P10_TA(2025)0262
Creat chun aeráidneodracht a bhaint amach
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1119 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (COM(2025)0524 – C10-0137/2025 – 2025/0524(COD)) (1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2026/1670)
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(2)
|
Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, bhunaigh sé sprioc aeráide idirmheánach cheangailteach de chuid an Aontais le haghaidh 2030 agus
rinne sé foráil maidir le
sprioc aeráide idirmheánach uile-Aontais a shocrú le haghaidh 2040.
|
|
|
(2)
|
Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus ar an gcaoi sin, astaíochtaí
gás ceaptha teasa
a laghdú go nialas faoin dáta sin, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaíodh
leis an Rialachán sin freisin
sprioc aeráide idirmheánach cheangailteach de chuid an Aontais le haghaidh 2030 agus ceanglaítear leis go leagfar sprioc aeráide idirmheánach ar fud an Aontais amach le haghaidh 2040.
|
|
|
|
|
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
|
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(3)
|
Agus an chomhairle eolaíoch ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide á cur san áireamh agus bunaithe ar Mheasúnú Tionchair mionsonraithe, thíolaic an Coimisiún sprioc mholta maidir le glanlaghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 do 2040 sa Teachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2024 maidir lenár dtodhchaí a dhaingniú: Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil (6).
|
|
|
(3)
|
Agus an chomhairle eolaíoch ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide
(‘an Bord Comhairleach’)
á cur san áireamh agus bunaithe ar Mheasúnú Tionchair mionsonraithe, thíolaic an Coimisiún sprioc mholta maidir le glanlaghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 do 2040 sa Teachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2024 maidir lenár dtodhchaí a dhaingniú: Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil (6).
|
|
|
|
|
(6) COM(2024) 63 final.
(6) COM(2024) 63 final.
|
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(4)
|
Chun sprioc aeráide 2040 an Aontais a mholadh, mheas an Coimisiún an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí a bhí ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus ón mBord Comhairleach; na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, lena n-áirítear costais neamhghníomhaíochta; an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách; éifeachtacht costais agus éifeachtúlacht eacnamaíoch; iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin; na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fail; éifeachtúlacht fuinnimh
agus
‘céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, acmhainneacht fuinnimh, agus slándáil an tsoláthair; cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh; an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama; an gá atá ann linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú san fhadtéarma agus bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sa mhuirthimpeallacht. riachtanais agus deiseanna infheistíochta; forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach (UNFCCC); faisnéis atá ann cheana maidir le buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa le haghaidh na tréimhse 2030-2050.
|
|
|
(4)
|
Chun sprioc aeráide 2040 an Aontais a mholadh, mheas an Coimisiún an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí a bhí ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus ón mBord Comhairleach; na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, lena n-áirítear costais neamhghníomhaíochta; an gá atá ann aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách; éifeachtacht costais agus éifeachtúlacht eacnamaíoch; iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin; na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fail; éifeachtúlacht fuinnimh
lena n-áirítear
‘céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, acmhainneacht fuinnimh agus slándáil an tsoláthair
do na Ballstáit uile
; cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh; an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama; an gá atá ann linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú san fhadtéarma agus bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sa mhuirthimpeallacht. riachtanais agus deiseanna infheistíochta; forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach (UNFCCC); faisnéis atá ann cheana maidir le buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gáis cheaptha teasa le haghaidh na tréimhse 2030-2050.
|
|
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(5)
|
Chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach, inter alia, creat comhaontaithe 2030 a chur chun feidhme go hiomlán, tacaíocht a áirithiú agus a sholáthar d’iomaíochas agus d’athléimneacht thionscal na hEorpa, conairí aistrithe a áirithiú bunaithe ar na teicneolaíochtaí costéifeachtacha, sábháilte agus inscálaithe is fearr atá ar fáil, béim níos mó a leagan ar aistriú cóir nach bhfágfaidh aon duine ar lár, iomaíocht chóir le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú, an córas fuinnimh a dhícharbónú le gach réiteach fuinnimh saor ó charbón agus ísealcharbóin (lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil, GSC, GÚC, aistrithe carbóin, fuinneamh geoiteirmeach agus hidreafhuinneamh, agus gach teicneolaíocht fuinnimh glan-nialasach eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo), agus idirphlé straitéiseach a eagrú maidir leis an gcreat iar-2030 le gach earnáil ábhartha.
Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá na dálaí á gcur i bhfeidhm ag an Aontas le haghaidh aistriú rathúil, ag díriú ar dhícharbónú agus ar athnuachan thionsclaíoch araon,
lena n-áirítear
sásraí tacaíochta do
thionscal
na hEorpa, rochtain níos fearr ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach, cothroime iomaíochta domhanda, agus coinníollacha soiléire cumasúcháin maidir le glacadh agus scálú teicneolaíochtaí glana, chun iomaíochas tionsclaíoch agus nuálaíocht san Aontas a neartú.
|
|
|
(5)
|
Chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach, inter alia, creat
beartais
2030 a comhaontaíodh a chur chun feidhme go hiomlán, tacaíocht a áirithiú agus a chur ar fáil chun iomaíochas agus athléimneacht thionsclaíocht na hEorpa
a fheabhsú agus a threisiú, córais bhia inbhuanaithe chomh maith le hathléimneacht na bpobal tuaithe agus slándáil bia a áirithiú trí earnáil talmhaíochta Eorpach atá inbhuanaithe agus láidir
, conairí aistrithe a áirithiú bunaithe ar na teicneolaíochtaí costéifeachtacha, sábháilte agus inscálaithe is fearr atá ar fáil,
agus
béim níos mó a leagan ar aistriú cóir
do na réigiúin agus na hearnálacha atá buailte agus do theaghlaigh leochaileacha
nach bhfágann aon duine ar lár,
mar shampla, trí thacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta san aistriú chuig an aeráidneodracht. Thairis sin, tá sé bunriachtanach
iomaíocht chóir le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú,
agus leas éifeachtach a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha uile an Aontais chun cleachtais éagóracha trádála a dhíspreagadh agus a chomhrac,
an córas fuinnimh a dhícharbónú
le cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de lena n-áirítear
gach réiteach fuinnimh saor ó charbón agus ísealcharbóin (lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil, GSC, GÚC, aistrithe carbóin, fuinneamh geoiteirmeach agus hidreafhuinneamh,
bithfhuinneamh inbhuanaithe
agus gach teicneolaíocht glan-nialasach fuinnimh eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo)
, spleáchais ar allmhairí a laghdú agus foinsí amhábhar criticiúil an Aontais a éagsúlú
, agus idirphlé straitéiseach a eagrú maidir le creat iar-2030 leis na hearnálacha ábhartha uile, lena n-áirítear tionsclaíocht
agus iompar
.
|
|
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(5a)
|
I gconclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur cuspóirí a threisíonn a chéile iad iomaíochas an Aontais a fheabhsú, a athléimneacht a neartú, agus an t-aistriú glas a chur chun cinn, ar cuspóirí iad nach mór a shaothrú le chéile, agus d’iarr sí go gcuirfí dlús práinneach leis na hiarrachtaí chun soláthar fuinnimh inacmhainne ghlain a áirithiú agus fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil roimh 2030, lena n-áirítear trí Thascfhórsa nua um an Aontas Fuinnimh a ghiaráil, chomh maith le dlús a chur leis an obair atá dírithe ar phraghsanna fuinnimh a ísliú agus tacú le táirgeadh fuinnimh inbhuanaithe ar bhonn intíre san Aontas. D’fhonn aistriú i dtreo na haeráidneodrachta atá costéifeachtach, cóir cothrom, pragmatach agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, beidh infheistíocht ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon, lena n-áirítear trí chistiú ón Aontas, ina príomhchumasóir don aistriú glan, mar shampla trí dhlús a chur le húsáid agus tráchtálú teicneolaíochtaí nuálacha ar fud an Aontais agus trí thacú leo sin, trí thacú le rochtain ar athnuachan thionsclaíoch agus ar dhícharbónú tionsclaíoch, monaraíocht teicneolaíochta glaine agus nuachóiriú na gcóras fuinnimh chomh maith le réitigh inacmhainne a sholáthar ar fud an gheilleagair agus do shaoránaigh ar fud an Aontais. Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá na dálaí á gcur i bhfeidhm le haghaidh aistriú rathúil, ag díriú ar dhícharbónú agus ar athnuachan thionsclaíoch araon, rud a chuirfidh borradh faoin éileamh ar ‘déanta san Eoraip’, agus ar shásraí tacaíochta do thionsclaíocht na hEorpa, lena n-áirítear an Banc um Dhícharbónú Tionsclaíoch agus an creat nua státchabhrach simplithe.
