European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/910

23.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Nollaig 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Mara soc. coop. arl v Ministero della Difesa, Gruppo Samir Global Service Srl

(Cás C-769/23  (1) , Mara)

(Tarchur chun réamhrialú - Dámhachtain conarthaí poiblí - Soláthar measctha lena mbaineann gnéithe cosanta - Seirbhísí a bhaineann go díreach le trealamh míleata - Treoir 2009/81/CE - Treoir 2014/24/AE - Treoir is infheidhme a chinneadh - Critéir dámhachtana conartha - An tríú domhír d’Airteagal 67(2) - Toirmeasc ar an bpraghas a úsáid mar an t-aon chritéar dámhachtana - Comhréireacht - Conarthaí poiblí seirbhísí dlúthshaothair)

(C/2026/910)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Mara soc. coop. arl

Cosantóirí: Ministero della Difesa, Gruppo Samir Global Service Srl

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 67(2) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar an údarás conarthach, i gcás conarthaí poiblí le haghaidh seirbhísí a bhfuil saintréithe caighdeánaithe acu ach arb ionann a luach iomlán agus leath na gcostas saothair ar a laghad, an praghas a úsáid mar an t-aon chritéar amháin chun na conarthaí sin a dhámhachtain. Ní bhaineann sé le hábhar i ndáil leis sin go bhforáiltear leis an nglao ar thairiscintí nach mór aon lascaine a thairgeann tairgeoir a dhéanamh ar luach saothair na seirbhísí sin amháin, gan bheith in ann luach saothair na n-oibrithe atá fostaithe ag an tairgeoir sin a laghdú.


(1)  IO C, C/2024/1538.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/910/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)