European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1113

26.2.2026

Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le tús a chur le cnuasaigh chaibidlíochta le haghaidh na hÚcráine agus na Moldóive laistigh de phróiseas caibidlíochta aontachais an Aontais Eorpaigh, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025

(C/2026/1113)

TÁ TIONÓL PARLAIMINTEACH EURONEST,

ag féachaint do Ghníomh Bunaíochta Thionól Parlaiminteach Euronest an 3 Bealtaine 2011 agus don Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 15 Nollaig 2021,

ag féachaint d’Airteagail 9(2)(b) agus 17(3) de Rialacha Nós Imeachta Thionól Parlaiminteach Euronest,

ag féachaint do rúin 68/262 ó na Náisiúin Aontaithe an 27 Márta 2014 maidir le hiomláine chríochach na hÚcráine, ES-11/1 an 2 Márta 2022, maidir le fogha i gcoinne na hÚcráine, ES-11/2 an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an fhogha i gcoinne na hÚcráine, ES-11/4 an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Iomláine Chríochach na hÚcráine: Prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a Chosaint’, ES-11/5 an 14 Samhain 2022 maidir le leigheas agus cúiteamh an fhogha i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn’, agus ES-11/7 an 24 Feabhra 2025, maidir le síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach a chur chun cinn san Úcráin,

ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2025 maidir le leanúint de thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, tar éis 3 bliana de chogadh foghach na Rúise (1), agus do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa roimhe seo maidir leis an Úcráin agus maidir leis an Rúis, go háirithe na rúin sin a glacadh ó tharla ionghabháil Leithinis na Crimé an 19 Feabhra 2014 agus maidir leis an ngéarú ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022,

ag féachaint do na ráitis ón gCoiste Parlaiminteach Comhlachais idir AE agus an Úcráin inar cáineadh fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thosaigh in 2014 agus ionradh míleata iomlán ar an Úcráin ón 24 Feabhra 2022,

A.

de bhrí go bhfuil an Úcráin ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ó mhí Feabhra 2014, i ndiaidh ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol, agus forghabháil shealadach codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk;

B.

de bhrí, ón 24 Feabhra 2022, go bhfuil Cónaidhm na Rúise ag leanúint dá cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, rud a léiríonn a faillí iomlán maidir leis an bpróiseas síochána agus a toilteanas ionsaithe a threisiú, lena n-áirítear ionsaithe sceimhlitheoireachta diúracán, ladrann agus buamaí i gcoinne limistéir chónaithe agus bonneagar criticiúil, arb é is aidhm dóibh fuinneamh, teas agus uisce a cheilt ar mhuintir na hÚcráine roimh an ngeimhreadh;

C.

de bhrí go ndeimhnítear leis na sáruithe a rinne an Rúis le déanaí ar aerspás stát Eorpach eile go dtéann a spriocanna foghacha deiridh i bhfad níos faide ná an Úcráin agus gur bagairt eiseach iad ar Eoraip shaor agus dhaonlathach;

D.

de bhrí go leantar gan staonadh d’ionsaithe na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear feachtais mhóra diúracán agus ladrann, spriocdhíriú d’aon ghnó ar bhonneagar sibhialtach agus sáruithe leanúnacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

E.

de bhrí gur dúnmharaíodh na mílte sibhialtach, lena n-áirítear leanaí, agus go ndearnadh go leor eile a chéasadh, a chiapadh, a ionsaí go gnéasach, a fhuadach nó a easáitiú go héigeantach, le coinneáil threallach leanúnach, fuadach, díbirt éigeantais agus aistrithe neamhdhleathacha;

F.

de bhrí go bhfuil beartais athbhreithnitheacha na Rúise agus neamhaird ar an dlí idirnáisiúnta, ar luachanna bunúsacha agus ar noirm dhomhanda ina mbagairt leanúnach ar shlándáil agus ar chobhsaíocht na hEorpa; de bhrí gur cuid dhílis de shlándáil agus de rathúnas an Aontais Eorpaigh iad slándáil agus rathúnas na hÚcráine atá saor agus daonlathach;

G.

de bhrí, an 14 Nollaig 2023, gur chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus gur iarr sí ar an gComhairle na creataí caibidlíochta faoi seach a ghlacadh a luaithe a ghlacfar na céimeanna ábhartha a leagtar amach i dtuarascálacha tíre an Choimisiúin Eorpaigh an 8 Samhain 2023 maidir leis an Úcráin (SWD(2023)699) agus leis an Moldóiv (SWD(2023)698);

H.

de bhrí go bhfuil próiseas scagtha déthaobhach na gcnuasach caibidlíochta leis an gCoimisiún Eorpach tugtha chun críche ag an Úcráin, d’ainneoin dhúshláin an chogaidh, rud atá ina gharsprioc mhór theicniúil ar a conair aontachais leis an Aontas;

I.

