|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/23 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Conas scileanna glasa a chinntiú agus institiúidí gairmoideachais glasa a chur chun cinn
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Danmhairge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)
(C/2026/23)
Rapóirtéir:
Nicoletta MERLOComhrapóirtéir:
Jean-Michel POTTIER|
Comhairleoir |
Francis PETEL (do chomhrapóirtéir Ghrúpa I) |
|
Iarraidh ó Uachtaránacht na Danmhairge ar an Aontas |
Litir, 7.2.2025 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
3.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
96/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Molann CESE go nglacfaí cur chuige córasach maidir leis an oiliúint i scileanna glasa, ceann lena gcomhtháthófaí rialachas il-leibhéil, infheistíocht spriocdhírithe agus samhlacha oideachais cuimsitheacha. Ní mór beart nithiúil a dhéanamh den lúfaireacht i ndearadh scileanna, trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú, agus trí na sásraí atá ann cheana a chur chun feidhme go héifeachtach, cuir i gcás an córas Eorpach um fhaireachán ar scileanna glasa agus faireachlanna críochacha. Ar an mbealach sin, d’áiritheofaí go mbeadh creat láidir ann chun faireachán a dhéanamh ar na riachtanais a bheadh ann ó thaobh scileanna glasa de agus na scileanna sin a réamh-mheas freisin trí ionstraimí seanbhunaithe a úsáid agus a fhorbairt in ionad ionstraimí nua a bhunú. |
|
1.2. |
Molann CESE go mbainfí úsáid straitéiseach as cistí Eorpacha chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a nuachóiriú, chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus chun cáilíochtaí na n-oiliúnóirí a fheabhsú. Ba cheart dreasachtaí cánach a chur chun cinn, agus sainmhíniú soiléir a thabhairt ar an rud is infheistíocht san oiliúint ann, cúrsaí maoiniúcháin, cuntasaíochta agus an faireachán ar thorthaí san áireamh. Measann CESE freisin gur gá comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a spreagadh chun scileanna glasa a fhorbairt agus chun tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do FBManna agus cláir oiliúna á gcur chun feidhme acu. Thairis sin, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go leithdháilfear dóthain acmhainní chun oiliúint éifeachtach ghlas agus dhigiteach a ráthú. |
|
1.3. |
Chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú glas fíorchuimsitheach, molann CESE creat soiléir a fhorbairt chun micridhintiúir a chur chun feidhme agus glacadh forleathan conairí oiliúna modúlacha solúbtha a chur chun cinn, go háirithe na conairí sin atá bunaithe ar an bhfoghlaim chumaisc. Ba cheart díriú go sonrach ar rochtain a thabhairt d’fhoghlaimeoirí fásta agus d’oibrithe ar bheagán cáilíochtaí ar na conairí sin. Ní mór tacú leis na hiarrachtaí sin trí bhíthin treoraíocht phearsantaithe agus seirbhísí tacaíochta lena neartaítear scileanna trasnaí agus lena gcothaítear tiomantas don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. |
|
1.4. |
Molann CESE go ndéanfaí an inbhuanaitheacht a chomhtháthú go córasach san oideachas agus san oiliúint trí chomhar trasteorann, trí shoghluaisteacht mac léinn agus múinteoirí, agus trí mhalartú dea-chleachtas. Gabhann ról tábhachtach le clár Erasmus+ sa mhéid go dtacaíonn sé leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Ar an ábhar sin, ní mór an clár a chistiú ar bhealach leordhóthanach agus tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dó. Is uirlis uathúil é clár Erasmus+ chun soghluaisteacht mac léinn agus múinteoirí a chur chun cinn, rud atá riachtanach chun comhar trasteorann, nuálaíocht sna curaclaim agus malartú dea-chleachtas a chothú. |
|
1.5. |