|
|
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(5aa)
|
Thairis sin, mheabhraigh an Chomhairle Eorpach freisin i gconclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025 go bhfuil géarghá le dlús a chur leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun athnuachan thionsclaíoch, nuachóiriú agus dícharbónú na hEorpa a áirithiú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Chuir sí i dtreis sa chomhthéacs sin gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na tionscail thraidisiúnta, go háirithe tionscail na ngluaisteán, na loingseoireachta agus na heitlíochta chomh maith le tionscail dianfhuinnimh, amhail cruach agus miotail, ceimiceáin, stroighin, gloine agus ceirmigh, laíon agus páipéar, ionas go mbeidh siad athléimneach agus iomaíoch i gcónaí i margadh domhanda agus i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach. I ndáil leis an méid sin, ba dhíol sásaimh di an togra a leag an Coimisiún síos le déanaí chun earnáil chruach na hEorpa a chosaint ar thionchair éagóracha na ró-acmhainneachta domhanda. Ba dhíol sásaimh di freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an t-athbhreithniú dá bhforáiltear faoin Rialachán maidir le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna a thabhairt ar aghaidh, agus d’iarr sí go gcuirfí an togra seo i láthair go pras, agus neodracht theicneolaíoch agus ábhar Eorpach á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach freisin an litir ó Uachtarán an Choimisiúin maidir leis an aeráid agus an t-iomaíochas le déanaí.
|
|
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(5b)
|
Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, dírítear freisin ar rochtain níos fearr ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach, ar mhargadh fuinnimh comhtháite idirnasctha de chuid an Aontais lena n-áirithítear slándáil fuinnimh, ar chur chun cinn an gheilleagair chiorclaigh, ar chothrom iomaíochta domhanda lena n-áirítear trí SCCT a chur chun feidhme go héifeachtach agus é a leathnú chuig earraí iartheachtacha, trí bhearta frith-imchéimniúcháin agus gníomhaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin onnmhairiúcháin, agus ar choinníollacha soiléire cumasúcháin mar shampla, ceadú cuíchóirithe agus glacadh agus uas-scálú teicneolaíochtaí glana, chun buntáiste iomaíoch an Aontais agus iomaíochas tionsclaíoch chomh maith le nuálaíocht san Aontas a neartú agus an timpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach á cur san áireamh.
|
|
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(7)
|
Ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus na laghduithe sin á gcomhlánú le haistrithe mhéadaithe, lena n-áirítear aistrithe trí réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha araon. Agus an pacáiste beartais iar-2030 á fhorbairt, ba cheart aird chuí a thabhairt ar rannchuidiú na n-oll-laghduithe astaíochtaí i gcomparáid le haistrithe nádúrtha agus teicneolaíocha. Beidh ról méadaitheach ag aistrithe
dúlrabhunaithe
agus ag aistrithe tionsclaíocha i ngeilleagar an Aontais sna blianta amach romhainn, i bhfianaise an ghá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Forbrófar dreasachtaí
nuair a dhéanfar
an t-athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) in 2026, ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le buanaistrithe carbóin intíre sa
chóras maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas
(‘CTA AE’) chun
astaíochtaí
iarmharacha ó
earnálacha
a bhfuil sé deacair srian a chur leo a chúiteamh.
|
|
|
(7)
|
Ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus na laghduithe sin á gcomhlánú le haistrithe mhéadaithe, lena n-áirítear aistrithe trí réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha araon. Agus an pacáiste beartais iar-2030 á fhorbairt, ba cheart aird chuí a thabhairt ar rannchuidiú na n-oll-laghduithe astaíochtaí i gcomparáid le haistrithe nádúrtha agus teicneolaíocha.
Tá saintréithe ag baint le haistrithe nádúrtha ba cheart a chur san áireamh, mar shampla, struchtúr aoise foraoise, cion na n-ithreacha orgánacha, inathraitheacht nádúrtha, agus éiginnteachtaí a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide, agus le suaití nádúrtha agus le hathruithe ar mhodheolaíochtaí.
