European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/22

16.1.2026

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Conas is féidir le cur chuige coisctheach atá gníomhach agus cuimsitheach cur le sláinte agus sábháilteacht níos fearr san ionad oibre – an sprioc nach bhfaigheadh duine ar bith bás?

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Danmhairge)

(C/2026/22)

Rapóirtéir:

Nicoletta MERLO

Comhairleoirí

Kris De Meester (thar ceann Ghrúpa I)

Károly György (thar ceann an rapóirtéara)

Tarchur ó Uachtaránacht na Danmhairge

ar an gComhairle

Litir, 7.2.2025

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.9.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

18.9.2025

Seisiún iomlánach Uimh

599

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

178/2/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Molann CESE don Aontas agus do na Ballstáit a chinntiú go ndéanfar cosaint na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair (SSO) a áirithiú agus go ndéanfar gach baol do SSO a chosc do gach duine ag an obair de réir na Treorach Réime maidir le SSO, gan beann ar a gconradh fostaíochta, a dteideal poist nó a gconair oiliúna. Áirítear leis an gcosaint sin íoschaighdeán cuimsitheach folláine coirp, intinne agus sóisialta san ionad oibre. Chun éifeachtacht agus ábharthacht a áirithiú, ba cheart na caighdeáin is infheidhme a chomhlánú le cineálacha cur chuige spriocdhírithe agus solúbtha — amhail comhaontuithe comhchoiteanna ar leibhéal na hearnála nó ar leibhéal na cuideachta, cóid iompair, agus socruithe déthaobhacha idir na comhpháirtithe sóisialta — lena gcuirtear san áireamh rioscaí, struchtúir agus réaltachtaí oibríochtúla sonracha earnálacha agus cineálacha éagsúla oibre, d’fhonn ról a thabhairt d’oibrithe agus dá n-ionadaithe san obair sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart gach duine atá i láthair san ionad oibre, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint indíreach acu le gníomhaíochtaí táirgiúla, a chur san áireamh i mbearta coisctheacha.

1.2.

Molann CESE go ndéanfaí an comhar agus an fhreagracht chomhroinnte a neartú i measc na bpáirtithe leasmhara uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, chun bainistiú éifeachtach SSO a áirithiú. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh ionadaithe na n-oibrithe rannpháirteach go gníomhach agus go ndéanfaí an t-idirphlé sóisialta ar leibhéal na cuideachta a chur chun cinn. Le hoiliúint chuimsitheach agus, i gcás inar féidir, oiliúint chomhpháirteach idir oifigigh SSO na bhfostóirí agus ionadaithe na n-oibrithe agus comhroinnt eolais, ba cheart na páirtithe uile lena mbaineann a chumasú chun rioscaí traidisiúnta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn araon a aithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí sin a bhaineann leis an digiteáil agus le cineálacha nua oibre.

1.3.

Meabhraíonn CESE a thábhachtaí agus atá sé measúnuithe riosca cuimsitheacha a dhéanamh a théann i ngleic le gach baol ceirde, idir fhisiciúil agus síceasóisialta, a bhaineann do na hoibrithe. D’fhéadfaí iad sin a nascadh le samhlacha oibre nua agus le dúshláin chomhshaoil. Ba cheart teagmhais a bhaineann leis an aeráid amhail tonnta teasa, tuilte, agus cur isteach hidrigeolaíoch a chomhtháthú i straitéisí SSO a dhíríonn ar an gcosc.

1.4.

Tugann CESE dá aire an cur chuige atá glactha i gcuid de na Ballstáit, is é sin aithnítear tionóiscí comaitéireachta – chun críoch árachais – mar thionóiscí ceirde. Fad is atá difríochtaí ann ó thaobh sainmhínithe agus aicmithe de ó Bhallstát go Ballstát, cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta iomchuí a mheas ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn feabhas a chur ar na straitéisí coisctheacha agus ar cháilíocht agus inchomparáideacht an bhailithe sonraí araon, agus molann sé don Choimisiún agus do na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun cuir chuige níos comhsheasmhaí a chur chun cinn maidir le tionóiscí bóithre.

1.5.