Molann CESE an chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go hiomlán agus a áirithiú go bhfuil ‘an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil’. Is gá aitheantas na scileanna a fhaightear i gcomhthéacsanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a chur chun cinn, agus plé rialta idir na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun pleananna forbartha gairmiúla a leagan amach a bheidh comhsheasmhach le riachtanais ghnó agus le mianta aonair. |
|
1.6. |
Ba cheart deiseanna a thabhairt d’oibrithe tairbhe a bhaint as an ngairmoiliúint ar ardchaighdeán le linn a ngairmréime, lena n-áirítear treoraíocht agus uirlisí measúnaithe scileanna. Measann CESE gur gá díriú ar chonairí mearoiliúna i dtreo go mbeidh ar chumas oibrithe aistriú chuig róil ghlasa agus dhigiteacha nó iad féin a chur in oiriúint dóibh, trí úsáid a bhaint as formáidí oiliúna solúbtha éagsúla, chomh maith le hoiliúint shaincheaptha a fhorbairt do ghrúpaí leochaileacha, arna gcomhlánú le bearta gníomhacha tacaíochta fostaíochta agus le córais treoraíochta ar feadh an tsaoil. Ina theannta sin, tá gá le cur chuige comhchoiteann Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na hoiliúna agus chun dea-chleachtais a scaipeadh, lena n-áirítear trí mheán an idirphlé shóisialta agus na cómhargála i gcomhréir le cleachtais náisiúnta. |
|
1.7. |
Tá CESE ag iarraidh go n-úsáidfí an intleacht shaorga mar uirlis chun gurbh fhearr a d’fhreastalódh an ghairmoiliúint ar riachtanais an aistrithe ghlais, chun riachtanais oiliúna atá ag teacht chun cinn a thuar, chun curaclaim a thabhairt cothrom le dáta go tapa agus chun conairí foghlama a phearsantú. Mar sin féin, ba ríthábhachtach a áirithiú go mbeadh úsáid na hintleachta saorga eiticiúil agus inbhuanaithe, agus go gcuirfí oiliúint leordhóthanach ar mhúinteoirí agus ar oiliúnóirí. |
2. Réamhrá
|
2.1. |
Is deis gan diongbháil agus príomhdhúshlán straitéiseach don Aontas iad an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ós amhlaidh a bhíonn tionchar acu ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an bhfostaíocht. Ní bheidh rath ar na haistrithe sin mura múinfear na scileanna is gá d’oibrithe agus do chuideachtaí chun réitigh inbhuanaithe a oiriúnú, a nuáil agus a chur chun feidhme. Ós rud é go mbíonn de thoradh ar an aistriú chuig an aeráidneodracht go gcuirtear athchuma ar earnálacha áirithe, go gcruthaítear poist nua agus go ndéantar na cinn atá ann cheana a athshainiú, tá sé ríthábhachtach an fhostaíocht ghlas, an fás, an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a chur chun cinn agus tacú leo. Chuige sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar oiliúint agus athoiliúint oibrithe agus athruithe in áiteanna oibre na todhchaí a thuar. Ós amhlaidh atá, ba ríthábhachtach tacú leis an gComhshocrú Aeráide (1), a leanann as gníomhaíochtaí an Aontais i réimse na bpost glas agus a thacóidh go gníomhach le heagraíochtaí saothair, le hinstitiúidí oideachais agus le húdaráis phoiblí chun cabhrú leo siúd atá ag lorg oibre sa gheilleagar glas. |
|
2.2. |
Tá ganntanas forleathan scileanna glasa ann, go háirithe sna FBManna agus i bpríomhearnálacha, cuir i gcás tógáil, iompar, bainistiú dramhaíola, fuinneamh agus innealtóireacht (2). Is ábhar imní, murab ionann is riamh, í an easpa scileanna glasa sa lucht saothair, agus níl ag éirí leis na hiarrachtaí oiliúna agus athoiliúna atá ar siúl cos a choinneáil leis an éileamh fós (3). Tá sé thar a bheith tábhachtach aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, lena n-áirítear trí scileanna glasa a chomhtháthú sa churaclam oiliúna tosaigh do gach duine óg agus do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, ionas gur féidir leis an Aontas a spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta a bhaint amach agus aistriú cothrom cuimsitheach chuig an ngeilleagar glas a áirithiú (4). |
|
2.3. |
