|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/539 |
22.1.2026 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Eanáir 2026
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na hÍsiltíre
(C/2026/539)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostaithe tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Wim VAN VEELEN a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostaithe CEC don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Aleid RINGELBERG ina comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Wim VAN VEELEN, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. KERAVNOS
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/539/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)