Beidh ról níos suntasaí ag aistrithe
nádúrtha
agus tionsclaíocha i ngeilleagar an Aontais sna blianta atá amach romhainn, i bhfianaise an ghá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Forbrófar dreasachtaí
i gcomhthéacs
an athbhreithnithe ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) in 2026, i gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le buanaistrithe carbóin intíre
a áireamh
i
gcóras
trádála
astaíochtaí an Aontais
(‘CTA AE’) chun cúiteamh a dhéanamh ar
astaíochtaí
iarmharacha is deacair a mhaolú.
Tá ról lárnach ag earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta i mbithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach agus d’fhéadfadh sé tairbhí fadtéarmacha aeráide agus comhshaoil a sholáthar lena rannchuideofar le haistriú glan gheilleagar an Aontais agus lena laghdófar spleáchais trí ábhair iontaise-bhunaithe a ionadú.
|
|
|
|
|
(7) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(7) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
|
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(7a)
|
Cé go bhfuil roinnt beartais chumasúcháin curtha chun feidhme cheana féin agus go bhfuil a dtionchar le feiceáil cheana féin, ní hamhlaidh atá i gcás gach beartais go fóill. Ba cheart don Choimisiún leanúint de na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin a neartú agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige dlús a chur lena nglacadh chun a áirithiú go mbeidh dálaí i bhfeidhm chun tacú le tionsclaíocht agus saoránaigh na hEorpa le linn an aistrithe, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais.
|
|
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(8)
|
Tá creat rialála i bhfeidhm ag an Aontas chun sprioc aeráide 2030 a bhaint amach. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear CTA AE, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena leagtar síos spriocanna maidir le glansaistrithe carbóin d’earnáil na húsáide talún. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar ghá reachtaíocht ábhartha an Aontais a leasú chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach. Agus
an t-ollstruchtúr
a bheidh ann
amach anseo
á cheapadh aige, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair mionsonraithe a ullmhú, lena n-áirítear na tionchair ar iomaíochas
agus
ar fhiontair bheaga agus
mheánmhéide
, agus breithniú a dhéanamh ar na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha de réir mar is iomchuí.
Ba cheart roinnt gnéithe chun baint amach sprioc 2040 a éascú a chur san áireamh go hiomchuí, lena n-áirítear rannchuidiú teoranta féideartha i dtreo sprioc 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras sa dara cuid de 10 mbliana 2030-2040, i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta Chomhaontú Pháras; ról na n-aistrithe buana intíre (gabháil astaíochtaí bithghineacha in éineacht le stóráil carbóin (BithGSC) agus dírghabháil agus stóráil carbóin) in CTA AE; solúbthacht fheabhsaithe ar fud na n-earnálacha. Chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, ba cheart don ollstruchtúr a bheidh ann amach anseo a bheith bunaithe ar mheasúnuithe tionchair láidre. Leis an ollstruchtúr a bheidh ann amach anseo, ba cheart cóineasú a chothú freisin agus cothroime agus sainiúlachtaí na mBallstát á gcur san áireamh an tráth céanna, lena n-áirítear sainiúlachtaí na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí.
|
|
|
(8)
|
Tá creat rialála i bhfeidhm ag an Aontas chun sprioc aeráide 2030 a bhaint amach. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear CTA AE, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lenar tugadh isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena leagtar síos spriocanna maidir le glansaistrithe carbóin d’earnáil na húsáide talún.
Chun aistriú rianúil chuig EU ETS2 a áirithiú, ba cheart cur i bhfeidhm Airteagal 30(k)(2), litreacha (a) go (e), de Threoir 2003/87/CE a chur siar bliain amháin.
