European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/89

5.1.2026

Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2025 – Parlaimint na hEorpa v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-727/25)

(C/2026/89)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: I. Anagnostopoulou, C. Dima, P. O'Sullivan agus L. Visaggio, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gCoimisiún (1) an 16 Iúil 2025 chun an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunphaitinní caighdeáin a tharraingt siar agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid prionsabail na tabhartha cumhachtaí agus na cothromaíochta institiúidí.

Maíonn an t-iarratasóir, trí chinneadh a dhéanamh an togra atá i gceist a tharraingt siar, gur chuir an Coimisiún deireadh leis an nós imeachta reachtach roimh am gan forais dhlisteanacha a raibh fianaise áititheach agus argóintí áititheacha mar thaca leo chun é sin a dhéanamh, agus dá bhrí sin gur chuir sé isteach go neamhcheadaithe ar chumhachtaí reachtacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar dhualgas an chomhair dhílis idir na hinstitiúidí mar a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE.

Áitíonn an t-iarratasóir gur sháraigh an Coimisiún dualgas an chomhair dhílis fhrithpháirtigh ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, toisc nár thug sé aird chuí ar ábhair imní na Parlaiminte mar chomhreachtóir; ar an dara dul síos, trí mhainneachtain soiléiriú a dhéanamh na cúiseanna is bonn leis an gcinneadh an togra reachtach atá i gceist a tharraingt siar.


(1)  IO C, C/2025/5423.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/89/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)