European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/291

26.1.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Deireadh Fómhair 2025 – AR v Huther Immobilien Mannheim GmbH

(Cás C-688/25, Huther Immobilien Mannheim)

(C/2026/291)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: AR

Cosantóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: Huther Immobilien Mannheim GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An dtosaíonn an tréimhse tarraingt siar 14 lá faoi Airteagal 9(1) de Threoir 2011/83/AE (1) mura bhfuil an fhoirm shamplach tarraingt siar curtha ar fáil ag an trádálaí don tomhaltóir?

2.

An leanann sé ó fhorálacha Threoir 2011/83/AE go bhfuil feidhm fós ag ceart tarraingt siar an tomhaltóra faoi Airteagal 9(1) den Treoir cé go bhfuil cianchonradh a tugadh i gcrích eatarthu comhlíonta go hiomlán ag an tomhaltóir agus ag an trádálaí araon? An bhfuil feidhm aige sin, in aon chás, i gcás inarb infheidhme, murar sholáthair an trádálaí an fhoirm shamplach tarraingt siar don tomhaltóir?


(1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/291/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)