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé ó thaobh SSO daoine óga de an oiliúint a chomhtháthú leis an taithí oibre. Ba cheart d’institiúidí oideachais faisnéis/oiliúint ghinearálta sláinte agus sábháilteachta a sholáthar, agus ba cheart d’fhostóirí oiliúint a bhaineann go sonrach leis an bpost a chur ar fáil, go háirithe le linn printíseachtaí agus intéirneachtaí. Ní mór cultúr na sábháilteachta a chur chun cinn chun feasacht na bhfostóirí agus na n-oibrithe a mhéadú maidir leis an dualgas atá orthu aire a thabhairt dá sábháilteacht agus dá sláinte féin ag an obair, agus do shábháilteacht agus sláinte na ndaoine a mbíonn tionchar ag a ngníomhartha nó a neamhghníomhartha ag an obair orthu. Ina theannta sin, is gá a áirithiú go nglacfar cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de san oiliúint agus i gcleachtais san ionad oibre chun bearta coisctheacha atá cuimsitheach agus saincheaptha a chur chun feidhme, ar bearta iad lena dtabharfar aghaidh ar na rioscaí sonracha agus éagsúla a bhíonn roimh fhir agus mná.

1.6.

Molann CESE beartais SSO a chur in oiriúint do threochtaí déimeagrafacha, agus aird ar leith á tabhairt ar an lucht saothair atá ag dul in aois, ós rud é go gcuidíonn dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a áirithiú do gach aoisghrúpa leis an infhostaitheacht a choinneáil, go dtacaíonn sé le haosú gníomhach, agus go neartaíonn sé an nasc idir an tsláinte cheirde agus an tsláinte phoiblí. I ndáil leis an méid sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an obair leanúnach sa Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair maidir le galair cheirde nua a aithint.

1.7.

Molann CESE meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis an Aontais maidir le SSO agus, i gcás inarb iomchuí nuashonrú fianaise-bhunaithe a dhéanamh air chun patrúin oibre atá ag teacht chun cinn a léiriú. Chun an sprioc ‘Fís Nialais’ a bhaint amach, tá gá le cur chuige cothrom lena gcomhcheanglaítear treoraíocht, reachtaíocht agus a cur chun feidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, oiriúnú do chineálacha nua oibre, agus é d’aidhm dheiridh aige sin sláinte agus sábháilteacht a neartú i ngach ionad oibre.

1.8.

Cuireann CESE i bhfáth go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le comhlíonadh agus forfheidhmiú na rialacha SSO atá ann cheana mar chéim thábhachtach chun an sprioc nach bhfaigheadh duine ar bith bás a bhaint amach. Chuige sin, tá gá le hacmhainní leordhóthanacha agus foireann ardcháilíochta le haghaidh cigireachtaí saothair, chomh maith le creat dlíthiúil iomchuí dea-fheidhmiúil i gcomhréir le Treoirlínte EIS maidir le cigireacht saothair. Ba cheart tacú le ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí freisin sa ról atá acu maidir le faireachán a dhéanamh ar dhea-chleachtais SSO san ionad oibre agus na dea-chleachtais sin a scaipeadh, agus maidir le rioscaí a shainaithint sula dtarlaíonn tionóiscí mar thoradh orthu.

1.9.

Molann CESE go mbainfí úsáid fhreagrach as córais intleachta saorga (IS) chun cosc a chur ar rioscaí, faireachán a dhéanamh ar rioscaí, agus bearta coisctheacha a phearsantú. Tá sé fíor-riachtanach trédhearcacht, rúndacht agus sláine sonraí a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar chlaontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Chuige sin, tá sé fíor-riachtanach scileanna a neartú maidir le húsáid fheasach na hintleachta saorga, lena n-áirítear san ionad oibre.

2.   Barúlacha Ginearálta

2.1.

Cuireann an CESE in iúl gur díol sásaimh dó an bhéim atá curtha ag Uachtaránacht na Danmhairge ar shábháilteacht agus sláinte ag an obair (SSO) agus an iarraidh ar thústuairim ó CESE faoi bhealaí a bhféadfaí straitéisí coisctheacha gníomhacha cuimsitheacha a chothú chun ionaid oibre fhadtéarmacha níos sábháilte agus níos sláintiúla a áirithiú – lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí dhea-chleachtais agus dea-bheartais náisiúnta a fhiosrú – chun sprioc an Aontais nach bhfaigheadh duine ar bith bás a bhaint amach.

2.2.

