European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1489

9.4.2026

P10_TA(2025)0169

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl: comhar le Europol agus Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu (05617/2025 – C10-0045/2025 – 2024/0321(NLE))

(Toiliú)

(C/2026/1489)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05617/2025),

ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu (05618/2025),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(2), le hAirteagal 88, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0045/2025),

ag féachaint do Riail 107(1) agus (4), agus do Riail 117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0142/2025),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1489/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)