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar ghá reachtaíocht ábhartha an Aontais a leasú chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach
, agus acmhainneacht linnte nádúrtha atá ag dul i laghad á cur san áireamh freisin
. Agus
creat iar-2030
á cheapadh aige, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair mionsonraithe a ullmhú,
agus a anailís ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á cur san áireamh, an timpeallacht gheopholaitiúil á cur san áireamh,
lena n-áirítear
an gá atá le hinniúlacht an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú a mhéid a bhaineann lena n-acmhainneacht chosanta a mhéadú agus a neartú go tapa trí aghaidh a thabhairt ar ualaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus dreasachtaí don dícharbónú tionsclaíoch á gcoinneáil ag an am céanna,
na tionchair ar iomaíochas á gcur san áireamh
, ar
fhiontair bheaga agus
mheánmhéide
agus ar thionscail dianfhuinnimh,
agus na tionchair ar chostais fuinnimh agus ar riachtanais infheistíochta ar fud na mBallstát á gcur san áireamh
, agus machnamh a dhéanamh ar bhearta riachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha de réir mar is iomchuí.
|
|
|
|
|
|
|
(8) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).
|
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(8a)
|
Ba cheart roinnt gnéithe chun gnóthú sprioc aeráide 2040 a éascú a léiriú go hiomchuí, lena n-áirítear rannchuidiú leordhóthanach i dtreo sprioc aeráide 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras, sa dara cuid de dheich mbliana 2031-2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus costéifeachtúil agus i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear tréimhse phíolótach chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ard-sláine a thionscnamh don tréimhse 2031-2035; ról na mbuanaistrithe intíre (mar shampla, Gabháil agus Stóráil Carbóin ó astaíochtaí Bithghineacha (BithGSC) agus Dírghabháil agus Stóráil Carbóin ón Aer (DGSCA)) in CTA AE agus sláine chomhshaoil CTA AE á háirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear an fhéidearthacht CO2 a stóráil lasmuigh den Aontas, de réir mar is iomchuí, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta a bheith ann agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais; agus solúbthacht fheabhsaithe agus inrochtana ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí agus laistigh díobh chun tacú le cur chuige costéifeachtach trínar féidir, mar shampla, leis an méid atá bainte amach ag na Ballstáit in earnáil amháin bearnaí in earnálacha eile a chothromú ar bhealach costéifeachtach, agus a áirithiú ag an am céanna go rannchuideoidh gach earnáil leis na hiarrachtaí agus nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith in earnáil amháin, gan dochar don fhéidearthacht atá ag gach Ballstát leas a bhaint as na solúbthachtaí. Agus úsáid creidmheasanna idirnáisiúnta á hoibríochtú aige, ba cheart don Choimisiún an gá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na mBallstát agus an deis chun tacú le comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais a chur san áireamh. Níor cheart ról a bheith ag creidmheasanna idirnáisiúnta maidir le comhlíonadh in CTA AE. Ba cheart conair CTA AE atá ann faoi láthair a athbhreithniú san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí chun sprioc 2040 a comhaontaíodh a chur san áireamh ar bhealach a cheadódh méid teoranta astaíochtaí tar éis 2039. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go tráthúil ar chonair céimnithe amach níos moille chun lamháltais a leithdháileadh saor in aisce ó 2028 ar aghaidh chun tacú leis an dícharbónú, leis an infheistíocht agus leis an bhfostaíocht san Eoraip, lena n-áirítear tríd an mBanc um Dhícharbónú Tionsclaíoch agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, agus an riosca sceite carbóin a íoslaghdú ag an am céanna. Chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, ba cheart creat iar-2030 a bheith bunaithe ar mheasúnuithe tionchair láidre. Ba cheart do chreat iar-2030 cóineasú a chothú freisin agus cothroime agus imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát á gcur san áireamh, lena n-áirítear imthosca agus sainiúlachtaí na n-oileán, na mBallstát oileánach agus na réigiún is forimeallaí.
|
|
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 4 – fomhír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
Cé go bhfuil roinnt beartais chumasúcháin curtha chun feidhme cheana féin agus go bhfuil a dtionchar le feiceáil cheana féin, ní hamhlaidh atá i gcás gach beartais go fóill.
