|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1260 |
2.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Feabhra 2026
maidir leis an gcúigiú comhalta lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a cheapadh
(C/2026/1260)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 291(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 63 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1620 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (‘an tÚdarás’). |
|
(2) |
Déantar foráil in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2024/1620 maidir le Bord Feidhmiúcháin an Údaráis, atá comhdhéanta de Chathaoirleach an Údaráis agus de chúigear comhaltaí lánaimseartha, lena n-áirítear an Leas-Chathaoirleach. Tá an cúigear comhaltaí lánaimseartha sin le ceapadh ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis do Bhord Ginearálta an Údaráis togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta d’iarrthóirí cáilithe arna tharraingt suas ag an gCoimisiún, agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas. Déantar foráil san Airteagal sin freisin go mbeidh téarma oifige 4 bliana ag an gcúigear comhaltaí lánaimseartha den Bhord Feidhmiúcháin. |
|
(3) |
An 22 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (2) maidir le ceathrar comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh. |
|
(4) |
An 12 Samhain 2025, d’ullmhaigh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí chun an cúigiú comhalta lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh, agus chuir sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa é. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta an lá céanna. |
|
(5) |
An 9 Nollaig 2025, ghlac Bord Ginearálta an Údaráis togra chun Henrica Maria VERBEEK-KUSTERS a cheapadh mar chomhalta lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis, agus chuir sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é lena fhormheas. An 18 Nollaig 2025, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra maidir le comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an cúigiú comhalta lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis a cheapadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Henrica Maria VERBEEK-KUSTERS ina comhalta lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta le haghaidh téarma oifige 4 bliana ón 1 Aibreán 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) ón gComhairle an 22 Bealtaine 2025 maidir le ceathrar comhaltaí lánaimseartha de Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a cheapadh (IO C, C/2025/2998, 26.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2998/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1260/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)