|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1009 |
12.2.2026 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid
(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2026/1009)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú i bpáirt
|
Uimhir thagartha an Chinnidh (2) |
Dáta an chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2026)597 |
4 Feabhra 2026 |
trí-ocsaíd chróimiam (Uimh. CE 215-607-8; Uimh. CAS 1333-82-0) |
Egal S.r.l, Via Dell'Artigianato 19, 21040 Origgio, an Iodáil |
REACH/26/1/0 |
Plátáil chróim fheidhmiúil le haghaidh na céime réamhchóireála (eitseáil) sa phróiseas leictreaphlátála maidir le hearraí plaisteacha beaga le haghaidh na n-earnálacha fearas teaghlaigh, gloiní, cosmaidí agus faisin |
An 1 Iúil 2030 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid na substainte, is mó iad ná an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann leis an úsáid chéanna, agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1009/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)