus a d’fhéadfaí a fhorbairt céim ar chéim, ag tosú le comhar feabhsaithe agus comhroinnt sonraí idir údaráis inniúla, ansin cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta measúnaithe criosanna le haghaidh táirgí bithrialaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, amhail a chur de chúram ar na Ballstáit is rapóirtéirí measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, ó gach ceann de na criosanna geografacha eile, ar choinníollacha maidir le húdarú i ngach crios geografach chun muinín fhrithpháirteach a chothú idir údaráis náisiúnta inniúla, chun dúbailt mhaorlathach a sheachaint, chun glacadh ag feirmeoirí le réitigh níos inbhuanaithe a éascú agus chun rochtain aonfhoirmeach ar an margadh a fheabhsú agus caighdeáin dhiana don tsláinte agus do chosaint an chomhshaoil á gcoinneáil ag an am céanna;

Mionúsáidí

10.

á iarraidh ar na Ballstáit leathnú údarú PPPanna atá údaraithe cheana agus ina bhfuil substaintí gníomhacha bithrialaithe a éascú agus dlús a chur leis, i gcás inarb iomchuí, chun mionúsáidí a chumhdach, lena n-áirítear an talmhaíocht chomhshaoil rialaithe is mó, ach gan a bheith teoranta di, ach amháin má shainaithníonn an t-údarás inniúil riosca sonrach a bhfuil údar eolaíoch leis;

11.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar, lena n-áirítear riosca agus tairbhí, ar bhonn cás ar chás, a bhaineann le leathnú uathoibríoch PCCanna amháin a údaraíodh cheana agus ina bhfuil táirgí rialaithe bitheolaíocha chun mionúsáidí a chumhdach i gcomhréir leis na coimircí a leagtar amach in Airteagal 51 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shíneadh suas le 25 bliana a chur leis an uastréimhse chun substaintí gníomhacha bithrialaithe a fhormheas agus a athnuachan den chéad uair; á iarraidh ar an gCoimisiún liosta a bhunú agus a choinneáil de tháirgí rialaithe bitheolaíocha a d’fhéadfadh, bunaithe ar a bpróifíl, a gcineál agus a modh gníomhaíochta, a bheith incháilithe d’údarú le tréimhse ama sínithe suas le 25 bliana don chéad údarú; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart liosta den sórt sin a dhúnadh agus nach mór dó na caighdeáin eolaíocha is déanaí a léiriú agus a bheith dinimiciúil i gcónaí, rud a chiallaíonn nár cheart a mheas go bhfuil cuimsiú ar an liosta buan; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus nuashonrú tréimhsiúil a dhéanamh ar an liosta i bhfianaise sonraí nua nó forbairtí eolaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ann faoina bhféadfaí formheas agus údarú éiginnte a dheonú do shubstaintí gníomhacha rialaithe bitheolaíocha agus do tháirgí a bhfuil sé léirithe ina leith nach bhfuil aon phróifíl riosca acu nó nach bhfuil ach próifíl riosca dhiomaibhseach acu;

13.

á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shásra formheasa a bhunú do chatagóirí sonracha bithrialaithe ísealriosca ar leibhéal an Aontais;

Nósanna imeachta meara

14.

á mholadh go ndéanfaí an nós imeachta údarúcháin a chuíchóiriú, a bharrfheabhsú agus a luathú chomh maith leis na nósanna imeachta um athúdarú, formheas agus athfhormheas le haghaidh réitigh rialaithe bhitheolaíocha, lena n-áirítear trí nósanna imeachta meara a bhunú, chun ualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo a laghdú chun coinneáil ar bhealach níos fearr i gcomhréir le sprioc-amanna meastóireachta dlíthiúla agus measúnú agus bainistiú cuí á dhéanamh ar an riosca gaolmhar ag an am céanna;

15.

á chur i bhfáth, áfach, nach mór aon mhearrianú ar nósanna imeachta chun táirgí bithrialaithe a chur ar an margadh a bheith fós faoi réir dianmheasúnú eolaíoch, lena n-áirítear anailís riosca lena gcumhdaítear orgánaigh nach spriocorgánaigh iad agus éifeachtúlacht faoi raon dálaí aeráide ábhartha freisin;

Údarú sealadach

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ina athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Airteagal 30 a leasú chun breithniú a dhéanamh ar údarú sealadach a cheadú do PPPanna bithrialaithe amháin a chomhlíonann na critéir sábháilteachta ábhartha ann; á chreidiúint gur cheart údaruithe sealadacha, coinníollacha a cheangal leis an bhfaireachán is gá; ag meabhrú an phrionsabail bhunaithe gur cheart an t-údarú sealadach a athbhreithniú agus a tharraingt siar má léiríonn sonraí nua riosca do-ghlactha don tsláinte nó don chomhshaol, lena n-áirítear do speicis nach spriocspeicis iad;

Ag féachaint chun cinn: straitéis, anailís ar bhearnaí agus peirspictíocht reachtach níos fadtéarmaí

17.

