European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/697

3.2.2026

Tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Ríochtaí Ceannasacha

an 2 Iúil 2025

maidir le dréachtchinneadh i gcás AT.40636 — SNBB

Rapóirtéir: AN CHIPIR

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2026/697)

(1)   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún gurb é atá san iompar a chumhdaítear leis an dréachtchinneadh comhaontú frithiomaíoch agus/nó cleachtas comhbheartaithe idir na gnóthais a sháraíonn Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

(2)   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] le measúnú an Choimisiúin sa dréachtchinneadh a mhéid a bhaineann le fad an tsáraithe.

(3)   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] le measúnú an Choimisiúin sa dréachtchinneadh a mhéid a bhaineann leis an táirge agus le raon feidhme geografach an tsáraithe.

(4)   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún go raibh an gnóthas lena mbaineann an dréachtchinneadh rannpháirteach i sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101 CFAE agus ar Airteagal 53 de Chomhaontú LEE, mar a leagtar amach sa dréachtchinneadh.

(5)   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún gurbh é cuspóir an chomhaontuithe agus/nó an chleachtais chomhbheartaithe iomaíocht a shrianadh de réir bhrí Airteagal 101 de CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

(6)   

Aontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún gur cheart ordú a thabhairt deireadh a chur leis an sárú, mar a leagtar amach sa dréachtchinneadh.

(7)   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún gur cheart fíneáil a ghearradh ar sheolaithe an dréachtchinnidh.

(8)   

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] leis an gCoimisiún i ndáil le méid deiridh na fíneála, ar bhonn Threoirlínte 2006 maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú a ghearrtar de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003.

(9)   

Molann an Coiste Comhairleach [14 Bhallstát] go bhfoilseofaí an Tuairim uaidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/697/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)