|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1640 |
13.3.2026 |
LIOSTA COMHCHOITEANN MÍLEATA AN AONTAIS EORPAIGH
arna ghlacadh ag an gComhairle an 23 Feabhra 2026
(trealamh a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, lena sainítear comhrialacha faoina rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata)
(a dhéanfaidh Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus a thiocfaidh ina ionad, arna ghlacadh ag an gComhairle an 24 Feabhra 2025 (1))
An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES)
(C/2026/1640)
|
Nóta 1 |
Is téarmaí sainmhínithe iad na téarmaí faoi ‘comharthaí athfhriotail’. Déantar tagairt do ‘Sainmhínithe ar na Téarmaí a úsáidtear sa Liosta seo’ a ghabhann leis an Liosta seo. |
|
Nóta 2 |
I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus de réir uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) a liostaítear ceimiceáin. Tá feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin arb ionann foirmle struchtúrach dóibh (lena n-áirítear hiodráití) is cuma cén t-ainm atá orthu nó cén uimhir CAS atá acu. Tugtar na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan spleáchas ar ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhreacha difriúla CAS a bheith ag meascáin ina bhfuil ceimiceán de na ceimiceáin a liostaítear. |
|
Nóta 3 |
Is tagairt é ‘Liosta Earraí Dé-Úsáide an Aontais Eorpaigh’ d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú earraí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú). |
|
ML1 |
Armáin mhínchró lena mbaineann cailibre is lú ná 20 mm, armáin agus armáin uathoibríocha eile lena mbaineann cailibre 12,7 mm (cailibre 0,50 orlach) nó níos lú agus gabhálais, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML2 |
Armáin mhínchró lena mbaineann calabra 20 mm nó níos mó, armáin nó armáil eile lena mbaineann calabra is mó ná 12,7 mm (cailibre 0,50 orlach), teilgeoirí a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata agus gabhálais, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML3 |
Armlón agus gairis socraithe aidhnín, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML4 |
Buamaí, toirpéid, roicéid, diúracáin, gairis agus lánáin phléascacha eile agus trealamh gaolmhar agus gabhálais ghaolmhara, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML5 |
Trealamh rialaithe lámhaigh, trealamh faireachais agus trealamh rabhaidh, agus córais ghaolmhara, trealamh tástála agus ailíniúcháin agus frithbheartach, mar a leanas, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML6 |
Feithiclí talún agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
|
ML7 |
Oibreáin cheimiceacha, ‘oibreáin bhitheolaíocha’, ‘oibreáin smachtaithe círéibe’, ábhair radaighníomhacha, trealamh gaolmhar, comhpháirteanna gaolmhara agus ábhair ghaolmhara, mar a leanas:
|
|
ML8 |
‘Ábhair fuinneamhachais’, agus substaintí gaolmhara, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla
|
|
ML9 |
Soithí cogaidh (soithí barr uisce nó soithí faoi uisce), trealamh speisialta cabhlaigh, gabhálais, comhpháirteanna agus soithí eile barr uisce, mar a leanas:
|
|
ML10 |
‘Aerárthaí’, ‘feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer’, ‘Aerfheithiclí gan Foireann’ (‘UAVanna’), innill aerfheithicle, ‘árthaí fo-fhithiseacha’ agus trealamh ‘aerárthaí’, trealamh gaolmhar, agus comhpháirteanna, mar a leanas, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh le haghaidh úsáid mhíleata:
|
|
ML11 |
Trealamh leictreonach, ‘spásárthaí’ agus comhpháirteanna, nach sonraítear in aon áit eile ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais, mar a leanas:
|
|
ML12 |
Córais armán fuinnimh chinéitigh ardluais, agus trealamh gaolmhar, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
|
|
ML13 |
Trealamh, foirgneáin agus comhpháirteanna armúrtha nó cosanta, agus gabhálais mar a leanas:
|
|
ML14 |
‘Trealamh speisialaithe le haghaidh oiliúint mhíleata’ nó trealamh speisialaithe chun cásanna míleata a ionsamhlú, ionsamhlóirí a saindearadh le haghaidh oiliúint in úsáid aon airm tine nó aon armáin a shonraítear in ML1 nó ML2, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh lena n-aghaidh.