á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair an Choimisiúin a ghabhann lena thogra reachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnacht an chreata reachtaigh agus na measúnuithe riosca atá ann faoi láthair, le linn substaintí gníomhacha bithrialaithe a fhormheas agus táirgí rialaithe bhitheolaíocha a údarú, inter alia, ó thaobh ceanglais sonraí, critéir formheasa agus aitheantas frithpháirteach de; á iarraidh go sainaithneofaí sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo réimsí ina bhféadfaí an rialachán atá ann faoi láthair a choigeartú chun go mbeadh sé níos leordhóthanaí chun réitigh bhithrialaithe a thabhairt chun an mhargaidh, mar a iarradh san Idirphlé Straitéiseach, agus chun an gá atá ag feirmeoirí le bosca uirlisí níos forbartha agus níos cuimsithí a chomhlíonadh;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach bhithrialaithe agus measúnú bosca uirlisí a chur ar fáil ar na dúshláin a bhfuiltear ag súil leo maidir le cosaint barr sna 10 mbliana amach romhainn do bharra, lotnaidí agus galair shonracha, d’fhonn tacú le forbairt PPPanna malartacha agus bearta IPM, go háirithe trí úsáid a bhaint as roghanna malartacha éifeachtacha agus inacmhainne chun bearnaí i gcosaint plandaí a shainaithint agus chun aistarraingtí ón margadh a réamh-mheas, chun go mbeidh úsáideoirí in ann idirthréimhsí leordhóthanacha a phleanáil le linn céimniú amach agus é mar aidhm creat a bheidh slán i bhfad na haimsire agus oiriúnach don fheidhm a chruthú;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí, san fhadtéarma, rialachán nua neamhspleách bithrialaithe a bheith ann, lena n-áirítear na coinníollacha ar a bhféadfadh feidhm a bheith ag cur chuige láraithe, chun na nósanna imeachta measúnaithe, formheasa agus údaraithe le haghaidh réitigh bhithrialaithe a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr;

Imréiteach riaráistí

20.

á iarraidh, de réir mar is iomchuí, go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ann chun riaráiste na n-iarratas ar rialú bitheolaíoch a bhfuil moill orthu a imréiteach, le lána tosaíochta a bhunú, ar choinníoll go bhfuil cistiú breise tiomnaithe faighte aige chun oibreáin rialaithe bhitheolaíocha a fhormheas, laistigh de na nósanna imeachta formheasa agus údaraithe le haghaidh substaintí gníomhacha agus táirgí gníomhacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus nósanna imeachta formheasa agus údaraithe á measúnú agus á nuashonrú ag an am céanna ar bhonn forbairtí eolaíocha agus teicniúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh aon mhoill bhreise ar mheasúnú riosca agus údarú gnáthshubstaintí agus PPPanna ná moill ar athbhreithnithe orthu siúd atá ar an margadh le breis agus 10 mbliana mar thoradh ar dhlús a chur le measúnú agus údarú réiteach bithrialaithe, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú;

Tacaíocht d’iarratasóirí

21.

ag tabhairt dá haire sna forálacha reatha maidir le cabhair d’iarratasóirí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar EFSA tacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’iarratais ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe le linn phróiseas ullmhaithe na n-iarratas, agus coimircí soiléire á gcur i bhfeidhm ag an am céanna chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint; á iarraidh ar EFSA, agus an méid sin thuas á urramú aige, ionad ilfhreastail a chruthú do FBManna a tháirgeann gníomhairí bithrialaithe agus treoir agus tacaíocht shoiléir a chur ar fáil d’iarratasóirí i dtaobh ullmhú sainchomhad, mínithe a thabhairt ar cheanglais sonraí agus nósanna imeachta tíolactha, agus é mar aidhm leis sin cáilíocht na n-iarratas a fheabhsú, agus ar an tslí sin moilleanna sa phróiseas measúnaithe agus údaraithe a laghdú agus cur gníomhairí bithrialaithe formheasta ar mhargaí AE a éascú;

22.

