|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1202 |
9.3.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Eanáir 2026 – Al Akhras v an Chomhairle
(Cás T-176/24) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria - Reo cistí - Srian ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha agus atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - Critéar maidir le ‘ballraíocht teaghlaigh’ - Critéar maidir le ‘nasc le baill teaghlaigh Assad nó Makhlouf’ - Pléadáil neamhdhleathachta - Oibleagáid cúiseanna a lua - Fógra maidir le bearta sriantacha - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht - Saoirse chun gnó a sheoladh - An ceart chun maoine)
(C/2026/1202)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Feras Al Akhras (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: J. Grayston, D. Rovetta, P. Gjørtler agus V. Villante, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Haas agus V. Piessevaux, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/380 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/380), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/362), agus, ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2024/1510 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1510), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1517 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1517), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Feras Al Akhras na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1202/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)