|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/27 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Pacáiste Fuinnimh na Saoránach: rannpháirtíocht na saoránach, comhphobail fuinnimh agus an coincheap ‘tomhaltas táirgeadh’ (prosumerism)
(tústuairim arna hiarraidh sin don Choimisiún Eorpach)
(C/2026/27)
Rapóirtéir:
Corina MURAFA BENGA|
Comhairleoirí |
George JIGLAU (thar ceann an rapóirtéara) Priska LUEGER (thar ceann Ghrúpa II) |
|
cinneadh ón mBiúró |
25.3.2025 |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.3.2025 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
4.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
97/3/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Maidir leis an gcuspóir a leagtar amach i bpacáiste an Aontais Fuinnimh (1) chun an saoránach a chur i gcroílár an chórais fuinnimh, tá CESE ag cur in iúl le blianta fada anois nach bhfuil dóthain á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún Pacáiste Fuinnimh na Saoránach a tharraingt suas mar bhealach chun saoránaigh agus pobail a rannpháirtiú go gníomhach agus córas fuinnimh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a bhaint amach. Ní mór na ráthaíochtaí is gá a thabhairt i bPacáiste Fuinnimh na Saoránach chun é sin a dhéanamh faoi dheireadh. |
|
1.2. |
Le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ba cheart ról straitéiseach na bpobal fuinnimh saoránach sa bheartas fuinnimh a aithint agus a chur chun cinn go soiléir. Ní mór soiléiriú a dhéanamh leis freisin ar phríomhchoincheapa a bhaineann le fuinneamh pobail, ballraíocht, neamhspleáchas agus rialú éifeachtach, cuir i gcás, coincheapa a bhfuil tuiscint rí-éagsúil orthu ó Bhallstát go chéile faoi láthair. Ba cheart sraith uirlisí de bhoscaí gainimh rialála a bheith sa phacáiste nach mór do na Ballstáit a chur chun feidhme gan mhoill chun go mbeidh pobail fuinnimh agus an ceart chun comhroinnte fuinnimh ina réaltacht fheidhmiúil ar fud an Aontais. Le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ba cheart treoir shoiléir a chur ar fáil maidir le conas pobail fuinnimh a bhunú agus a reáchtáil, go háirithe cáin agus asbhaintí taraife, saoráidí agus tacaíocht theicniúil a chuireann oibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) ar fáil, rud nach féidir leis na Ballstáit a sheachaint. |
|
1.3. |
Tríd an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, lena n-áirítear uirlisí faireacháin státchabhrach, agus cistiú comhtháthaithe agus aistrithe cóir amach anseo, ní mór don Choimisiún sruthanna cistiúcháin tiomnaithe a chruthú do phobail fuinnimh. Ba cheart foráil a dhéanamh i bPacáiste Fuinnimh na Saoránach chun a cheangal ar an mBanc Eorpach Infheistíochta saoráid pobail fuinnimh a fhorbairt do phobail fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha, cosúil leis an tsaoráid FBM atá ann cheana. Le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ba cheart féachaint le dlús a chur leis na dea-chleachtais (2) eile atá ann cheana maidir le pobail fuinnimh a mhaoiniú. Ba cheart tús áite a thabhairt don chistiú freisin agus ba cheart go mbeadh sé faoi réir íoschaighdeán a chomhlíonadh i réimsí rannpháirtíocht na hóige, litearthacht fuinnimh a chothú agus scileanna glasa a fhorbairt. Ba cheart iniúchtaí fuinnimh comhlántacha a mhaoiniú chun tacú le sonraí teaghlaigh ríthábhachtacha a bhailiú. Ina theannta sin, bheadh ar na Ballstáit aon scéim cistiúcháin phoiblí do thionscadail fuinnimh a nascadh le rannpháirtíocht na bpobal áitiúil mar scairshealbhóirí i dtionscadail fuinnimh agus i gcineálacha eile comhroinnte tairbhí. |
