European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1054

2.3.2026

Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 18 Nollaig 2025 – Crédit agricole agus páirtithe eile v BCE

(Cás C-548/24 P)  (1)

(Achomharc - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Sásra aonair maoirseachta - Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - Sainchúraimí maoirseachta arna gcur ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) - Airteagal 4 - Ceanglais stuamachta a shocrú - Airteagal 16 - Riosca a bhaineann le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe (EPI) a tugadh i bhfabhar scéimeanna ráthaíochta taisce agus cistí réitigh - Asbhaint iomlán na suimeanna a íocadh mar ráthaíocht le haghaidh EPI ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 - Cumhacht lánroghnach BCE - Athbhreithniú breithiúnach)

(C/2026/1054)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Crédit agricole SA agus páirtithe eile (liosta iomlán sa bhreithiúnas) (ionadaithe: C. Duriez, A. Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)

Páirtí eile san himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (ionadaithe: F. Bonnard, K. Lackhoff agus D. Segoin, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an t-achomharc.

2)

Ordaítear do Crédit Agricole SA agus na hachomharcóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas, a gcostais féin a íoc, mar aon leis na costais arna dtabhú ag an mBanc Ceannais Eorpach.


(1)  JO C, C/2024/5614.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1054/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)