|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/5 |
16.1.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Gníomhaíocht idir feidhmchláir IS agus seirbhísí gairmeacha liobrálacha: freagairt do riachtanais phráinneacha na sochaí
(Tuairim féintionscnaimh)
(C/2026/5)
Rapóirtéir:
Rudolf KOLBE|
Comhairleoirí |
Alfred BUTTNER |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
27.2.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
2.9.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
18.9.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
599 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
98/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Saintréithe de chuid na ngairmeacha liobrálacha atá sna hardcháilíochtaí gairmiúla, i soláthar na seirbhísí pearsanta, san eitic ghairmiúil speisialta, sin agus san iontaoibh a chuireann na daoine iontu. Níor cheart na croíphrionsabail sin a ligean i léig ná i laige i ré seo na hIntleachta Saorga (IS). Ní mór úsáid IS a cheapadh chun gníomhaíochtaí na ngairmeacha liobrálacha a chomhlánú seachas iad a ionadú. Ní mór an prionsabal ‘duine a bheith i gceannas’ a chinntiú i gcónaí. |
|
1.2. |
D’fhéadfadh IS athrú ó bhonn a chur ar go leor gnéithe de na gairmeacha liobrálacha trí éifeachtúlacht agus cáilíocht seirbhísí a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sochaí san am céanna. Mar sin féin, ní mór úsáid na hintleachta saorga a bheith laistigh de chreat eiticiúil agus dlíthiúil. |
|
1.3. |
Ba cheart don Aontas leanúint air leis an gcur chuige atá á chleachtadh aige leis an intleacht shaorga a chur chun cinn agus a rialáil, maille le creat dlíthiúil le haghaidh ceisteanna dliteanais, agus tacú go sonrach le taighde agus forbairt IS. |
|
1.4. |
Ní gan cumhacht gan cumais ollmhóra ríomhaireachta is féidir IS a úsáid. Ní mór don Aontas dlús a chur le bonneagar slán ríomhaireachta i gcomhair na hEorpa agus an spleáchas ar sholáthraithe lasmuigh den Eoraip a laghdú. Áirítear leis sin forbairt an bhonneagair dhigitigh atá ag teastáil chun IS a úsáid chun rochtain ar theicneolaíochtaí nua-aimseartha a áirithiú i ngach réigiún. |
|
1.5. |
Ba cheart do na gairmeacha liobrálacha a bheith rannpháirteach i bpróisis rialála IS, ar fóraim na saineolaithe, i dtionscnaimh um chaighdeánú agus i coistí eitice, cuir i gcás. |
|
1.6. |
Ba cheart don Aontas forbairt agus úsáid ‘lipéad IS’ Eorpach a chur chun cinn le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga atá trédhearcach, sábháilte agus iontaofa, feidhmchláir a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do na gairmeacha liobrálacha go háirithe. |
|
1.7. |
Ba cheart do Bhallstáit an Aontais ábhar oiliúna a leathnú chun gnéithe den IS a chur san áireamh agus chun an fhoghlaim a dhéanann duine ar feadh a shaoil a chumasú sa réimse sin. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas oiliúint IS do ghairmeacha liobrálacha a chur chun cinn trí chláir mar Erasmus+, CSE agus gairmoiliúint. |
|
1.8. |
Ní mór do na gairmeacha liobrálacha aghaidh a thabhairt ach oiread le rud ar na dúshláin atá ag gabháil le húsáid na hintleachta saorga d’fhonn na scileanna is gá a shealbhú chun an IS a úsáid go freagrach agus go héifeachtach. Ba cheart do chomhlachais agus d’údaráis fhéinrialaitheacha na ngairmeacha liobrálacha straitéisí intleachta saorga a fhorbairt, na cóid ghairmiúla a oiriúnú agus oiliúint intleachta saorga a chur ar fáil dá gcuid comhaltaí. |
