European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/196

5.1.2026

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

lena leasaítear na Treoirlínte maidir le bearta áirithe státchabhrach i gcomhthéacs an chórais i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021

(C/2026/196)

1.   RÉAMHRÁ

(1)

An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún na Treoirlínte maidir le bearta áirithe státchabhrach i gcomhthéacs an chórais i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021 (1) (‘na Treoirlínte’), Treoirlínte is infheidhme ar feadh fhad an cheathrú tréimhse trádála de chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA), ó 2021 go 2030.

(2)

Tar éis na Teachtaireachta maidir leis an gCompás Iomaíochais (2), leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (3) an bealach chun cinn le haghaidh claochlú struchtúrach i dtreo an leictrithe agus níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas, rud a laghdóidh praghsanna fuinnimh ar bhealach marthanach ar deireadh, agus iomaíochas thionscail an Aontais á chosaint ag an am céanna.

(3)

Mar sin féin, bhí tionchar mór ag an ardú leanúnach ar phraghsanna leictreachais ó bhí 2020 ann ar earnálacha agus fo-earnálacha áirithe dianfhuinnimh. Faoi láthair, mar gheall ar éifeacht chomhcheangailte na bpraghsanna arda fuinnimh agus an mhéadaithe ar chostais astaíochtaí, tá méadú tagtha ar an riosca sceite carbóin sna hearnálacha agus fo-earnálacha dianfhuinnimh is neamhchosanta san Aontas, is é sin le rá an riosca go n-athlonnódh cuideachtaí a ngníomhaíochtaí táirgthe chuig dlínsí eile ina bhfuil srianta astaíochtaí níos laige nó nach bhfuil ann dóibh nó go gcuirfí allmhairí ar mó a lorg carbóin in ionad tháirgí an Aontais. Leis an méadú sin, tugtar údar le méadú cúig phointe céatadáin ar an uasdéine cabhrach i gcás na n-earnálacha a measadh cheana a bheith neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin mar gheall ar chostais astaíochtaí indíreacha ó bhí 2020 ann.

(4)

Leis an modheolaíocht chun an chabhair is iníoctha in aghaidh na suiteála faoi na Treoirlínte a ríomh, tugtar le tuiscint go dtiocfaidh méadú ar an gcabhair le haghaidh chostais na n-astaíochtaí indíreacha i gcomhréir le praghas lamháltais CTA AE. Mar sin féin, mar gheall ar an méadú leanúnach ar chostais astaíochtaí ó glacadh na Treoirlínte, tá méadú suntasach tagtha ar an riosca sceite carbóin i gcás earnálacha atá neamhchosanta ar iomaíocht idirnáisiúnta agus a bhfuil déine astaíochtaí indíreacha réasúnta ard acu ach nár measadh fíor-riosca a bheith ag baint leo bunaithe ar thoimhdí na gcostas astaíochtaí a bhí i réim in 2020.

(5)

I bhfianaise an mhéid sin agus i gcomhréir leis an modheolaíocht atá mar bhonn taca leis na Treoirlínte, leathnaítear liosta na n-earnálacha incháilithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte chun a chur san áireamh go bhfuil méadú iarbhír tagtha ar an riosca sceite carbóin i gcás earnálacha áirithe. I bhfianaise dhéine dhifreáilte na n-astaíochtaí indíreacha i leith na n-earnálacha atá incháilithe ó bhí 2020 ann, meastar go bhfuil déine cabhrach 75 % le haghaidh na n-earnálacha nua-incháilithe comhréireach.

(6)

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú na hearnálacha incháilithe nua a chúiteamh as costais astaíochta indíreacha agus féadfaidh siad é sin a dhéanamh cheana féin as costais astaíochtaí indíreacha a thabhófar ó 2025 ar aghaidh.

(7)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit fógra a thabhairt d’earnálacha nó d’fho-earnálacha nach n-áirítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar fhianaise láidir ionadaíoch lena léirítear go gcomhlíonann na hearnálacha nó na fo-earnálacha sin na critéir incháilitheachta ar leibhéal an Aontais, critéir dá dtagraítear i bpointe (18), chun go measfar iad a bheith incháilithe do chúiteamh ar chostais astaíochtaí indíreacha.