|
|
ML15 |
Trealamh íomháithe nó trealamh frithbheartach, mar a leanas, a saindearadh le haghaidh úsáid mhíleata, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin:
|
|
ML16 |
Déantáin ghaibhnithe, déantáin mhúnlaithe agus táirgí neamhchríochnaithe eile, a saindearadh le haghaidh earraí a shonraítear in ML1 go ML4, ML6, ML9, ML10, ML12 nó ML19.
|
|
ML17 |
Trealamh, ábhair agus ‘leabharlanna’ ilchineáil, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh:
Nóta Teicniúil
|
|
ML18 |
Trealamh ‘táirgthe’, saoráidí agus comhpháirteanna tástála comhshaoil, mar a leanas:
Nóta Teicniúil Chun críocha ML18, áirítear leis an téarma ‘“táirgeadh”’ dearadh, scrúdú, monarú, tástáil agus seiceáil. |
|
ML19 |
Córais armán fuinnimh dhírithe (DEW), trealamh gaolmhar nó trealamh frithbheartach agus samhlacha tástála, mar a leanas, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh sin:
Nóta Teicniúil Chun críocha ML19, tá ‘córais arm’ deartha chun damáiste a dhéanamh do thargaidí, chun targaidí a scriosadh, nó chun tobscor misin a chur i gcrích. |
|
ML20 |
Trealamh crióigineach agus ‘forsheoltach’, mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais a saindearadh le haghaidh an trealaimh sin:
|
|
ML21 |
‘Bogearraí’ mar a leanas:
|
|
ML22 |
‘Teicneolaíocht’ mar a leanas:
|
SAINMHÍNIÚ AR NA TÉARMAÍ A ÚSÁIDTEAR SA LIOSTA SEO
Seo a leanas sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear sa Liosta seo, in ord aibítre.
|
Nóta 1 |
Tá feidhm ag na sainmhínithe ó thús go deireadh an Liosta. Is tagairtí comhairleacha amháin iad na tagairtí agus níl aon éifeacht acu ar chur i bhfeidhm uilíoch na dtéarmaí sainithe ó thús go deireadh an Liosta. |
|
Nóta 2 |
Focail agus téarmaí atá ar an Liosta Sainmhínithe seo, ní bhíonn an bhrí shainmhínithe leo ach amháin i gcás ina léirítear é sin trí iad a chur idir ‘comharthaí athfhriotail’. I ngach cás eile, is í brí (an fhoclóra) a nglactar go coitianta léi atá le focail agus téarmaí, mura dtugtar sainmhíniú áitiúil ar rialú ar leith. |
|
ML1, 8, 10, 14 |
‘Aerárthaí’ |
Feithicil aerbheirthe ar a bhfuil sciathán dobhogtha, sciathán sclóine, sciathán rothlach (héileacaptar), rótar claonta nó sciathán claonta. |
||||||||||||||||||||||
|
ML22 |
‘Taighde bunúsach eolaíoch’ |
Obair thurgnamhach nó obair theoiriciúil arb é is cuspóir di thar aon rud eile teacht ar eolas nua maidir leis na bunphrionsabail a bhaineann le feiniméin nó fíorais inbhraite, seachas obair atá dírithe go príomhúil ar aidhm nó ar chuspóir sonrach praiticiúil. |
||||||||||||||||||||||
|
ML7, 22 |
‘Bithchatalaígh’ |
‘Einsímí’ i gcomhair imoibrithe sonracha ceimiceacha nó bithcheimiceacha nó comhdhúile bitheolaíocha eile a cheanglaíonn d’oibreáin cogaíochta ceimicí agus a luathaíonn díghrádú na n-oibreán sin. Nóta Teicniúil Ciallaíonn ‘einsímí’ ‘bithchatalaígh’ i gcomhair imoibrithe sonracha ceimiceacha nó bithcheimiceacha. |
||||||||||||||||||||||
|
ML7 |