|
1.4. |
Ní féidir saoránacht a bheith ag daoine gan fuinneamh a bheith acu freisin. Chun tacú le saoránacht Eorpach a chur chun feidhme ina hiomlán, ba cheart gníomhaíocht níos láidre a dhéanamh le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh atá san Aontas trí shainmhíniú aontaithe agus sainaithint shonraíbhunaithe na dteaghlach atá buailte a thabhairt isteach. Ba cheart tús a chur leis an obair sin ar an leibhéal áitiúil. Le garspriocanna na bochtaineachta fuinnimh, ba cheart teaghlaigh a mheas, agus níor cheart táscairí maicreacnamaíocha a úsáid ach mar uirlisí comhlántacha. |
|
1.5. |
Molann CESE go ndéanfadh an tAontas an méid a leanas ós rud é go spreagfadh sé cumhachtú na saoránach agus go leagfaí síos na réamhriachtanais chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú: 1) toirmeasc a chur láithreach bonn ar dhíscor teaghlach ar fud an Aontais; 2) imeacht ón gcóras ordaithe fiúntais, lena nasctar praghsanna leictreachais le praghsanna gáis; 3) déan an teanga bheartais a leasú agus déan tagairt ann do ‘saoránaigh’, in ionad ‘tomhaltóirí’, i ndáil le fuinneamh; 4) ról mar ombudsman fuinnimh a chur ar bun. |
2. Cúlra na tuairime
|
2.1. |
Ní bhaineann an t-aistriú fuinnimh le teicneolaíochtaí ná le spriocanna amháin. Baineann sé freisin le hiontaoibh, cosaint agus rannpháirtíocht, agus ba cheart na gnéithe sin a bheith mar bhonn faoi chomhshocrú sóisialta le haghaidh aistriú fuinnimh a bheadh faoi stiúir na saoránach. Ba cheart Pacáiste Fuinnimh na Saoránach a bheith ina chéim fhiúntach chun tacú le saoránaigh uile an Aontais, ní hamháin mar sheicliosta beartais. Ba cheart daoine a chur san áireamh i bPacáiste Fuinnimh na Saoránach agus ní hamháin mar thomhaltóirí ach mar shaoránaigh agus mar chomhchruthaitheoirí na todhchaí fuinnimh, d’ a áirithiú gur féidir an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Sa tuairim seo, leagann CESE amach an fhís atá aige do Phacáiste Fuinnimh na Saoránach. |
|
2.2. |
Níos mó ná 10 mbliana ó shin, thug an Coimisiún le fios sa teachtaireacht uaidh maidir le pacáiste an aontais fuinnimh go raibh sé beartaithe aige go mbeadh ról lárnach ag na saoránaigh san aontas fuinnimh, is é sin go nglacfaidís freagracht as aistriú an chórais fuinnimh, go n-úsáidfidís teicneolaíochtaí nua chun a mbillí fuinnimh a laghdú, go nglacfaidís páirt ghníomhach sa mhargadh agus go gcosnófaí iad dá mbeidís leochaileach. Tá deich mbliana curtha dínn ó shin agus ní léir go bhfuil aon ní bainte amach maidir leis na gealltanais sin. |
|
2.3. |
Agus é ar na bacáin anois, tagann Pacáiste Fuinnimh na Saoránach ag tráth a bhfuil leibhéil arda leanúnacha bochtaineachta fuinnimh san Aontas, mímhuinín láidir phoiblí sa mhargadh fuinnimh beagnach fiche bliain tar éis léirscaoileadh mhargadh fuinnimh na hEorpa, próisis náisiúnta neamhéifeachtacha chun reachtaíocht an Aontais maidir le pobail fuinnimh a thrasuí, glacadh míchothrom samhlacha rannpháirtíochta agus samhlacha comhroinnte fuinnimh ag na saoránaigh ar fud na mBallstát agus an sceipteachas méadaitheach i leith inmharthanacht fhadtéarmach theicniúil agus airgeadais an choincheapa ‘táirgeoir is tomhaltóir’. |
|
2.4. |
