|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1364 |
16.3.2026 |
Caingean arna tabhairt an 27 Eanáir 2026 – Entain Operations v EUIPO – (sportingbet)
(Cás T-58/26)
(C/2026/1364)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Entain Operations Ltd (Giobráltar, Giobráltar) (ionadaithe: C. Gommers agus E. Foscolos, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais ‘sportingbet’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 19 088 595
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Samhain 2025 i gCás R 1221/2025-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
go gcuirfí ar neamhní an cinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh na n-earraí agus seirbhísí lena mbaineann; |
|
— |
an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le scrúdú a dhéanamh air ó thaobh na n-earraí agus seirbhísí lena mbaineann; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc, ina n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na córa comhionainne. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1364/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)