European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/442

2.2.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2025 – ES v Energie-Control Austria für die Regulierung der Elektrizitäts- und Erdgaswirtschaft

(Cás C-605/25, Energie-Control Austria II)

(C/2026/442)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ES

Cosantóir: Energie-Control Austria für die Regulierung der Elektrizitäts- und Erdgaswirtschaft

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhfuil Airteagal 41(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 41(6) de Threoir 2009/73/CE (1), i gcomhar le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2024/1789 (2) (Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 715/2009 roimhe seo), le léiriú sa chaoi nach mór don reachtas náisiúnta, agus Airteagal 41(1) agus (6) de Threoir 2009/73/CE i gcomhar le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2024/1789 á dtrasuí aige, a chinneadh go soiléir, maidir leis na modheolaíochtaí atá le formheas nó le socrú chun na taraifí tarchuir a ríomh, cibé acu:

a.

nach bhféadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta modheolaíocht de réir bhrí Airteagal 41(1) agus (6) de Threoir 2009/73/CE i gcomhar le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2024/1789 a fhormheas ach amháin arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha (‘OCT’),

b.

nó an bhféadfaidh an t-údarás rialála modheolaíocht den sórt sin a shocrú go haontaobhach agus ex officio, gan beann ar cibé acu ar cuireadh iarratas isteach?

2.

Más é freagra cheist 1 nach mór don reachtas náisiúnta, agus Airteagal 41(1)(a) agus (6)(a) de Threoir 2009/73/CE á dtrasuí aige, ceann de hathraithigh (a) nó (b) thuas a roghnú: An gcaithfear mír 69(2) de Gaswirtschaftgesetz 2011 (an tAcht um an Tionscal Gáis 2011) a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha thuasluaite de dhlí an Aontais Eorpaigh má cheanglaítear leis an bhforáil sin go ndéanfaidh an t-údarás rialála ‘na modheolaíochtaí arna gcur isteach ag an OCT a fhormheas go tréimhsiúil, trí chinneadh, arna iarraidh sin don OCT nó ex officio’ ?

3.

Más é freagra cheist 1 nach gá don reachtas náisiúnta a chinneadh gan débhrí cén ceann den dá chóras a roghnóidh sé: An bhfuil foráil den dlí náisiúnta comhoiriúnach leis na forálacha thuasluaite de dhlí an Aontais Eorpaigh — i bhfianaise Airteagal 41(1)(a) agus (6)(a) de Threoir 2009/73/CE — a mhéid a cheadaítear léi don údarás rialála, in ainneoin iarratas ar fhormheas modheolaíochta arna chur isteach ag an OCT, modheolaíocht a imíonn ó iarraidh OCT a chinneadh go cinntitheach ex officio, i gcás ina mheasann an t-údarás rialála nach féidir an mhodheolaíocht, arna cur isteach ag an OCT agus arna leasú cheana féin arna iarraidh sin, a fhormheas?

4.

An bhfuil foráil den dlí nós imeachta náisiúnta (agus cásdlí na gcúirteanna is airde á chur san áireamh ina leith sin) ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh má cheanglaítear leis an bhforáil sin ar chúirt atá ag déanamh athbhreithniú, in imeachtaí achomhairc, ar chinneadh ón údarás rialála de réir bhrí Airteagal 41(1) agus (6) de Threoir 2009/73/CE, i gcás ina suitear na fíorais ábhartha agus i gcás nach suitear iad, rialú a thabhairt ar shubstaint iarbhír an cháis, rud a thugann le tuiscint nach mór don chúirt a lánrogha rialála a chur in ionad lánrogha rialála an údaráis rialála?


(1)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO 2009 L 211, lch. 94).

(2)  Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/442/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)