European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1259

27.2.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/1259)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’

Uimhir thagartha AE: PDO-IT-A0483-AM03 — 1.12.2025

1.   Ainm an táirge

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíon

Deochanna biotáilleacha

4.   Tír ar léi an limistéar geografach

An Iodáil

5.   Údarás an Bhallstáit a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Ainm

Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Deimhnímid go gcomhlíonann an formheas ar an leasú caighdeánach seo agus teachtaireacht maidir leis na coinníollacha chun leasú caighdeánach a fhormheas faoi Rialachán (AE) 2024/1143 agus na forálacha a glacadh dá bhun sin.

Tagann an leasú sin faoin sainmhíniú ar ‘leasú caighdeánach’ a leagtar síos in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 toisc:

nach bhfuil i gceist leis athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

nach bhfuil an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní;

nach bhfuil aon srian breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Méadú ar an líon fíniúnacha in aghaidh an heicteáir

Tuairisc

Leis an leasú, méadaíodh an líon íosta fíniúnacha in aghaidh an heicteáir ó 2 200 go 2 700.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Athfhriotal a chur ar an mír maidir le húdaruithe arna ndeonú de mhaolú

Tuairisc

Athraíodh foclaíocht na míre maidir le húdaruithe le haghaidh fíonóireachta, rísíniú agus aosú lasmuigh den limistéar táirgeachta chun na húdaruithe a deonaíodh cheana a chosaint.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 5 den tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Leasaíodh saintréithe orgánaileipteacha an chineáil ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’ (lena n-áirítear Classico).

Tuairisc

Tugadh tuairisc níos mionsonraithe ar shaintréithe orgánaileipteacha – ag tagairt do dhath, boladh agus blas – an chineáil fíona ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’ (lena n-áirítear Classico) (Catagóir: Fíon).

Baineann an leasú sin le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge.

Baineann sé freisin leis an roinn ‘Tuairisc ar na fíonta’ den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Ainm geografach níos leithne a thabhairt isteach

Tuairisc

Baineann an leasú leis an ainm ‘MARCHE’ a chur ar an lipéad mar limistéar geografach níos leithne, agus é d’aidhm aige suíomh geografach an ainmniúcháin a léiriú agus é a dhéanamh soiléir do thomhaltóirí.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge.

Baineann sé freisin leis an roinn ‘Tuilleadh ceanglas is infheidhme’ den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Féidearthacht a chur isteach, is é sin an tásc ‘Vigna’ a úsáid agus áit nó ainm fíonghoirt ina dhiaidh ar an lipéad

Tuairisc

Féadfar an téarma ‘Vigna’ [fíonghort] agus áit nó ainm fíonghoirt ina dhiaidh a úsáid i lipéadú agus i gcur i láthair na bhfíonta dá dtagraítear in Airteagal 1, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Tásc córas dúnta le haghaidh pacáistíochta

Tuairisc

Is iad na dúntáin buidéal na cinn a cheadaítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, cé is moite de chaipíní intarraingthe.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge.

Baineann sé freisin leis an roinn ‘Tuilleadh ceanglas is infheidhme’ [den doiciméad aonair].

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Tásc formáidí speisialta chun críoch fógraíochta

Tuairisc

I gcás gach cineáil, tá úsáid formáidí speisialta 6, 9 agus 12 lítear teoranta do chríocha fógraíochta agus neamhthráchtála.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Mionsonraí an chomhlachta rialúcháin a thabhairt cothrom le dáta

Tuairisc

Tar éis na leasuithe a rinneadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, ní gá ainm agus seoladh na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn comhlíonadh fhorálacha na sonraíochta táirge agus a gcúraimí sonracha a léiriú a thuilleadh sa tsonraíocht táirge.

Thairis sin, le hAirteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2024/1143, ceanglaítear anois ar na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil, na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Rialachán sin a fhoilsiú le haghaidh gach táirge arna ainmniú le tásc geografach agus ní mór dóibh an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.

Dá bhrí sin, leasaíodh an t-airteagal ina bhfuil tagairtí don chomhlacht rialúcháin, agus cuireadh tagairt d’fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil údarás inniúil an Bhallstáit in ionad na faisnéise atá ann.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Leasuithe eagarthóireachta ar an tsonraíocht táirge nach ndéanann difear d’ábhar an téacs

Tuairisc

Rinneadh leasuithe eagarthóireachta ar airteagail sa tsonraíocht táirge nach ndéanann difear d’ábhar an téacs. Is nuashonruithe iad ar thagairtí dlíthiúla, athruithe ar theidil na n-airteagal, ceartúcháin ar bhotúin litrithe agus athscríobh míreanna chun an téacs a dhéanamh níos éasca le léamh.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’

Uimhir thagartha AE: PDO-IT-A0483-AM03 — 1.12.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Iodáil

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 - Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

6.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

Táirge fíniúna

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’ (lena n-áirítear fíon ar a bhfuil an lipéad ‘Classico’)

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Dath: buí ar dhath na tuí lena ngabhann imireacha idir scothghlas agus órga.