|
1.9. |
Rud tábhachtach an t-idirphlé sóisialta tábhachtach chun úsáid agus trédhearcacht na hintleachta saorga a áirithiú, chomh maith le míniú a thabhairt ar na cuspóirí maidir le huirlisí intleachta saorga a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ní mór an caidreamh idir na cúraimí atá le cur ar an meaisín agus cúram an duine a bheith ina n-ábhar cómhargála agus idirphlé sóisialta. |
2. Tábhacht na ngairmeacha liobrálacha sa chlaochlú digiteach
|
2.1. |
Is rud iad na gairmeacha liobrálacha atá an-tábhachtach don tsochaí. Na seirbhísí a sholáthraíonn dochtúirí, fiaclóirí, innealtóirí, ailtirí, dlíodóirí, nótairí, comhairleoirí cánach, cuntasóirí, iriseoirí agus comhairleoirí gairmeacha liobrálacha nach iad, is seirbhísí iad a bhfuil dlúthbhaint acu le bunriachtanais agus bunchearta na ndaoine. Seo cuid de na réimsí atá i gceist leo: an saol féin, cúrsaí oibre, an tsláinte, an tsábháilteacht agus sealús. Is tábhachtach an ghné leibhéal na cáilíochta saoil chomh maith. |
|
2.2. |
Is cuid riachtanach de sheirbhísí gairmiúla atá sna feidhmchláir dhigiteacha faoin am seo cheana féin. Gné ar leith den digitiú is ea úsáid na hintleachta saorga, rud atá ag fás leis go tapa. D’fhéadfadh sé sin gníomhaíochtaí na ngairmeacha liobrálacha a athrú ó bhonn aníos. Is le croí na seirbhísí gairmiúla a bhaineann sin go háirithe, le caidreamh muiníne ar leith atá ann idir na gairmeacha liobrálacha agus na cliaint nó na hothair. |
|
2.3. |
Ó tharla claochlú digiteach i réim, tá dúshláin éagsúla le sarú ag na gairmeacha sin. Ar thaobh amháin den scéal, is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus IS cuidiú le héifeachtúlacht agus cáilíocht seirbhísí a fheabhsú. Ar an taobh eile de, ní mór do shaoroibrithe an modh oibre a chleachtann siad a oiriúnú chun na ceanglais dhigiteacha a chomhlíonadh agus chun rioscaí a chosc, sin agus chun fanacht cab ar chab leis an uathoibriú agus le húsáid na hintleachta saorga. |
3. Riachtanais shochaíocha agus IS sna gairmeacha liobrálacha: nuálaíocht agus forbairt
|
3.1. |
Faoi mar is amhlaidh i réimsí go leor den saol, tá feidhmchláir IS ag scaipeadh i measc na ngairmeacha liobrálacha. |
|
3.2. |
I ngort an leighis agus i réimse na fiaclóireachta, úsáidtear IS ar bhealaí éagsúla sa diagnóisic agus sa teiripe. Úsáidtear córais intleachta saorga chun anailís a dhéanamh ar theicnící íomháithe mar íomhánna X-gha chun tús galair a bhrath. |
|
3.3. |
In obair na hinnealtóireachta, is in uathoibriú agus in optamú na bpróiseas is mó a úsáidtear IS. Úsáidtear córais IS-bhunaithe i ndearadh innealra agus trealaimh chun éifeachtúlacht agus cruinneas a mhéadú. |
|
3.4. |
I réimse an dlí, úsáidtear IS sa taighde agus san anailís ar théacsanna dlí. Sampla eile is ea úsáid na hintleachta saorga i ndearadh na gconarthaí. Is féidir le nótairí doiciméid dlí córais IS-bhunaithe a úsáid chun deimhniú iarbhír a dhéanamh agus chun uathoibriú a dhéanamh ar bhainistiú na ndoiciméad. |
|
3.5. |
Maidir le cúram na hiniúchóireachta, tá ról ag IS san anailís a ar shonraí airgeadais agus san iniúchtadh féin. Is acmhainn d’IS le córais intleachta saorga aimhrialtachtaí a bhrath i méideanna móra sonraí agus, ar an dul sin, calaois nó earráidí cuntasaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath. |
|
3.6. |