(8)

Is earnálacha iad monarú leasachán agus comhdhúl nítrigine (NACE 20.15) agus mianadóireacht mianta iarainn (NACE 07.10) ar féidir cúiteamh as costais astaíochtaí indíreacha a sholáthar ina leith faoi na Treoirlínte. I gcás táirgí áirithe sna hearnálacha sin, go háirithe leasacháin nítrigin-bhunaithe nó a n-earraí ionchuir, beidh oibleagáid ann freisin deimhnithe a thabhairt suas faoi shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le haghaidh astaíochtaí indíreacha (5). Tá na hearnálacha sin go hiomlán incháilithe do chostais astaíochtaí indíreacha arna dtabhú in 2025 faoi na Treoirlínte. Mar sin féin, i gcás allmhairí in 2026, ní mór deimhnithe SCCT a thabhairt suas den chéad uair in 2027. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar an staid shonrach in 2026 d’fhonn incháilitheacht leasachán agus mianadóireacht amhiarainn a choinneáil faoi na Treoirlínte agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar fhorluí idir an dá ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin trí choigeartú iomchuí a dhéanamh ar ríomh an uasmhéid cabhrach faoi na Treoirlínte le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann sa dá earnáil sin.

(9)

Déantar na fachtóirí astaíochta CO2 agus na limistéir gheografacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh 2026-2030 leis na sonraí is déanaí atá ar fáil. Dá réir sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil cúiteamh as costais arna dtabhú in 2025 le ríomh bunaithe ar na luachanna a shonraítear le haghaidh 2021-2025.

(10)

I gcás tairbhithe i roinnt Ballstát, tá an laghdú ar na fachtóirí astaíochta CO2 nuashonraithe i gcomparáid leo siúd a sonraíodh le haghaidh 2021-2025 thar a bheith suntasach. Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún go bhfuil údar le haistriú de réir a chéile a dhéanamh i gcás ina dtiocfaidh laghdú suntasach ar an bhfachtóir astaíochta CO2 a shocraítear in Iarscríbhinn III leasaithe tar éis an leasaithe sin.

(11)

Ba cheart don Choimisiún na leasuithe a luaitear i bpointí (9) agus (10) a chur i bhfeidhm maidir le costais arna dtabhú ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(12)

In 2026, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Iarscríbhinn II a leasú chun na tagarmharcanna éifeachtúlachta ídithe leictreachais a shonrú le haghaidh na n-earnálacha incháilithe nua. Ní léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil aon athrú bunúsach ar na próisis táirgthe, agus cuirtear fachtóir céimlaghdaitheachta i bhfeidhm ar na tagarmharcanna éifeachtúlachta ídithe leictreachais atá ann cheana. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, i bprionsabal, nach gá na tagarmharcanna éifeachtúlachta ídithe leictreachais atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta.

(13)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún (6), coigeartaíodh an cur chuige maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce bunaithe ar thagarmharcanna táirgí le hinmhalartaitheacht breosla agus leictreachais, i gcomhréir le hAirteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE (7). Dá bhrí sin, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ba cheart na Treoirlínte a choigeartú le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann chun a áirithiú nach bhfaighidh táirgeoirí cúiteamh dúbailte as na hastaíochtaí céanna trí leithdháileadh saor in aisce agus trí chúiteamh ar chostais astaíochtaí indíreacha araon. I bprionsabal, ba cheart é sin a áirithiú trí luach na lamháltas a fhaightear saor in aisce agus is féidir a leithdháileadh ar astaíochtaí indíreacha a asbhaint ó mhéid an chúitimh ar chostais astaíochtaí indíreacha faoi na Treoirlínte. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil glacadh luachanna nuashonraithe le haghaidh na dtagarmharcanna táirgí don tréimhse 2026-2030 agus cinneadh mheánfhachtóir astaíochtaí CO2 an Aontais don tréimhse sin fós ar feitheamh, tabharfar na leasuithe isteach níos déanaí, in 2026.