Beidh sé
d’aidhm
ag an gCoimisiún
dlús a chur
leis an gcreat cumasúcháin
agus
é a neartú chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha i bhfeidhm chun tacú le tionscal agus saoránaigh na hEorpa le linn an aistrithe,
agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais
.
|
Leanfaidh
an Coimisiún de
na tionscnaimh a bhaineann
leis an gcreat cumasúcháin a neartú
agus beidh sé d’aidhm aige dlús a chur lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme
chun a áirithiú go mbeidh dálaí i bhfeidhm chun tacú le
daoine dlítheanacha agus nádúrtha a ndéantar difear dóibh, mar shampla
tionscal agus saoránaigh na hEorpa le linn an aistrithe,
i dtreo na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus geilleagar aeráidneodrach
.
|
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chun baint amach na sprice a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a éascú, áiritheoidh an Coimisiún go léireofar na gnéithe seo a leanas go hiomchuí sna tograí reachtacha:
|
Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír
de mhír 4
, chun baint amach na sprice a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a éascú, áiritheoidh an Coimisiún go léireofar na gnéithe seo a leanas go hiomchuí sna tograí reachtacha:
|
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe a
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(a)
|
Ag tosú ó 2036, rannchuidiú
teoranta féideartha
i dtreo sprioc 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras
3 %
de ghlanastaíochtaí an Aontais 1990 a thacaíonn leis an Aontas agus le tríú tíortha conairí laghdaithe gás ceaptha teasa a bhaint amach atá i gcomhréir le cuspóir Chomhaontú Pháras an méadú sa mheánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch – déanfar tionscnamh, critéir cháilíochta agus coinníollacha eile a bhaineann le fáil agus úsáid aon chreidmheasa den sórt sin a rialáil i ndlí an Aontais;
|
|
|
(a)
|
Ag tosú ó 2036, rannchuidiú
leormhaith
i dtreo sprioc
aeráide
2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras
suas le 5 %
de ghlanastaíochtaí an Aontais 1990
arb ionann é agus laghdú intíre 85 % glanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus costéifeachtach araon,
a thacaíonn leis an Aontas agus le tríú tíortha conairí laghdaithe gás ceaptha teasa a bhaint amach atá i gcomhréir le cuspóir Chomhaontú Pháras an méadú sa mheánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch,
lena n-áirítear sláine comhshaoil na gcreidmheasanna sin, agus ceannasaíocht theicneolaíoch an Aontais á cur chun cinn; féadfar tréimhse phíolótach, chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ardsláine a thionscnamh, a bhreithniú don tréimhse 2031-2035;
déanfar tionscnamh, critéir cháilíochta agus coinníollacha eile a bhaineann le fáil agus úsáid aon chreidmheasa den sórt sin a rialáil i ndlí an Aontais
chun a áirithiú go mbeidh siad bunaithe ar ghníomhaíochtaí inchreidte claochlaitheacha i dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil a spriocanna aeráide agus a mbeartais aeráide comhoiriúnach le spriocanna Chomhaontú Pháras agus atá faoi réir coimircí láidre lena n-áirithítear sláine, seachaint áirimh dhúbailte, breisíocht, buaine, rialachas trédhearcach, modheolaíochtaí láidre faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, chomh maith le comhthairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus coimircí maidir le cearta an duine, coimircí chun cistiú tionscadal atá contrártha do leasanna straitéiseacha an Aontais a chosc, agus ard-uaillmhian maidir le sciar na bhfáltas don oiriúnú, sciar na dtairbhí maolaithe do na tíortha lena mbaineann agus maolú foriomlán na n-astaíochtaí domhanda; agus na critéir á mbunú aige, breithneoidh an Coimisiún critéir níos déine a leagan síos ná na critéir a leagtar síos faoi Airteagal 6.4 de Chomhaontú Pháras;
|
|
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(b)
|
ról na n-aistrithe buana intíre faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘CTA AE’) chun astaíochtaí iarmharacha ó earnálacha
a bhfuil sé deacair srian a chur leo
a chúiteamh;
|
|
|
(b)
|
ról na n-aistrithe buana intíre faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (‘CTA AE’) chun astaíochtaí iarmharacha a bhfuil sé
deacair srian a chur leo
a chúiteamh;
|
|
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe c
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(c)
|
solúbthacht fheabhsaithe ar fud earnálacha, chun tacú le spriocanna a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach;
|
|
|
(c)
|
solúbthacht fheabhsaithe
laistigh
d’earnálacha
agus d’ionstraimí
agus ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí sin, chun tacú le spriocanna a bhaint amach ar bhealach
simplí agus
costéifeachtach;
|
|
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe c a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(ca)
|
rannchuidiú réalaíoch na n-aistrithe carbóin leis an iarracht fhoriomlán chun astaíochtaí a laghdú, agus éiginnteachtaí na n-aistrithe nádúrtha á gcur san áireamh freisin, agus a áirithiú nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit barrachas aistrithe nádúrtha a úsáid chun a n-astaíochtaí in earnálacha eile a chúiteamh;
|
|
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe c b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(cb)
|
an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, san fhadtéarma agus bithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a chur chun cinn, chomh maith le héifeachtaí na ndifríochtaí i struchtúr aoise foraoise, inathraitheacht nádúrtha agus éiginnteachtaí a chur san áireamh, go háirithe iad siúd a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide agus suaití nádúrtha in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;
|
|
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe d