de bhrí go bhfuil a próiseas scagtha déthaobhach leis an gCoimisiún Eorpach tugtha chun críche ag an Moldóiv freisin, agus í ag bogadh go céim nua ar a conair aontachais; de bhrí, an 28 Meán Fómhair 2025, gur reáchtáil an Mholdóiv toghcháin pharlaiminteacha inar éirigh leis an bPáirtí Gníomhaíochta agus Dlúthpháirtíochta (PAS) atá ar son na hEorpa tromlach soiléir a bhaint amach, agus tiomantas na tíre dá conair Eorpach á athdhearbhú aici;

J.

de bhrí, d’ainneoin dul chun cinn teicniúil, go bhféadfadh bacainní polaitiúla, arb í an Ungáir mar Bhallstát an Aontais is cúis leo, moill a chur ar thosú chnuasach foirmiúil caibidlíochta na hÚcráine;

K.

de bhrí go bhfuil neartú an daonlathais, an smachta reachta, shaoirse na meán, institiúidí frithéillithe, athléimneacht i leith bagairtí hibrideacha, rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus comhordú réigiúnach fíor-riachtanach do lánpháirtiú inbhuanaithe Eorpach an dá thír;

L.

de bhrí gur cheart go leanfadh conairí lánpháirtiúcháin Eorpacha na hÚcráine agus na Moldóive de bheith comhordaithe go dlúth, lena dtreiseofaí cobhsaíocht, dlúthpháirtíocht, inchreidteacht agus athléimneacht laistigh de réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir;

1.

ag géarcháineadh ionradh míleata iomlán gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin a seoladh an 24 Feabhra 2022, arb ionann é agus leanúint de chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus géarú air ón 19 Feabhra 2014, de shárú tromchúiseach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta; ag géarcháineadh, thairis sin, beartas athbhreithnitheach comhsheasmhach Chónaidhm na Rúise atá dírithe ar theorainneacha a athmhúnlú, ar bagairt dhíreach é ar ollstruchtúr slándála na hEorpa ina iomláine;

2.

á iarraidh go n-athbhunófaí síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach don Úcráin ar bhonn urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus do cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear a huiscí críochacha;

3.

á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun an brú ar an Rúis a mhéadú i bhfoirm smachtbhannaí i gcoinne na tíre agus a comhghuaillithe araon, taraifí diana agus srianta eile ar thrádáil, chun na hacmhainní atá de dhíth ar mheaisín cogaidh na Rúise chun a fogha a choinneáil ar bun a shéanadh uirthi agus chun í a thabhairt chun cuntais as iarmhairtí a gníomhaíochtaí;

4.

ag athdhearbhú a gealltanais do dhodhealaitheacht shlándáil na hÚcráine agus na hEorpa, chomh maith lena hullmhacht chun gach gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun ár gcosaint chomhpháirteach a neartú, lena n-áirítear leanúint de thacaíocht mhíleata a chur ar fáil don Úcráin agus comhar a leathnú i réimse an táirgthe mhíleata;

5.

á chur i bhfios go láidir gur gá ráthaíochtaí slándála éifeachtacha atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur ar fáil don Úcráin, ar ráthaíochtaí iad atá riachtanach chun stop a chur le fogha na Rúise anois agus chun tuilleadh ionsaithe ar an Úcráin agus ar an Eoraip a chosc, agus sa chomhthéacs sin, á dhearbhú gur cuid thábhachtach den ollstruchtúr slándála is gá chun ár gcosaint chomhpháirteach a neartú é ballraíocht na hÚcráine san Aontas;

6.

ag spreagadh Bhallstáit an Aontais a gcúnamh idirnáisiúnta (cúnamh polaitiúil, airgeadais, taidhleoireachta agus míleata) don Úcráin a fheabhsú agus a leathnú agus a áirithiú go rachaidh tacaíocht mhíleata an Iarthair thar 0,25 % den olltáirgeacht intíre gach bliain;

7.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le creataí dlíthiúla a fhorbairt chun sócmhainní reoite na Rúise a thiontú ina n-acmhainní cistiúcháin le haghaidh atógáil agus chúiteamh na hÚcráine;

8.

á iarraidh go neartófaí sásraí idirnáisiúnta maidir le cuntasacht as coireanna a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine (go háirithe coir an fhogha, coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú a d’fhéadfadh a bheith ann), lena n-áirítear binse speisialta a chur ar bun chun coir an fhogha a rinne ceannairí na Rúise agus a gcomhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ar príomhthosaíocht é i gcónaí;

9.

ag géarcháineadh na n-ionsaithe córasacha ollmhóra diúracán agus ladrann atá dírithe ar bhonneagar sibhialtach amhail (ospidéil, scoileanna, foirgnimh chónaithe, músaeim, naíscoileanna, oifigí poist, ionaid siopadóireachta, agus stáisiúin iarnróid agus meitreo), atá ina gcúis le básanna, gortuithe agus scrios forleathan;

10.

ag cáineadh na ngníomhartha éagsúla a rinneadh i gcoinne shibhialtaigh agus leanaí na hÚcráine ar coireanna iad faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear aistriú neamhdhleathach, díbirt, ‘pasúchán’ éigeantach agus slógadh, i measc nithe eile; á éileamh go gcuirfí stop láithreach agus gan choinníoll le haistriú agus díbirt neamhdhleathach leanaí na hÚcráine chuig Cónaidhm na Rúise nó chuig an mBealarúis, nó laistigh de chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach; á éileamh go bhfillfidh siad go sábháilte, láithreach agus gan bhac ar an Úcráin nó ar thíortha sábháilte eile;

11.