(14)

A mhéid a bhaineann leis na ceanglais i Roinn 5 de na Treoirlínte maidir le hiniúchtaí fuinnimh agus córais bhainistíochta, meabhraíonn an Coimisiún go leagtar amach íoscheanglais i bpointe 55 de na Treoirlínte. I bhfianaise na dtairbhí meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhfuil coinne leo ó infheistíochtaí den sórt sin maidir leis an dícharbónú, an t-aistriú glan a chur chun cinn agus tacú le hiomaíochas an Aontais, moltar do na Ballstáit dul níos faide ná na ceanglais sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglas a chur ar thairbhithe infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní nua nó nuachóirithe a rannchuidíonn le costais an chórais leictreachais a laghdú, mar mhalairt ar na roghanna atá ann cheana.

(15)

Mar chuid dá athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE agus ar Rialachán (AE) 2023/956, oibreoidh an Coimisiún chun bearta leordhóthanacha a áirithiú (treoirlínte nó foirm eile) le haghaidh cúiteamh costais CTA indíreach le haghaidh na tréimhse tar éis 2030.

2.   LEASUITHE AR NA TREOIRLÍNTE

(16)

Leasaítear na Treoirlínte mar a leanas:

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15)(10):

‘Ciallaíonn “fachtóir astaíochta CO2 ”, in tCO2/MWh, meán ualaithe dhéine CO2 an leictreachais a tháirgtear ó bhreoslaí iontaise i limistéir gheografacha éagsúla. Léiríonn an meáchan meascán táirgthe na mbreoslaí iontaise sa limistéar geografach ar leith. Is éard atá san fhachtóir astaíochta CO2 an toradh a fhaightear trí shonraí astaíochta coibhéiseacha CO2 na hearnála fuinnimh a roinnt ar ollmhéid na giniúna leictreachais ó bhreoslaí iontaise in TWh. Chun críocha na dTreoirlínte seo (*1), sainmhínítear na limistéir mar chriosanna geografacha (a) ina bhfuil fomhargaí cúpláilte trí mhalartuithe cumhachta; nó (b) nach bhfuil aon phlódú dearbhaithe ann laistigh díobh agus, sa dá chás, maidir le praghsanna malartaithe cumhachta lá roimh ré in aghaidh na huaire laistigh de na criosanna léirítear éagsúlacht praghsanna in euro (trí úsáid a bhaint as rátaí malairte laethúla BCE) de 1 % ar a mhéad i gcás líon suntasach de na huaireanta iomlána in aon bhliain amháin. Léiríonn difreáil réigiúnach den sórt sin tábhacht na ngléasraí breosla iontaise don phraghas deiridh a shocraítear ar an margadh mórdhíola, mar aon lena ról mar ghléasraí imeallacha san ord fiúntais. Cé go ndéantar leictreachas a thrádáil idir dhá Bhallstát, ní chiallaíonn sé sin go huathoibríoch gur réigiún fornáisiúnta iad. I bhfianaise na heaspa sonraí ábhartha ar an leibhéal fonáisiúnta, cuimsíonn na limistéir gheografacha críoch iomlán Ballstáit amháin nó níos mó. Ar an mbonn sin, is féidir na limistéir gheografacha seo a leanas a shainaithint: an Spáinn agus an Phortaingéil; an Liotuáin, an Laitvia agus an Eastóin; an Ghearmáin agus Lucsamburg; an Bhulgáir agus an Rómáin; agus gach Ballstát eile ar leithligh. Liostaítear in Iarscríbhinn III na huasfhachtóirí réigiúnacha comhfhreagracha CO2, a bhfuil feidhm acu mar uasluachanna i gcás nach bhfuil measúnú ar an bhfachtóir CO2 margadhbhunaithe leagtha síos ag an mBallstát a thugann fógra de bhun phointe (11). Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún an fachtóir astaíochta CO2 a ríomh bunaithe ar shonraí atá ar fáil in 2026 agus féadfaidh sé fógra a thabhairt faoin bhfachtóir astaíochta CO2 a eascraíonn as sin mar leasú ar a scéim. Is féidir feidhm a bheith ag an bhfachtóir astaíochta CO2 nuashonraithe sin maidir le costais arna dtabhú ó 2026 ar aghaidh. Níl aon éifeacht ag an bhfachtóir astaíochta CO2 nuashonraithe sin ar fhachtóir astaíochta CO2 Ballstát eile mar a liostaítear in Iarscríbhinn III. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le foinsí leictreachais agus chun mí-úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, tá feidhm ag an bhfachtóir astaíochta CO2 céanna maidir le gach foinse soláthair leictreachais (uathghiniúint, conarthaí soláthair leictreachais nó soláthar eangaí) agus maidir le gach tairbhí cabhrach sa Bhallstát lena mbaineann. Má tá an fachtóir astaíochta CO2 réigiúnach uasta a liostaítear in Iarscríbhinn III 15 % níos ísle ar a laghad ná an fachtóir astaíochta CO2 réigiúnach uasta a liostaíodh roimhe sin san Iarscríbhinn sin nó an fachtóir margadhbhunaithe formheasta roimh an 1 Eanáir 2026, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra a thabhairt faoi idirthréimhse chun aistriú ón bhfachtóir astaíochta CO2 réigiúnach uasta a bhí infheidhme roimhe sin go dtí an fachtóir astaíochta CO2 réigiúnach uasta nuashonraithe faoi na Treoirlínte seo do bhliain t, ag tosú in 2026, i gcéimeanna bliantúla comhionanna laghdaithe. Beidh feidhm ag an bhfachtóir astaíochta CO2 réigiúnach uasta nuashonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn III maidir le bliain t = 2030 ar a dhéanaí;

