|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1584 |
23.3.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Nollaig 2025 – Kerdos Investment-AG TGV v Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht
(Cás C-801/25, Kerdos Investment)
(C/2026/1584)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir, achomharcóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Kerdos Investment-AG TGV
Cosantóir, freagróir agus freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil an coincheap ‘bainistíocht punainne’ dá bhforáiltear le pointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/61/AE (1) le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis oibleagáid a ghlacadh i leith ionad trádála ina ndéantar luachana daingne, comhuaineacha tairgthe agus tairisceana ar mhéid inchomparáide ar phraghasanna iomaíocha a tharchur go leanúnach, i gcás ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, le haghaidh ar a laghad 50 % – agus le haghaidh ar a laghad 90 % i gcás ‘Designated Sponsors’ (urraitheoirí ainmnithe), - de na huaireanta trádála laethúla de thrádáil leanúnach san ionad trádála lena mbaineann? Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist seo: |
|
2. |
An bhfuil an coincheap ‘gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní CIM’ i bpointe 2(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/61/AE le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis oibleagáid a ghlacadh i leith ionad trádála ina ndéantar luachana daingne, comhuaineacha tairgthe agus tairisceana ar mhéid inchomparáide ar phraghasanna iomaíocha a tharchur go leanúnach, i gcás ionstraim airgeadais amháin nó níos mó, le haghaidh ar a laghad 50% – agus le haghaidh ar a laghad 90 % i gcás ‘Designated Sponsors’ (urraitheoirí ainmnithe), - de na huaireanta trádála laethúla de thrádáil leanúnach san ionad trádála lena mbaineann? Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1 agus ar Cheist 2: |
|
3. |
An bhfuil an tagairt in Airteagal 1(5) de Threoir 2014/65/AE (2) (MiFID II) d’Airteagal 17(3) agus (4) de MiFID II le léiriú sa chaoi go gceadaítear do ghníomhaithe sa mhargadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de MiFID II an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus (4) de MiFID II (straitéis cruthaithe margaidh a shaothrú) a dhéanamh? |
(1) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010, (IO 2011 L 174, lch. 1).
(2) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO 2014 L 173, lch. 349).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1584/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)