Ní bhainfear amach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip — mar shampla an aeráidneodracht agus an geilleagar ciorclach — mura mbí córais oideachais agus oiliúna ann arb acmhainn dóibh saoránaigh eolacha, tomhaltóirí eolasacha agus oibrithe oilte a chumhachtú. Tá ról lárnach ag an oideachas agus ag an oiliúint, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú, maidir le feasacht chomhshaoil a fheabhsú, smaointeoireacht chórasach a spreagadh, scileanna teicniúla agus idirdhisciplíneacha a fhorbairt, sin agus gníomhaíocht chomhchoiteann ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Tá gá le cur chuige saolré sistéamach, lena gcuimseofar gach cineál oideachais, mar atá an t-oideachas éigeantach scoile, an ghairmoiliúint, an t-ardoideachas agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus lena ndéanfar inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a chomhtháthú ar bhealach iomchuí sna curaclaim agus sa rialachas, chomh maith le comhpháirtíochtaí le bardais agus réigiúin agus le gnólachtaí. |
|
2.4. |
Sa chomhthéacs sin, tá ról ríthábhachtach ag institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna chun tacú le claochlú na n-earnálacha táirgiúla agus chun aistriú cothrom a áirithiú. Thairis sin, i gcás cuideachtaí, is é toradh a bhíonn ar infheistíocht a dhéanamh i scileanna glasa ná borradh a chur faoin iomaíochas, samhlacha táirgthe a nuáil agus daoine tréitheacha a mhealladh. I gcás oibrithe, is é toradh a bheadh air ó cheart ná rochtain ar dheiseanna gairmiúla nua, cáilíochtaí níos fearr agus dálaí oibre níos cobhsaí a chinntiú dóibh. Is éard is aidhm don tústuairim seo, a d’iarr Uachtaránacht na Danmhairge, ná tacú leis an aistriú paraidíme is gá chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a shuí mar uirlis straitéiseach le haghaidh aistriú cothrom cuimsitheach atá dírithe ar chúrsaí barr feabhais agus cáilíochta. Comhlánú ar an tuairim seo is ea an tuairim ghaolmhar ó CESE — SOC/826 (5). |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is féidir ‘scileanna glasa’ a shainmhíniú mar na scileanna a theastaíonn ón lucht saothair, i ngach earnáil agus ar gach leibhéal, chun tacú le hoiriúnú táirgí, seirbhísí agus próiseas do na hathruithe a eascraíonn as an athrú aeráide agus as ceanglais agus rialacháin chomhshaoil (6). Áirítear orthu sin na scileanna teicniúla (scileanna eolaíocha, teicneolaíochta agus innealtóireachta) agus na scileanna boga (an chinnteoireacht, an chruthaitheacht, an smaointeoireacht chriticiúil, an comhar idirdhisciplíneach, an tsaoránacht ghníomhach agus cultúr inbhuanaitheachta, bainistiú tionscadal agus an fhiontraíocht) atá riachtanach don aistriú glan-nialasach agus atá ailínithe le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna na Náisiún Aontaithe). |
|
3.2. |
Sa bhreis ar ghanntanais scileanna glasa, tá neamhréir níos leithne ann idir córais oiliúna agus riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair, rud atá curtha in olcas mar gheall ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Mar a luadh in Aontas na Scileanna, beidh an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú ríthábhachtach i rith shaol agus ghairmréim an duine. Ar a shon sin, bíonn duine fásta amháin as gach cúigear ag streachailt leis an léamh agus an scríobh, agus glacann níos lú ná 40 % den daonra fásta páirt san oideachas nó san oiliúint, ráta atá i bhfad faoi bhun na sprice 60 % a leagadh síos do 2030. Tá an sciar sin i bhfad níos ísle i measc daoine fásta ar bheagán oiliúna (18,4 %). Níl scileanna digiteacha bunúsacha ag beagnach leath den daonra fásta in ainneoin go bhfuil na scileanna sin riachtanach le haghaidh níos mó ná 90 % de na poist atá ann. Tá srianta ama, breithnithe airgeadais, freagrachtaí cúraim agus easpa spreagtha ar chuid de na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine fásta páirt a ghlacadh san fhoghlaim bhreise. |
|
3.3. |
