|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/682 |
28.1.2026 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí
(C/2026/682)
Tá tionscal ceallraí na hEorpa lárnach d’iarrachtaí an Aontais a spriocanna aeráide a bhaint amach agus borradh a chur faoina athléimneacht eacnamaíoch, faoina shlándáil fuinnimh agus faoina chumais chosanta. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar cheallraí san Eoraip sna blianta amach romhainn, arna spreagadh ag leictriú ar fud earnálacha éagsúla, lena n-áirítear feithiclí leictreacha agus i margaí i mbéal forbartha amhail eitlíocht leictreach agus iompar muirí leictreach. Tá ról ríthábhachtach ag ceallraí freisin i stóráil fuinnimh ar scála eangacha chun athléimneacht an chórais fuinnimh a fhorbairt agus i bhfeidhmeanna cosanta, agus a dtábhacht straitéiseach á cur i dtábhacht. In éineacht le dícharbónú leanúnach na hearnála cumhachta, laghdóidh sé sin an bille allmhairiúcháin fuinnimh agus ár spleáchas geopholaitiúil ar bhreoslaí iontaise allmhairithe.
Le 10 mbliana anuas, le gníomhaíocht an Aontais chun an slabhra luacha monaraíochta ceallraí a fhorbairt, tá infheistíocht mhór curtha ar fáil, arna spreagadh ag fás tapa san earnáil. Arna spreagadh ag Comhghuaillíocht Eorpach Ceallraí a seoladh in 2017 agus Tionscadail Thábhachtacha ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne thiomnaithe (1) (IPCEInna), tháinig méadú ar acmhainneacht mhonaraíochta ceall ceallraí ó 1 GWh in 2017 go dtí os cionn 200 GWh sa lá atá inniu ann, rud a d’fhág go raibh infheistíochtaí de thart ar EUR 33 bhilliún i monarchana ceallraí amháin faoi 2025 (2). Tá leathnú mór tagtha ar dheighleoga meánteachtacha freisin, agus tá méadú tagtha ar tháirgeacht comhpháirteanna criticiúla amhail ábhair ghníomhacha chatóide agus anóide, leictrilítí, deighilteoirí agus ceanglóirí.
Mar sin féin, tá athrú tagtha le blianta beaga anuas ar na coinníollacha a chothaigh an fás sin ar dtús. Tá cumas éiceachóras ceallraí an Aontais forbairt i gceart i mbaol mar gheall ar mheascán dúshlán struchtúrach agus seachtrach, agus tá an baol ann go gcuirfidh siad leis an spleáchas straitéiseach ar theicneolaíochtaí nach teicneolaíochtaí de chuid an Aontais iad. Tá rioscaí slándála eacnamaíche ag baint leis na coinníollacha sin freisin. Léirítear an meathlú a eascraíonn as sin i roinnt mhaith tionscadal atá á gcur ar ceal, á laghdú agus a bhfuil moill á gcur orthu.
Tá ró-acmhainneacht dhomhanda ar fud an tslabhra luacha ceallraí ar cheann de na dúshláin, rud a chuir tús le hiomaíocht dhian phraghasbhunaithe. In 2025, shroich monaraíocht dhomhanda ceallraí leibhéal os cionn 4 000 GWh agus an tráth céanna is faoi bhun 2 000 GWh a bhí an t-éileamh domhanda. Is dúshlán struchtúrach é sin do shlabhra luacha ceallraí na hEorpa, ós rud é go bhfuil gá le huas-scálú chun iomaíochas a bhaint amach. Ní féidir uas-scálú a bhaint amach ach amháin tar éis céim bhorrtha chostasach, ar lena linn a bhíonn na costais táirgeachta i bhfad níos airde ná na costais táirgeachta le haghaidh táirgeoirí aibí. Mar gheall ar an staid sin cruthaíodh bacainn ar an uas-scálú.
Ina theannta sin, ní i dtimpeallacht cothroime iomaíochta a tharlaíonn an iomaíocht dhomhanda, rud a bhaineann an bonn d’éiceachóras ceallraí na hEorpa. Faigheann go leor iomaitheoirí neamh-AE tacaíocht mhór trí bhíthin fóirdheontais stáit, rud a chuireann ar a gcumas dóibh costais a laghdú agus leathnú go dian díbhearcach ar bhonn intíre agus idirnáisiúnta araon. I gcodarsnacht leis na fóirdheontais eachtracha arb é is aidhm dóibh den chuid is mó tacú leis an monaraíocht, níor díríodh a dhóthain i straitéis na hEorpa ar bhearta éifeachtacha soláthair ceallraí sa mhargadh aonair agus, an tráth céanna, níor tugadh aghaidh go leordhóthanach ar shlabhra soláthair intíre iomaíoch a fhorbairt. Fágann sé sin go bhfuil monaróirí na hEorpa faoi mhíbhuntáiste. Faoi láthair, tairbhíonn go leor iomaitheoirí d’fhóirdheontais dhúbailte – lena dtacaítear sa bhaile ar thaobh na táirgeachta agus arís san Aontas ar thaobh an éilimh. Níl sé sin inghlactha a thuilleadh.
