European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/611

9.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 11 Nollaig 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Locatrans Sàrl v ES

(Cás C-485/24,  (1) Locatrans)

(Tarchur chun réamhrialú - Coinbhinsiún na Róimhe ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha - Airteagal 6 - Conradh fostaíochta - Rogha na bpáirtithe - Forálacha sainordaitheacha an dlí a bheadh infheidhme in éagmais rogha - Cinneadh an dlí sin - Gnátháit oibre - Athrú ar ghnátháit oibre le linn an chaidrimh fostaíochta - Nasc níos dlúithe idir an conradh fostaíochta agus tír eile - Critéir mheasúnaithe - An ghnátháit oibre dheireanach a chur san áireamh)

(C/2026/611)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Locatrans Sàrl

Cosantóir: ES

An chuid oibríochtúil

Tá Airteagail 3 agus 6 den Choinbhinsiúin ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha arna oscailt lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus go háirithe an chuid dheireanach den abairt in Airteagal 6(2), le léiriú sa chaoi, i gcás ina shaothraíonn oibrí, tar éis dó a chuid oibre a chur i gcrích le linn tréimhse áirithe in áit ar leith, a ghníomhaíochtaí in áit éagsúil, atá beartaithe a bheith ina gnátháit oibre nua don oibrí sin, ní mór an áit dheireanach sin a chur san áireamh, i gcomhthéacs scrúdú ar na himthosca uile, d’fhonn an dlí a bheadh infheidhme in éagmais rogha na bpáirtithe a chinneadh.


(1)  IO C, C/2024/6241.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/611/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)