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(d)
|
Ba cheart a chur san áireamh le spriocanna agus iarrachtaí na mBallstát tar éis 2030 costéifeachtúlacht agus dlúthpháirtíocht,
i bhfianaise
imthosca náisiúnta;
|
|
|
(d)
|
ba cheart costéifeachtúlacht agus dlúthpháirtíocht a léiriú i spriocanna agus iarrachtaí na mBallstát iar-2030,
agus imthosca agus
sainiúlachtaí náisiúnta
éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis na hoileáin agus na réigiún is forimeallaí
;
|
|
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe f
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(f)
|
na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil;
|
|
|
(f)
|
na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil
ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le cuspóirí an dícharbónaithe agus an iomaíochais do thionsclaíocht na hEorpa
;
|
|
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe h
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(h)
|
an gá atá ann aistriú atá
cóir
agus
cothrom
ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách;
|
|
|
(h)
|
an gá atá ann
aistriú atá cóir cothrom, pragmatach, costéifeachtach agus cothromaithe
ó thaobh na sochaí de a áirithiú do chách
agus tacú leis an aistriú sin, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair ar phraghsanna do thomhaltóirí, ar bhochtaineacht fuinnimh agus iompair agus ar réigiúin agus earnálacha, lena n-áirítear a n-acmhainneacht infheistíochta, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ar fheirmeoirí agus ar theaghlaigh leochaileacha a ndéanann an t-aistriú chuig aeráidneodracht difear dóibh
;
|
|
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe i
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(i)
|
simpliú, neodracht na teicneolaíochta, cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch, agus slándáil eacnamaíoch;
|
|
|
(i)
|
an t-ualach riaracháin
, neodracht na teicneolaíochta, cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus slándáil eacnamaíoch a shimpliú
agus a laghdú
;
|
|
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe j
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(j)
|
gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh don infheistíocht
agus
don nuálaíocht;
|
|
|
(j)
|
gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh don infheistíocht
,
don nuálaíocht
agus don iomaíochas méadaithe
;
|
|
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe k
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(k)
|
an gá le hiomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a neartú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus earnálacha tionsclaíocha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin chun iomaíocht chóir a áirithiú;
|
|
|
(k)
|
an gá le
hathléimneacht agus
iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a neartú
agus an riosca sceite carbóin a laghdú
, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus
do
na hearnálacha tionsclaíocha is mó
atá
neamhchosanta ar sceitheadh carbóin
, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí,
chun iomaíocht chóir a áirithiú;
|
|
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe m
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(m)
|
inacmhainneacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair, éifeachtúlacht fuinnimh
agus
bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
|
|
|
(m)
|
infhaighteacht agus
inacmhainneacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair,
slándáil fuinnimh,
éifeachtúlacht fuinnimh
lena n-áirítear
bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh
, chomh maith le heangacha agus idirnaisc leictreachais a neartú d’fhonn fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil agus fuinneamh a tháirgtear ar bhonn intíre a chur chun cinn
;
|
|
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe m a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(ma)
|
ról na mbreoslaí saor ó charbón, ísealcharbóin agus in-athnuaite i ndícharbónú an iompair, lena n-áirítear iompar de bhóthar tar éis 2030 agus bearta nithiúla chun cabhrú le monaróirí feithiclí tromshaothair a spriocanna a bhaint amach, agus ábhar Eorpach á chur san áireamh;
|
|
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe o
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(o)
|
an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama;
|
|
|
(o)
|
an gá atá ann éifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama
, agus comhtháthú sóisialta á choimirciú ag an am céanna chomh maith le slándáil bia agus aistriú cóir a áirithiú
;
|
|
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe p
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(p)
|
an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú san fhadtéarma agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, chomh maith le héiginnteachtaí, go háirithe iad siúd a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide in earnáil na húsáide talún a chur san áireamh;
|
|
scriosta
|
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe q
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(q)
|
riachtanais agus deiseanna infheistíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach;
|
|
|
(q)
|
riachtanais agus deiseanna infheistíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach
chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht agus rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát, agus cothromaíocht gheografach á cur san áireamh
;
|
|
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 5 – pointe r
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
(r)
|
forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh UNFCCC a bhaint amach, chomh maith le tacaíocht an Aontais dá chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar na tionchair a bhíonn aige.