I réimse na comhairle faoi chúrsaí cánach, is féidir le córais atá cumasaithe ag IS gníomhaíochtaí atriallacha a uathoibriú, amhail doiciméid tacaíochta a phróiseáil. |
4. Cáilíocht inbhuanaithe saoil a áirithiú
|
4.1. |
Beidh ról tábhachtach ag IS maidir le spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach tríd an gComhaontú Glas agus tríd an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua. Is fíor sin go háirithe i gcás na hailtireachta agus na foirgníochta trí thógáil inbhuanaithe, úsáid éifeachtúil acmhainní agus rannpháirtíocht shóisialta a chur chun cinn, agus cuidiú freisin leis an sprioc thábhachtach maidir le tithíocht inacmhainne san Aontas a bhaint amach. |
|
4.2. |
Cuidíonn córais pleanála agus optamaithe foirgneamh atá bunaithe ar an intleacht shaorga le húsáid ábhair agus tomhaltas fuinnimh a íoslaghdú le linn tógála agus próisis tógála optamú. Is féidir leis an intleacht shaorga tacú le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh san fhoirgníocht trí ábhair a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla agus trí díthógáil na bhfoirgneamh a optamú chun ábhair thógála a athchúrsáil agus a athúsáid. |
|
4.3. |
Rud eile is acmhainn don intleacht shaorga comaoin a chur ar fhorbairt na bhfoirgneamh cliste. I measc na dteicneolaíochtaí tógála cliste sin, tá rialú an téimh agus an aerchóiriúcháin mar aon le córais soilsithe a láithreacht daoine. Is é an toradh a bhíonn air sin laghdú ar chaitheamh fuinnimh agus, ar an dóigh sin, laghdú ar astaíochtaí CO2. |
|
4.4. |
Ar an ásc deiridh, is d’acmhainní na intleachta saorga comaoin a chur ar dhearadh na gcathracha inbhuanaithe trí chuidiú le sreabha iompair a optamú, spásanna glasa a roghnú nó tionscadail bhonneagair inbhuanaithe a chomhtháthú. |
5. Úsáid na hintleachta saorga chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí gairmiúla
|
5.1. |
Is léir faoi seo gur féidir leis an intleacht shaorga rannchuidiú go mór le gnóthú éifeachtúlachta i measc lucht na ngairmeacha liobrálacha. Bailíonn IS sonraí de mhodh atá níos tapúla, níos cruinne agus níos éifeachtúla. |
|
5.2. |
Cuirfidh comhtháthú na hintleachta saorga sa chleachtas gairmiúil feabhas ar cháilíocht na seirbhísí gairmiúla. Is d’acmhainní na n-algartam IS anailís a dhéanamh ar mhéideanna sonraí agus patrúin a shainaithint thar mar is acmhainn gan duine gan dua mór. Ní theastaíonn ach beagán ama le hanailísí casta a dhéanamh. |
|
5.3. |
Is cúnamh atá san IS freisin i gcás na gcúram atá atriallach fadálach. Cuidíonn uathoibriú róbatach na bpróiseas le cuideachtaí le cúram an riaracháin, an sonrascadh nó an cartlannú, cuir i gcás, dhá chúram bhreise minic go leor. Fágann sin breis ama le haghaidh gníomhaíochtaí breisluacha atá níos casta. |
|
5.4. |
Cuireann IS go mór freisin le feabhas ar an gcumarsáid trí tháirgeadh téacs, íomhánna agus teanga, agus trí sheirbhísí aistriúcháin uathoibrithe, cuir i gcás. |
|
5.5. |
Ní ceart an spreagadh don fhás a thagann ón intleacht shaorga a mheas faoina luach. An IS a ghineann ábhar nua ar bhonn na gceanglas agus na faisnéise atá ann cheana, is rud é a d’fhéadfadh gnóthachain ollmhóra táirgiúlachta a ghiniúint. |
|
5.6. |
Mar thoradh ar an athrú déimeagrafach, tá an ganntanas oibrithe oilte ag dul in olcas. Tá teorainn le hacmhainní daonna i bpríomhréimsí na seirbhísí, in earnáil na sláinte agus i ngort an dlí, cuir i gcás. Bíonn ról lárnach ag an intleacht shaorga le hacmhainneachtaí a mhéadú sna réimsí sin. Mar shampla, cuireann an teilileigheas agus uirlisí diagnóiseacha atá cumasaithe leis an intleacht shaorga ar chumas na n-othar i gceantair iargúlta rochtain ar chúram sláinte. |