I bhFoclóir Eurofound an Chaidrimh Thionsclaíoch Eorpaigh, cuirtear i bhfáth gur mó i bhfad atá i gceist leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ná tionóiscí a sheachaint agus galair a chosc, is é sin gur gá gach gné d’fholláine an oibrí a chur san áireamh. Tá an sainmhíniú céanna ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). De réir an tsainmhínithe sin, tá rialacháin sláinte agus sábháilteachta dírithe ar an leibhéal is airde folláine coirp, meabhrach agus sóisialta d’oibrithe i ngach gairm a chur chun cinn agus a choinneáil ar bun. I mbeagán focal, le sláinte agus sábháilteacht cuirtear chun cinn oiriúnú na hoibre don duine agus oiriúnú gach duine dá phost (1).

2.3.

Mar gheall ar an bpeirspictíocht leathan sin, tá gá le comhar idir disciplíní iomadúla (2). Dá bhrí sin ba cheart SSO a bheith dírithe ar an ngaol díreach idir guaiseacha san ionad oibre agus torthaí amhail gortuithe agus galair cheirde, lena n-áirítear timpeallachtaí oibre atá ag athrú agus rioscaí nua ceirde. Tá gá freisin le feasacht mhéadaithe ar thosca seachtracha lasmuigh den obair agus SSO – amhail galair ainsealacha, dálaí socheacnamaíocha agus paindéimí – a dteastaíonn cur chuige ildisciplíneach ina leith agus nach mór measúnú a dhéanamh orthu. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc idir an obair agus an stíl mhaireachtála: níl aon amhras ach go mbíonn iarmhairtí dearfacha ag roghanna stíle maireachtála sláintiúla (amhail gníomhaíocht choirp, aird a thabhairt ar a bhfuil á ithe agus á n-ól agat, etc.) ar an obair agus vice versa (bíonn impleachtaí dearfacha ag baint le bheith sásta ag an obair ar an saol príobháideach). Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, comhtháthaítear measúnuithe riosca traidisiúnta le tuiscint ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn agus a n-athraíonn tosca oibre agus neamhoibre le linn gairmréim duine, rud a thacaíonn sa deireadh le folláine níos leithne oibrithe (3).

2.4.

Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, is é is cuspóir don Treoir Réime maidir le SSO (4) bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh. Chuige sin, tá prionsabail ghinearálta sa Treoir a bhaineann le rioscaí ceirde a chosc, sábháilteacht agus sláinte a chosaint, tosca riosca agus tionóisce a dhíothú, oibrithe a chur ar an eolas, dul i gcomhairle leo agus rannpháirtíocht chothrom oibrithe (i gcomhréir le dlíthe agus/nó cleachtais náisiúnta) agus oiliúint a chur ar oibrithe agus ar a n-ionadaithe, chomh maith le treoirlínte ginearálta maidir le cur chun feidhme na bprionsabal sin (5). Thairis sin, tá an Treoir Réime infheidhme maidir le gach earnáil gníomhaíochta, idir phoiblí agus phríobháideach, agus tá an fhreagracht dhlíthiúil ar chuideachtaí a áirithiú go mbeidh oibrithe agus daoine san ionad oibre sábháilte i gcónaí. I gcás fochonraitheoireachta, cumhdaítear oibrithe fochonraitheoirí le SSO trína gcaidreamh fostaíochta lena bhfostóir, agus áirítear in Airteagal 6(4) den treoir forálacha maidir le comhar idir fostóirí nuair a chomhroinneann roinnt gnóthas ionad oibre. Ina theannta sin, luaitear i bprionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil sé de cheart ag ‘Oibrithe ardleibhéal cosanta dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair a fháil’.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

In 2022, bhí 2,97 milliún tionóisc neamh-mharfach ann as ar eascair 4 lá féilire nach raibh an t-oibrí i láthair ag an obair ar a laghad agus bhí 3 286 thionóisc mharfacha san Aontas, arb é atá ann sin cóimheas de thart ar 905 thionóisc neamh-mharfacha i gcás gach tionóisce marfaí. Le linn 2022, tharla trí cinn as gach deich dtionóisc neamh-mharfacha (29,9 %) ag an obair san Aontas ar láithreáin thionsclaíocha. Le linn 2022, maidir le níos mó ná an ceathrú cuid (27,4 %) de thionóiscí marfacha ag an obair san Aontas d’eascair siad as smacht a chailleadh ar mheaisín, uirlis nó trealamh iompair/láimhseála. Ba iad strus fisiciúil nó meabhrach (22,4 %) nó imbhualadh le rud seasta (21,6 %) ba chúis leis na cineálacha tionóiscí neamh-mharfacha ba choitianta ag an obair san Aontas (6).