Tá bealaí á moladh go leanúnach ag CESE chun ról na saoránach san earnáil fuinnimh a neartú, go háirithe i réimse an leictreachais. Tá fíordhul chun cinn ag brath ar struchtúr an athchóirithe ar an margadh leictreachais. I dtuairimí TEN/793 (3)agus TEN/837 (4), molann CESE an margadh a léirscaoileadh i gcás inar féidir agus é a rialáil i gcás inar gá chun cosaint a áirithiú do shaoránaigh, do tháirgeoirí is tomhaltóirí agus do phobail fuinnimh. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is minic a chuirtear daoine aonair i láthair mar ‘tomhaltóirí’ sa dioscúrsa atá ann san Aontas faoi láthair maidir le fuinneamh, rud a threisíonn samhlacha margadh-lárnacha go hindíreach. Mar sin féin, tá gá le hathrú i dtreo breathnú ar dhaoine mar ‘shaoránaigh’ — comhaltaí de chomhphobal polaitiúil a bhfuil cearta fuinnimh acu. Sa Chairt Eorpach um Chearta Tomhaltóirí Fuinnimh (5), aithnítear freisin gur cuid ríthábhachtach den chomhtháthú sóisialta agus críochach é an fuinneamh. Mar a tugadh faoi deara i dTreoir (AE) 2019/944 (6) ón Aontas, tá seirbhísí fuinnimh bunriachtanach chun an fholláine a chosaint agus chun cuimsiú sóisialta a chumasú. |
|
3.2. |
Trí úsáid a bhaint as friotal na saoránachta, déantar an díospóireacht a atreorú, rud a spreagann ceapadh beartas lena gcuirtear béim ar dhínit, ar chearta agus ar rannpháirtíocht. Tá sé sin ríthábhachtach ionas go dtacóidh saoránaigh leis an aistriú fuinnimh agus go n-oibrídís i gcomhar leis an Aontas chun é a bhaint amach, ós rud é go ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear do na milliúin Eorpach, go háirithe mná agus daoine óga (7) agus cuireann sé sin teorainn lena gcumas a dtithe a théamh, a fhuarú agus a chumhachtú ar chostas inacmhainne. D’ainneoin aitheantas foirmiúil agus iarrachtaí beartais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh sna Ballstáit uile, tá cur chun feidhme straitéisí maolaithe éifeachtacha fós mall. |
|
3.3. |
Is beag an smacht atá ag saoránaigh ar a rochtain agus ídiú fuinnimh agus measann siad nach bhfuil institiúidí freagrúil. Is casta fós an ghníomhaíocht chomhordaithe de dheasca easnaimh iontaoibhe idir gníomhaithe margaidh agus gníomhaithe stáit. Cuireann an tsáinn sin leis an táimhe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais fuinnimh na ndaoine is leochailí. Ní leor treoracha an Aontais a thrasuí sa dlí náisiúnta, mar is léir ó thoradh fo-optamach na reachtaíochta maidir le pobail fuinnimh. |
|
3.4. |
Más maith linn go mbainfeadh brí fhadtéarmach leis an tsaoránacht fuinnimh, ní mór sásraí struchtúrtha a thabhairt do shaoránaigh trí chomhlachtaí ionadaíocha (amhail eagraíochtaí tomhaltóirí atá ann cheana) chun cabhrú leo beartais fuinnimh a mhúnlú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus na sásraí sin comhtháite i struchtúr rialachais il-leibhéil an Aontais. Thairis sin, ní mór coincheap an chothromais idirghlúine a chomhtháthú i mbeartais fuinnimh an Aontais, lena n-áiritheofaí nach gcuirfeadh cinntí an lae inniu isteach ar na glúnta atá le teacht ná ar dhaoine óga agus iadsan mar gheallsealbhóirí buana. Mura ndéanfar amhlaidh, is ar bhonn reitric amháin a bheidh an t-aistriú ó ‘tomhaltóir’ go ‘saoránach’. |
|
3.5. |