D’ainneoin iarrachtaí móra chun slabhra luacha ceallraí de thionscnamh AE a fhorbairt, tá an tAontas ina ghlanallmhaireoir ceallraí anois, agus an tionscal ceallraí comhchruinnithe go mór i margaí áirithe. In 2024, d’allmhairigh an tAontas ceallraí dar luach thart ar EUR 28 mbilliún, agus is ón tSín amháin a d’allmhairigh sé EUR 22 bhilliún de sin (3). Faoi láthair, tá táirgeacht ceallraí domhanda faoi cheannas na Síne, arb í 83 % den acmhainneacht dhomhanda in 2024 í, méid atá i bhfad níos mó ná a héileamh intíre (4). Tá a ghreim ar an slabhra soláthair ceallraí meánteachtach agus réamhtheachtach níos láidre fós. Tá ceannasacht shistéamach ag an tSín ar an slabhra luacha ceallraí ina iomláine, rud a chruthaíonn spleáchais chriticiúla agus scrogaill sa slabhra soláthair maidir le comhpháirteanna agus teicneolaíochtaí réamhtheachtacha criticiúla. Cuireann sé sin ar a chumas don tSín costais ionchuir a bhoilsciú, rud a d’fhéadfadh iomaíochas mhonaróirí an Aontais a lagú a thuilleadh, agus srianta ar onnmhairiú a shocrú, mar atá déanta aici maidir lena hardteicneolaíochtaí ceallraí. Is é an baol atá ann nach amháin go gcuireann spleáchas ar theicneolaíochtaí ceallraí eachtracha isteach ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais ach go bhfuil an tAontas chun deiridh freisin maidir le feidhmeanna criticiúla cosanta agus slándála fuinnimh.
Le straitéis thionsclaíoch cheannasach na Síne, déantar infheistíocht dhíreach choigríche a ghiaráil chun a ceannas margaidh a leathnú. Le blianta beaga anuas, tá tionscadail chriticiúla faighte ag gnólachtaí eachtracha agus tá oibríochtaí cóimeála amháin curtha ar bun acu. Mar thoradh air sin, tagann méadú ar spleáchais straitéiseacha ar sholáthróirí seachtracha, rud a fhágann go bhfuil an Eoraip níos leochailí i leith cúbláil praghsanna, suaitheadh soláthair agus suaitheadh geopholaitiúil. Ní féidir leis an Eoraip na botúin straitéiseacha a rinneadh maidir le spleáchais fuinnimh roimhe seo a dhéanamh arís. Tá ceallraí ar cheann de na príomhtheicneolaíochtaí a shainaithnítear i straitéis slándála eacnamaíche an Aontais. Níl coimirciú na ceannasachta teicneolaíche san earnáil sin atá mar bhunchloch an leictrithe roghnach; tá sé dianriachtanach.
Mar gheall ar na dúshláin sin, tá gá le gníomhaíocht phráinneach ar fud shlabhra luacha ceallraí iomlán an Aontais, agus í fréamhaithe i straitéis láidir thionsclaíoch lena mbaintear an úsáid is fearr as an slabhra luacha ar fud chríoch an Aontais agus lena bhforbraítear é. Agus an tionscal gluaisteán ag aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha, tá laghdú ar bhreisluach roimh an Aontas ar fud an tslabhra luacha. I bhfeithicil faoi thiomáint ag inneall dócháin inmheánaigh, tá cion an Aontais os cionn 80 %. I bhfeithiclí ceallra-leictreacha, tá 30-40 % den chostas i gceist le ceallra na feithicle, rud a laghdaíonn cion an Aontais i bhformhór na bhfeithiclí ceallra-leictreacha go dtí faoi bhun 50 % faoi láthair. I margadh atá ag fás a mheastar a shroichfidh EUR 250 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030 (comhionann le OTI na Gréige), seasaimid leis an gcuspóir a leagtar síos sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí breisluach Eorpach níos mó ná 50 % a bhaint amach feadh an tslabhra luacha faoi 2030.
Is é sin an fáth a bhfuil cás gnó nua á dhéanamh ag an gCoimisiún chun ceallraí a mhonarú san Eoraip, ó amhábhair a áirithiú go táirgeacht a mhéadú, ceannach agus cothrom iomaíochta a áirithiú. Ag cur le tionscnaimh a bhí ann roimhe seo amhail an Rialachán maidir le Ceallraí Inbhuanaithe, an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí agus an Plean um Ghníomhaíocht Straitéiseach maidir le Ceallraí, tá an tionscnamh maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí bunaithe ar shé cholún. Tá sé ceaptha an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) infheistíocht a chur ar fáil; (2) slabhra luacha athléimneach réamhtheachtach a fhorbairt; (3) infheistíochtaí coigríche a ailíniú le leasanna straitéiseacha na hEorpa; (4) éileamh ar cheallraí de dhéantús an Aontais a spreagadh; (5) dlús a chur le taighde, nuálaíocht agus scileanna le haghaidh slabhra luacha ceallraí; agus (6) gníomhaíocht a chomhordú chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach ar fud na hEorpa.
Fíor 1. Sé cholún an phacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí
Colún I: Tacú le borradh mhonaróirí an Aontais trí thacaíocht airgeadais
Tá géarghá le tacú le táirgeacht ceallraí san Aontas mar fhreagairt ar na dúshláin phráinneacha idirnáisiúnta agus ar na deacrachtaí atá roimh an tionscal maidir le táirgeacht a mhéadú. Teastaíonn infheistíochtaí substaintiúla capex i leith monaraíocht ceall ceallraí mar gheall ar an ngá atá le bonneagar tionsclaíoch mórscála, ardtrealamh, agus dianchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta. Ina theannta sin, is gnách go mbíonn costais arda agus ioncaim íseal sa chéim bhorrtha mar gheall ar dhramhrátaí arda, an t-am is gá chun tús a chur leis an táirgeacht agus aschuir ísle. Is éard atá i gceist leis an gcéim bhorrtha cuar foghlama géar chun máistreacht a fháil ar an bpróiseas monaraíochta agus é a bheachtú. Chun an phíblíne tionscadal reatha a áirithiú, tuilleadh infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus borradh a chur faoi shlándáil an tsoláthair sna tionscail gluaisteán agus stórála fuinnimh, tá an Coimisiún tiomanta do bhearta tacaíochta airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme.