|
5.7. |
A bhuíochas leis an gcumas atá inti anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí go fíoraimseartha, is den toradh atá ar IS gur féidir tuiscint níos doimhne a fháil ar riachtanais na gcustaiméirí, rud a fhágann gur féidir cumarsáid níos spriocdhírithe a dhéanamh. De bhrí na hintleachta saorga, is féidir idirghníomhaíocht leanúnach, phearsantaithe agus chomhsheasmhach a áirithiú, rud a chuireann feabhas nach beag ar an dearcadh atá ag an gcustaiméir ar an eispéaras féin. |
6. Cur chuige daonlárnach gona cheanglais cháilíochta
|
6.1. |
Leis an méadú ar na deiseanna atá ann de thairbhe na hintleacht saorga, tá ceisteanna ann do na gairmeacha liobrálacha, agus ar an tuiscint atá acu ar a mhéid is féidir cláir chliste agus meaisíní foghlama cliste a chur in ionad an duine. |
|
6.2. |
I gcás na ngairmeacha liobrálacha go háirithe, d’fhéadfaí a mheas gur den dídhaonnú úsáid a bheith á baint as IS. D’fhéadfadh go gclisfeadh ar mhuinín na gcliant agus na n-othar dá sílfidís gur meaisín seachas gairmí cáilithe atá ag déileáil lena gcuid fadhbanna. Rialáil ghairmiúil réamh-mheasta a bheith ina dúshraith faoin obair, sin rud atá ag dul i dtábhacht chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht atá ag roinnt le cúrsaí IS. Ní mór dó an aird chuí a thabhairt ar shainiúlachtaí na seirbhísí gairmiúla i ndáil le freagracht phearsanta agus leas an phobail sna seirbhísí sin chun an leibhéal slándála riachtanach a choimeád do na tomhaltóirí maille le togha na solúbthachta. |
|
6.3. |
Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige daonlárnach chun an IS a úsáid sna gairmeacha liobrálacha ionas gur uirlis chun tacú leis na gairmeacha liobrálacha a bheidh i bhfeidhmiú na teicneolaíochta seachas rud lena gcur de dhroim seoil. Ciallaíonn sin nach mór do na gairmeacha liobrálacha ní hamháin eolas teicniúil a bheith acu maidir le déileáil leis an intleacht shaorga, ach an cumas chun an teicneolaíocht sin a úsáid i gcomhthéacs eiticiúil freagrach. Chun an nuálaíocht a chumasú sa chreat gairmiúil, ba cheart boscaí gainimh rialála a chruthú chun IS a chur in úsáid i ngairmeacha liobrálacha. D’fhéadfadh timpeallachtaí tástála rialaithe dá leithéid sin léargais luachmhara a sholáthar maidir leis an rialáil agus an cur chun feidhme praiticiúil. |
|
6.4. |
Ní mór d’fheidhmchláir IS géilleadh do neamhspleáchas na ngairmeacha liobrálacha, agus ní mór dóibh saoirse na cinnteoireachta a urramú. Níl i gceist le córais intleachta saorga ach cuidiú le cinntí eolacha a dhéanamh, ní chun an fhreagracht deiridh a ghlacadh. Prionsabal úd an duine féin a bheith i gceannas, sin prionsabal a gcaithfear ráthaíocht a thabhairt ina leith i gcónaí. |
|
6.5. |
Níor cheart an intleacht shaorga a chur in ionad na ngnéithe idirphearsanta, sin ná in ionad na mothúchán, ós dhá ní iad sin atá ríthábhachtach do na gairmeacha liobrálacha. Cumas réithithe na saincheisteanna a bhíonn ann, ceisteanna casta eiticiúla, sin agus glacadh na freagrachta, mar aon le muinín na gcliant a bheith slán, sin trí ní nach féidir a bhaint den duine go brách. |
|
6.6. |
