European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1609

23.3.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 7 Eanáir 2026 – Central Europe Mark s.r.o. v Odvolací finanční ředitelství

(Cás T-53/26, Central Europe Mark)

(C/2026/1609)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Central Europe Mark s.r.o.

Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství

An cheist a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc trí phrionsabail na comhréireachta agus na neodrachta cánach ar reachtaíocht náisiúnta maidir le bearta urraithe cánach breisluacha ar dá réir, ar chuntar go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos leis an dlí comhlíonta, gur féidir leis na húdarás chánach suim a fháil (nó, más gá, a aisghabháil trí fhorfheidhmiú) ó dhuine inchánach de bhun údar maith imní a bheith ann gur dhobhailithe an cháin is dócha go measúnófar í, gan ús a dheonú ina dhiaidh sin don duine inchánach sin ar an difríocht idir an méid arna urrú agus an cháin is amhlaidh a mheasúnaítear, i gcás nach gcinntear gur mídhleathach an t-urrús féin?


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1609/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)