á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta riaracháin atá éifeachtúil ó thaobh ama de, soiléir agus éasca le tuiscint a chruthú atá oiriúnaithe do tháirgí bithrialaithe, agus measúnuithe riosca atá iomchuí dá modh gníomhaíochta agus do chineál an táirge, agus deasca cabhracha tiomnaithe a bhunú;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún treoirdhoiciméid nuashonraithe a ghlacadh go práinneach a bhaineann go sonrach le táirgí rialaithe bhitheolaíoch chun a nglacadh a chur chun cinn agus comhsheasmhacht a fheabhsú ar fud na mBallstát;

Treoir 2009/128/CE a chur i bhfeidhm chun rialuithe bitheolaíocha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí lotnaidí a bhainistiú go comhtháite

24.

á iarraidh ar na Ballstáit bearta beartaithe agus glactha a áireamh ina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta (NAPanna), faoi Threoir 2009/128/CE, go háirithe, chun na nósanna imeachta údarúcháin a fheabhsú le haghaidh rialú bitheolaíoch agus táirgí eile íseal-riosca;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit chomh maith, i gcomhar le feirmeoirí, a áirithiú go gcuirfear Treoir 2009/128/CE i bhfeidhm go héifeachtach, lena mbunaítear rochtain níos éasca ar tháirgí bithrialaithe, agus tacú le feirmeoirí agus iad ag glacadh le cleachtais níos inbhuanaithe;

Póitéinseal réiteach an rialaithe bhitheolaíoch

26.

ag aithint ardphóitéiseal na gcur chuige do rialú bitheolaíoch chun an spleáchas ar ghnáth-PCCanna a laghdú; ag tabhairt dá haire gur féidir le réitigh rialaithe bhitheolaíoch gnáth-PPPanna a chomhlánú má thugtar aird chuí ina gcuireann siad go mór le bosca uirlisí leathan agus cothrom d’fheirmeoirí in éineacht le modhanna eile cosanta barr; á chur i bhfáth go dtugann tréithe sonracha na ngníomhairí rialaithe bhitheolaíoch próifíl riosca éagsúil dóibh ionas gur féidir leo gníomhaíocht spriocdhírithe a thairscint ina bhfuil éifeachtaí seachsprice nó iarmharacha íosta, ina bhfágtar iad comhoiriúnach do IPM agus, go háirithe, cleachtais na feirmeoireachta orgánaí; á áitiú gur féidir le glacadh níos leithne an rialaithe bhitheolaíoch cur go mór, dá bhrí sin, le cuspóirí comhshaoil, slándála bia agus sláinte AE a bhaint amach agus táirgiúlacht talmhaíochta á coinneáil agus á áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar feirmeoirí gan roghanna malartacha éifeachtacha agus inacmhainne chun a mbarra a chosaint;

27.

ag tabhairt dá haire gur cheart údarú agus glacadh an rialaithe bhitheolaíoch a éascú mar aon le méadú ar ghlacadh IPM agus laghdú ar na rioscaí a bhaineann le gnáth-PPPanna agus ar an spleáchas orthu;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a áirithiú faoi Threoir 2009/128/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe i ndáil le hiarrataí ar údarú a phróiseáil go tráthúil agus bainistiú comhtháite lotnaidí; ag tabhairt dá haire, i gcur chuige comhtháite IPM, trí ghnáth-tháirgí údaraithe a úsáid ar comhlíonadh na ceanglais sábháilteachta uile don tsláinte agus don chomhshaol ina leith, go leanann sé de bheith ina rogha i gcónaí d’fheirmeoirí;

Measúnú ar acmhainneachtaí agus acmhainní na feidhmíochta

29.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht riaracháin agus ar a n-acmhainneachtaí institiúideacha agus ar oiriúnacht na n-acmhainní a leithdháiltear ar EFSA agus ar na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha faoi seach chun a chur ar a gcumas a gcúraimí a chomhlíonadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá infheistíocht in acmhainneacht mheasúnaithe/athmheasúnaithe sna Ballstáit agus in EFSA;

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún an cistiú breise is gá a leithdháileadh chun foireann bhreise a oiliúint agus a fhostú, lena n-áirítear le saineolas iomchuí agus speisialaithe, laistigh de EFSA, agus acmhainní tiomnaithe agus dóthanacha a bhunú laistigh de struchtúr eagraíochtúil EFSA i gcás rialú bitheolaíoch, chun moilleanna míchuí ar phróiseas formheasa substaintí gníomhacha bithrialaithe a chosc agus chun measúnuithe saincheaptha a áirithiú agus scrogaill a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí leantacha iomchuí a dhéanamh chun dlús a chur leis an nós imeachta formheasa agus glacadh méadaithe an bhithrialaithe a chumasú;

Cistiú láidir ó na Ballstáit

31.