.
|
|
|
(r)
|
forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh
Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (
UNFCCC
)
a bhaint amach, chomh maith le tacaíocht an Aontais dá chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar na tionchair a bhíonn aige.’
|
|
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 4 – mír 8 (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(2a)
|
in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
|
|
|
|
‘8.
Ag tosú ó bhliain amháin tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus tuairisciú débhliantúil ar chur chun feidhme na spriocanna idirmheánacha agus na gconairí dícharbónaithe a leagtar amach sa Rialachán seo, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí, an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí agus na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn d’iomaíochas domhanda an Aontais á gcur san áireamh. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an measúnú, i gcás inarb iomchuí.’;
|
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe c (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(3)
|
in Airteagal 11, an chéad mhír, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
|
|
|
|
|
‘(c)
|
na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le hiomaíochas domhanda thionscail na hEorpa ar fud na mBallstát mar aon leis na deiseanna a d’fhéadfadh eascairt as sin, go háirithe iomaíochas tionscail dianfhuinnimh agus iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide;’;
|
|
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(ca)
|
forbairt na bpraghsanna fuinnimh agus a tionchar ar thionscail agus ar theaghlaigh na hEorpa;
|
|
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe c b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(cb)
|
na tionchair shocheacnamaíocha lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht;
|
|
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe d (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(d)
|
dul chun cinn teicneolaíoch agus cur in úsáid na dteicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát agus earnálacha;
|
|
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe e (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(e)
|
leibhéal measta na nglanaistrithe ar leibhéal an Aontais i ndáil le spriocanna an Rialacháin seo. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil difríocht shuntasach idir leibhéal measta na nglanaistrithe nádúrtha do 2040 agus an leibhéal a bheadh ag teastáil chun sprioc idirmheánach 2040 a bhaint amach, lena n-áirítear i gcás inarb amhlaidh mar gheall ar shuaití nádúrtha, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, más gá, coigeartú ar sprioc idirmheánach 2040 a chomhfhreagraíonn do na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus laistigh de theorainneacha na n-easnamh sin, agus áiritheoidh sé nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann;
|
|
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe f (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(f)
|
an dul chun cinn i dtreo na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
|
|
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 1 – pointe g (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
|
(g)
|
an tsolúbthacht do na Ballstáit creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta a úsáid chun suas le 5 % dá spriocanna agus dá n-iarrachtaí tar éis 2030 a chomhlíonadh in earnálacha nach rialaítear in CTA AE.
|
|
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 (nua)
Rialachán (AE) 2021/1119
Airteagal 11 – mír 2
|
An téacs atá ann
|
Leasú
|
|
|
|
(4)
|
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
|
|
|
Féadfaidh
tograí reachtacha chun an Rialachán seo a
leasú
a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí.
|
‘
Beidh
tograí reachtacha chun an Rialachán seo a
athbhreithniú
ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí
, ar tograí iad lena n-áirítear sprioc idirmheánach 2040, agus beidh bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin chun na tionscnaimh a neartú maidir leis an gcreat cumasúcháin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach leanúnach an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus lena ndaingnítear iomaíochas, rathúnas agus comhtháthú sóisialta an Aontais
.
’
|
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
|
Leasú
|
|
|
Airteagal 1a
|
|
|
Oibriú na trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise a chur siar
|
|
|
Cuirtear oibriú na trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise a leagtar amach i gCaibidil IVa de Threoir 2003/87 siar go dtí 2028. Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 30(k)(2) litreacha (a) go (e) de Threoir 2003/87. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 10a(8b) de Threoir 2003/87 in 2026 freisin.
|
(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0223/2025).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(6) COM(2024) 63 final.
(6) COM(2024) 63 final.
(7) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(7) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).