I mí na Nollag 2024, chuir an Coimisiún Eorpach EUR 1 bhilliún i ndeontais ar aghaidh chun tacú le tionscadail monaraíochta ceall ceallraí feithiclí leictreacha tríd an gCiste don Nuálaíocht. Ina theannta sin, chuir sé breisiú EUR 200 milliún (i bhfoirm ráthaíochtaí le haghaidh iasachtaí) ar fáil don chlár InvestEU ón gCiste don Nuálaíocht, chun tacú le tionscadail nuálacha feadh shlabhra luacha monaraíochta ceallraí na hEorpa. Faoin topaic maidir le monaraíocht teicneolaíochta glaine sa ghlao leanúnach ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta ag a bhfuil buiséad EUR 1 bhilliún, tá tacaíocht ar fáil freisin don slabhra luacha ceallraí réamhtheachtach amhail ábhar gníomhach catóide (CAM) agus ábhar gníomhach anóide (AAM), chomh maith le hathchúrsáil ceallraí. Is comhpháirteanna fíor-riachtanach de cheallraí litiam-ian iad an dá ábhar sin. Thairis sin, tacaíonn an Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-Réigiúnach (I3) le tionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha aibí a mhéadú feadh slabhraí luacha straitéiseacha Eorpacha, amhail an tionscal ceallraí (5).
Ag tógáil ar na céimeanna tosaigh sin, tá an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí á bunú ag an gCoimisiún Eorpach chun EUR 1.5 billiún a shlógadh ón gCiste don Nuálaíocht i maoiniú chun tacú le táirgeoirí ceall ceallraí Eorpacha le linn na céime borrtha. Cuirfear tacaíocht ar fáil trí iasachtaí saor ó ús. Cuirfear iad sin ar fáil ina dtráthchodanna agus beidh siad bunaithe ar fheidhmíocht, nasctha le garspriocanna sonracha a bhaint amach bunaithe ar dhul chun cinn maidir leis an bplean gnó a chur chun feidhme go dtí go n-éireoidh leis na tionscadail táirgeachta mórscála agus leibhéil níos airde inmharthanachta tráchtála a bhaint amach. Áiritheofar comhlíonadh Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, chomh maith le comhlíonadh Threoir 2003/87/CE agus Rialachán Tarmligthe 2019/856, i gceapadh agus i gcur chun feidhme na Saoráide. Is é an sprioc uileghabhálach atá ann a chinntiú go mbeidh an tacaíocht phoiblí ina cúis le hinfheistíocht phríobháideach a spreagadh, le dlús a chur le cur in úsáid tionsclaíoch agus le seasamh na hEorpa ar an margadh ceallraí domhanda a neartú.
A mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht bhreise na mBallstát, d’aithin an Coimisiún cheana féin staid shonrach na monaróirí teicneolaíochta glaine amhail táirgeoirí ceallraí sa Chreat Státchabhrach maidir le Tionsclaíocht Ghlan, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiomaíocht dhomhanda éagórach, róchaiteachas gan choinne, nó éiginnteachtaí maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo. Shoiléirigh an Coimisiún a thuilleadh go bhféadfaidh na Ballstáit cistiú a sholáthar, lena n-áirítear i bhfoirm ionstraimí cothromais agus ionstraimí infheistíochta cuasachothromais, ar théarmaí margaidh, in éineacht le hoibreoirí príobháideacha, rud a d’fhéadfadh cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a shainaithnítear thuas maidir le hacmhainneacht ionsúcháin turrainge theoranta na soláthróirí atá bunaithe san Aontas mar gheall ar chláir chomhardaithe bheaga. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na féidearthachtaí sin atá ann cheana a d’fhéadfadh cuidiú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna géara an tionscail, agus an fhéidearthacht torthaí a chur ar fáil don cháiníocóir nuair a fhágfaidh na leibhéil táirgeachta gur féidir monaraíocht bhrabúsach a dhéanamh.
Sa mheántéarma, faoin gcéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an Aontais ó 2028, áirítear sa togra le haghaidh Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEI) tacaíocht do ‘gníomhaíochtaí chun borradh a chur faoin táirgeacht’, lena n-áirítear san earnáil teicneolaíochta glaine amhail an tionscal ceallraí. Idir an dá linn, cuirfear leis an tSaoráid maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí réiteach idirlinne ar fáil don tionscal, lena gcuirfear tacaíocht láithreach ar fáil go dtí go mbeidh creat CEI i bhfeidhm go hiomlán.
Aithnítear leis sin an géarghá atá le gníomhaíocht mhear chun cumais táirgeachta ceallraí an Aontais a uasghrádú chun buntáiste iomaíoch a bhaint amach agus a choinneáil ar bun sa mhargadh domhanda.