(*1)  Ní cháilíonn na Treoirlínte seo mar ionstraimí reachtacha agus dá bhrí sin ní gá do Chomhchoiste LEE iad a ionchorprú i gComhaontú LEE. Tá Údarás Faireacháin CSTE freagrach as na rialacha ábhartha is infheidhme maidir le Stáit CSTE a shocrú, lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na fachtóirí CO2 a shocrú.’ "

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

‘Chun teorainn a chur leis an riosca go saobhfar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach, ní mór an chabhair a bheith teoranta d’earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha arna dtabhú go hiarbhír mar thoradh ar chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith á gcur ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais. Chun críoch na dTreoirlínte seo, meastar go bhfuil fíor-riosca sceite carbóin ann má tá an tairbhí gníomhach in earnáil a liostaítear in Iarscríbhinn I. Earnáil nó fo-earnáil nach liostaítear in Iarscríbhinn I ach a chomhlíonann na critéir chun go n-áireofar í san Iarscríbhinn sin (*2), féadfar a mheas go bhfuil sí incháilithe freisin ar choinníoll go léiríonn na Ballstáit é sin le sonraí atá ionadaíoch don earnáil nó don fho-earnáil ar leibhéal an Aontais, arna bhfíorú ag saineolaí neamhspleách agus bunaithe ar thréimhse na 3 bliana is déanaí ar a laghad a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Má tá sé ar intinn ag na Ballstáit a scéimeanna féin a leathnú chun aon earnáil nó fo-earnáil nua a chur san áireamh, ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon leasú den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit gealltanas a thabhairt ina scéimeanna go n-áireofar amach anseo gach earnáil nó fo-earnáil bhreise a bhfuil a n-incháilitheacht léirithe ag Ballstát eile agus formheasta ag an gCoimisiún, agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon chuimsiú den sórt sin.