D’ainneoin iarrachtaí an Aontais an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a neartú (7), is gá díriú ar churaclaim a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach mar chumasóir do na scileanna ábhartha sa mhargadh saothair atá tábhachtach do gach oibrí, chun an baol a sheachaint go mbeadh an oiliúint ilroinnte, as dáta agus dorochtana do ghrúpaí leochaileacha i gcónaí. Tá sé ríthábhachtach freisin treoir níos soiléire a chur ar fáil do dhaoine óga maidir le féidearthachtaí fostaíochta sa todhchaí ionas go mbeidh siad in ann roghanna eolasacha agus todhchaí-bhunaithe a dhéanamh a mhéid a bhaineann le cúrsaí oideachais agus gairme. Mar gheall ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le cáilíocht an oideachais, cuirtear iomaíochas agus comhtháthú na hEorpa agus rath an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh i mbaol a thuilleadh (8) agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin mar ba chuí. |
|
3.4. |
Tá dearcthaí sóisialta i leith an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna fós ina mbacainn: ní roghnaíonn ach 48 % de dhaltaí meánscoile uachtaracha san Eoraip gairmoideachas agus gairmoiliúint (9), rud a léiríonn an stádas níos ísle atá acu i gcomparáid le hoideachas acadúil. Tá gá le haistriú cultúrtha chun tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúnta a fheabhsú agus chun a aithint go bhfuil an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ríthábhachtach don nuálaíocht, don inbhuanaitheacht agus don chuimsiú, i bhfianaise go bhfuil speisialtóireachtaí nua á gcruthú freisin ag an aistriú chuig sochaithe ísealcharbóin agus go bhfuil róil a ndearnadh faillí orthu roimhe seo á n-athbheochan (10). Mar shampla, is sampla í Bliain Ghairmoideachais agus Ghairmoiliúna na Danmhairge de thionscnamh arb é is aidhm dó cur leis an tuiscint atá ag an bpobal ar dheiseanna gairmoideachais agus gairmoiliúna (11). |
|
3.5. |
Cuirtear i dtábhacht i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach (12)‘[nach] mór an t-aistriú glas a bheith dírithe ar an duine agus a bheith cuimsitheach chun torthaí cothroma córa a áirithiú, chun poist ardcháilíochta a ghiniúint agus chun [nach] bhfágfar aon duine ar lár’. Is príomhghné den aistriú glas é sin agus tá sé ríthábhachtach chun dlisteanacht a chruthú agus chun nach dtabharfar le tuiscint go héagórach go bhfuil dálaí agus cearta oibrithe á ngéilleadh. Tá díospóireacht ann freisin maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh oibrithe a bhfuil a réimsí oibre ag dul i léig in ann aistriú go héasca chuig poist nua, ós minic na poist sin lonnaithe in áiteanna éagsúla agus scileanna éagsúla ag teastáil lena n-aghaidh (13). |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
Chun aistriú aeráidneodrach a bhaint amach teastaíonn cur chuige sistéamach i leith na hoiliúna i scileanna glasa lena n-ionchorpraítear rialachas, infheistíocht agus samhlacha oideachais chuimsithigh. Tá sé fíor-riachtanach scileanna glasa a chomhtháthú i bpleananna náisiúnta agus in idirphlé struchtúrtha i measc institiúidí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, soláthraithe oiliúna agus an phobail eolaíochta chun gur féidir próifílí poist atá ag teacht chun cinn a shainaithint. Le rialachas il-leibhéil, in éineacht le tacaíocht ó uirlisí amhail faireachlanna críochacha agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, is fearr is féidir riachtanais a shainaithint agus straitéisí níos spriocdhírithe a fhorbairt. Anuas air sin, tá córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna níos láidre agus córais níos láidre don aistriú ón scoil go dtí an obair ríthábhachtach do chomhtháthú na hóige in earnálacha a bhfuil fás láidir éiceolaíoch agus digiteach fúthu. Mar a cuireadh i dtábhacht le hAontas na Scileanna, ní mór na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach go sainráite sna creataí rialachais chun a áirithiú go mbeidh na beartais agus na cláir oiliúna go hiomlán i gcomhréir le héilimh an aistrithe ghlais. |
|
4.2. |