á iarraidh go ndéanfaí smachtbhannaí pearsanta a fhorchur i gcoinne daoine aonair a thacaíonn le gníomhaíochtaí míleata agus tionsclaíocha na Rúise nó a bhaineann tairbhe astu, i gcoinne bolscairí atá ar son na Creimile, i gcoinne ealaíontóirí agus daoine sna meáin atá comhpháirteach sa bhréagaisnéis, agus i gcoinne daoine a bhfuil baint acu le heasáitiú éigeantais leanaí na hÚcráine nó le huchtú neamhdhleathach leanaí na hÚcráine;

12.

á chur in iúl gur geal léi na cinntí ón gComhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv, agus Saoráid na hÚcráine a bhunú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ballraíocht na hÚcráine san Aontas ríthábhachtach ní hamháin dá todhchaí ach do chobhsaíocht agus do shlándáil na hEorpa;

13.

á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin maidir le príomh-athchóirithe reachtacha a chur chun feidhme i gcomhréir le Pacáiste um Méadú an Choimisiúin Eorpaigh, agus cur i gcrích rathúil an scagtha ar a reachtaíocht i ngach cnuasach i mí Mheán Fómhair 2025; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an daonlathas, saoirse na meán, iolrachas polaitiúil agus maoirseacht pharlaiminteach a chaomhnú fiú le linn tréimhsí dlí airm agus ina dhiaidh sin;

14.

á chur in iúl gur geal léi tabhairt chun críche an phróisis scagtha ag an Moldóiv, a cumhdach bunreachtúil ar a huaillmhianta ballraíochta san Aontas, agus a hathdhearbhú toghchánach ar a tiomantas Eorpach;

15.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Bhallstáit an Aontais leanúint dá dtacaíocht don Úcráin agus don Mholdóiv ionas gur féidir leis an gcaibidlíocht aontachais dul chun cinn a dhéanamh gan mhoill; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta práinneacha chun tacú le haontachas na dtíortha is iarrthóirí;

16.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh cros leanúnach na hUngáire maidir le cnuasaigh chaibidlíochta a thosú bac a chur ar chomhsheasmhacht phróiseas an mhéadaithe atá bunaithe ar fhiúntas agus á áitiú nár cheart go mbeadh aon Bhallstát aonair san Aontas in ann bac a chur ar dhul chun cinn cuí-réasúnaithe na dtíortha is iarrthóirí ar feadh tréimhse éiginnte;

17.

á iarraidh ar Rialtas na hUngáire staonadh ó dhíospóidí déthaobhacha, ón bpolaitíocht intíre nó ó shaincheisteanna mionlaigh a úsáid mar leithscéal chun moill a chur ar dhul chun cinn an aontachais, chun stop a chur leis an mbac atá ar thosú na gcéad chnuasach caibidlíochta, agus chun ligean don Úcráin, in éineacht lena comharsana, an Mholdóiv, leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh le chéile ar a mbealach i dtreo ballraíocht san Aontas;

18.

á mheabhrú nár cheart an próiseas méadaithe a ionstraimiú chun díospóidí déthaobhacha a réiteach ná cur chuige bunaithe ar fhiúntas a chur ar athló, agus gur cheart na saincheisteanna sin a réiteach go neamhspleách ón gconair aontachais agus trí idirphlé dearfach agus fíorchomhar; á mheabhrú go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn ó thacaíocht phoiblí laistigh den tír is iarrthóir agus d’inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda mar gheall ar mhoilleanna iomarcacha ar an mbealach i dtreo ballraíocht iomlán san Aontais;

19.

á iarraidh ar an gComhairle Eorpach agus ar Bhallstáit an Aontais cinntí a dhéanamh go práinneach lena gcumasófaí tús a chur leis na cnuasaigh caibidlíochta ábhartha uile le haghaidh na hÚcráine agus na Moldóive chun dul chun cinn aontachais gan bhriseadh a áirithiú; ag spreagadh na hÚcráine agus na Moldóive araon leanúint dá n-athchóirithe i réimsí an smachta reachta, an fhrithéillithe, shaoirse na meán agus an riaracháin phoiblí, mar réamhchoinníollacha bunriachtanacha do lánpháirtiú inbhuanaithe na hEorpa;

20.

á thabhairt chun suntais go rannchuideoidh próiseas aontachais gan bhac na hÚcráine agus na Moldóive leis an Aontas leis an tslándáil sa réigiún agus san Eoraip ina hiomláine.


(1)   IO C, C/2025/3150, 20.6.2025, ELI http://data.europa.eu/eli/C/2025/3150/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1113/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)