|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/784 |
16.2.2026 |
Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2025 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile
(Cás C-863/25)
(C/2026/784)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Delaude agus D. Recchia, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na hIodáile
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
1. |
a dhearbhú
|
|
2. |
a ordú do Phoblacht na hIodáile costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Leagadh síos le Decreto Legislativo 13 luglio 2017, n. 116 recante ‘Riforma organica della magistratura onoraria e altre disposizioni sui giudici di pace, nonché disciplina transitoria relativa ai magistrati onorari in servizio, a norma della legge 28 aprile 2016, n. 57’ (Foraithne Reachtach Uimh. 116 an 13 Iúil 2017 maidir le ‘Leasú orgánach na ngiúistísí oinigh agus forálacha eile i ndáil le giúistísí síochána, agus le córas idirthréimhseach a bhaineann leis na giúistísí oinigh atá i mbun seirbhíse faoi láthair, i gcomhréir le Dlí Uimh. 57 an 28 Aibreán 2016) (an ‘Foraithne Reachtach atá i gceist’), na rialacha nua atá beartaithe chun córas na ngiúistísí oinigh a ceapadh tar éis theacht i bhfeidhm na Foraithne sin, eadhon an 15 Lúnasa 2017.
Dar leis an gCoimisiúin, cuirtear cóir idirdhealaitheach ar na giúistísí sin i gcomparáid le hoibrithe buana agus lánaimseartha inchomparáide a mhéid a bhaineann le luach saothair agus sochair slándála sóisialta agus leasa shóisialaigh, de shárú ar Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe agus ar Chlásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha.
Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil aon fhoráil san Fhoraithne Reachtach atá i gceist lena mbunaítear pionóis i gcás mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe ag giúistísí oinigh a tháinig i seirbhís tar éis an 15 Lúnasa 2017, de shárú ar Chlásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe.
Ar deireadh, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil aon chóras ann chun fad ama oibre laethúil agus seachtainiúil na ngiúistísí oinigh sin a thomhas, contrártha do cheanglais Airteagail 3, 5 agus 6 de Threoir 2003/88.
(1) Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999 L 175, lch. 43).
(2) Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus ETUC i gcrích (IO 1998 L 14, lch. 9).
(3) Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/784/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)