Fíor 2. Tacaíocht airgeadais
Maidir leis an ngeilleagar ciorclach a neartú, iarrtar ar na Ballstáit freisin leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí Státchabhrach atá ann cheana a chuirtear ar fáil leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na hAeráide, an Fhuinnimh agus an Chomhshaoil chun éifeachtúlacht acmhainne agus an t-aistriú i dtreo geilleagar ciorclach a spreagadh.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Colún II: Slabhra luacha athléimneach réamhtheachtach a fhorbairt le haghaidh rochtain ar amhábhair agus ar ionchuir
Tá tionscal ceallraí an Aontais ag dul i ngleic le dúshláin sa slabhra soláthair mar gheall ar theannas geopholaitiúil agus spleáchas ar roinnt soláthróirí neamh-AE, lena n-áirítear le haghaidh amhábhair chriticiúla. Leis an spleáchas sin, cruthaítear an baol go mbeidh suaitheadh soláthair agus costais níos airde ann, rud a chuireann bac ar iarrachtaí slabhra luacha slán a fhorbairt.
Tá bearta móra déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le forbairt tionscadal straitéiseach amhábhar a bhaineann le táirgeacht ceallraí. Níos luaithe i mbliana, d’ainmnigh sé 32 thionscadal san Aontas lena ndírítear ar amhábhair ceallraí amhail litiam, nicil agus graifít agus 10 dtionscadal lasmuigh den Aontas, agus iad uile mar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla. Beidh na tionscadail sin incháilithe do cheadú simplithe agus do chistiú comhordaithe. Sheol an Coimisiún an dara glao ar thionscadail straitéiseacha, ina n-iarrtar ar thionscnóirí tionscadail iarratas a dhéanamh faoin 15 Eanáir 2026.
Fíor 3. Tionscadail Straitéiseacha Amhábhar Criticiúil a bhaineann le Ceallraí
Chun dlús a chur le foinsiú éagsúlaithe amhábhar ceallraí, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta RESourceEU freisin, lena slógfar EUR 3 bhilliún de chistí an Aontais laistigh den 12 mhí amach romhainn chun tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do shlabhra luacha amhábhar criticiúil.
Leis an gcomhaontú a rinneadh le déanaí idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir le feabhas a chur ar chlár InvestEU, tá méadú EUR 2.9 billiún tagtha ar ráthaíocht an Aontais, arb é is aidhm dó beagnach EUR 55 bhilliún breise in infheistíocht phoiblí agus phríobháideacha a scaoileadh. Is féidir leis sin tacú, i measc nithe eile, le tionscadail maidir le hamhábhair chriticiúla, lena n-áirítear na céimeanna forbartha uile ó thacaíocht go gnólachtaí nuathionscanta, go céim an mhéadaithe agus cur in úsáid. Ar an iomlán, tá coinne ag an gCoimisiún le hinfheistíocht thart ar EUR 6 bhilliún a shlógadh faoi shaoráid InvestEU faoi 2027, agus EUR 2 bhilliún ar a laghad de sin in 2026-2027, in infheistíocht a bhaineann le hamhábhair chriticiúla. Cuirfidh sé borradh faoi phíblíne tionscadal trí Mhol Comhairleach InvestEU.
Shainaithin an Coimisiún tionscadail ábhartha chun spleáchais amhábhar an Aontais ar thír thionscnaimh aonair a laghdú faoi 30 % go 50 % faoi 2029 nó níos luaithe. Coinneoidh an Coimisiún súil ghéar ar an dul chun cinn maidir le riachtanais mhaoiniúcháin a thabhairt chun críche agus maidir le dlús a chur le hullmhacht don mhargadh, le Mol Maoiniúcháin Amhábhar Criticiúil agus leis an Lárionad Amhábhar Criticiúil, a bhunófar in 2026. Ina theannta sin, i mí an Mhárta 2026, seolfaidh an Coimisiún an chéad bhabhta den Sásra Amhábhar ar Ardán an Aontais um Fhuinneamh agus Amhábhair. Díreofar sa chéad bhabhta i mí an Mhárta 2026 ar shlabhraí luacha na tearcithreach, na n-amhábhar ceallraí agus na n-amhábhar cosanta atá ar fáil láithreach agus atá ar fáil go luath.
Tá sé chomh tábhachtach céanna na hacmhainní atá ar fáil san Eoraip a athchúrsáil chun slabhra luacha ceallraí an Aontais a neartú. Is é sin an fáth, ag cur leis an bhfógra a rinneadh le déanaí in RESourceEU agus le Gníomh Cur Chun Feidhme an Rialacháin maidir le Ceallraí Inbhuanaithe i dtaca le lipéadú, go ndéanfaidh an Coimisiún beart chun é a dhéanamh níos éasca amhábhair ceallraí a athshlánú agus a athchúrsáil. I gcás ceallraí, teastaíonn rochtain ar mhais dhubh chomh maith le hacmhainneacht scagtha leordhóthanach i leith athchúrsála freisin, rud atá fós ina dhúshlán do thionscal na hEorpa.
Mar a cinneadh i mí an Mhárta 2025, déanfar ceallraí litiam-ian dramhaíola agus mais dhubh a aicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach ó mhí na Nollag 2026 ar aghaidh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh toirmeasc ar onnmhairí chuig tíortha nach tíortha ECFE iad tar éis an dáta sin. Oibreoidh an Coimisiún chun an toirmeasc sin a chur chun feidhme go héifeachtach, gan aon teacht timpeall, agus más gá, cuirfidh sé bearta breise i láthair chun srian a chur ar onnmhairí maise duibhe a thuilleadh.
