|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1384 |
10.3.2026 |
Fógra tionscnaimh maidir le páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
(C/2026/1384)
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar pháirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’). Tá an páirt-athbhreithniú eatramhach teoranta don raon táirgí.
1. Iarraidh ar athbhreithniú
Is é allmhaireoir de chuid an Aontais PalNet (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 19 Bealtaine 2025.
Tá leagan oscailte den iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.4 den fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo táirgí alúmanaim, iad cothromrollta, bídís cóimhiotalaithe nó ná bídís, bídís saoirsithe thairis sin seachas cothrom-rollta nó ná bídís, gan ábhar taca, gan sraitheanna inmheánacha d’ábhar eile, (i) i gcornaí nó i stiallacha corntha, i leatháin gearrtha go fad, nó i bhfoirm ciorcal; atá 0,2 mm nó níos mó ach nach mó ná 6 mm ar tiús, (ii) i bplátaí ar mó ná 6 mm ar tiús, (iii) i gcornaí nó i stiallacha corntha, nach lú ná 0,03 mm ach ar lú ná 0,2 mm ar tiús (‘an táirge faoi athbhreithniú’), a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7606 11 91 (cóid TARIC 7606 11 91 25, 7606 11 91 86), ex 7606 11 93 (cóid TARIC 7606 11 93 25, 7606 11 93 86), ex 7606 11 99 (cóid TARIC 7606 11 99 25, 7606 11 99 86), ex 7606 12 92 (cóid TARIC 7606 12 92 25, 7606 12 92 93), ex 7606 12 93 (cóid TARIC 7606 12 93 86), ex 7606 12 99 (cóid TARIC 7606 12 99 25 agus 7606 12 99 86), ex 7606 91 00 (cóid TARIC 7606 91 00 25, 7606 91 00 86), ex 7606 92 00 (cóid TARIC 7606 92 00 25, 7606 92 00 92), ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607 11 90 48, 7607 11 90 51, 7607 11 90 53, 7607 11 90 65, 7607 11 90 73, 7607 11 90 75, 7607 11 90 77, 7607 11 90 91, 7607 11 90 93) agus ex 7607 19 90 (cóid TARIC 7607 19 90 75, 7607 19 90 94). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.
3. Na bearta atá ann cheana
Dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún (2) (‘an bun-Rialachán’) atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar fhianaise leordhóthanach arna soláthar ag an iarratasóir gur féidir raon feidhme an bhirt atá ann cheana a leasú chun cineál sonrach den táirge lena mbaineann a úsáidtear le haghaidh cineál iarratais an-sonrach agus teoranta a eisiamh.
Líomhain an t-iarratasóir gur cumhdaíodh leis an raon táirgí bunaidh leatháin alúmanaim déanta as cóimhiotail shraith 7000 (lena n-áirítear cóimhiotal 7021-T6 ach gan bheith teoranta dó), a úsáidtear chun gléasanna aonadlasta deimhnithe a mhonarú le haghaidh earnálacha na heitlíochta sibhialta agus an aerlasta.
Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil freisin nach féidir an cineál sonrach sin den táirge faoi athbhreithniú nach dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú san Aontas agus nach féidir é a fháil in áit ar bith eile i gcainníochtaí leordhóthanacha leis an teaglaim is gá de thoisí agus de chineálacha cóimhiotail. Tá na ceanglais táirge sin bunaithe ar Rialacháin dhochta nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le hearnáil na heitlíochta.
Mar thoradh air sin, líomhnaítear go gcuireann forchur na mbeart frithdhumpála ar na táirgí sin marthanas an aon mhonaróra gléasanna aonadlasta atá bunaithe san Aontas i mbaol, ós rud é nach féidir na dleachtanna atá beartaithe a ionsú i bhfianaise a struchtúir costais agus a leibhéal brabúsachta, agus toisc nach ann d’aon rogha mhalartach inmharthana eile a chuirfeadh ar chumas na cuideachta leanúint de bheith iomaíoch ar an margadh. Ina theannta sin, líomhnaítear nach ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais arís mar thoradh air sin.
Dá bhrí sin, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí leatháin alúmanaim atá déanta as cóimhiotail shraith 7000 (lena n-áirítear cóimhiotal 7021-T6 ach gan bheith teoranta dó), a úsáidtear go heisiach chun gléasanna aonadlasta deimhnithe a mhonarú le haghaidh earnálacha na heitlíochta sibhialta agus an aerlasta, a eisiamh ón raon táirgí.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, athbhreithniú a bheidh teoranta don raon táirgí, tá sé ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán.
5.1. Barúlacha maidir leis an iarraidh agus tionscnamh an imscrúdaithe
Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an iarraidh nó maidir le haon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.2. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (4).
5.3. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an fhógra seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, leis seo, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra seo.
5.4. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.5. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair’ (5) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara ’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Trade |
|
Directorate G |
|
Office: CHAR 04/039 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
TRON. tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
Seoladh ríomhphoist: TRADE-R849-ALU-FLAT-EUE@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, tabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na tráthchláir a shonraítear i roinn 5 den fhógra seo.
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt.
An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san fhógra seo
Níor cheart aon shíneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh an sprioc-ama chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. Oifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.
12. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO L 359, 11.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1784/oj.
(3) Le tagairtí d’fhoilsiú an fhógra seo, is é foilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheidh i gceist mura sonraítear a mhalairt.
(4) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 22979797.
(5) Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1384/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)