á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar buiséad leordhóthanach a imfhálú do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, atá bunriachtanach chun moilleanna míchuí ar nósanna imeachta údarúcháin um rialú bitheolaíoch a chosc agus chun glacadh le bithrialú a luathú; á áitiú gur cheart go ráthódh na Ballstáit go mbeadh an buiséad, an fhoireann agus an saineolas dóthanach ag na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha chun measúnuithe a dhéanamh go tráthúil agus go héifeachtach; á thabhairt chun suntais na tairbhí a bhaineann le malartú dea-chleachtais na mBallstát;

32.

á iarraidh, ar an tslí chéanna, ar an gCoimisiún bearta a mholadh agus sásraí agus acmhainní a shainaithint chun tacú leis na Ballstáit dlús a chur lena nósanna imeachta údarúcháin; á mholadh, i ndáil leis sin, go bhforbródh an Coimisiún treoir maidir leis na hacmhainní agus an acmhainneacht íosta is gá, is infheidhme ar fud Bhallstáit an Aontais, is gá chun measúnú a dhéanamh ar tháirgí rialaithe bhitheolaíoch;

Taighde agus infheistíocht;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a chothú i dtaighde agus i gcomhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha chun straitéisí rialaithe bhitheolaíoch agus straitéisí IPM a fhorbairt, lena n-áirítear trí ionaid taighde, ollscoileanna agus moil nuálaíochta réigiúnacha, comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus tionscadail tí solais AE, agus béim ar leith á leagan ar FBManna trí chláir spriocdhírithe, chomh maith le timpeallacht iomaíoch a chothú a cumasóidh agus a chothóidh nuálaíocht AE agus a laghdóidh spleáchais thalmhaíocht AE;

34.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí bithrialaithe sna blianta amach romhainn, go háirithe taighde ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cosanta i dteaglamaí sonracha lotnaidí/galair, nach bhfuil mórán nó aon réiteach malartach rialaithe lotnaidí ann ina leith, chun nuálaíocht agus iarrachtaí rialála a dhíriú i dtreo na réimsí is práinní a bhfuil géarghá leo;

Rochtain feirmeoirí ar eolas

35.

ag tabhairt dá haire go n-éilítear cineálacha éagsúla cur chuige, boinn eolais agus tacair scileanna chun rialú bitheolaíoch a úsáid, go háirithe maidir le cúram na speiceas tairbheach a ghníomhaíonn chun barra a chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé sin ionchorpraithe go páirteach cheana féin in IPM agus i gcórais táirgthe eile; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur gá tuilleadh eolais, oiliúna, faisnéise agus treorach praiticiúla maidir le húsáid éifeachtach táirgí bithrialaithe i gcomhar le feirmeoirí;

36.

ag tabhairt dá haire go bhfuil éagothromaíochtaí móra fós ann idir rochtain na mBallstát ar eolas agus ar sheirbhísí comhairleacha; á iarraidh go dtairgfí comhairle ar úsáid agus ar chur i bhfeidhm roghanna rialaithe bhitheolaíoch mar chuid de chórais chomhairleacha neamhspleácha a bhfuil acmhainní cuí acu agus ar cheart rochtain a bheith ag gach feirmeoir orthu;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar le húsáideoirí deiridh, ardán digiteach de chuid an Aontais a chur ar fáil, ag tógáil ar an treoirthionscadal ‘INSIGNIA’, lena n-áirítear faireachán fadtéarmach do phailneoirí, agus ar an treoirthionscadal rathúil ‘bosca uirlisí IPM d’fheirmeoirí’, a thionscain an Pharlaimint, chun dea-chleachtais agus réitigh chruthaithe rialaithe bhitheolaíoch a scaipeadh arb é is aidhm dóibh cabhrú le feirmeoirí cinntí eolasacha a dhéanamh ar an gcineál rialaithe bhitheolaíoch is éifeachtaí do struchtúr an lín lotnaidí agus do dhálaí peidichlíomacha na feirme lena mbaineann, á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún bosca uirlisí níos leithne a chur chun cinn lena n-áirítear trí thionscnamh leanúnach, níos inrochtana agus níos buaine a chur ar fáil i dteangacha uile an Aontais, agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú;

38.