Tá géarghá freisin le litiam, cóbalt agus nicil a athshlánú ó mhais dhubh laistigh den Aontas. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le saoráidí athchúrsála chun ábhair a eastóscadh ó mhais dhubh ach níl iontu ach cuid bheag den éileamh Eorpach a bheidh ann amach anseo agus ní mór dóibh aibiú a thuilleadh. Chun na dúshláin sin a shárú, tá gá le hinfheistíochtaí substaintiúla i saoráidí athchúrsála ceallraí agus le tacaíocht airgeadais d’athchúrsáil ceallraí a mhéadú.
Mar gheall ar an gclár oibre uaillmhianach sin a fógraíodh in RESourceEU, leis an bpacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí, glacaimid céim eile chun slabhra luacha réamhtheachtach na hearnála ceallraí a fhorbairt. Úsáidfear suas le EUR 300 milliún chun tacú le tionscadail amhábhar criticiúil atá ríthábhachtach don slabhra luacha ceallraí, go háirithe litiam, cóbalt, nicil, mangainéis agus graifít. Leis an tacaíocht sin, tabharfar aghaidh ar bhearna mhór sa mhargadh ós rud é go mbíonn costais mhóra tosaigh ar thionscnóirí tionscadal amhábhar ceallraí chun an táirgeacht a mhéadú agus nach bhfuil ach clár comhardaithe beag acu chun giaráil a dhéanamh ina n-aghaidh. Glacfaidh an Coimisiún Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach freisin in R3/2026, lena gcuirfear dlús leis an aistriú ciorclach, lena neartófar inbhuanaitheacht, athléimneacht agus iomaíochas an Aontais tríd an margadh aonair a ghiaráil. Leis an nGníomh, cuirfear rialacha comhchuibhithe níos simplí agus costais níos ísle ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí ciorclacha trasteorann agus cruthófar margadh aonair le haghaidh dramhaíola agus amhábhair thánaisteacha.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Colún III: Infheistíochtaí breisluacha agus cothrom iomaíochta tionsclaíoch a áirithiú san Aontas
Tá monaróirí ceallraí na hEorpa ag dul i ngleic le dúshláin gheopholaitiúla agus le dianiomaíocht eachtrach ar mhargadh nach bhfuil fíorchothrom iomaíochta ann don trádáil agus don infheistíocht. Fágann an staid sin go bhfuil allmhairí ó iomaíocht éagórach in éiceachóras ceallraí an Aontais. Tá níos mó spéise ag gníomhaithe eachtracha in infheistíocht a dhéanamh san earnáil ceallraí, ach níl coinníollacha soiléire ag an Aontas faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh breisluach ag baint le hinfheistíochtaí. Gan coimircí láidre, tá an tAontas fós neamhchosanta ar úinéireacht eachtrach chomhchruinnithe, ar rialú teicneolaíoch seachtrach agus ar chomhtháthú teoranta i slabhraí soláthair na hEorpa.
Is é sin an fáth a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar shraith nua coinníollacha a mholadh chun a áirithiú go mbeidh tairbhí ag baint le hinfheistíocht dhíreach choigríche, lena n-áirítear iad siúd sa slabhra luacha ceallraí, le haghaidh iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa. Ba cheart do thionscadail i ndeighleoga margaidh straitéiseacha ó phróiseáil ábhair go monarú agus athchúrsáil ceall, cruthú luacha eacnamaíoch a thabhairt do gheilleagar an Aontais agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu roinnt coinníollacha a urramú lena gcumhdaítear rialachas, úinéireacht eachtrach uasta, aistriú teicneolaíochta, taighde agus forbairt, forbairt an lucht saothair, comhcheangal shlabhra an tsoláthair.
I gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí, ní mór don Aontas leanúint de chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt chun borradh a chur faoi athléimneacht ár slabhra soláthair. Mar thoradh ar an Meabhrán Tuisceana maidir le ceallraí idir comhlachais tionscail na hEorpa agus na Seapáine a síníodh i mí Mheán Fómhair 2025, beidh comhar níos láidre ann i bpríomhghnéithe lena n-áirítear athchúrsáil agus ciorclaíocht, comhroinnt sonraí agus scileanna. Leanfaimid de shlabhraí soláthair a fhorbairt, a dhí-rioscú agus a éagsúlú le tíortha comhpháirtíochta idirnáisiúnta chun acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a neartú.
An tráth céanna, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as a uirlisí chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa Mhargadh Aonair, lena n-áirítear trí imscrúdú a dhéanamh faoin Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha, i gcás inarb iomchuí, ar shaobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann sa slabhra luacha ceallraí mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha, agus iomaíocht chóir á cur chun cinn ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán gníomhach ar fhorbairtí a bhaineann le hIonstraimí Slándála Eacnamaíche agus Cosanta Trádála le haghaidh ceallraí. Tá an faireachas sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an mhargaidh a choinneáil ar bun agus chun coinníollacha córa trádála a áirithiú ar fud na n-earnálacha uile.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Colún IV: Tacú le ceannach ‘déanta san Aontas’, borradh a chur faoin athléimneacht agus faoin inbhuanaitheacht
Chun tacú le teacht chun cinn slabhra luacha ceallraí athléimnigh san Eoraip agus chun borradh a chur faoin éileamh, spreagfaidh an Coimisiún margaí tosaigh a chruthú le haghaidh ceallraí, comhpháirteanna agus ábhair de dhéantús an Aontais trí mhéid agus intuarthacht riachtanais ceallraí an Aontais a ghiaráil.
