|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/90096 |
3.11.2025 |
Ceartúchán ar Chás T-483/25
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2025/5083, 29 Meán Fómhair 2025 )
Is cóir go léadh Cás T-483/25 Wölken v an Coimisiún mar seo a leanas:
Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2025 – Wölken v an Coimisiún
(Cás T-483/25)
(C/2025/5083)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Tiemo Wölken (Osnabrück, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsir, agus M. Sánchez Rydelski, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach.
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
cinntí intuigthe an chosantóra an 30 Bealtaine 2025 agus an 4 Iúil 2025 a chur ar neamhní, lena ndiúltaítear dá iarrataí ar rochtain ar roinnt doiciméad a bhaineann le nósanna imeachta reachtacha, go háirithe togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001, (1) de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mheasann an cosantóir a bheith diúltaithe; (2) |
|
— |
a ordú don Choimisiún a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin.
Sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE.
Theip ar an gcosantóir freagra a thabhairt laistigh den teorainn ama is infheidhme maidir le dhá iarratas daingniúcháin ar rochtain ar dhoiciméid a rinne an t-iarratasóir, rud a d’fhág, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001, gur measadh gur diúltaíodh na hiarrataí. D’fhágfadh diúltú toimhdithe rochtana den sórt sin, de réir sainmhínithe, nach bhfuil aon údar cuí ann agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonann sé an oibleagáid cúiseanna a lua atá ar institiúidí an Aontais faoi Airteagal 296 CFAE.
(1) Togra an 27 Aibreán 2023 (COM (2023) 232 final).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5083/corrigendum/2025-11-03/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)