European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/432

2.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 27 Samhain 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – Bank Millennium S.A. v PR

(Cás C-746/24  (1) , Gryczara  (2) )

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) - Éifeachtaí cinnidh go bhfuil téarma éagórach - Neamhbhailíocht an chonartha - Caingean arna tabhairt ag díoltóir nó ag soláthróir chun an caipiteal iasachta a íocadh faoi chomhaontú a dearbhaíodh a bheith neamhbhailí a aisíoc - Rialacha maidir le costais a dhámhachtain - Modhanna éagsúla chun costais chúirte a ríomh de réir stádas an iarratasóra - Prionsabal na héifeachtachta - Oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais)

(C/2026/432)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bank Millennium S.A.

Cosantóir: PR

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do thomhaltóir, mar chosantóir nár éirigh leis i gcaingean arna tionscnamh ag díoltóir nó soláthróir chun an caipiteal iasachta a aisíoc tar éis conradh iasachta a neamhniú mar gheall ar a éagóraí atá na téarmaí atá ann, a ordú na costais a íoc, lena n-áirítear costais chúirte, ar costais iad, mar thoradh ar an idirdhealú a dhéantar leis an reachtaíocht sin agus méid na gcostas sin á ríomh ag brath ar cé acu an tomhaltóir é an t-iarratasóir, atá i bhfad níos mó ná na costais a bheadh ar an tomhaltóir sin a íoc dá mba rud é nár éirigh leis i gcaingean arna tionscnamh aige lena n-iarrtar dearbhú go bhfuil na téarmaí sin éagórach agus, i gcás inarb iomchuí, dearbhú go bhfuil na téarmaí sin agus an conradh iasachta sin neamhbhailí.


(1)  IO C, C/2025/530.

(2)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/432/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)