Anuas air sin, bunaithe ar Phrionsabal 20 de Cholún na gCeart Sóisialta maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fíor-riachtanacha dea-cháilíochta, ba cheart don Aontas ombudsman fuinnimh a bhunú láithreach, agus brainsí áitiúla a bheith ann ina leith (8). A bhuíochas le hoifig den sórt sin, dhéanfaí saoránaigh a chumhachtú i ndáil le fuinneamh agus muinín a athbhunú. Ba cheart don ombudsman gearáin a fháil, iarrataí riachtanacha a chur faoi bhráid na rialtóirí agus cúnamh dlí a thairiscint do shaoránaigh ar dhéileáil soláthraithe leo go héagórach agus do phobail fuinnimh agus do tháirgeoirí is tomhaltóirí a bhfuil a bhforbairt blocáilte ag constaicí rialála agus cur chun feidhme. Ba cheart dó freisin cúnamh a thabhairt do shaoránaigh chun cuidiú leo déileáil le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha maidir le bearta chun a stát nó a mbaol bochtaineachta fuinnimh a mhaolú. |
4. Barúlacha sonracha maidir le cumhachtú na saoránach agus muinín an phobail in earnáil an fhuinnimh a athbhunú
|
4.1. |
Tá i bhfad níos mó i gceist leis an gcumhachtú ná faisnéis — ciallaíonn sé é a chur ar a gcumas do shaoránaigh gníomhú. Tá fíor-roghanna ag teastáil ó shaoránaigh maidir le húsáid, táirgeadh agus infheistíocht fuinnimh. Tá feidhm aige sin ní hamháin maidir leis an méadar leictreachais i dteaghlach príobháideach, ach i bhfad níos leithne chomh maith. Ní mór na líonraí a chur ar fáil do shaoránaigh. Trí shaoránaigh a rannpháirtiú mar tháirgeoirí is tomhaltóirí nó i bpobail fuinnimh, méadaítear neamhspleáchas fuinnimh agus, go háirithe nuair atá insliú maith agus spriocdhíriú éifeachtach ann freisin, is féidir cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú. Chun an sprioc sin a bhaint amach, le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ní mór go mbeadh ar na Ballstáit, le tacaíocht ó ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon, nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh rochtain níos solúbtha ar fhuinneamh, ionaid ilfhreastail ina n-oibreodh foireann dhea-oillte a chruthú chomh gar agus is féidir do leibhéal an phobail agus tionscnaimh phobail a chur chun cinn. |
|
4.2. |
Is fearr a d’fhéadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha idirghabháil idir an beartas náisiúnta fuinnimh agus riachtanais na saoránach a chur díobh. D’fhéadfadh rialtais bhardasacha roinnt beartas fuinnimh pobail dá gcuid féin a chur in oiriúint chun dálaí sonracha socheacnamaíocha agus aeráide a bpobal a léiriú. D’fhéadfaidís gníomhú freisin mar chomhbhailitheoirí éilimh, soláthar poiblí teicneolaíochtaí glasa a éascú, spás a chur ar fáil chun trealamh a shuiteáil agus dul i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla chun seirbhísí a sholáthar go comhpháirteach. Is trua le rá mar sin féin nach léir beartas den chineál sin a bheith á chleachtadh ach ag beagán de na bardais. Agus is ag laghdú atá líon na mbardas sin go deimhin. A bhformhór mór is neamhghníomh atá le lua leo ó thaobh beartas fuinnimh de. Dá bhrí sin, ba cheart Pacáiste Fuinnimh na Saoránach a dhíriú go sainráite ar na bardais freisin. Dá bhrí sin, iarrann CESE an athuair go ndéanfaí samhlacha ‘féintomhaltais chomhchoitinn ar scála mór’ a chur chun cinn, mar a mholtar in TEN/801 (9), ar féidir iad a chur chun feidhme go héifeachtach trí ardáin bhardasacha, mar mhodh chun saoránaigh a chumhachtú. |
|
4.3. |
Tá níos mó ná réitigh theicniúla ag teastáil chun muinín an phobail as an gcóras fuinnimh a athbhunú. Teastaíonn rialachas trédhearcach, cinnteoireacht chuimsitheach agus cumarsáid chomhsheasmhach chuige sin. Nuair a bhraitheann saoránaigh tairbhí nithiúla, tagann méadú ar a dtoilteanas páirt a ghlacadh agus infheistíocht a dhéanamh. Is féidir a áireamh ar na tairbhí sin bearta amhail lascainí leictreachais, tionscnaimh athchóirithe agus caomhnaithe nó cistiú bardasach le haghaidh réigiúin a ndéanann tionscadail fuinnimh níos mó difear dóibh. Is réamhriachtanas chuige sin é an t-athchóiriú ar an margadh leictreachais a luaitear i bpointe 2.4. |
