European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/484

2.2.2026

Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2025 – Alfa-Bank v an Chomhairle

(Cás T-803/25)

(C/2026/484)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Alfa-Bank JSC (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2025/1895 ón gComhairle a chur ar neamhní; (1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1894 ón gComhairle a chur ar neamhní; (2)

dá ngairtear le chéile na ‘gníomhartha a chonspóidtear’, a mhéid a áirítear an t-iarratasóir sna gníomhartha a chonspóidtear ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a chuirtear faoi réir na mbeart sriantach;

a ordú don Chomhairle costas na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta, sárú ag an gComhairle ar an oibleagáid maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil, bunú neamhdhleathach comhlachtaí d’fhonn obair ullmhúcháin neamhshainithe a dhéanamh, sárú ar an oibleagáid a áirithiú go gcuirfear sainchomhad an iarratasóra faoi bhráid na Comhairle go leordhóthanach, nó, mar mhalairt air sin, pléadáil neamhdhleathachta a thabhairt ar aghaidh maidir leis na rialacha lena rialaítear an nós imeachta um athbhreithniú tréimhsiúil.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 den Chairt.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid mheasúnaithe agus mainneachtain na Comhairle an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le critéar liostaithe (g) faoi Airteagal 277 CFAE, lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha agus ar phrionsabal na comhréireachta, sárú ar Airteagail 16, 17, 21, 36 agus 52 den Chairt, cur i bhfeidhm mícheart an chritéir liostaithe faoi Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (3), arna leasú le Cinneadh 2025/1895, agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairlec (4), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/1894.


(1)  Cinneadh (CBES) 2025/1895 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/1895).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1894 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L, 2025/1894).

(3)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO 2014 L 78, lch. 16).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO 2014 L 78, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/484/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)