Faoin nGníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht, molfaidh an Coimisiún ceanglais an Aontais maidir le hábhar le haghaidh ceallraí agus a gcomhpháirteanna, i gcomhréir le gealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta an Aontais agus leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Ceapfar na ceanglais sin chun a áirithiú go gcuirfear cistí poiblí i dtreo mhonaraíocht agus fhostaíocht an Aontais chun cuidiú le monaróirí ceallraí an Aontais méadú agus cothromú a dhéanamh ar an gcuar géar foghlama tionsclaíche. Ceapfar iad freisin chun caipiteal príobháideach a scaoileadh agus a mhealladh isteach sna deighleoga margaidh is straitéisí den slabhra luacha ceallraí.
Cuideoidh ceanglais an Aontais maidir le hábhar lena áirithiú go mbainfear leas iomlán as na hacmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana le haghaidh príomh-chomhpháirteanna ceallraí, nuair a chuirfear tacaíocht ón Aontas nó ó na Ballstáit ar fáil, agus cuirfidh siad tacaíocht ar fáil ionas gur féidir tionscadail atá pleanáilte, fógartha agus ar feitheamh a chur chun feidhme go rathúil. Trí níos mó céimeanna den slabhra luacha ceallraí a dhaingniú san Eoraip. Ní hamháin go laghdóidh sé neamhchosaint thionscal ceallraí an Aontais ar rioscaí geopholaitiúla ach áiritheoidh sé freisin go n-úsáidfear cistiú poiblí chun athléimneacht thionsclaíoch agus iomaíochas fadtéarmach na hEorpa a chruthú. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag na ceanglais freisin ar eastóscadh agus próiseáil amhábhar criticiúil, i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach éileamh láidir intuartha a chruthú chun infheistíochtaí a dhí-rioscú.
Fiosróidh an Coimisiún freisin conas is féidir ról níos mó a bheith ag táirgeacht drón san Eoraip don tionscal cosanta maidir le dí-rioscú an phróisis lena gcuirtear borradh faoin slabhra luacha ceallraí.
Comhlánóidh sé sin na ceanglais is infheidhme cheana faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, lena dtugtar sainordú do na Ballstáit critéir athléimneachta a chur san áireamh sna scéimeanna fóirdheontais uile nua nó atá tugtha cothrom le dáta le haghaidh feithiclí leictreacha ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. D’eisigh an Coimisiún teachtaireacht inniu ina dtugtar treoraíocht maidir leis an gcaoi ar cheart na forálacha sin a chur chun feidhme sa chleachtas.
An tráth céanna, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an obair atá ar siúl chun an Rialachán maidir le Ceallraí Inbhuanaithe a chur chun feidhme chun margadh aonair na hEorpa do cheallraí a neartú. Le trédhearcacht níos fearr agus níos mó faisnéise a bheith ar fáil trí lipéadú, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an lorg carbóin, cuirfear feabhas freisin ar an inbhuanaitheacht ar fud an tslabhra luacha.
Ba cheart tionscnaimh agus teicneolaíochtaí a shaothrú chun freastal ar riachtanais éifeachtacha na spreagthaí, agus rómhéid neamhriachtanach á seachaint, agus chun iad a dheisiú agus a athchúrsáil ar bhealach níos éasca agus níos saoire, mar shampla trí chaighdeánú.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Colún V: Borradh a chur faoi thaighde, nuálaíocht agus scileanna le haghaidh shlabhra luacha ceallraí an Aontais
Is tionscal nuaghinte fós é an tionscal ceallraí ag a bhfuil acmhainneacht ollmhór maidir le nuálaíocht agus fás. Ní mór don Aontas a áirithiú go bhfásfaidh a éiceachóras ceallraí, go gcoinneoidh sé suas leis an dul chun cinn teicneolaíoch domhanda agus go bhfanfaidh sé ar thús cadhnaíochta i dteicneolaíocht ceallraí. Chun leanúint de bheith iomaíoch i dtáirgeacht ceallraí agus i bhforbairt teicneolaíochta araon, ní mór don Aontas níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtaighde agus forbairt (T&F) chun teicneolaíochtaí ceallraí nua a fhorbairt, feabhas a chur ar athchúrsáil ceallraí, agus bearnaí criticiúla sa slabhra luacha a dhúnadh.
Ní aistear nua é seo; tá a éiceachóras T&F ceallraí forbartha agus neartaithe ag an Aontas le blianta fada anuas, ach ní mór dúinn dlús a chur leis agus é a mhéadú. Sa tréimhse 2021-2027, tá sé d’aidhm ag an Aontas suas le EUR 925 mhilliún chun tacú le comhpháirtíocht Fís Eorpach Batt4EU. Tá an tionscnamh straitéiseach seo mar bhonn taca le forbairt teicneolaíochtaí idirdhealaitheacha in ábhair ceallraí, dearadh ceall, monaraíocht agus athchúrsáil ceallraí, agus sineirgí á ngiaráil idir iompar agus feidhmeanna ceallraí stórála leictreachais. Idir 2025 agus 2027, tacóidh an chomhpháirtíocht le tionscadail taighde agus nuálaíochta (T&N) ar fud an tslabhra luacha iomláin ar luach iomlán EUR 382 mhilliún. Leis an gComhpháirtíocht um Speisialtóireacht Chliste maidir le hArdábhar do Cheallraí le haghaidh Leictrea-Shoghluaisteachta agus Stóráil Fuinnimh Shuite, cuirtear ar a gcumas do réigiúin a dtosaíochtaí nuálaíochta a ailíniú agus oibriú i gcomhar ar thionscadail den sórt sin (6). Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2025, shínigh Batt4EU, in éineacht leis an dá chomhpháirtíocht eile atá ábhartha don earnáil mótarfheithiclí faoi Fhís Eorpach (2Zero agus CCSC), Meabhrán Tuisceana leis an gCoimisiún Eorpach chun tosaíochtaí straitéiseacha a ailíniú chun borradh a chur faoi iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus Clár Oibre Straitéiseach comhpháirteach um Thaighde agus Nuálaíocht a fhorbairt. An tráth céanna, fiosróidh an Coimisiún deiseanna breise chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a mhaoiniú le haghaidh teicneolaíochtaí ceall ceallraí feabhsaithe. Ina theannta sin, cisteoidh CNE gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a fhorbraíonn ardábhair le haghaidh stóráil fuinnimh trí ghlao sonrach ar thograí faoin gclár cistiúcháin Luasaire, a sheolfar in 2026.