‘Oibreáin bhitheolaíocha’ |
Pataiginí nó tocsaíní, a toghadh nó a modhnaíodh (trí aon cheann de na nithe seo a leanas a athrú: íonacht, seilfré, nimhneacht, tréithe a scaipthe, nó friotaíocht in aghaidh na radaíochta UV) chun taismigh a dhéanamh de dhaoine nó d’ainmhithe, nó chun trealamh a dhíghrádú nó damáiste a dhéanamh do bharra nó don chomhshaol. |
||||||||||||||||||||||
|
ML4, 10 |
‘Aerárthaí sibhialta’ |
Na ‘haerárthaí’ sin a liostaíonn údaráis um eitlíocht shibhialta i gceann nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar, trí na haerárthaí a ainmniú ar liostaí deimhnithe aeracmhainneachta, mar árthaí le haghaidh taisteal ar bhealaí tráchtála sibhialta inmheánacha agus seachtracha nó le haghaidh úsáidí dlisteanacha sibhialta, príobháideacha nó gnó. |
||||||||||||||||||||||
|
ML21 |
‘Freagairt ar theagmhais chibearshlándála’ |
An próiseas lena ndéantar an fhaisnéis riachtanach maidir le teagmhas cibearshlándála a mhalartú leis na daoine aonair nó leis na heagraíochtaí atá freagrach as déanamh nó as comhordú an fheabhsúcháin chun aghaidh a thabhairt ar an teagmhas cibearshlándála. |
||||||||||||||||||||||
|
ML17, 21, 22 |
‘Forbairt’ |
Baineann sé sin le gach céim roimh an táirgeadh srathach, mar shampla: an dearadh, taighde i ndáil leis an dearadh, anailísí i ndáil leis an dearadh, coincheapa an deartha, fréamhshamhlacha a chóimeáil agus a thástáil, scéimeanna táirgthe phíolótaigh, sonraí maidir le dearadh, an próiseas lena ndéantar táirge as na sonraí maidir le dearadh, dearadh na cumraíochta, dearadh an chomhtháthaithe, agus an leagan amach. |
||||||||||||||||||||||
|
ML21 |
‘Ríomhaire digiteach’ |
Trealamh a bhfuil ar a chumas an méid seo uile a leanas a dhéanamh, i bhfoirm athróige scoite amháin nó níos mó:
Nóta Teicniúil Maidir le seicheamh treoracha atá stóráilte a mhodhnú, áirítear leis an modhnú sin feistí eile stórála atá fosaithe a chur in ionad na bhfeistí atá ann cheana, ach ní áirítear leis aon athrú fisiceach ar shreangú ná ar idirnaisc. |
||||||||||||||||||||||
|
ML17 |
‘Éifeachtóirí deiridh’ |
Greamáin, ‘aonaid uirlisithe ghníomhacha’ agus aon uirlisiú eile a cheanglaítear den bhonnphláta ar cheann géige láimhsitheora ‘róbait’. Nóta Teicniúil Is éard atá in ‘aonaid uirlisithe ghníomhacha’ gairis lena dtugtar cumhacht tiomána, fuinneamh próiseála nó braiteacht do shaotharphíosa. |
||||||||||||||||||||||
|
ML8 |
‘Ábhair fuinneamhachais’ |
Substaintí nó meascáin a imoibríonn go ceimiceach chun fuinneamh a scaoileadh, fuinneamh atá riachtanach don fheidhm atá beartaithe dóibh. Is fo-aicmí d’ábhair fuinneamhachais iad ‘pléascáin’, ‘piriteicnicí’ agus ‘tiomántáin’. |
||||||||||||||||||||||
|
ML6, 13 |
‘Caighdeáin choibhéiseacha’ |
Caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta inchomparáide atá aitheanta ag ceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar agus is infheidhme maidir leis an iontráil ábhartha. |
