European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/82

5.1.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáín) a taisceadh an 13 Lunasa 2025 – Beteiligungsgesellschaft v Finanzamt B

(Cás C-546/25, Beteiligungsgesellschaft)

(C/2026/82)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Beteiligungsgesellschaft

Cosantóir agus freagróir ar phointe dlí: Finanzamt B

Idiragraí: Bundesministerium der Finanzen

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear cosc leis an dara fleasc d’Airteagal 4(1) de Threoir 90/435/CEE (1) ar reachtaíocht náisiúnta faoina dtagann laghdú ar thabhairt ar aghaidh caillteanas arb ionann é agus méid na ndáileachán arna ndéanamh ag fochuideachta atá bunaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach chuig an máthairchuideachta mar thoradh ar na dáileacháin sin, i gcás máthairchuideachta intíre a dhéanann caillteanas, ach nach ndéantar an cháin arna híoc ag an bhfochuideachta ar na dáileacháin a fhritháireamh sa bhliain ina bhfaightear na díbhinní ná sa bhliain ina ndéanann an mháthairchuideachta brabúis a sháraíonn na caillteanais arna dtabhairt ar aghaidh?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist: Más rud é, d’fhonn Treoir 90/435 a thrasuí sa dlí náisiúnta, gur roghnaigh Ballstát an córas fritháirimh dá bhforáiltear sa dara fleasc d’Airteagal 4(1) de Threoir 90/435 agus nár choigeartaigh an Ballstát sin an fritháireamh i gcomhréir leis an Treoir sin ach tríd an cháin a fhritháireamh sa bhliain ina bhfaightear na díbhinní, cé go bhféadfaí cáin a ghearradh ar na díbhinní sin freisin le linn na dtréimhsí inchánach ina dhiaidh sin mar gheall ar na féidearthachtaí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le caillteanais a thabhairt ar aghaidh, an eascraíonn ceart díreach as an Treoir chun cáin a fhritháireamh i bhfoirm tabhairt ar aghaidh creidmheasa?

3.

Mura dtugtar ceart díreach chun creidmheas a thabhairt ar aghaidh le Treoir 90/435 (Ceisteanna 1 agus 2): An dtagann ceart den sórt sin chun cinn mar thoradh ar shárú ar an tsaoirse bunaíochta (Airteagal 52 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna leasú le Conradh Maastricht, nó Airteagal 43 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna leasú le Conradh Amstardam, Airteagal 49 CFAE anois, arna leasú le Conradh Liospóin)?

4.

An bhfuil measúnú difriúil le déanamh ar Cheisteanna 1 go 3 i leith na ndíbhinní nach bhfuair an mháthairchuideachta í féin go díreach, ach a fuair a fochuideachta ar lánúinéireacht, a bhí neamhbhrabúsach go heisiach freisin (ó 1993 go 1996 sa chás seo) sular cumascadh an fochuideachta sin leis an máthairchuideachta le haistriú na gcaillteanas a tugadh ar aghaidh, ón bhfochuideachta chuig an máthairchuideachta?


(1)  Treoir 90/435/CEE ón gComhairle an 23 Iúil 1990 maidir leis an gcomhchóras cánachais is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstáit éagsúla (IO 1990, L 225, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/82/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)