Amach anseo, beidh ailíniú agus scoilteadh tionscnamh taighde poiblí agus príobháideach ina bpríomhthoisc ratha le haghaidh slabhra luacha ceallraí iomaíoch san Aontas. Faoin bPlean Straitéiseach Eorpach athchóirithe um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET), atá fréamhaithe anois sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, cuirfidh an Mheitheal Cur Chun Feidhme um Theicneolaíochtaí Ceallraí (faoi stiúir na mBallstát in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus le tacaíocht ón earnáil phríobháideach agus ón lucht acadúil) plean coiteann infheistíochta agus cur chun feidhme ar fáil in 2026.
Leagfar amach sa phlean na hacmhainní atá ar fáil agus leagfar amach gealltanais cur chun feidhme agus infheistíochta na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara chun tosaíochtaí agus cuspóirí comhpháirteacha T&N poiblí-príobháideacha Eorpacha a chomhlíonadh. Díreofar ann ar cheimic ceallraí ardfheidhmíochta den chéad ghlúin eile, lena n-áirítear na cinn sin atá ábhartha d’fheidhmeanna míleata, agus dul i ngleic le bearnaí i línte táirgthe luathcheannaigh méid ísil. Leis an bplean sin, réiteofar an bealach do chlársceidealú comhordaithe nua T&N a cheapfar, ag cur leis na tionscnaimh a chistítear faoi Cholún II den straitéis seo, chun borradh a chur faoin iomaíochas i dteicneolaíochtaí ceallraí chun feabhas a chur ar an bpróiseas monaraíochta agus athchúrsála ceallraí, chun innealra de dhéantús an Aontais a fhorbairt le haghaidh táirgeacht ceallraí, coincheapa nua ceallraí agus ábhair ar fud na bhfeidhmeanna uile. Tacóidh sé sin leis an obair faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais (Colún VI).
I bhfianaise na héabhlóide tapa teicneolaíche, chun a áirithiú freisin go bhfuil ag an tionscal ceallraí lucht saothair ag a bhfuil na scileanna cearta, is gá díriú ar fhorbairt scileanna, ar uas-sciliú agus ar ath-sciliú ina leith i gcónaí. Beidh ról lárnach ag an bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna, a bunaíodh faoi Aontas na Scileanna, maidir leis na riachtanais scileanna a shainaithint agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar an éileamh. Cuirfidh sé ionchur ar fáil do phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, agus ar an gcaoi sin cuirfear feabhas ar an aird a thugtar trí bheartas agus déanfar an cistiú is gá a ghiaráil. Chun an soláthar scileanna a choigeartú i leith an éilimh, beidh gá le hinfheistíocht ó fhoinsí poiblí (cistí an Aontais, tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas) agus ó fhoinsí príobháideacha araon, a bheidh ar fáil thar thréimhse chobhsaí, mar gheall ar fhorbairt mhéadaitheach na hearnála
Chun acmhainneacht monaraíochta ceallraí an Aontais a neartú, tá gá le lucht saothair mór oilte. Le tuilleadh gníomhaíochta, ba cheart cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-Nialasachta, lena n-áirítear Acadamh na Comhghuaillíochta Eorpaí Ceallraí. Trí na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-Nialasachta, tacaíonn an Coimisiún le hoideachas agus oiliúint maidir le huas-sciliú agus athsciliú i dtaca le ceallraí ar fud an Aontais. Chuige sin, is gá gníomhaithe Eorpacha a shlógadh, ón tionscal, ó údaráis na mBallstát (lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil), ó sholáthraithe oideachais agus oiliúna, agus ó chomhpháirtithe sóisialta.
Fiosróidh an Coimisiún freisin bealaí praiticiúla breise chun tacú le nuálaíocht monaraíochta ceallraí na hEorpa, agus na creataí agus na huirlisí atá ann cheana á gcur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, de réir mar is gá, treoraíocht a thabhairt maidir le raon feidhme le haghaidh comhar níos dlúithe idir gníomhaithe de chuid an tionscail ceallraí chun comhoibriú ar thionscadail nua T&N.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Colún VI: Gníomhaíocht a chomhordú chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach ar fud na hEorpa
Léiríonn an pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí straitéis thionsclaíoch uileghabhálach na hEorpa le haghaidh an tslabhra luacha ceallraí ina iomláine. Ní mór an tacaíocht a chomhordú agus a cur chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an éiceachórais – tá sé sin fíor-riachtanach chun go n-éireoidh leis. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit gníomhaíocht chomhpháirteach a dhéanamh, in éineacht le hinstitiúidí airgeadais agus oibreoirí margaidh, chun brú comhleanúnach agus éifeachtach a bhaint amach.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Uirlis nua um Chomhordú Iomaíochais a thabhairt isteach, a cheapfar chun gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach a chomhordú le gníomhaíocht arna déanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus chun comhleanúnachas a bhaint amach ar fud thosaíochtaí comhroinnte iomaíochais na mBallstát i bpríomhréimsí agus i bpríomhthionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (7). Maidir leis an earnáil ceallraí, is é an príomhchuspóir a bheidh ann gníomhaíocht trasteorann agus gníomhaíocht uile-Aontais a ailíniú chun tionchar eacnamaíoch níos mó a bhaint amach ar fud na hEorpa.
