|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1607 |
23.3.2026 |
Caingean arna tabhairt an 16 Eanáir 2026 – Cerami v ÚFA
(Cás T-34/26)
(C/2026/1607)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Alfio Cerami (Catania, an Iodáil) (ionadaí: C. Longhitano, Dlíodóir)
Cosantóir: Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
go príomha, na cinntí lena n-eisiatar an t-iarratasóir ó chomórtas AMLA/TA/2025/10 a chur ar neamhní agus/nó a chúlghairm agus a ordú go n-áireofar é ar liosta na n-iarrthóirí rathúla atá incháilithe le haghaidh earcaíochta; |
|
— |
mar mhalairt air sin, na cinntí lena n-eisiatar an t-iarratasóir ó chomórtas AMLA/TA/2025/10 a chur ar neamhní agus/nó a chúlghairm agus a ordú go n-áireofar é ar liosta na n-iarrthóirí rathúla; |
|
— |
mar rogha mhalartach eile, a ordú go gcuirfí seisiún scrúdaithe nua nó agallamh ionadaíoch ar siúl don iarratasóir; |
|
— |
ag brath ar an toradh ar chosaint an údaráis riaracháin cosantóra nó i gcás ina n-iarrann an Chúirt a éistfidh an cás go ndéanfar tuilleadh imscrúdaithe, a ordú go ndéanfar doiciméadacht bhreise a sholáthar. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir an méid seo a leanas:
Saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua agus imscrúdú cuí a dhéanamh.
|
— |
Ní cheadaítear leis an gcinneadh an próiseas loighciúil agus dlíthiúil a bhí mar bhunús le cinneadh diúltach an chomhlachta inniúla a athchruthú, toisc nach ndearna ÚFA ach é féin a cheilt taobh thiar de líomhaintí gan chruthú, nach ndearna, thar aon ní eile, gearáin an iarratasóra le freagraí cruthaithe a shéanadh. |
|
— |
I bhfianaise neamhdhleathacht an chinnidh atá faoi chonspóid, is cosúil nach mór go n-áireofaí an t-iarratasóir go pras ar na liostaí chun críocha earcaíochta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1607/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)