|
4.4. |
Tá rud ríthábhachtach an litearthacht fuinnimh chun na daoine a chumhachtú. Ba ríthábhachtach do shaoránaigh eolacha tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn córais fuinnimh, conas billí fuinnimh a léamh agus an ídiú a laghdú, agus conas páirt a ghlacadh i scéimeanna coiteanna. Is féidir an litearthacht sin a chothú le feachtais phoiblí, curaclaim scoile agus ceardlanna pobail. Ní mór ról lárnach a bheith ag eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus institiúidí oideachais i ndearadh agus i gcur i gcrích na dtionscnamh sin, ar cheart tacú leo trí rochtain thrédhearcach fhíor-ama ar thomhaltas fuinnimh, ar shonraí costais agus astaíochtaí trí ardáin dhigiteacha atá éasca le húsáid. Le cláir litearthachta fuinnimh, ba cheart eagraíochtaí óige a spreagadh go sonrach freisin chun ábhair agus feachtais oideachais a chomhdhearadh. Ba cheart breathnú ar dhaoine óga ní hamháin mar thairbhithe ach mar chomhchruthaitheoirí agus iolraitheoirí na dtionscnamh litearthachta fuinnimh, lena n-áirithítear an ceartas idirghlúine agus an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. |
|
4.5. |
Tá forbairt scileanna glasa — go háirithe maidir le suiteáil, cothabháil agus iniúchadh fuinnimh — ríthábhachtach chun tacú le haistrithe fuinnimh áitiúla. Trí ábhair fuinnimh a chur san áireamh sa ghairmoiliúint, san oideachas aosach agus i gcuraclaim ollscoile, is féidir a áirithiú go gcuimsítear saoránaigh ó gach aoisghrúpa agus earnáil. Le rabharta iniúchtaí fuinnimh ar fud an Aontais, chun cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, d’fhéadfaí poist ghlasa a dhéanamh de na scileanna glasa sin. |
|
4.6. |
Cé go bhfuil ról lárnach ag an gcistiú poiblí maidir leis an aistriú fuinnimh a chur chun cinn, is minic nach dtagann tairbhí díreacha as do na pobail a bhfuil tionscadail fuinnimh á reáchtáil acu. Déantar an iomarca infheistíochtaí gan fíor-rannpháirtíocht áitiúil ná luach comhroinnte, rud a threisíonn samhail ón mbarr anuas a bhfuil baol ann go gcuirfeadh an pobal ina coinne. Ba cheart go gceanglófaí le rialacha an Aontais ar na Ballstáit fóirdheontais fuinnimh nó scéimeanna cistiúcháin a nascadh le rannpháirtíocht pobal áitiúil mar gheallshealbhóirí i dtionscadail fuinnimh agus i gcineálacha eile comhroinnte tairbhí. |
|
4.7. |
Seacht mbliana tar éis ghlacadh TEN/657 (10), is oth linn nach bhfuil Idirphlé éifeachtach maidir le Fuinneamh ann leis an tsochaí shibhialta eagraithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ar leibhéal an Aontais trí Fhóram Fuinnimh na Saoránach. Molann CESE go ndéanfaí idirphlé rialachais il-leibhéil a eagrú d’fhonn na Ballstáit a chumasú le deireadh a chur le bacainní margaidh agus institiúideacha lena gcuirtear cosc ar an bpobal i gcoitinne, ar thomhaltóirí, ar phobail agus ar FBManna páirt a ghlacadh san aistriú chuig fuinneamh glan agus tairbhe a bhaint as. D’fhéadfadh idirphlé den sórt sin feabhas a chur ar cháilíocht na cumarsáide agus d’fhéadfadh sé cuidiú le muinín a athbhunú i measc na saoránach agus na ngeallsealbhóirí. |
5. Barúlacha sonracha maidir le pobail fuinnimh
|
5.1. |