3.2.

Le cosaint in SSO agus rioscaí a chosc laistigh de raon feidhme na Treorach Réime maidir le SSO, cuimsítear gach cineál fostaíochta, gan beann ar chonradh fostaíochta, teideal poist, nó socruithe oiliúna, lena n-áirithítear go mbainfidh gach oibrí tairbhe as bonnlíne caighdeán sábháilteachta agus sláinte agus caighdeáin lena gcuireann lena bhfolláine shóisialta, mheabhrach agus fhisiciúil (i.e. an ‘duine iomlán’). An tráth céanna, is féidir an chosaint sin a chothromú le cineálacha cur chuige saincheaptha, amhail comhaontuithe déthaobhacha idir na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear comhaontuithe ar leibhéal na hearnála agus na cuideachta, agus cóid iompair, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha earnálacha, eagraíochtaí agus próifílí riosca éagsúla, d’fhonn oibrithe agus a n-ionadaithe a bheith rannpháirteach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. I bhfianaise ‘Fís Nialais’, ba cheart cur chuige cuimsitheach a bheith ann lena gcuirfí gach duine atá i láthair san ionad oibre san áireamh.

3.3.

Cuirtear i dtábhacht i dtreoirlínte EIS (7) a thábhachtaí atá sé treoirlínte náisiúnta agus treoirlínte shaincheaptha araon a fhorbairt do chórais bainistithe SSO chun na dálaí agus na ceanglais éagsúla a fhaightear ar fud na n-ionad oibre a léiriú, lena n-áirítear breithnithe maidir le méid na heagraíochta agus cineál na ngníomhaíochtaí, ina bhfuil oibrithe agus ceardchumainn rannpháirteach. Maidir leis an gcosc, tá éirithe go maith le sampla na Polainne, áit a raibh ról tacaíochta agus comhlántach ag cigirí saothair shóisialta ó na 1950idí i leith (8).

3.4.

Is dea-chleachtas í an taithí a fuarthas san Iodáil ar phrótacail frithphaindéime a chur chun feidhme toisc gur léirigh sí gur féidir rialacha uilíocha a oiriúnú go héifeachtach d’imthosca uathúla ionad oibre aonair trí chómhargáil agus trí chomhchoistí, rud a léiríonn luach an idirphlé shóisialta agus an tábhacht a bhaineann le cosaint leathan a chomhcheangal le bearta cás-shonracha.

3.5.

I measc na nithe atá bunriachtanach le haghaidh bainistiú éifeachtach SSO, tá an comhar agus an fhreagracht chomhroinnte i measc na bpáirtithe leasmhara uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, agus idirphlé sóisialta éifeachtach a áirithiú i réimse SSO agus rannpháirtíocht ionadaithe oibrithe i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Tá dualgas ar fhostóirí sábháilteacht san ionad oibre a áirithiú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta/comhaontuithe comhchoiteanna, ach tá gá le comhfhreagracht ó údaráis phoiblí, ó chigireachtaí, ó cheardchumainn agus ó na hoibrithe iad féin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí SSO, go háirithe na rioscaí nua agus na rioscaí atá ag athrú, amhail na rioscaí sin a eascraíonn as an gclaochlú teicneolaíoch agus as an athrú aeráide. Tá sé fíor-riachtanach na príomhghníomhaithe uile a chumhachtú trí eolas a chomhroinnt, trí dhea-chleachtais, trí rannpháirtíocht ghníomhach ionadaithe oibrithe ar leibhéal na cuideachta a chothú agus trí oiliúint a chur orthu: ní mór go mbeadh oibrithe, fostóirí agus institiúidí poiblí a bheith rannpháirteach go gníomhach in iarrachtaí coisctheacha agus rannpháirtíochta araon. Is féidir le rannpháirtíocht éifeachtach ionadaithe sábháilteachta na n-oibrithe agus bunú coistí SSO, nuair a fhoráiltear dó sin sa chóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch lena mbaineann, cabhrú le comhar gníomhach a éascú idir fostóirí agus oibrithe chun timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a bhunú.

3.6.