Ba thábhachtach a thuiscint cén chaoi agus cén fáth a bhfáisctear na torthaí as na córais intleachta saorga. Ba cheart na próisis chinnteoireachta is bunús do na samhlacha intleachta saorga a dhoiciméadú go trédhearcach sothuigthe ar mhaithe le cothú na muiníne agus d’fhonn an mhíthuiscint a sheachaint, próisis de chuid an ruda ar a dtugtar an IS Mhínitheach. Sin é an t-aon bhealach chun soláthar seirbhísí féinfhreagrach a áirithiú i gcroílár na ngairmeanna liobrálacha. |
|
6.7. |
Rud ríthábhachtach creat iontaofa a bheith ann i gcomhair úsáid na hIS ós uirlisí tábhachtacha an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht na bhfostaithe chun úsáid na hIS a rialáil, chun an trédhearcacht a áirithiú i leith na gcóras intleachta saorga atá á n-úsáid, sin agus chun dhá ní eile a shoiléiriú: an claonadh atá i dtuairimí na ndaoine faoi chúrsaí IS, sin agus na cuspóirí is bunús don fhorás ar úsáid na n-uirlisí IS. Dá bhrí sin, ní mór an caidreamh idir cúram an mheaisín agus cúram an duine a thabhairt faoi scáth na cómhargála agus an idirphlé shóisialta. |
7. Na ceanglais dhlíthiúla maidir le gairmeacha liobrálacha ag déileáil dóibh leis an intleacht shaorga – cosaint sonraí a chinntiú
|
7.1. |
Ní mór sceidealú agus úsáid na hintleachta saorga a bheith i gcomhréir le bunphrionsabail dhínit an duine agus an chothromais. Níor cheart go n-imreofaí leatrom ar aon duine ná níor cheart aon difríocht idir an tseirbhís a thugtar do na daoine mar gheall ar thacair sonraí atá neamhleor nó de bharr earráid a bheith sna halgartaim. |
|
7.2. |
De réir mar atá inniúlach sna reachtóirí náisiúnta agus Eorpacha, iarrtar orthu úsáid na hintleachta saorga a rialáil, agus iarrtas orthu a áirithiú ní hamháin go n-úsáidfear córais intleachta saorga go héifeachtach ach go n-urramófar caighdeáin chothroma eiticiúla ar fud an Aontais freisin. D’fhéadfadh ionstraim dlí ad hoc a bheith thábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na hintleachta saorga ar bhealach níos fearr, go háirithe an trédhearcacht, somhínitheacht na gcinntí, agus an chuntasacht. |
|
7.3. |
Faoi Rialachán (AE) 2024/1689 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga), sheol an tAontas Eorpach an chéad rialachán ar domhan maidir le feidhmchláir intleachta saorga, agus chruthaigh sé Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga chomh maith. Ba cheart cloí leis an gcur chuige atá an tAontas a chleachtadh le forbairt na hintleachta saorga a chur chun cinn, ar thaobh amháin den scéal, agus lena rialáil, ar an taobh eile de. |
|
7.4. |
D’fhéadfadh gur rud a mbainfeadh na gairmeacha liobrálacha tairbhe as a bheadh i ‘Lipéad Cáilíochta IS’ Eorpach a fhorbairt agus a thabhairt isteach le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga atá trédhearcach, sábháilte, iontaofa. |
|
7.5. |
Is minic rochtain ar shonraí an-phearsanta ag teastáil chun IS a úsáid, faisnéis leighis nó faisnéis an-phearsanta eile, cuir i gcás. |
|
7.6. |
Ní mór an IS a úsáid ar bhealach a fhágfaidh go gcoinneofar an fhaisnéis sin faoi rún agus í sábháilte. Tá ról lárnach ag na gairmeacha liobrálacha anseo trí ghníomhú mar ráthóirí d’úsáid IS atá comhlíontach le cosaint sonraí faoi RGCS vis-à-vis a gcuid cliant nó a gcuid othar. Ina theannta sin fós, ba cheart freagrachtaí cosanta sonraí san idirghníomhaíocht idir an duine agus an intleacht shaorga a shainiú go soiléir. Tá gá le léirmhínithe earnáilsonracha ar RGCS le haghaidh gairmeacha liobrálacha i gcomhthéacs comhairle uathoibrithe agus tacaíocht chinnteoireachta. Tá baint an-mhór aige freisin le hurramú na rúndachta gairmiúla, rud is bunchloch don uile ghairm liobrálach nach mór. |