Athdhearbhaíonn CESE an tuairim atá curtha in iúl aige go minic, is é sin nach mór giniúint leictreachais ar mionscála a spreagadh chun roghanna solúbthachta eangaí a mhéadú. Tá sé i bhfad níos éasca rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, na FBManna agus na n-údarás áitiúil a fháil le giniúint cumhachta díláraithe i gcomparáid le struchtúir láraithe ina bhfuil gléasraí móra cumhachta. Is oth linn nach bhfuil tosaíocht straitéiseach á tabhairt don tsamhail dhíláraithe i ndearadh reatha mhargadh an Aontais. Ní mór sásraí a shainaithint mar thosaíocht chun cuimsiú daoine óga agus grúpaí leochaileacha, a bhfuil bacainní airgeadais rompu, a áirithiú i socruithe fuinnimh comhchoiteanna nuálacha. |
|
5.2. |
Dá bhrí sin, ní mór pobail fuinnimh faoi thionchar na saoránach a aithint mar ghné straitéiseach den bheartas fuinnimh. D'fhéadfaidís dlúthpháirtíocht shóisialta a chothú i gcás a ndearfaí iad ar bhealach lena bhféadfaí fuinneamh a athdháileadh agus a thacódh le teaghlaigh leochaileacha agus a spreagfadh infheistíochtaí áitiúla. Rannchuidíonn na pobail sin go mór leis an gceartas sóisialta agus le slándáil an tsoláthair, rud a chothaíonn tacaíocht d’aistriú fuinnimh cóir (11). Tá CESE ag tathant ar na húdaráis pobail fuinnimh a bhunú agus a chur chun cinn d’fhonn rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach ina ndearadh agus ina rialachas a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht na saoránach sin a bhfuil dúshláin rompu maidir lena stádas úinéireachta, amhail tionóntaí. |
|
5.3. |
Ba cheart é a bheith ina bhunphrionsabal de chuid Phacáiste Fuinnimh na Saoránach é a chur ar chumas táirgeoirí is tomhaltóirí agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite tairbhe a bhaint a mhéid is féidir as an leictreachas a ghineann siad féin, fiú má thugann siad don eangach é. Bealach amháin leis sin a eagrú ar chaoi níos macánta do na táirgeoirí beaga ná ‘banc leictreachais’ a bhunú, sampla a ndearna CESE cur síos air cheana féin sa tuairim uaidh Athchóiriú ar an margadh leictreachais (féach tuairim TEN/793). |
|
5.4. |
Ní dhéantar faireachán córasach ar phobail fuinnimh i mbeartas reatha an Aontais. I roinnt mhaith Ballstát, gur ann do phobail fuinnimh mar fhéidearthacht dhlíthiúil go teoiriciúil, ach mar gheall ar an easpa próisis chuí rannpháirtíochta saoránach agus creataí reachtacha fíorfheidhmiúla cumasúcháin, ní oibríonn siad i ndáiríre. Tá an iomarca maorlathais ag baint le ceadúnú pobail fuinnimh, teastaíonn scileanna teicniúla nach mbíonn ag gnáthshaoránaigh chuige sin agus is minic a bhíonn ar shaoránaigh íocaíochtaí móra a dhéanamh roimh ré. |
|
5.5. |
Le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ba cheart gealltanas a thabhairt chun reachtaíocht an Aontais maidir le pobail fuinnimh a ghéarú sna chéad athbhreithnithe eile ar na treoracha fuinnimh atá ann cheana. Mar shampla, tá sainmhínithe doiléire agus cur chun feidhme neamhréireach fós ag baint le reachtaíocht an Aontais maidir le fuinneamh pobail. Déantar léirmhíniú éagsúil ar phríomhthéarmaí amhail ‘pobal fuinnimh’ agus ‘comhroinnt fuinnimh’ ar fud na mBallstát. Tá an baol ann go gcumasófar gabháil chorparáideach le forfheidhmiú lag chritéir an Aontais. Tá coimircí níos láidre ríthábhachtach chun sláine an fhuinnimh pobail a chosaint. |
|
5.6. |