Ina theannta sin, ba cheart tionscnaimh oiliúna a bheith cuimsitheach agus, i gcás inar féidir, ba cheart ionadaithe cuideachtaí agus ionadaithe fostaithe araon a bheith rannpháirteach iontu, rud lena n-áiritheofar go mbeidh na páirtithe uile in ann rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí sin a bhaineann leis an digitiú agus le timpeallachtaí oibre atá ag athrú. Sa Danmhairg, leis an gcomhar brainse maidir le SSO (BFAnna) in ionaid oibre, atá cistithe go páirteach ag an rialtas agus atá comhdhéanta d’ionadaithe fostóirí agus oibrithe, cuirtear chun cinn tionscnaimh nithiúla san ionad oibre, cuirtear comhairle agus uirlisí praiticiúla ar fáil chun sláinte agus sábháilteacht a fheabhsú bunaithe ar riachtanais atá bunaithe ar an earnáil agus ar an ionad oibre.

3.7.

Chun aghaidh a thabhairt ar shamhlacha agus ar thimpeallachtaí oibre nua, tá gá le measúnuithe riosca agus cur chuige cuimsitheach i leith rioscaí fisiciúla agus síceasóisialta araon. Mar shampla, is cúis mhór imní fós é an nochtadh do charcanaiginí, agus meastar i dTreochlár 2016 maidir le Carcanaiginí (9) go mbíonn thart ar 120 000 cás ailse a bhaineann leis an obair gach bliain san Aontas. Tá géarghá freisin le haghaidh a thabhairt go córasach ar ghalair cheirde, lena n-áirítear iad siúd arb iad rioscaí síceasóisialta agus neamhoird mhatánchnámharlaigh is cúis leo, agus le liosta uile-Aontais de ghalair cheirde aitheanta a fhorbairt a thuilleadh. Ba cheart uirlisí nua-aimseartha – amhail OIRA (10) – a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe sna hearnálacha MFBManna. Bíonn an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) ag gabháil don phlé ar na dúshláin bheartais sin ar bhonn leanúnach.

3.8.

Mar gheall ar an gcianobair, bíodh sí ón mbaile, ó spásanna comhoibre, nó ón gcoigríoch, tá gnéithe nua ag baint le SSO oibrithe a áirithiú. Tugann meastacháin reatha le fios go n-oibríonn thart ar 12,3 % de lucht saothair an Aontais go cianda, agus tugann na meastacháin is déanaí le fios go bhfuil méadú seasta ann, agus go bhféadfadh sé go mbeadh suas le 15 % den lucht saothair ag oibriú go cianda faoi 2025 (11). De réir mar a chumasctar timpeallachtaí oibre le spásanna poiblí agus le tithe, cruthaíonn cineálacha nua oibre, lena n-áirítear teilea-obair, dúshláin nua do SSO ó thaobh an fhostóra de agus ó thaobh an oibrí de araon (e.g. rochtain fostóirí, cosaint sonraí) agus is léir gur gá beartais SSO a chur in oiriúint do na réaltachtaí nua a ghabhann leis an gcianobair, agus na cleachtais náisiúnta á gcur san áireamh agus ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á n-urramú. Sna Ballstáit ina bhfuil (de réir staidéar Eurofound (12)) beartais maidir leis an gceart chun dícheangail curtha i bhfeidhm, léirítear sna sonraí go mbíonn tionchar dearfach ag beartais den chineál sin ar chothromaíocht oibre is saoil, ar shláinte agus ar fholláine, agus ar shásamh foriomlán post.

3.9.

Maidir leis an nasc idir SSO agus saincheisteanna comhshaoil, amhail an t-athrú aeráide agus rioscaí hidrigeolaíocha, tá sé ag éirí níos ábhartha, agus is féidir leis oibrithe a nochtadh do ghuaiseacha nua ag an obair, lena n-áirítear tinneas a bhaineann leis an obair, gortú agus strus síceolaíoch agus fisiceach agus, dá bhrí sin, is féidir go mbeidh gá le measúnú riosca comhtháite agus glacadh beart coisctheach.

3.10.

Ní dhéantar tionóiscí a tharlaíonn ar an mbealach chuig an obair agus ón obair a aicmiú go comhsheasmhach mar thionóiscí ceirde ar fud na mBallstát uile. Mar sin féin, tá sé tábhachtach breithniú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige iomchuí ina leith sna Ballstáit, lena n-áirítear chun críoch coisctheach agus chun cáilíocht agus inchomparáideacht an bhailithe sonraí a fheabhsú. D’fhéadfadh coincheap ‘Fís Nialais’ an Aontais maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a bheith ina chuidiú freisin chun aidhmeanna SSO a bhaint amach (13).

