|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/145 |
12.1.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 13 Samhain 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Mestský súd Bratislava IV – Poblacht na Slóvaice) –AK v RU
(Cás C-197/24 (1) , Šiľarský (2) )
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2011/7/AE - Cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála - Raon feidhme - Airteagal 2, pointí (1) agus (3) - Coincheap an ghnóthais - Coincheap d’idirbhearta tráchtála - Conradh chun seirbhísí dlí a sholáthar i ndáil le cuideachta tráchtála a fhoirmiú - Treoir 93/13/CEE - Airteagal 2(b) - Coincheap de thomhaltóir - Duine nádúrtha a úsáideann seirbhísí dlíodóra chun cuideachta tráchtála a bhunú)
(C/2026/145)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Mestský súd Bratislava IV
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: AK
Cosantóir: RU
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le hAirteagal 1(2) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála, arna léamh i dteannta Airteagal 2, míreanna 1 agus 3 den Treoir sin, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní leor, ann féin, gur bhain duine nádúrtha úsáid as seirbhísí dlíodóra chun cuideachta tráchtála a bhunú, a raibh sé le bheith ina stiurthóir bainistíochta agus ar an mbeirt bhunaitheoirí agus ball uirthi, chun an duine sin a cháiliú mar ‘ghnóthas’ agus, dá bhrí sin, an t-idirbheart a tugadh i gcrích leis an dlíodóir sin a mheas mar bheith ‘tráchtála’, de réir bhrí na bhforálacha seo. |
|
2. |
Maidir le hAirteagal 2(b) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: tagann faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí na forála seo, duine nádúrtha a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige chun seirbhísí dlí a sholáthar d’fhonn cuideachta tráchtála a bhunú a raibh sé le bheith ina stiurthóir bainistíochta agus ar an mbeirt bhunaitheoirí agus ball uirthi, ar choinníoll nach ndearna an duine sin, tráth thabhairt i gcrích an chonartha, gníomhaíocht neamhspleách eacnamaíoch nó ghairmiúil ina bhféadfaí an conradh sin a chur san áireamh. |
(1) IO C, C/2024/3740.
(2) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/145/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)