Na húdaráis, ar cheart dóibh deireadh a chur le bacainní a bhíonn roimh phobail fuinnimh, níl siad ag feidhmiú i gceart, mar gheall ar bhacainní foirne agus feasa gnó nó mar gheall ar bhrú ó shealbhóirí oifige atá ann cheana. Tá na ceanglais chlárúcháin iomarcach agus diúltaíonn OCDanna pobail fuinnimh nua agus táirgeoirí is tomhaltóirí nua a nascadh leis an eangach nó cuireann siad siar é. Leis na ceanglais sin, ba cheart feabhas a chur ar an acmhainneacht nasctha agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí mura bhfreagraítear laistigh de na tréimhsí ama a leagtar síos. Chuige sin, tá gá le pleananna spásúla fuinnimh ardleibhéil agus réigiúnacha agus pleananna forbartha eangaí chun líon méadaitheach na gcóras fuinnimh malartach sin a léiriú. |
6. Barúlacha sonracha maidir le bochtaineacht fuinnimh
|
6.1. |
Tugann rátaí arda bochtaineachta fuinnimh le fios go bhfuil gá le cur chuige claochlaitheach — cur chuige a bheadh bunaithe ar chumhachtú na saoránach seachas ar an gcomhlíonadh rialála (12). Mar réamhriachtanais, ba cheart don Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh: 1) toirmeasc uile-Aontais a fhorchur ar ceangai bhreosla a dhínascadh, rud a chuireann teaghlaigh i staid na bochtaineachta fuinnimh agus a chuireann lena leochaileacht toisc nach mór dóibh anois inneachar le próisis dheacra athnasctha a dhéanamh; agus 2) an margadh leictreachais a athchóiriú chun imeacht ón gcóras orduithe fiúntais, lena nasctar praghsanna leictreachais le praghsanna gáis (13), chun go mbeidh cuideachtaí agus saoránaigh in ann tairbhe a bhaint as praghas íseal an fhuinnimh in-athnuaite. |
|
6.2. |
Cé gur aithin an tAontas an bhochtaineacht fuinnimh ar bhealach cuimsitheach, d’fhág sé gur faoi na Ballstáit atá sé sainmhínithe agus freagairtí a shonrú, rud a chuir teorainn le gníomhaíocht chomhleanúnach mar gheall ar dhifríochtaí polaitiúla agus airgeadais. Níor oibrigh an cur chuige sin mar is léir leis na leibhéil arda leanúnacha bochtaineachta fuinnimh i sonraí an Aontais agus sna sonraí tírbhunaithe. Ní mór don Aontas cur chuige aontaithe a ghlacadh go cinntitheach agus an cur chuige sin bunaithe ar chumas teaghlaigh riachtanais fuinnimh íosta a chomhlíonadh. Le Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, ba cheart bunú sásra a spreagadh chun riachtanais fuinnimh íosta a ríomh trí úsáid a bhaint as sonraí foirgnimh agus teaghlaigh, chun próiseas comhsheasmhach bailithe sonraí a spreagadh ar gach leibhéal rialachais. Ba cheart ról Eurostat a neartú i gcomhar leis na hoifigí staidrimh náisiúnta, le húdaráis áitiúla agus le soláthraithe fuinnimh chun sonraí teaghlaigh a bhailiú go héifeachtach. |
|
6.3. |
Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar cháilíocht na tithíochta chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú (14), ní hamháin go bhfuil sé sin tábhachtach le linn séasúr fuar ach níos mó ná riamh tá sé ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh an tsamhraidh. Ba cheart iniúchtaí fuinnimh agus fóirdheontais athchóirithe a phríomhshruthú i straitéisí áitiúla. Ní mór feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh tithíochta chun idirghabhálacha a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr. Is féidir le cuideachtaí fuinnimh, cuideachtaí tithíochta sóisialta agus/nó údaráis áitiúla cuidiú leis na hinfheistíochtaí is gá a réamh-mhaoiniú, ar féidir le cónaitheoirí iad a aisíoc ansin (i bpáirt) trí choigiltis ar a mbillí fuinnimh (15). Ba cheart foráil shonrach a dhéanamh maidir le tionóntaí a mbíonn idirghabháil ar a socruithe fuinnimh ag brath ar an gcaidreamh leis an tiarna talún agus a bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith rompu freisin nuair a bhíonn athchóirithe i gceist. |