Dea-bholadh

Cumhracht: dea-bholaithe éadroma, fíneálta lena ngabhann mionbholaithe torthaíocha tosaigh a bhíonn i leith na mionbholaithe mianracha agus balsamacha nuair a scagtar agus a aosaítear an fíon.

Blas

Blas: tirim, comhchuí, blasta, agus iarbhlas sainiúil almóinne air uaireanta.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

D’fhéadfadh blas beagán adhmadach a bheith ar fhíonta a stóráiltear i gcoimeádáin adhmaid.

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

Aigéadacht iomlán íosta:

4,50

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán íosta: 12,50 %.

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 17,0 g/l.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh agus srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Ní bhaineann le hábhar

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon / catagóir / cineál / cineál

‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht:

10 000

Aonad uastáirgeachta:

cileagraim d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

Verdicchio Bianco B. — Verdicchio

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach sainithe

Cuimsíonn an limistéar táirgeachta le haghaidh fíon a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’ air críoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas:

I gcúige Ancona:

Arcevia, Barbara, Belvedere Ostrense, Castelbellino, Castelplanio, Castelleone di Suasa, Corinaldo, Cupramontana, Maiolati Spontini, Mergo, Monte Roberto, Montecarotto, Morro d’Alba, Ostra, Ostra Vetere, Poggio San Marcello, Rosora, San Marcello, San Paolo di Jesi, Senigallia, Serra de’ Conti, Serra San Quirico agus Staffolo.

I gcúige Macerata:

Apiro agus Cingoli.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóir an táirge fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Tá traidisiún saothraithe fíniúna agus táirgthe fíona atá ann leis na céadta blianta sa chríoch ina dtáirgtear fíonta ATFC Castelli di Jesi Verdicchio Riserva (lena n-áirítear iad siúd a lipéadaítear mar Classico). I gcaitheamh na gcéadta blianta, mar thoradh ar thosca daonna, is iad fíniúnacha Verdicchio an rogha cineáil. Bhí tionchar acu freisin ar na modhanna treoraithe fíniúnacha agus ar na cleachtais fhíoneolaíocha a úsáidtear. Is é an t-idirghníomhú idir tosca nádúrtha, rilíf, aeráid agus ithir cuir i gcás, agus tosca daonna a thugann a saintréithe uathúla cáilíochtúla agus orgánaileipteacha d’fhíonta Castelli di Jesi Verdicchio Riserva nach féidir a bhaint amach in áit eile.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Pacáistiú, buidéalú agus toirmisc ar chórais dúnta áirithe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Ní fhéadfar ach coimeádáin ghloine ag a bhfuil toilleadh suas le 3,00 lítear a úsáid le haghaidh fíonta ag a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’.

Is iad na dúntáin buidéal na cinn a cheadaítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, cé is moite de chaipíní intarraingthe.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Tagairt don aonad geografach níos leithne a chur leis an lipéad

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Féadfaidh táirgeoirí aonair an t-aonad geografach níos leithne ‘Marche’ a shonrú ar an lipéad i gcarachtair den chineál céanna, den stíl chéanna, den spásáil chéanna, den imir chéanna agus den déine dhathmhéadrach chéanna leo siúd a úsáidtear le haghaidh na foclaíochta ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’.

Thairis sin, ní mór an téarma ‘Marche’ a bheith sna litreacha aonfhoirmeacha uachtaracha agus/nó íochtaracha céanna leis na litreacha a úsáidtear le haghaidh an fhocail ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’, agus ar chúlra aonfhoirmeach le haghaidh sheicheamh iomlán na dtásc a liostaítear sa mhír roimhe seo, agus níor cheart na litreacha a bheith níos mó ná na litreacha a úsáidtear le haghaidh an fhocail ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

An téarma ‘Vigna’ a chur ar an lipéad

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/maolú

Féadfar an téarma ‘Vigna’ [fíonghort] agus áit nó ainm fíonghoirt ina dhiaidh sin a úsáid i lipéadú agus i gcur i láthair fhíonta ATFC ‘Castelli di Jesi Verdicchio Riserva’, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

php/L/IT/IDPagina/23531


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1259/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)