||||||||||||||||||||||
|
ML8, 18 |
‘Pléascáin’ |
Substaintí nó meascáin, bíodh siad soladach, leachtach nó gásach, nach mór dóibh madhmadh nuair atá feidhm á baint astu mar lánáin phríomhúla, mar lánáin treisithe nó mar phríomhlánáin i bpléasc-chinn, i scartáil agus i bhfeidhmeanna eile. |
||||||||||||||||||||||
|
ML13 |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ |
Áirítear orthu iad seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||
|
ML15 |
‘Feadáin dianaithe íomhánna den chéad ghlúin’ |
Feadáin lena mbaineann fócasú leictreastatach, ina n-úsáidtear aghaidhphlátaí aschuir agus ionchuir de ghloine nó de shnáithín optach, fótacatóidí il-alcaile (S-20 nó S-25), ach nach n-úsáidtear aon aimplitheoirí pláta micreachainéal. |
||||||||||||||||||||||
|
ML17 |
‘Ceall breosla’ |
Feiste leictriceimiceach a thiontaíonn fuinneamh ceimiceach ina leictreachas Srutha Dhírigh (DC) trí bhreosla a ídiú a thagann ó fhoinse sheachtrach. |
||||||||||||||||||||||
|
ML22 |
‘San fhearann poiblí’ |
Ciallaíonn sé sin ‘teicneolaíocht’ nó ‘bogearraí’ a cuireadh ar fáil gan aon srian maidir lena scaipeadh a thuilleadh. Nóta Ní fhágann srianta cóipchirt nach mbeidh ‘teicneolaíocht’ ná ‘bogearraí’ ‘san fhearann poiblí’. |
||||||||||||||||||||||
|
ML9, 13, 17, 19 |
‘Léasar’ |
Earra a tháirgeann solas atá comhleanúnach ó thaobh spáis agus ama de trí bhíthin aimpliú le hastú spreagtha radaíochta. |
||||||||||||||||||||||
|
ML17 |
‘Leabharlann’ (bunachar sonraí teicniúil paraiméadrach) |
Bailiúchán d’fhaisnéis theicniúil a bhféadfaí leas a bhaint as, trí thagairt dó, chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na gcóras, an trealaimh nó na gcomhpháirteanna cuí. |
||||||||||||||||||||||
|
ML10 |
‘Feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer’ |
Balúin agus ‘aerlonga’ a bhraitheann ar aer te nó ar gháis eile is éadroime ná an t-aer, ar héiliam nó hidrigin, cuir i gcás, chun go bhféadfaidh siad dul in airde. Nóta Teicniúil ‘Aerlong’ Feithicil aerbheirthe chumhacht-tiomáinte a choinnítear ar foluain trí bhíthin meall gáis is éadroime ná an t-aer (héiliam de ghnáth, hidrigin roimhe seo). |
||||||||||||||||||||||
|
ML9, 17 |
‘Imoibreoir núicléach’ |
Áirítear leis na hearraí go léir atá istigh i soitheach an imoibreora nó atá ceangailte go díreach de, an trealamh lena rialaítear leibhéal na cumhachta i gcroí an imoibreora, agus na comhpháirteanna sin ar gnách gurb iontu a bhíonn príomhfhuarthán chroí an imoibreora, nó go mbíonn siad i dtadhall díreach leis an bhfuarthán sin, nó gur leo a dhéantar é a rialú. |
||||||||||||||||||||||
|
ML8 |
‘Réamhtheachtaithe’ |
Ceimiceáin speisialtachta a úsáidtear i monarú pléascán. |
||||||||||||||||||||||
|
ML 21, 22 |
‘Táirgeadh’ |
Ciallaíonn sé sin gach céim den táirgeadh, cuir i gcás na céimeanna seo a leanas: innealtóireacht, monarú, comhtháthú, cóimeáil (suíghléasadh), cigireacht, tástáil, dearbhú cáilíochta i ndáil leis an táirge. |
