|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/105 |
5.1.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Samhain 2025 – OQ v an Coimisiún
(Cás T-384/23) (1)
(Státseirbhís - Earcaíocht - Fógra comórtais - Comórtas oscailte EPSO/AD/378/20 - Cinneadh gan an t-iarratasóir a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas - Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a chomhlíonadh - Saorghluaiseacht oibrithe)
(C/2026/105)
Teanga an cháis: an Chróitis
Páirtithe
Iarratasóir: OQ (ionadaí: R. Štaba, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Mrljić agus G. Niddam, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón mBord Roghnúcháin an 15 Bealtaine 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas OQ ar athbhreithniú agus lena ndiúltaítear é a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas oscailte EPSO/AD/378/20 chun liosta ionadaithe de ‘Dlítheangeolaithe (AD 7) le Cróitis (HR)’ a chruthú do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear cinneadh an Bhoird Roghnúcháin an 15 Bealtaine 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas OQ ar athbhreithniú agus lena ndiúltaítear é a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas oscailte EPSO/AD/378/20 chun liosta ionadaithe de ‘Dlítheangeolaithe (AD 7) le Cróitis (HR)’ a chruthú do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar neamhní. |
|
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/105/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)