(*2)  Is iad na critéir sin déine trádála os cionn 20 % agus déine astaíochtaí indíreacha os cionn 0.32 kg CO2/EUR, as a dtagann táscaire sceite carbóin indírigh os cionn 0.064. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an modheolaíocht i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2020) 190 final.’ "

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27):

‘Tá an chabhair comhréireach agus tá éifeacht dhiúltach sách teoranta aici ar an iomaíocht agus ar an trádáil mura sáraíonn sí 80 % de na costais astaíochtaí indíreacha arna dtabhú le haghaidh na n-earnálacha a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus 75 % le haghaidh na n-earnálacha a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I nó le haghaidh aon earnáil eile a mheastar a bheith incháilithe de bhun an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (21). Áirithítear leis an tagarmharc éifeachtúlachta ídithe leictreachais go leanfaidh an tacaíocht do phróisis táirgthe neamhéifeachtúla de bheith teoranta agus go gcoinneofar an dreasacht chun na teicneolaíochtaí is tíosaí ar fhuinneamh a scaipeadh.’

(20)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):

‘Ós rud é, i gcás roinnt earnálacha, go bhféadfadh sé nach leor an déine cabhrach 80 % le haghaidh na n-earnálacha a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus 75 % le haghaidh na n-earnálacha a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I nó le haghaidh aon earnáil eile a mheastar a bheith incháilithe de bhun an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (21) chun a áirithiú go bhfuil cosaint leordhóthanach ann ar an riosca sceite carbóin, féadfaidh na Ballstáit méid na gcostas indíreach atá le híoc ar leibhéal an ghnóthais a theorannú go 1,5 % d’oll-bhreisluach an ghnóthais lena mbaineann i mbliain t i gcás inar gá. Ní mór oll-bhreisluach an ghnóthais a ríomh mar láimhdeachas, móide táirgeadh caipitlithe, móide ioncam oibriúcháin eile, móide nó lúide athruithe ar stoic, lúide ceannacháin earraí agus seirbhísí (nach n-áireofar costais phearsanra leo), lúide cánacha eile ar tháirgí atá nasctha le láimhdeachas ach nach bhfuil in-asbhainte, lúide dleachtanna agus cánacha atá nasctha le táirgeadh. De rogha air sin, is féidir é a ríomh ó ollbharrachas oibriúcháin trí chostais phearsanra a chur leis. Ioncam agus caiteachas a aicmítear mar ioncam agus caiteachas airgeadais nó urghnách i gcuntais chuideachta, eisiatar iad ón mbreisluach. Déantar an breisluach ar chostais fachtóra a ríomh ar an leibhéal comhláin ós rud é nach ndealaítear coigeartuithe luacha (amhail dímheas) (*3).

(*3)  Cód 12 15 0 laistigh den chreat dlíthiúil a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 97, 9.4.2008, lch. 13).’ "

(21)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (55)(a):

‘(a)

na moltaí atá sa tuarascáil iniúchóireachta a chur chun feidhme, ar choinníoll nach faide ná 3 bliana tréimhse aisíoca na n-infheistíochtaí lena mbaineann nó an tréimhse aisíoca dá dtagraítear in Airteagal 10a(1), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, cibé acu is faide, agus go bhfuil costais a n-infheistíochtaí comhréireach; nó, de rogha air sin’

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 55(c):

‘(c)

sciar suntasach de 50 % ar a laghad de mhéid na cabhrach a infheistiú i dtionscadail as a dtiocfaidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na suiteála, i bhfad faoi bhun an tagarmhairc is infheidhme a úsáidtear le haghaidh leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais; nó, de rogha air sin’

(23)

I bpointe (55), cuirtear fophointe (d) nua isteach i ndiaidh fhophointe (c):

‘(d)

50 % ar a laghad de mhéid na cabhrach a infheistiú i sócmhainní nua nó nuachóirithe ar féidir a léiriú ar bhealach intomhaiste go rannchuidíonn siad le costais an chórais leictreachais a laghdú, lena léirítear riachtanais an mhargaidh agus an chórais sa Bhallstát sin, gan méadú ar ídiú breosla iontaise a bheith mar thoradh air. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí infheistíochta incháilithe, mar shampla, acmhainneachtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, réitigh stórála fuinnimh, bearta chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a mhéadú, feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a mbíonn tionchar acu ar an éileamh ar leictreachas, agus leictrealóirí a fhorbairt chun hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin a tháirgeadh. Infheistíochtaí atá dírithe ar an leictriú, tá siad incháilithe freisin. Féadfaidh na Ballstáit liosta níos teoranta d’infheistíochtaí incháilithe a bhunú, ach ní mór infheistíochtaí chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a mhéadú a bheith incháilithe.’