||||||||||||||||||||||
|
ML8 |
‘Tiomántáin’ |
Substaintí nó meascáin a imoibríonn go ceimiceach chun toirteanna móra de gháis theo a tháirgeadh, ag rátaí rialaithe, chun obair mheicniúil a dhéanamh. |
||||||||||||||||||||||
|
ML2,4, 8 |
‘Ábhair phiriteicniúla’ |
Meascáin de bhreoslaí soladacha nó leachtacha agus d’ocsaídeoirí a mbaineann dóibh, nuair a adhntar iad, imoibriú ceimiceach fuinneamhachais ag ráta rialaithe lena mbeartaítear moilleanna ama ar leith a chur i bhfeidhm, nó cainníochtaí teasa, torainn, deataigh, solais infheicthe nó radaíochta infridheirge. Fo-aicme d’ábhair phiriteicniúla is ea pireafóraigh, nach bhfuil aon ocsaídeoirí iontu ach a adhnann go spontáineach ar theagmháil dóibh le haer. |
||||||||||||||||||||||
|
ML22 |
‘Atá riachtanach’ |
De réir mar a chuirtear i bhfeidhm i leith ‘teicneolaíocht’ é, ní bhaineann sé ach leis an gcuid sin den ‘teicneolaíocht’ a fhágann gur féidir na leibhéil feidhmíochta, na tréithe nó na feidhmeanna atá á rialú, a bhaint amach nó dul os a gcionn. Féadfaidh an ‘teicneolaíocht’ sin atá ‘riachtanach’ a bheith roinnte idir táirgí difriúla. |
||||||||||||||||||||||
|
ML7 |
‘Oibreáin smachtaithe círéibe’ |
Substaintí a chuireann greannú céadfach ar dhaoine go gasta nó a chuireann bac fisiciúil orthu go gasta, greannú nó bac nach maireann ach go ceann seal gairid tar éis an duine teacht faoi thadhall na substainte, nuair a úsáidtear na substaintí sin sna cúinsí dár ceapadh iad chun lucht círéibe a smachtú. (Fo-thacar de ‘oibreáin smachtaithe círéibe’ is ea deorgháis.)
|
||||||||||||||||||||||
|
ML17 |
‘Róbat’ |
Meicníocht ionramhála, bíodh sí de chineál na conaire leanúnaí nó den chineál pointe go pointe, a fhéadfaidh leas a bhaint as braiteoirí, agus lena mbaineann na hairíonna uile seo a leanas:
Is é atá san ‘in-ríomhchláraitheacht atá inrochtana don úsáideoir’ an tsaoráid lena gceadaítear don úsáideoir ‘cláir’ a chur isteach, a mhodhnú nó a athrú trí mhodhanna seachas:
Nóta Ní áirítear leis an sainmhíniú thuas na feistí seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||
|
ML11 |
‘Córas loingseoireachta satailíte’ |
Córas arb é atá ann stáisiúin talún, buíon satailítí, agus glacadóirí, a fhágann gur féidir suíomh glacadóirí a ríomh ar bhonn comharthaí ó na satailítí. Áirítear ann Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte agus Córais Réigiúnacha Loingseoireachta Satailíte. Nóta Teicniúil 1 Cuntas satailíte ‘Spásárthach’, seachas ‘feithicil spáis’, atá deartha chun oibriú i bhfithis timpeall na Cruinne nó i rinn nimhe eile; folaíonn ‘satailítí’ stáisiúin spáis fhithiseacha. Nóta Teicniúil 2 ‘Spásárthaí’ Árthach atá deartha chun oibriú sa spás, fanacht sa spás nó chun idirthuras a dhéanamh tríd an spás i bhfoirm ‘satailíte’, ‘taiscéalaí spáis’ nó ‘feithicle spáis’.
Nóta Teicniúil 3 ‘Feithicil spáis’ ‘Spásárthach’ atá deartha chun lasta nó paisinéirí a iompar.