3.11.

Maidir le cláir oiliúna sa láthair oibre do dhaoine óga, amhail printíseachtaí agus intéirneachtaí, ba cheart oiliúint maidir le SSO a bheith ina freagracht chomhroinnte idir institiúidí oideachais agus fostóirí: ba cheart do na scoileanna a bheith freagrach as faisnéis/oiliúint ghinearálta sláinte agus sábháilteachta, agus ba cheart do chuideachtaí oiliúint a chur ar fáil a bhaineann go sonrach leis an bpost. Trí chultúr sábháilteachta a chur chun cinn mar bhunluach ó thús aistir gairmréime, cuidítear lena áirithiú go mbeidh gach oibrí óg in ann rioscaí san ionad oibre a shainaithint agus a bhainistiú. Ba cheart go bhfágfadh cultúr na sábháilteachta gur mhó feasacht na bhfostóirí agus na n-oibrithe maidir leis an dualgas atá orthu aire a thabhairt dá sábháilteacht agus dá sláinte ag an obair, agus do shábháilteacht agus sláinte na ndaoine a mbíonn tionchar ag a ngníomhartha nó a neamhghníomhartha ag an obair orthu. Ina theannta sin, ba cheart cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a phríomhshruthú san oiliúint agus sa chleachtas san ionad oibre araon, agus é á aithint go bhféadfadh rioscaí ceirde éagsúla a bheith ann d’fhir agus do mhná agus go dteastaíonn bearta coisctheacha saincheaptha, chun a áirithiú go mbeidh córais SSO cuimsitheach agus éifeachtach do gach oibrí, gan beann ar inscne.

3.12.

Tá sé fíor-riachtanach SSO a chur in oiriúint do dhéimeagrafaic an lucht saothair, go háirithe an lucht saothair atá ag dul in aois, chun saol oibre sláintiúil a áirithiú agus chun an tsláinte a bhaineann leis an obair a nascadh go héifeachtach le saincheisteanna sláinte poiblí níos leithne. Chun athchóiriú a dhéanamh ar phinsin agus saol oibre níos faide a bhaint amach, ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar ábhar post agus ar na dálaí a chuireann ar a gcumas d’oibrithe scothaosta leanúint de bheith gníomhach agus sláintiúil san fhostaíocht. Ní mór d’iarrachtaí SSO um chosc córais na hathruithe déimeagrafacha sin a chur san áireamh, agus béim á leagan ar pheirspictíocht conaire saoil lena gcuirtear béim ar chosc, ar mheasúnú riosca bunaithe ar chumas oibre seachas ar aois, chomh maith le coigeartuithe san ionad oibre chun freastal ar riachtanais aonair agus ar athsciliú.

3.13.

De réir mar a athraíonn eagrú na hoibre agus foirmeacha fostaíochta go tapa, tá sé fíor-riachtanach meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis an Aontais maidir le SSO chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ábhartha agus éifeachtach. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar bhailíocht na rialachán atá ann cheana agus cuimhneamh ar bhearta nua fianaisebhunaithe a thabhairt isteach nuair is gá. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar phatrúin oibre atá ag teacht chun cinn. Leis na hiarrachtaí sin uile, ba cheart rannchuidiú leis an sprioc uileghabhálach sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a fheabhsú.

3.14.

Céim thábhachtach eile i dtreo na sprice nach bhfaigheadh duine ar bith bás is ea rialú, comhlíonadh agus forfheidhmiú na rialachán SSO atá ann cheana a áirithiú. Áirítear leis sin acmhainní leordhóthanacha agus foirne ardcháilíochta a sholáthar do chigireachtaí saothair mar aon le creat dlíthiúil feidhmiúil iomchuí dea-fheidhmiúil. Ina theannta sin, is féidir le ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí ról a imirt maidir le faireachán a dhéanamh ar dhea-chleachtais in SSO agus iad a scaipeadh.

3.15.

