|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/626 |
9.2.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 1 Deireadh Fómhair 2025 – Bank BPH S.A. v AKS agus BS
(Cás C-641/25, Łęko) (1)
(C/2026/626)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bank BPH S.A.
Cosantóirí: AKS agus BS
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
I gcomhthéacs comhaontú creidmheasa arna thabhairt i gcrích ag trádálaí agus tomhaltóir a chur ar neamhní ina iomláine, toisc go raibh téarmaí éagóracha sa chomhaontú sin a chuirtear é ó fheidhm ina n-uireasa, an bhfuil Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (2) mar aon le prionsabail na héifeachtachta, an chomhionannais agus na comhréireachta, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar fhorálacha náisiúnta ar dá réir a bhfuil an trádálaí i dteideal ús reachtúil ar riaráistí a éileamh ar an tomhaltóir, sa bhreis ar aisíocaíocht mhéid comhionann an chaipitil arna eisíoc agus an comhaontú creidmheasa á chomhlíonadh? |
|
2) |
I gcás freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, an gcuirtear cosc trí fhorálacha agus prionsabail dhlí an Aontais dá dtagraítear i gCeist 1 ar fhorálacha náisiúnta ar dá réir a bhfuil an trádálaí i dteideal ús ar riaráistí a éileamh ar an tomhaltóir le haghaidh na tréimhse roimh dháta fógartha breithiúnais chríochnaithigh lena gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar neamhní chomh maith? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/626/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)