(24)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (67):

‘Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030, cuirfear fachtóirí astaíochtaí CO2 agus limistéir gheografacha nuashonraithe i bhfeidhm. In 2026, comhlánóidh an Coimisiún na Treoirlínte seo le tagarmharcanna éifeachtúlachta ídithe leictreachais lena gcumhdófar na hearnálacha a chuirtear le liosta leasaithe na n-earnálacha incháilithe in Iarscríbhinn I agus an coigeartú chun aghaidh a thabhairt ar fhorluí i gcás monarú leasachán agus comhdhúl nítrigine agus mianadóireacht amhiarainn idir cabhair faoi na Treoirlínte seo agus an oibleagáid deimhnithe a thabhairt suas faoi Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) le haghaidh astaíochtaí indíreacha (*5). Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a scéimeanna faoi seach a leasú, i gcás inar gá, chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na Treoirlínte seo arna leasú.

(*4)  Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj)."

(*5)  Is amhlaidh atá i gcás ina liostaítear táirgí den sórt sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ach nach liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán céanna sin.’ "

(25)

Cuirtear isteach pointe nua (69):

‘Molann an Coimisiún na bearta iomchuí seo a leanas do na Ballstáit faoi Airteagal 108(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

(a)

Leasaíonn na Ballstáit, i gcás inar gá, scéimeanna cabhrach atá ann cheana chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na Treoirlínte seo arna leasú tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2026;

(b)

Tugann na Ballstáit a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite maidir leis na bearta iomchuí a mholtar i bpointe (a) thuas laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an leasaithe ar na Treoirlínte seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’uireasa aon fhreagra, glacfaidh an Coimisiún leis nach gcomhaontaíonn an Ballstát atá i gceist leis na bearta a mholtar.’

(26)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘“IARSCRÍBHINN I

Earnálacha a mheastar a bheith neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais astaíochtaí indíreacha

Tábla 1

 

Cód NACE (*6)

Tuairisc

1.

14.11

Monarú éadaí leathair

2.

24.42

Táirgeadh alúmanaim

3.

20.13

Monarú ceimiceán bunúsach eile neamhorgánach

4.

24.43

Táirgeadh luaidhe, since agus stáin

5.

17.11

Monarú laín

6.

17.12

Monarú páipéir agus páipéarchláir

7.

24.10

Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal

8.

19.20

Monarú táirgí peitriliam scagtha

9.

24.44

Táirgeadh copair

10.

24.45

Táirgeadh miotail neamhfheiriúil eile

11.

 

Na fo-earnálacha seo a leanas in earnáil na bplaisteach (20.16):

 

20.16.40.15

Gliocóil phoileitiléine agus alcóil phoiléitir eile, i bhfoirmeacha príomhúla

12.

 

Gach catagóir táirge in earnáil theilgean an iarainn (24.51)

13.

 

Na fo-earnálacha seo a leanas in earnáil an tsnáithín gloine (23.14):

 

23.14.12.10

23.14.12.30

Mataí snáithín gloine

Voileanna snáithín gloine

14.

 

Na fo-earnálacha seo a leanas in earnáil na ngás tionsclaíoch (20.11):

 

20.11.11.50

20.11.12.90

Hidrigin

Comhdhúile ocsaigine neamhorgánacha de neamh-mhiotail


Tábla 2

 

Cód NACE (*7)

Tuairisc

1.

07.29

Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla

2.

07.10

Mianadóireacht mianta iarainn

3.

20.17

Monarú rubair shintéisigh i bhfoirmeacha príomhúla

4.

20.60

Monarú snáithíní de dhéantús an duine

5.

20.16

Monarú plaisteach i bhfoirmeacha príomhúla (**)

6.

13.10

Ullmhú agus sníomh snáithíní teicstíle

7.

