European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1046

18.2.2026

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Feabhra 2026

lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe thar ceann Mhálta

(C/2026/1046)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (1), agus go háirithe Airteagail 23 agus 24 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 23 Meán Fómhair 2024 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don tréimhse ón 25 Meán Fómhair 2024 go dtí an 24 Meán Fómhair 2026.

(2)

Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh mar gheall ar Tania BROWN a bheith éirithe as oifig.

(3)

Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas Mhálta le haghaidh an tsuíocháin fholaimh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar Andrea CARDONA ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe in ionad Tania BROWN ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 24 Meán Fómhair 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 141, 27.5.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/492/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe (IO C, C/2024/5865, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5865/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1046/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)