|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1684 |
22.4.2026 |
P10_TA(2025)0276
Athnuachan pháirteach Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí – Nikolaos Milionis
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 maidir le Nikolaos Milionis a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C10-0210/2025 – 2025/0807(NLE))
(Comhairliúchán)
(C/2026/1684)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10-0210/2025), |
|
— |
ag féachaint do Riail 133 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0218/2025), |
|
A. |
de bhrí, i litir dar dáta an 17 Meán Fómhair 2025, go ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Nikolaos Milionis a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
B. |
de bhrí go ndearna an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa measúnú ar dhintiúir Nikolaos Milionis, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí, mar chuid den mheastóireacht sin, go bhfuair an coiste curriculum vitae ó Nikolaos Milionis agus na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a cuireadh chuige; |
|
C. |
de bhrí gur thionóil an coiste sin ina dhiaidh sin éisteacht an 5 Samhain 2025 do Nikolaos Milionis, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ina dhiaidh sin ceisteanna ó chomhaltaí an choiste; |
|
1. |
ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an togra ón gComhairle maidir le Nikolaos Milionis a cheapadh mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí; |
|
2. |
ag treorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1684/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)