Nóta Teicniúil 4 ‘Taiscéalaí spáis’ ‘Spásárthach seachas ‘satailít’ nó ‘feithicil spáis’, atá deartha sa chaoi nach bhfillfidh sí ar an Domhan. |
||||||||||||||||||||||
|
ML4, 11, 21 |
‘Bogearraí’ |
Cnuasach a bhfuil ceann amháin nó níos mó de ‘chláir’ nó de ‘mhicreachláir’ ann agus é nó iad fosaithe in aon mheán inláimhsithe sloinnte. Nóta Teicniúil 1 ‘Clár’ Seicheamh de threoracha chun próiseas a chur i gcrích i bhfoirm a bheadh inrite ag ríomhaire leictreonach, nó seicheamh den sórt sin ar féidir é a thiontú chun na foirme sin. Nóta Teicniúil 2 ‘Micreachlár’ Seicheamh de bhuntreoracha, a choimeádtar i gcuimhne speisialta, agus a chuirtear i bhfeidhm nuair a chuirtear an treoir thagartha isteach i dtabhall treorach. |
||||||||||||||||||||||
|
ML19 |
‘Spáscháilithe’ |
A dearadh, a monaraíodh nó a cáilíodh trí thástáil rathúil, lena hoibriú ag airde is mó ná 100 km os cionn dhromchla an Domhain. Nóta Cinneadh a dhéantar de bhua tástála gur earra ‘spáscháilithe’ is ea earra shonrach ó rith táirgthe, ní fhágann an cinneadh sin go bhfuil earraí eile sa rith táirgthe céanna nó sa tsraith samhla chéanna ‘spáscháilithe’ murar tástáladh ina gceann is ina gceann iad. |
||||||||||||||||||||||
|
ML10 |
‘Árthach fo-fhithiseach’ |
Árthach ina bhfuil iniamh atá deartha chun daoine nó lastas a iompar agus atá deartha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
||||||||||||||||||||||
|
ML20 |
‘Forsheoltach’ |
Tagraíonn d’ábhair (i.e. miotail, cóimhiotail nó comhdhúile) ar féidir leo an fhriotaíocht leictreach ar fad a chailleadh (i.e. ar féidir leo seoltacht leictreach gan teorainn a shroicheadh agus ar féidir leo sruthanna leictreachais an-mhór a iompar gan téamh Joule). Nóta Teicniúil I gcás aon ábhar ar leithligh, is é is saintréithe dá staid ‘fhorsheoltach’ ná ‘teocht chriticiúil’, réimse maighnéadach criticiúil, ar feidhm é den teocht, agus dlús srutha criticiúil ar feidhm é den réimse maighnéadach agus den teocht araon. Nóta Ciallaíonn ‘teocht chriticiúil’ (dá dtagraítear uaireanta mar an teocht thrasdultach) ábhair shonraigh ‘fhorsheoltaigh’ an teocht sin ag a gcailleann an t-ábhar iomlán a fhriotaíocht in aghaidh sreabhadh srutha leictrigh dhírigh. |
||||||||||||||||||||||
|
ML22 |
‘Teicneolaíocht’ |
Faisnéis shonrach is gá chun táirge a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. Is i bhfoirm ‘sonraí teicniúla’ nó i bhfoirm ‘cúnaimh theicniúil’ a bhíonn an fhaisnéis sin. Sainítear in ML22 an ‘teicneolaíocht’ shonraithe le haghaidh Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. Nótaí Teicniúla
|
||||||||||||||||||||||
|
ML10 |
‘Aerárthach gan foireann’ |
Aon ‘aerárthach’ atá in ann tús a chur le heitilt agus eitilt rialaithe agus loingseoireacht a choinneáil ar siúl gan aon fhoireann inti. |
||||||||||||||||||||||
|
ML21 |
‘Nochtadh leochaileachta’ |
An próiseas sin arb é atá ann leochaileacht a shainaithint, a thuairisciú nó a chur in iúl do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí atá freagrach as feabhsúchán a dhéanamh nó a chomhordú chun an leochaileacht a réiteach, nó an próiseas sin arb é atá ann leochaileacht a anailísiú i dteannta na ndaoine aonair nó na n-eagraíochtaí sin. |
(1) C/2025/1499, 6.3.2025
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1640/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)