Chun anailís a dhéanamh ar thionóiscí ceirde agus iad a chosc, sainaithníodh roinnt dea-chleachtas is féidir a chomhroinnt agus a chur chun cinn, lena n-áirítear na bearta seo a leanas:

neasteagmhais a thaifeadadh agus anailís a dhéanamh orthu (14) (lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí shonraí iontaofa a bhailiú chun gur féidir beartais a cheapadh ar bhonn fianaise);

faireachán a dhéanamh ar na cúiseanna leis an neamhláithreacht, agus ar thimpeallacht na cuideachta (15);

leibhéal na rannpháirtíochta gníomhaí a mhéadú agus a áirithiú go rachaidh oibrithe agus a n-ionadaithe i mbun a ndualgas i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair (16);

coistí comhpháirteacha SSO a bheith i láthair ar leibhéal na cuideachta le rannpháirtíocht bainisteoirí agus ionadaithe tofa oibrithe araon (17), i gcás ina bhforáiltear dó sin le rialacha náisiúnta;

oiliúint iomchuí a chur ar pháirtithe éagsúla (18)(gníomhaithe éagsúla sa chuideachta: fostóir, bainisteoirí, maoirseoirí; próifílí teicniúla: cinn seirbhísí coisc agus cosanta agus dochtúirí ceirde; chomh maith le hoibrithe agus a n-ionadaithe), lena n-áirítear i bhfoirm deimhniúcháin oifigiúil le haghaidh oiliúint in SSO, agus trí sheisiúin oiliúna chomhpháirteacha agus sosanna gearra oiliúna san ionad oibre;

córais IS a úsáid chun rioscaí a chosc agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun cosc a phearsantú (19). Go deimhin, is féidir leis an intleacht shaorga (IS) rannchuidiú go mór le rioscaí a shainaithint agus leis na bearta coisctheacha agus cosanta a eascraíonn astu, rud a fheabhsaíonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na hoibre. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach trédhearcacht, rúndacht agus sláine sonraí a áirithiú, agus na claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Chuige sin, tá sé fíor-riachtanach scileanna a neartú maidir le húsáid chomhfhiosach na hintleachta saorga san ionad oibre. Maidir leis an bpointe sin, tagraímid freisin do thuairim SOC/818, mír 2.5.

idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí maoirseachta agus rialaithe (20). I ndáil leis an méid sin, is sampla rathúil é córas ‘cigirí sóisialta’ na Polainne maidir le rannpháirtíocht ionadaithe oibrithe san obair choisctheach, trí thacú leis an gcigireacht stáit; agus

bailiú agus scaipeadh sonraí a bhaineann le SSO ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear ar bhonn earnáil ar earnáil.

An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Eurofound https://www.eurofound.europa.eu/en/publications/all/european-industrial-relations-dictionary-info-sheet.

(2)  Lena n-áirítear leigheas ceirde, sláinte phoiblí, innealtóireacht thionsclaíoch, eirgeanamaíocht, ceimic agus síceolaíocht.

(3)  Féach leathanach gréasáin EU-OSHA.

(4)   Treoir 89/391/CEE ón gComhairle.

(5)  Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5 den Treoir: ‘Beidh sé de dhualgas ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú i ngach gné a bhaineann leis an obair’; agus, cé go mbunaítear oibleagáidí d’oibrithe leis an Treoir freisin (Airteagal 13), soiléirítear in Airteagal 5 an méid seo a leanas: ‘Ní dhéanfaidh oibleagáidí oibrithe i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair difear do phrionsabal fhreagracht an fhostóra.’

(6)  Féach Eurostat.

(7)   Treoirlínte.

(8)   Leathanach gréasáin EIS maidir leis an bPolainn.

(9)  Tionscnamh marthanach ó 2016 i leith arna thabhairt ar aghaidh ag Uachtaránachtaí na Comhairle.

(10)   OiRA.

(11)  R. Watrisse, The Evolution of Remote Work in Europe: 2024 and Beyond.

(12)  Eurofound, Right to disconnect: Implementation and impact at company level.

(13)  An Coimisiún Eorpach, EU Road Safety: Towards ‘Vision Zero’.

(14)   Safety matters weekly; Türk Loydu; Draeger; Vatix.

(15)   Diversio; Number analytics; IceHrm; Access.

(16)  EU-OSHA, 'Leadership and worker participation'.

(17)  Tuarascáil AE-OSHA maidir le Worker representation and consultation on health and safety; Work Safe BC; SFM; EcoOnline.

(18)   TrainingMag.

(19)  AE-OSHA, Artificial intelligence for worker management.

(20)  EIS, How can occupational safety and health be managed?


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/22/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)