Fíor 4. Tionscadail an Aontais a bhaineann le ceallraí ar bhonn fógraí tionscail
Bunófar Uirlis phíolótach um Chomhordú Iomaíochais le haghaidh na hearnála ceallraí, chun tacú le cur chun feidhme rathúil na mbeart a fógraíodh faoin bpacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí. Is é is aidhm don treoirthionscadal an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
faisnéis a mhalartú maidir le scileanna, airgeadas, taighde agus nuálaíocht, go háirithe maidir le scéimeanna uas-scilithe, athscilithe agus oiliúna; |
|
— |
infheistíochtaí a ailíniú ar fud shlabhra luacha ceallraí na hEorpa, idir ionstraimí cistiúcháin an Aontais agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta, in éineacht le hinfheisteoirí príobháideacha; |
|
— |
gealltanais na mBallstát a ailíniú agus a neartú maidir le bearta ó thaobh an éilimh de a chur i bhfeidhm, mar shampla ceanglais ‘déanta san Eoraip’. |
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta
|
Conclúid – na chéad chéimeanna eile
Tá uair na cinniúna ann maidir le slabhra luacha Ceallraí na hEorpa. Ní tráth moille é. Is é is aidhm don Straitéis maidir le pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí dlús a chur le straitéis ceallraí an Aontais a bhaint amach trí dhul i ngleic leis na scrogaill uile sa slabhra luacha agus trí thacú leis an éiceachóras iomlán chun a fhorbairt thapa a chumasú.
Tugann an pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí deis láithreach úsáid a bhaint as cás gnó nua chun ceallraí a mhonarú san Aontas Eorpach agus ar fud a chríoch. Tá cur chun feidhme tapa ríthábhachtach chun na huirlisí a theastaíonn ó oibreoirí de chuid an Aontais a chur ar fáil dóibh chun méadú, athléimneacht a chothú, a bheith iomaíoch agus fanacht ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht.
Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh láithreach le bunú na Saoráide maidir le Treisiú leis an Tionscal Ceallraí chun dlús a chur le borradh rathúil mhonaróirí ceall ceallraí na hEorpa. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún glao gaolmhar ar thograí a sheoladh sa chéad ráithe de 2026 agus an chéad tráthchuid tacaíochta arb é is aidhm di cuideachtaí roghnaithe a shroicheadh in 2026.
An mhí seo chugainn, molfaidh an Coimisiún an Gníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht chun tacú le margaí tosaigh le haghaidh ceallraí de dhéantús na hEorpa agus a gcomhpháirteanna agus chun infheistíochtaí coigríche breisluacha san Aontas a áirithiú. Tá na bearta fíor-riachtanach do thionscal ceallraí an Aontais chun borradh a chur faoina iomaíochas in éiceachóras domhanda atá ag éirí níos tapa. Idir an dá linn, ó mhí Eanáir 2026, ní mór do na Ballstáit tosú ar chritéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta an Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta a chur i bhfeidhm i scéimeanna tacaíochta poiblí nua nó atá tugtha cothrom le dáta, agus molann an Coimisiún freisin do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as uirlisí scagtha infheistíochta coigríche.
(1) In 2019 agus 2021, d’fhormheas an Coimisiún dhá IPCEI san éiceachóras ceallraí lena mbaineann tacaíocht do 59 gcuideachta in 12 Bhallstát dar luach EUR 6.1 billiún i státchabhair arb é is aidhm di níos mó ná EUR 13.8 billiún d’infheistíocht phríobháideach bhreise a spreagadh. Le IPCEInna, tacaítear le gníomhaíochtaí uaillmhianacha taighde agus forbartha chun nuálaíochtaí a chur ar fáil ar fud an tslabhra luacha ceallraí, lena n-áirítear mianadóireacht agus próiseáil amhábhar, forbairt ardábhar ceimiceach, dearadh ceall ceallraí agus comhtháthú i bhfeidhmeanna amhail feithiclí leictreacha, agus athchúrsáil ceallraí caite.
(2) BloombergNEF.
(3) Bruegel Clean Tech Tracker.
(4) BloombergNEF.
(5) Tá tionscadal BATMASS ina shampla de, lena bhforbraítear slabhra luacha ceallraí ciorclach san Eoraip agus réitigh atá réidh don infheistíocht le haghaidh athchúrsála agus athúsáide.
(6) Ardábhair do Cheallraí le haghaidh Leictrea-shoghluaisteachta agus Stóráil Fuinnimh Shuite, https://ec.europa.eu/regional_policy/policy/communities-and-networks/s3-community-of-practice/partnership_industrial_mod_advanced_materials_en.
(7) An Coimisiún Eorpach (2025), Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’, COM (2025) 30 final, an Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/682/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)