|
7.7. |
Dá bhrí sin, ba cheart na gairmeacha liobrálacha gona gcomhlachais nó eintitis a bheith rannpháirteach i bpróisis rialála IS, fóraim saineolaithe, cuir i gcás, sin nó tionscnaimh um chaighdeánú mar aon le coistí eitice. |
|
7.8. |
Ní gan cumhacht gan cumais ollmhóra ríomhaireachta is féidir IS a úsáid. Ní mór don Aontas dlús a chur le forbairt bonneagar slán Eorpach ríomhaireachta agus sonraí chun an spleáchas ar sholáthraithe neamh-Eorpacha a laghdú agus chun ceannasacht dhigiteach na hEorpa a áirithiú. Caithfidh sé a bheith de shaoirse ag na saoroibrithe úsáid a bhaint as na huirlisí intleachta saorga nó gan úsáid a bhaint astu, agus caithfidh sé a bheith de shaoirse acu dá réir na huirlisí a úsáideann siad a roghnú dóibh féin. Chuige sin, tá gá le réitigh neamhspleácha Eorpacha IS le córais shoiléire cheadúnúcháin agus dliteanais – bunchloch lárnach de cheannasacht dhigiteach na ngairmeacha liobrálacha. Tá an-tábhacht leis an bPlean Gníomhaíochta Ilchríochach IS ó mhí Aibreáin 2025, plean darb aidhm ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas i ngort na hIntleachta Saorga. Ba thábhachtach a áirithiú go bhforbrófar an bonneagar is gá chun IS a úsáid i réigiúin uile an Aontais. Tá gá freisin le samhlacha IS costéifeachtúla nach gcaitheann oiread chéanna fuinnimh agus nach bhfuil oiread chéanna sonraí oiliúna ag teastáil ina gcoinne. |
|
7.9. |
San am céanna, ba thábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag gairmeacha liobrálacha ar uirlisí IS. Níor cheart srianta ar nuálaíocht, ar cháilíocht agus ar neamhspleáchas gairmiúil a bheith mar thoradh ar cheannasacht soláthraithe teicneolaíochta aonair. Is réamhriachtanas í an rochtain chothrom thrédhearcach ar uirlisí digiteacha le haghaidh comhdheiseanna agus athléimneacht eacnamaíoch. |
|
7.10. |
Níor cheart go méadódh gnáthúsáid IS an baol go mbeadh saoroibrithe ag brath ar na hardáin dhigiteacha a chuireann sofheictheacht agus deiseanna ar fáil, ós minic ag obair iad le halgartaim theimhneacha a bhíonn ar easpa cothromaíochta. Is féidir leis na sásraí sin gnéithe treallacha agus neamhshiméadrachta a thabhairt isteach a bhaineann an bonn de neamhspleáchas agus de thrédhearcacht an chaidrimh idir an soláthar agus an t-éileamh. San am céanna, tá gnólachtaí nuathionscanta IS ag brú isteach i réimsí gníomhaíochta na ngairmeacha liobrálacha. Mar gheall ar an bhforbairt sin, ní mór scrúdú criticiúil a dhéanamh ar a mhéid is gá tairiscintí dá leithéid sin a rialáil nó a aicmiú faoin dlí gairmiúil. |
|
7.11. |
Tá gá le freagra ar an gceist seo: cé leis na cearta ar shaothair atá ann de thoradh ar na halgartaim, agus conas an mhaoin intleachtúil a chosaint ar riosca nó ar de thionóisc dhíobhálach. |
8. Ceist dliteanais i gcás earráide nó díobhála
|
8.1. |
Ó thaobh na ngairmeacha liobrálacha de, is mór an tábhacht freisin le ata ceist na freagrachta agus an dliteanais i gcás damáiste nó díobhála nuair atá an IS á húsáid. Tá gá le córais dliteanais atá soiléir agus comhréireach chun muinín na n-úsáideoirí a choinneáil slán. |
|
8.2. |