Tá sé ríthábhachtach údaráis réigiúnacha agus áitiúla a chumhachtú sa phleanáil oiliúna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúnacha agus áitiúla, chun an oiliúint a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla eacnamaíocha agus sóisialta. An lúfaireacht is gá a léiriú agus na scileanna is gá á sainiú agus na conairí oiliúna agus na cáilíochtaí gaolmhara a theastaíonn ón margadh á ndearadh, ní mór tuilleadh a bheith i gceist léi ná fógraí faoina bhfuil beartaithe. Os a choinne sin, ní mór an lúfaireacht sin a bheith ina tosaíocht d’institiúidí oiliúna |
|
4.3. |
Chuir CESE i bhfáth a thábhachtaí atá an oiliúint leanúnach in earnálacha glasa straitéiseacha, agus béim á leagan aige ar ról na seirbhísí gairmiúla (14). Tá gá le córas Eorpach um fhaireachán ar scileanna glasa atá bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana chun riachtanais oiliúna atá ag teacht chun cinn a bhrath go réamhghníomhach agus chun freastal mar is ceart orthu. Dá mbeadh uirlis thráthrialta tuairiscithe agus tagarmharcála in úsáid, chuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus thabharfaí treoir maidir le feabhsuithe leanúnacha. I gcóras den sórt sin, ba cheart sonraí agus staidéir fhadbhreathnaitheacha atá imdhealaithe ó thaobh aoise de a áireamh chun fís mheántéarmach agus fhadtéarmach a fháil ar threochtaí sa mhargadh saothair. |
|
4.4. |
Tá infheistíocht agus dreasachtaí ríthábhachtach. Tá úsáid straitéiseach chistí an Aontais (15) ríthábhachtach chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a nuachóiriú, chun bonneagar a uasghrádú, chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus chun oiliúint a chur ar oideoirí. Dreasachtaí cánach do chuideachtaí a infheistíonn i scileanna glasa, chomh maith le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun braislí oiliúna nuálacha a fhorbairt (e.g. fuinneamh in-athnuaite agus tógáil inbhuanaithe), is dhá rud iad sin ba cheart a spreagadh. Chun infheistíocht den sórt sin a dhéanamh, ní mór athruithe rialála agus cuntasaíochta oiriúnacha a dhéanamh chomh maith le faireachán a dhéanamh ar thorthaí, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta Bhallstáit an Aontais. |
|
4.5. |
A mhéid a bhaineann leis an aistriú glas, caithfidh sé a bheith cuimsitheach agus ní mór conairí oiliúna inrochtana, solúbtha agus modúlacha a chur chun cinn leis, amhail na conairí sin atá bunaithe ar mhicridhintiúir (a bhfuil creat soiléir cur chun feidhme ag teastáil ina leith) agus iad siúd atá bunaithe ar an bhfoghlaim chumaisc, lena gcuirtear ar a gcumas d’oibrithe fásta agus d’oibrithe ar bheagán cáilíochtaí scileanna nua a shealbhú. Beidh sé ríthábhachtach freisin seirbhísí treoraíochta agus tacaíochta aonair a áirithiú, ar seirbhísí iad lena bhfeabhsaítear scileanna trasnaí agus lena gcothaítear spreagadh don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Beidh gá le hoiliúint shaincheaptha do ghrúpaí leochaileacha a fhorbairt agus a fhorlíonadh le bearta gníomhacha tacaíochta fostaíochta agus le córais treoraíochta ar feadh an tsaoil. Ghabhann ról straitéiseach le printíseachtaí do dhaoine fásta, mar a cuireadh chun feidhme go rathúil iad sa Danmhairg, san Fhionlainn agus sa Ghearmáin, ós rud é go bhfuil cláir mhodúlacha, formáidí páirtaimseartha, aitheantas foirmiúil taithí roimhe sin agus tacaíocht airgeadais mar chuid dóibh, rud a chuidíonn le lucht saothair athléimneach, oilte agus cuimsitheach a thabhairt chun cinn. |
|
4.6. |
Chun comhtháthú córasach na hinbhuanaitheachta san oideachas agus san oiliúint san Eoraip a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, is gá comhar trasteorann, soghluaisteacht mac léinn agus múinteoirí, agus malartú dea-chleachtas a chothú. Chuige sin, beidh sé tábhachtach sineirgí a chur chun cinn idir scoileanna, gnólachtaí agus ionaid taighde, gnéithe réigiúnacha sonracha a fheabhsú agus rannchuidiú le fíor-éiceachórais oiliúna áitiúla a fhorbairt a bheidh in ann an t-oideachas, an nuálaíocht agus an cuimsiú sóisialta a nascadh le chéile (16). |
|
4.7. |