23.31

Monarú tíleanna ceirmeacha agus leac ceirmeach

8.

20,12

Monarú ruaimeanna agus líocha

9.

13.95

Monarú ábhar neamhfhite agus earraí déanta as ábhair neamhfhite, seachas éadaí

10.

23.14

Monarú snáithíní gloine (*8)

11.

27.20

Monarú cadhnraí agus taisc-cheallraí

12.

20.14

Monarú ceimiceán bunúsach eile orgánach

13.

20.15

Monarú leasúchán agus comhdhúl nítrigine

14.

10.41

Monarú olaí agus saillte

15.

11.06

Monarú braiche

16.

16.21

Monarú leathán veiníre agus painéal atá bunaithe ar adhmad

17.

23.11

Monarú gloine comhréidh

18.

23.13

Monarú tollghloine

19.

24.31

Fuartharraingt barraí

20.

24.34

Fuartharraingt sreinge

21.

 

An fho-earnáil seo a leanas laistigh den earnáil táirgí ceimiceacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (20.59):

 

20.59.56.70

Ailcilbheinséiní measctha, ailcilnaftailéiní measctha, seachas CC 2707 nó 2902

22.

 

An fho-earnáil seo a leanas laistigh den earnáil táirgí mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (23.99):

 

23.99.19.10

Olann slaige, olann charraige agus olanna comhchosúla (gan olann ghloine a áireamh) agus meascáin díobh, i mbulc, ina leatháin nó ina rollaí

(27)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

Uasfhachtóirí astaíochtaí CO2 réigiúnacha i limistéir gheografacha éagsúla (tCO2/MWh)

Limistéar geografach

An fachtóir astaíochta CO2 is infheidhme

an Spáinn, an Phortaingéil

0,47

an Liotuáin, an Laitvia, an Eastóin

0,76

an Ghearmáin, Lucsamburg

0,73

an Bhulgáir, an Rómáin

0,91

an Bheilg

0,37

an tSeicia

0,89

an Danmhairg

0,54

Éire

0,44

an Ghréig

0,58

an Fhrainc

0,43

an Chróit

0,51

an Iodáil

0,44

an Chipir

0,72

an Ungáir

0,50

Málta

0,40

an Ísiltír

0,44

an Ostair

0,33

an Pholainn

0,78

an tSlóivéin

0,75

an tSlóvaic

0,58

an Fhionlainn

0,62

an tSualainn

0,60

(28)

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 22 Nollaig 2025. Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i bpointí (17) agus (27) i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026. Féadfaidh na Ballstáit tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I agus pointí (27) agus (31) arna leasú le haghaidh costais arna dtabhú ón 1 Eanáir 2025.

(1)   IO C 317, 25.9.2020, lch. 5, arna fhorlíonadh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24.11.2021 (IO C 528, 30.12.2021, lch. 1).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, COM(2025) 30 final, 29.1.2025.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, COM(2025) 85 final, 26.2.2025.

(4)  Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).

(5)  Is amhlaidh atá i gcás ina liostaítear táirgí den sórt sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ach nach liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán céanna sin.

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe (IO L 2024/873, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/873/oj).

(7)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(*6)  A mhéid a rinneadh difear d’aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíche sonraí i gcód NACE leis an nuashonrú NACE is déanaí (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2, IO L 19, 20.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/137/oj), féadfaidh na Ballstáit a roghnú an t-aicmiú leasaithe a úsáid nó brath ar an aicmiú atá i bhfeidhm tráth a ghlactar na Treoirlínte.

(*7)  A mhéid a rinneadh difear d’aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíche sonraí i gcód NACE leis an nuashonrú NACE is déanaí (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2, IO L 19, 20.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/137/oj), féadfaidh na Ballstáit a roghnú an t-aicmiú leasaithe a úsáid nó brath ar an aicmiú atá i bhfeidhm tráth a ghlactar na Treoirlínte.

(*8)  Baineann sé seo leis an earnáil ach amháin i gcás aon fho-earnálacha atá liostaithe cheana féin i dTábla 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/196/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)