Is ar na gairmeacha liobrálacha atá an phríomhfhreagracht nuair is feidhmchláir IS atá in úsáid. I ndeireadh na dála, is é an duine atá freagrach as gach cinneadh dá ndéantar. Sin é bun agus barr na hiontaoibhe ó thaobh an chaidrimh de. Is crann taca atá san intleacht shaorga, ach is é údarás an duine deireadh an scéil i gcónaí chun cinneadh a dhéanamh agus freagracht a ghlacadh as. |
|
8.3. |
Mar sin féin, ní thugann sin díolúine do na soláthraithe agus forbróirí na gcóras intleachta saorga ón dliteanas atá orthu féin go sonrach. Ní mór do na cuideachtaí sin a chinntiú go bhfuil a dtáirgí sábháilte, iontaofa agus go bhfuil siad i gceart ó thaobh eitice de. I gcás ina mbíonn fabht i gcóras intleachta saorga, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhfuil an forbróir, an soláthraí nó úsáideoir an chórais faoin dliteanas i leith na ndamáistí. |
|
8.4. |
Is trua a thabhairt faoi deara san am céanna gur tharraing an Coimisiún Eorpach siar togra faoi Threoir maidir le Dliteanas IS a chruthú i mí Aibreáin 2025, de réir mar a bhí an cur agus an cúiteamh ag dul ó líofacht. Sin togra a bhí ann ó 2022. I bhfianaise a thábhachtaí atá an ceist sin, ba cheart dícheall a dhéanamh as an nua chun an réimse criticiúil sin a rialáil. |
9. Cáilíocht agus oiliúint IS
|
9.1. |
Ní gan scileanna gan inniúlachtaí nua a éireoidh le lucht na ngairmeacha liobrálacha leas a bhaint as an IS. Ní mór cur le scóip na gcáilíochtaí atá ag teastáil le dul i mbun na ngairmeacha liobrálacha ionas go dtuigfidh an aicme ghairmiúil sin an ghné theicniúil den intleacht shaorga maille leis na himpleachtaí eiticiúla atá ag gabháíl le le húsáid IS. |
|
9.2. |
Chun é sin a áirithiú, ní mór scileanna digiteacha a theagasc do na gairmithe le linn na hoiliúna. Áirítear leis sin foireann na ngairmeacha liobrálacha, is é sin daoine a bhfuil lucht na gairmeacha liobrálacha freagrach as a gcuid oiliúna. |
|
9.3. |
Is amhlaidh atá an scéal maidir le hoiliúint bhreise a chur ar lucht na ngairmeacha liobrálacha. Tá gá le tiomantas don fhoghlaim ar feadh an tsaoil chun sealbhú na scileanna digiteacha atá ag athrú go tapa a áirithiú. Áirítear leis sin an tsomhínitheacht, rialachas na sonraí agus na rioscaí a bhaineann le torthaí claonta i dtacaíocht chinnteoireachta uathoibrithe. Ba cheart an soláthar scileanna intleachta saorga a chur in oiriúint do riachtanais gach gairme faoi seach. |
10. An digiteáil agus féinriar na ngairmeacha liobrálacha
|
10.1. |
Gné shainiúil de na gairmeacha liobrálacha is ea é go mbíonn eagraíocht ghairmiúil de chineál éigin acu, agus is féidir leis na heagraíochtaí sin a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. |
|
10.2. |
Dá bhrí sin, leis an méadú atá ar úsáid IS, tá cúraimí nua ann do chomhlachais ghairmiúla agus do chomhlachais ghairmiúla na ngairmeacha liobrálacha. Is féidir leo cuidiú lena gcuid ball chun réimsí nua gnó digiteacha a fhorbairt nó chun dul i ngleic le meáin nua, sin agus deiseanna sainoiliúna a chur ar fáil. |
|
10.3. |
Ba cheart do na comhlachais ghairmiúla a bheith ar thús cadhnaíochta i rialachas IS, a gcóid eitice agus a gcóid ghairmiúla a thabhairt cothrom le dáta go réamhghníomhach agus treoirlínte praiticiúla a oiriúnú maidir le húsáid fhreagrach IS ionas gur féidir le gairmithe liobrálacha a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid i gcónaí agus gan géílleadh gan cheist don IS. Ba cheart do gach gairm liobrálach straitéis IS a fhorbairt di féin. |
An Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/5/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)