á chur i bhfáth gur gá rochtain ar eolas a mhéadú trí oiliúint a chur ar fheirmeoirí chun acmhainneacht theicniúil a fhorbairt trí líonraí taispeána, malartú idir piaraí agus tacaíocht agus dreasachtaí teicniúla áitiúla a úsáid, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, d’fhonn úsáid shábháilte, éifeachtach agus fhorleathan an rialaithe bhitheolaíoch a chur chun cinn; ag aithint a úsáidí atá sé faireachán a dhéanamh ar rochtain ar eolas agus ar scaipeadh na ndea-chleachtas maidir le glacadh an rialaithe bhitheolaíoch; ag tabhairt dá haire go bhfuil deiseanna reatha na mBallstát agus an Aontais chun cómhaoiniú agus spreagadh a thabhairt d’oiliúint feirmeoirí trí infheistíochtaí nó seirbhísí sínidh faoi chórais chomhairleacha feirme sa chomhbheartas talmhaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht iomchuí a chur ar fáil d’oiliúint an rialaithe bhitheolaíoch, do thacaíocht theicniúil agus do threoir phraiticiúil agus smaoineamh ar an tslí is fearr chun an oiliúint dheonach sin a éascú chun níos mó feirmeoirí a dhreasú chun rialú bitheolaíoch agus IPM a ghlacadh;

Comhoibriú idir na gníomhaithe uile

39.

á iarraidh go mbeadh tuilleadh taighde eolaíoch, malartú eolais, comhar agus fothú acmhainneachta ann idir na gníomhaithe ábhartha uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas chun rialú bitheolaíoch agus dea-chleachtais a fhorbairt, a fhormheas, a údarú, a ghlacadh agus a scaipeadh le linn IPM a chur chun feidhme ar fud an Aontais, chomh maith leis an bpróiseas chun eolas agus dea-chleachtas a mhalartú le comhpháirtithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas;

Córais chomhairleacha a chistiú

40.

á iarraidh go n-áireofaí sonraí ar chistiú an chórais chomhairligh, chomh maith le hoiliúint agus acmhainneachtaí i rialú bitheolaíoch agus IPM, i NAPanna na mBallstát; á chur i bhfáth go bhfuil forbairt agus fáil threoir IPM a bhaineann go sonrach le barra agus lotnaidí fós neamhréireach idir na Ballstáit; ag spreagadh na mBallstát a NAPanna a athbhreithniú chun rochtain feirmeoirí ar threoraiocht a bhaineann go sonrach le barra agus lotnaidí a neartú a léiríonn réaltachtaí réigiúnacha agus a áiríonn roghanna rialaithe bhitheolaíoch, a gcomhtháthú féideartha i gcláir IPM agus comhoiriúnacht do PPPanna eile, i gcás ina mbeidh siad ar fáil agus i gcás inarb iomchuí;

Faireachán ar dhul chun cinn

41.

á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar ghlacadh, ar fháil agus ar inacmhainneacht réiteach an rialaithe bhitheolaíoch sa mhargadh;

42.

á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais agus na mBallstát ar réitigh rialaithe bhitheolaíoch a fhormheas agus a údarú, ag féachaint ar líon na n-iarratas, ar na hacmhainneachtaí riaracháin gaolmhara, ar na leibhéil foirne agus ar na buiséid thiomnaithe, agus go háirithe cur chun feidhme lána tosaíochta ina bhfuil acmhainní breise tiomnaithe d’údarú táirgí rialaithe bhitheolaíoch, a luaithe a bhunófar é; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil ar na torthaí a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle;

Na réigiúin is forimeallaí

43.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas tairbhe a bhaint as glacadh an rialaithe bhitheolaíoch trína áirithiú go gcuirfear a ndálaí agrai-éiceolaíocha uathúla agus a bpróifílí lotnaidí i gcuntas sna próisis údaraithe, agus trí oiliúint spriocdhírithe, seirbhísí comhairleacha, agus tacaíocht chistiúcháin a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do FBManna sna réigiúin sin; á iarraidh go láidir go bhforbrófaí treoir agus ardáin eolais a bhaineann go sonrach le barra agus le lotnaidí a léiríonn réaltachtaí na réigiún is forimeallaí chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar réitigh rialaithe bhitheolaíoch atá sábháilte, éifeachtach agus inbhuanaithe;

°

° °

44.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chun na Comhairle agus chun an Choimisiúin, agus chun rialtas agus parlaimintí na mBallstát.


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)   IO L 331, 27.12.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2572/oj.

(3)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj.

(4)   IO C, C/2024/4227, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4227/oj.

(5)   IO C 411, 27.11.2020, lch. 48.

(6)   https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/eu-pesticides-database_en.

(7)  Mar shampla, carachtar ionrach nó ailléirgineacht, etc.

(8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations’ [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil feirmeoireachta agus agraibhia tharraingteach a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075).

(9)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj).

(10)  Mar shampla, faoi Airteagal 4(1)-(4) agus Iarscríbhinn II(3.6)-(10) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1699/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)