|
6.4. |
Ba cheart córais éagsúla úinéireachta baile a aithint go soiléir mar rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an mbochtaineacht fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh sna straitéisí maolaithe sásraí chun tionóntaí a chosaint agus chun comhlachais úinéirí tí a chumhachtú agus ba cheart iad a chur in oiriúint do chomhthéacsanna úinéireachta áitiúla tí. |
|
6.5. |
Tá baint ag úsáid breosla sholadaigh, go háirithe adhmad, leis an mbochtaineacht fuinnimh i gceantair thuaithe agus uirbeacha imeallaithe. Is minic a aimsítear adhmad ar mhargaí neamhfhoirmiúla, rud as a n-eascraíonn luaineacht praghsanna, rochtain theoranta agus droch-cháilíocht, agus an tráth céanna, rud is cúis le dochar don chomhshaol trí lománaíocht neamhdhleathach agus le rioscaí sláinte agus sábháilteachta. Ba cheart stóráil chuí adhmaid agus cáilíocht cheart sorn a bheith ina bpríomhábhair imní do na húdaráis áitiúla, ar féidir leo idirghabháil a dhéanamh chun stóráil iomchuí agus dáileadh spriocdhírithe sonraíbhunaithe a bhainistiú. |
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach IO C 262, 25.7.2018, lgh. 86 93 agus IO C 123, 9.4.2021, lgh. 22 29.
(2) Amhail an ciste imrothlach le haghaidh téamh ceantair pobail atá ar bun san Ísiltír.
(3) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (COM(2023) 148 final — 2023/0077(COD)) (IO C 293, 18.8.2023, lch. 112).
(4) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Soláthar agus praghsáil an leictreachais san Aontas san am atá romhainn (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/1187, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1187/oj).
(5) COM(2007) 386 final. lch. 3.
(6) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE)) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(7) Mar a léirítear i sonraí maidir leis an Ostair nó maidir leis an nGréig.
(8) Tá sampla den dea-chleachtas le fáil sa Chróit, Ballstát a d’éirigh le hinsint a chruthú maidir le fuinneamh a chomhtháthú laistigh de raon feidhme an ombudsman náisiúnta.
(9) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Féintomhaltas fuinnimh aonair agus comhchoiteann mar ghné sa chomhrac ar son an aistrithe ghlais agus an aistrithe fuinnimh, agus na cothromaíochta eacnamaíche agus sóisialta (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2024/873, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/873/oj).
(10) IO C 262, 25.7.2018, lch. 86.
(11) IO C 429, 11.12.2020, lch. 85.
(12) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus an athléimneacht san Aontas Eorpach: dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 88).
(13) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Soláthar agus praghsáil an leictreachais san Aontas san am atá romhainn (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/1187, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1187/oj).
(14) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tithíocht shóisialta san Aontas atá cuibhiúil, inbhuanaithe agus inacmhainne (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/771, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/771/oj).
(15) Ag tógáil ar dhea-chleachtais amhail iad siúd a léiríonn BEI.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/27/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)