|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1201 |
9.3.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Eanáir 2026– Djchem Chemicals Poland et The Goodyear Tire & Rubber Company v an Coimisiún Eorpach
(Cás T-174/24) (1)
(Comhshaol agus cosaint shláinte an duine - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán áirithe - Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 - Aicmiú agus lipéadú 1,4-beinséindé-aimín, N,N’-Ph measctha agus díorthaigh toilile - Critéir chun substaint a aicmiú in aicme ghuaise na tocsaineachta don atáirgeadh de Chatagóir 1B - Substaint il-chomhpháirte - Ábharthacht éifeachtaí díobhálacha ar dhaoine - Léamh-trasna - Earráidí follasacha measúnaithe - Cóir chomhionann - Comhréireacht - Cearta na cosanta)
(C/2026/1201)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Djchem Chemicals Poland S.A. (Wołomin, an Pholainn), The Goodyear Tire & Rubber Company (Akron, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: C.Mereu agus N. Konings, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Cullen agus J. Jokubauskaitė, Gníomhairí)
Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaí: J. Möller, Gníomhaire), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: K. Bulterman et J. Langer, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (ionadaithe: W. Broere agus J.-P. Trnka, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, Djchem Chemicals Poland S.A. agus The Goodyear Tire & Rubber Company, go gcuirfí Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/197 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí áirithe (IO L, 2024/197, ‘an Rialachán atá faoi chonspóid’) ar neamhní, a mhéid a thugtar isteach leis aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe 1,4-beinséindé-aimín, N,N’-Ph measctha agus díorthaigh toilile san aicme ghuaise na tocsaineachta don atáirgeadh de Chatagóir 1B.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Díbhtear an chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Djchem Chemicals Poland S.A. agus do The Goodyear Tire & Rubber Company a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha arna gclárú faoin uimhir T 174/24 R. |
|
3. |
Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Ríocht na hÍsiltíre agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1201/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)