Níl áireamh ar a thábhachtaí atá ról chlár Erasmus+ maidir le tacú le claochlú glas agus digiteach an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna ar fud na hEorpa. Trí ghníomhaíochtaí straitéiseacha amhail ionaid barr feabhais gairme, comhpháirtíochtaí Phríomhghníomhaíocht 2 (17) le haghaidh comhair, agus tionscadail soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí, cothaíonn Erasmus+ comhar trasteorann, nuálaíocht sna curaclaim agus malartú dea-chleachtas. Tá sé ríthábhachtach go leanfar de thacaíocht láidir a thabhairt do Erasmus+ agus é a chistiú go leordhóthanach sa chéad chlárthréimhse eile, chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den tionchar dearfach a ghabhann leis. |
|
4.8. |
Mar a chumhdaítear i bPrionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá an ceart ag gach duine ar fhoghlaim ardcháilíochta chuimsitheach ar feadh an tsaoil chun scileanna a fháil agus a fhorbairt, rud a chuireann ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus aistrithe rianúla a dhéanamh sa mhargadh saothair. Is éard atá i gceist leis sin go nglacfaí cláir nuashonraithe leanúnacha le haghaidh múinteoirí agus oiliúnóirí gairmoiliúna, agus béim á leagan iontu ar mhodhanna teagaisc nuálacha agus ar ábhar atá cothrom le dáta (18). Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach aithint na scileanna a fhaightear i gcomhthéacsanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a spreagadh trí chórais thrédhearcacha um bailíochtú agus um dheimhniú, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain ag gach oibrí air. Dá ndéanfaí agallaimh ghairme a eagrú idir fostóirí agus fostaithe bheadh deis ann plean forbartha gairmiúla a roinnt, agus é d’aidhm ag an bplean sin mianta fostaithe maidir le forbairt ghairmiúil a chur i gcomhréir le riachtanais scileanna a gcuideachta. |
|
4.9. |
Ba cheart rochtain a bheith ag oibrithe ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúnt le linn a ngairmréime ar fad, lena n-áirítear uirlisí le haghaidh treoraíochta agus measúnú scileanna. Ní mór aitheantas don infheistíocht i gcaipiteal daonna a bheith ina luamhán straitéiseach don iomaíochas agus don chomhtháthú sóisialta. Maidir le córais oiliúna chorparáideacha, idir chórais inmheánacha, seachtracha, ríomhfhoghlama agus chórais ar an láthair, teastaíonn creat sainithe agus inrianaitheacht chun go mbeadh éifeacht leo. Tá gá le cur chuige comhchoiteann Eorpach le haghaidh measúnú tionchair oiliúna agus scaipeadh dea-chleachtas, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus cómhargáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais náisiúnta, agus d’fhéadfadh forálacha sonracha maidir le scileanna straitéiseacha a bheith i gceist leis sin. Ní mór córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chur in oiriúint do riachtanais na cuideachta, agus oiliúint ar an láthair oibre a bheith mar phríomhuirlis lena chois sin chun scileanna digiteacha agus glasa nua a fhorbairt. Baineann an-tábhacht le faisnéis shoiléir, faireachán cáilíochta agus inrianaitheacht chun rochtain agus éifeachtacht a áirithiú. |
|
4.10. |
Neartú an oideachais don tsaoránacht éiceolaíoch, ábhar a nascadh le taithí nithiúil áitiúil agus modheolaíochtaí idirdhisciplíneacha a ghlacadh, is bearta iad sin a bheidh cinntitheach má táthar chun prionsabail na hinbhuanaitheachta a inmheánú i gceart. Ba cheart tús a chur leis an oideachas faoin inbhuanaitheacht as luath-óige an duine chun tuiscint dhomhain ar fhreagrachtaí éiceolaíocha agus sibhialta a chothú. Le sineirge iomlán idir an t-oideachas foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, cuirfear feabhas freisin ar rannpháirtíocht na saoránach, ar an bhfoghlaim ó thaithí agus ar an bpiaroideachas. |
|
4.11. |
