|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1667 |
22.4.2026 |
P10_TA(2025)0257
Seachvótáil sa suí iomlánach d’Fheisirí le linn toirchis agus tar éis leanbh a thabhairt ar an saol
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2025 maidir leis an leasú ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin, lena gceadaítear d’Fheisirí vótáil i suí iomlánach trí sheachvótáil le linn toirchis agus tar éis leanbh a thabhairt ar an saol (2025/2195(INL) – 2025/0900(APP))
(C/2026/1667)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do na Conarthaí, agus go háirithe d’Airteagail 9, 10, 14 agus 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 20, 22, 223(1) agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (‘an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin’) atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976, arna leasú, agus go háirithe Airteagal 6 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 5 den Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1), |
|
— |
ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le nós imeachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe do rún uaithi an 15 Iúil 1998 maidir le dréacht-nós imeachta toghcháin lena n-ionchorpraítear prionsabail chomhchoiteanna do thoghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (2), do rún uaithi an 22 Samhain 2012 maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa in 2014 (3), do rún uaithi an 4 Iúil 2013 maidir le feabhas a chur ar na socruithe praiticiúla chun na toghcháin Eorpacha a reáchtáil in 2014 (4), do rún uaithi an 11 Samhain 2015 maidir le hathchóiriú dhlí toghcháin an Aontais (5) agus do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le hAthchóiriú dhlí toghcháin an Aontais ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Gníomh maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a ghabhann leis an gCinneadh sin (6), |
|
— |
ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, arna leasú an 17 Feabhra 2018 (7), |
|
— |
ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 di, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 46 agus 55 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0214/2025), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil sé de cheart ag Parlaimint na hEorpa athchóiriú ar a nós imeachta toghcháin féin a thionscnamh, agus a toiliú a thabhairt ina leith; |
|
B. |
de bhrí go raibh an fhéidearthacht chun nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach a fhorbairt atá bunaithe ar vótáil chomhchoiteann dhíreach cumhdaithe sna Conarthaí ó 1957 i leith; |
|
C. |
de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an athchóiriú ar nós imeachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa gné dhaonlathach na dtoghchán Eorpach a fheabhsú, feidhmiú Pharlaimint na hEorpa agus rialachas an Aontais a fheabhsú, obair Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh níos dlisteanaí agus níos éifeachtúla, agus foráil a dhéanamh maidir le comhionannas toghcháin níos fearr do shaoránaigh an Aontais; |
|
D. |
de bhrí gur cheart go rannchuideodh beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil le comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht máithreacha sa pholaitíocht a chur chun cinn; |
|
E. |
de bhrí nach mór don athchóiriú ar an nós imeachta toghcháin prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú; |
|
1. |
á chinneadh rialacha máithreachais a neartú d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ar mian leo leanúint dá ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh; |
|
2. |
á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú spriocdhírithe ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin lena gcuirfear ar chumas na bhFeisirí a vóta iomlánach a tharmligean chuig Feisire eile dá rogha féin le linn toirchis agus tar éis leanbh a thabhairt ar an saol; |
|
3. |
á chreidiúint go gcuirfear ar chumas na bhFeisirí leis an athchóiriú sin, sna tréimhsí díreach roimh agus tar éis dóibh a bheith ina máithreacha, a sainorduithe a fheidhmiú go hiomlán, rud a chuirfidh feabhas ar chothroime institiúideach agus ar chuimsiú i bParlaimint na hEorpa; |
|
4. |
ag glacadh leis an togra a leagtar amach san Iarscríbhinn agus á chur faoi bhráid na Comhairle; |
|
5. |
á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo mar aon leis an togra atá i gceangal leis seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát. |
(1) IO L 262, 7.10.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/684/oj.
(2) IO C 292, 21.9.1998, lch. 66.
(3) IO C 419, 16.12.2015, lch. 185.
(4) IO C 75, 26.2.2016, lch. 109.
(5) IO C 366, 27.10.2017, lch. 7.
(6) IO C 465, 6.12.2022, lch. 171.
(7) IO L 45, 17.2.2018, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2018/217/oj.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena nglactar na forálacha lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(1) de,
ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,
ag féachaint don togra ó Pharlaimint na hEorpa,
tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
ag gníomhú di i gcomhréir le gnáthnós imeachta reachtach speisialta,
de bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart go rannchuideodh beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil le comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht máithreacha sa pholaitíocht a chur chun cinn. |
|
(2) |
Trí chóras seachvótála a thabhairt isteach sna seisiúin iomlánacha, beidh na Feisirí in ann, sna tréimhsí díreach sula dtagann siad chun bheith ina máithreacha agus ina ndiaidh, a sainorduithe a fheidhmiú go hiomlán. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6(1) den Ghníomh maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom (1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, Feisire atá torrach nó atá tar éis leanbh a shaolú, féadfaidh Feisire eile, ag gníomhú dó mar sheachvótálaí, a vóta a chaitheamh ar feadh uastréimhse trí mhí roimh dháta breithe measta an linbh agus ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis na breithe.’
Airteagal 2
1. Beidh an Cinneadh seo faoi réir a fhormheasa ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra d’Ardrúnaíocht na Comhairle faoi chur i gcrích na nósanna imeachta is gá chun na críche sin.
2. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis an lae a gheofar an fógra deireanach dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 3
Foilseofar an cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 ó ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh sa chomhairle maidir leis an Ionstraim a bhaineann le toghadh ionadaithe an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(1)/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1667/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)