|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/629 |
9.2.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond (an Ísiltír) a taisceadh an 22 Deireadh Fómhair 2025 – DP v Minister van Asiel en Migratie
(Cás C-675/25, Abrazov) (1)
(C/2026/629)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DP
Cosantóir: Minister van Asiel en Migratie
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil Airteagal 4 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt, Airteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 604/2013 (2) agus Airteagal 43(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1351, (3) le léiriú sa chaoi nach féidir náisiúnach tríú tír a aistriú faoi Rialachán Uimh. 604/2013 agus Rialachán (AE) 2024/1351 ach amháin má chuirtear as an áireamh go mbeadh fíorbhaol cruthaithe ann go mbeadh an náisiúnach tríú tír sin faoi réir íde mhídhaonna nó tháireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt mar thoradh ar éifeachtaí an chinnidh aistrithe agus, dá bhrí sin, go gcuirtear cosc le hAirteagal 4 den Chairt ar an údarás náisiúnta inniúil, lena n-áirítear an t-údarás breithiúnach, éifeachtaí an chinnidh aistrithe ar staid sláinte an náisiúnaigh tríú tír sin a chur san áireamh ach amháin chun críocha scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír in ann taisteal? |
|
2. |
An bhfuil Airteagail 1 agus 4 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt, Airteagal 27 de Rialachán 604/2013 agus Airteagal 43(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1351, le léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás breithiúnach a dhéanann athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cinnidh aistrithe a chinneadh, as a stuaim féin más gá, go bhfuil toirmeasc iomlán ar an aistriú faoi Rialachán Uimh. 604/2013 agus Rialachán (AE) 2024/1351 agus nach féidir é a chur ar fionraí más léir ó fhianaise oibiachtúil go mbeadh fíorbhaol cruthaithe ann go dtiocfadh meath suntasach do-aisiompaithe ar an tsláinte dá gcuirfí an t-aistriú ar fionraí nó nach mór a mheas go bhfuil sé ar neamhréir le dínit an duine? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31).
(3) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/629/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)