Is féidir leis an intleacht shaorga (IS) a bheith ina comhghuaillí cumhachtach chun gairmoideachas agus gairmoiliúint a thabhairt cothrom le dáta de réir riachtanais an aistrithe ghlais, rud a fhágann go mbeidh sé níos freagrúla d’athruithe tapa teicneolaíochta agus rialála (19). Is féidir leis an intleacht shaorga cuidiú le riachtanais oiliúna atá ag teacht chun cinn a thuar, curaclaim a thabhairt cothrom le dáta go tapa agus conairí foghlama a shaincheapadh; mar sin féin, chun í a chur chun feidhme, ní mór d’institiúidí oideachais úsáid eiticiúil, chothrom agus inbhuanaithe atá dírithe ar fhorbairt a bhaint as agus a áirithiú go mbeidh inniúlachtaí cothrom le dáta ag múinteoirí agus oiliúnóirí gairmoideachais agus gairmoiliúnta, lena n-áirítear comhtháthú na hintleachta saorga ina gcuid teagaisc. Ina theannta sin, ba cheart modúl tiomnaithe maidir le scileanna glasa agus digiteacha a áireamh i ngach clár agus gairm gairmoideachais agus gairmoiliúna, rud a áiritheoidh go mbeidh oibrithe lánullamh d’éilimh athraitheacha an mhargaidh saothair. Chun é sin a bhaint amach, ní mór uirlisí teicneolaíochta leordhóthanacha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d’oideoirí araon. |
|
4.12. |
Ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar oiliúint i gcuideachtaí, go háirithe sna FBManna (i.e. bacainní airgeadais, síceolaíocha agus eagraíochtúla, ionadaithe ag teastáil le haghaidh fostaithe atá ar shiúl ar chúrsaí oiliúna, etc.). I gcás cuideachtaí beaga, is é an sprioc atá ann gan cur isteach ar a n-eagraíocht agus gan caillteanas láimhdeachais a bheith ann toisc a dheacra atá sé fostaithe faoi oiliúint a ionadú. I gcás fostaithe, is bacainn mhór shíceolaíoch í an bhraistint go bhfuiltear ag filleadh ar an ‘scoil’, agus teastaíonn modhanna teagaisc iomchuí chun cur ina éadan. |
Is féidir le CESE agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí óige) ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil ról cinntitheach a imirt maidir le haistriú éiceolaíoch níos cothroime, níos cuimsithí agus níos rannpháirtí a chur chun cinn.
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(2) https://www.cedefop.europa.eu/it/publications/4213.
(3) Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2024 (ESDE) — Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú (AS EMPL).
(4) https://www.weforum.org/stories/2023/05/europe-green-skills-solar-wind/.
(5) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chaoi ar féidir le printíseachtaí agus scéimeanna défhoghlama cur leis na scileanna atá de dhíth ar ghnólachtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2026/11, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/11/oj).
(6) OECD/Cedefop (2014), Greener Skills and Jobs [Scileanna agus Poist níos glaise], OECD Green Growth Studies, OECD Publishing.
(7) (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32009H0708(01) agus (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32020H1202(01).
(8) An Clár Oibre Eorpach um Scileanna le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta, an Coimisiún Eorpach (2020), agus Empowering adults through upskilling and reskilling pathways [Daoine fásta a chumhachtú trí chonairí uas-scilithe agus athscilithe], Cedefop (2023).
(9) The future of vocational education and training in Europe [Todhchaí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna san Eoraip], Cedefop (2023).
(10) https://eures.europa.eu/green-transition-transforming-jobs-are-you-ready-2024-10-24_ga.
(11) https://www.cedefop.europa.eu/en/tools/vet-in-europe/systems/denmark-u3.
(13) Assessing and Anticipating Skills for the Green Transition [Measúnú a dhéanamh ar Scileanna le haghaidh an Aistrithe Ghlais agus iad a thuar], ECFE, 2023.
(14) https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/professional-services-green-transition.
(15) CSE+, NextGenerationEU agus InvestEU.
(16) ( IO C 10, 11.1.2021, lch. 40).
(17) https://erasmus-plus.ec.europa.eu/programme-guide/part-b/key-action-2.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/23/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)