|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6793 |
23.12.2025 |
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2026
(C/2025/6793)
I dtimpeallacht dhomhanda atá ag athrú go tapa agus atá dúshlánach, ní mór don Aontas Eorpach gníomhú le haontacht, práinn agus uaillmhian. Beidh Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 agus Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029 mar threoir againn dár ngníomhaíocht chomhchoiteann. Táimid tiomanta iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a threisiú. Ní mór ár ngníomhaíocht reachtach a dhíriú ar fhreagairt go héifeachtach ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus ar leasanna na saoránach agus na ngnólachtaí a chosaint, faoi threoir cur chuige uaillmhianach simpliúcháin i gcoitinne. Agus an méid sin á chur san áireamh, oibreoimid chun teacht ar chomhaontú go pras maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile agus maidir leis an gCinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse. Agus leas á bhaint as clár oibre an Choimisiúin do 2026, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach tús áite a thabhairt do na príomhchuspóirí beartais seo a leanas:
Ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa a thabhairt isteach
Leanfaimid de bheith ag obair chun borradh a chur faoin gcomhar agus faoi shlógadh na hinfheistíochta chun athléimneacht ár mbonneagair a mhéadú agus chun ár n-ullmhacht cosanta a dhaingniú faoi 2030. Leanfaimid den obair ar na tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le forbairt agus soláthar coiteann, méadóimid soláthar táirgí cosanta Eorpacha, cuirfimid borradh faoinár mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta agus (1), ag an am céanna, neartóimid an idir-inoibritheacht, agus cuirfimid ar fáil na cumais chosanta chriticiúla is gá chun dlús cinntitheach a chur le hullmhacht cosanta na hEorpa faoi 2030, agus forbairt fíor-Mhargaidh Aonair d’ábhar cosanta á cur chun cinn ag an am céanna. Oibreoimid chun ár slándáil choiteann a neartú, ó fhreagairt níos láidre agus níos comhordaithe ar ghéarchéimeanna go cosaint ár mbonneagair chriticiúil, ár dteorainneacha seachtracha, feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata, agus dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe. Leanfaimid de thacaíocht a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine agus leanfaimid de phróiseas aontachais fiúntasbhunaithe do thíortha is iarrthóirí. Déanfaimid ár ndícheall ola agus gás na Rúise a bhaint dár meascán fuinnimh agus leanfaimid d’iarrachtaí na hEorpa a fhorbairt ar mhaithe le síocháin chóir mharthanach.
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú
Cuirfimid dlús lenár n-iarrachtaí dul i ngleic leis na scrogaill a chuireann bac ar ár n-iomaíochas – ó chlár oibre uaillmhianach cothrománach maidir le simpliú agus rialáil níos fearr a áirithiú, go rochtain ar chaipiteal a scaoileadh agus praghsanna fuinnimh a laghdú, borradh a chur faoin infheistíocht, tacú le taighde, nuálaíocht agus gnólachtaí atá i mbun fáis, an Margadh Aonair a dhoimhniú, agus fíor-Aontas Fuinnimh a thógáil roimh 2030. Cuirfimid dlús leis an obair, mar ábhar tosaíochta, ar gach togra a bhfuil gné an tsimplithe agus an iomaíochais ag baint leis. Seasfaimid an cúrsa maidir le spriocanna aeráide an Aontais, agus ag an am céanna, áiritheoimid aistriú glan atá cothrom, cóir, pragmatach, costéifeachtach, cothrom ó thaobh na sochaí de, inacmhainne agus iomaíoch. Oibreoimid chun ár gceannasacht theicneolaíoch a neartú agus chun tacú le hinfheistíocht i bpríomhtheicneolaíochtaí, lena n-áirítear an intleacht shaorga. Oibreoimid chun slándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú trí spleáchais straitéiseacha a laghdú, ár slabhraí soláthair a neartú, a áirithiú go ndreasóidh an soláthar poiblí infheistíochtaí san Eoraip, ceannaireacht theicneolaíoch agus fíor-riachtanas a fhorbairt agus trínár gcomhpháirtíochtaí a dhoimhniú, go háirithe tríd an trádáil.
Ár sochaí agus ár múnla sóisialta agus ár gcáilíocht saoil a neartú
Cuirfimid cruthú post ardcháilíochta chun cinn chun a áirithiú go mbeidh an fhostaíocht nua-aimseartha bord ar bhord le riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Déanfaimid bearta chun aghaidh a thabhairt ar an gcostas maireachtála, ar an inacmhainneacht agus ar an ngéarchéim tithíochta a bhfuil neart daoine san Eoraip thíos léi, agus é mar aidhm againn tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú. Leanfaimid chomh maith den chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn agus tacú le forbairt réigiún agus cathracha rathúla, inbhuanaithe agus cuimsitheacha. Neartóimid iomaíochas ár bhfeirmeoirí agus ár n-iascairí agus oibreoimid chun cothrom iomaíochta a áirithiú dóibh. Oibreoimid chun sláinte ár n-oidhreachta nádúrtha a chosaint, ar cuid lárnach í dár ndóigh bheatha Eorpach, dár sláinte, dár slándáil bia agus dár rathúnas.
Cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le bainistiú teorainneacha agus imirce
Leanfaimid d’aghaidh a thabhairt ar an imirce ar bhealach cuimsitheach, go háirithe tríd an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme ina hiomláine. Cuirfimid dlús freisin leis an obair reachtach maidir leis an imirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac agus cuirfimid i gcrích go pras í agus déanfaimid iarrachtaí fillteacha a éascú, a mhéadú agus dlús a chur leo, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne an ionstraimithe, na gáinneála ar dhaoine agus na smuigleála. Tá rún daingean againn bainistiú agus rialú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais a chur chun cinn, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.
Ár ndaonlathas a chosaint agus seasamh lenár luachanna
Leanfaimid dár ngníomhaíocht a neartú chun seasamh leis an smacht reachta, lena n-áirítear trí thacú le córais bhreithiúnacha neamhspleácha agus éifeachtacha agus tríd an sásra coinníollachta. Leanfaimid dár gcuid uirlisí a neartú chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear bréagaisnéis agus trasnaíocht eachtrach. Tacóimid leis an iriseoireacht neamhspleách agus cuirfimid an litearthacht sna meáin chun cinn. Díreoimid ar thimpeallacht shábháilte chuimsitheach ar líne a áirithiú, go háirithe chun mionaoisigh a chosaint. Seasfaimid le cearta an duine agus saoirsí sibhialta.
Ár dtionchar agus ár gcomhpháirtíochtaí domhanda a ghiaráil
Agus an éiginnteacht i réim i saol an lae inniu, ní mór don Aontas Eorpach cobhsaíocht, cothroime, dlúthpháirtíocht agus neart a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thiomantas dosháraithe don ord riailbhunaithe agus trí cheannaireacht an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus cúnamh daonnúil a choinneáil ar bun. Déanfaimid comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a théann chun tairbhe don dá thaobh a dhoimhniú.
Geallann na trí Institiúid go n-oibreoidh siad go tapa agus go héifeachtúil ar na tosaíochtaí comhroinnte sin, faoi threoir phrionsabail an chomhair fhrithpháirtigh agus dhílis. Geallaimid freisin dlús a chur leis an obair ar thograí reachtacha lena spreagtar fás eacnamaíoch, agus arb é is aidhm dóibh reachtaíocht a shimpliú, ualaí rialála a laghdú agus cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí a áirithiú.
Mar Uachtaráin ar Pharlaimint na hEorpa, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ar an gCoimisiún Eorpach, déanfaimid faireachán géar ar chur chun feidhme tráthúil éifeachtach an Dearbhaithe Chomhpháirtigh seo.
Tabharfar aird ar leith ar na tograí reachtacha a liostaítear sa doiciméad a ghabhann leis an Dearbhú Comhpháirteach seo a ngeallann na trí Institiúid tosaíocht a thabhairt dóibh in 2026. Ba cheart faireachán rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na tograí sin i rith na bliana, chun nuashonruithe a sholáthar maidir le staid na himeartha agus chun gur féidir luathrabhadh a thabhairt faoi aon fhorbairtí a d’fhéadfadh moill a chur ar a ndul chun cinn.
Tograí reachtacha a bhfuil tús áite le tabhairt dóibh in 2026
Geallann na trí Institiúid go dtabharfaidh siad tús áite do na tograí seo a leanas in 2026:
|
Tograí |
Topaic |
Ceannteideal JD26 |
||||||||
|
An 28ú Córas do Chuideachtaí Nuálacha |
An t-iomaíochas, an margadh aonair agus an nuálaíocht |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú |
||||||||
|
Pacáiste na nGluaisteán |
An tIomaíochas |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú |
||||||||
|
An Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla – 2025/0102 (COD) |
An tIomaíochas |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú |
||||||||
|
Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne |
An ghné shóisialta |
Ár sochaí agus ár múnla sóisialta agus ár gcáilíocht saoil a neartú |
||||||||
|
An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha |
Fuinneamh |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú |
||||||||
|
Pacáiste um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair |
An ghné shóisialta |
Ár sochaí agus ár múnla sóisialta agus ár gcáilíocht saoil a neartú |
||||||||
|
Tograí earnálacha CAI |
An ghné bhuiséadach |
Ár sochaí agus ár múnla sóisialta agus ár gcáilíocht saoil a neartú |
||||||||
|
Rialachán um Fhilleadh – 2025/0059 (COD) |
An imirce agus an tslándáil |
Cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir le bainistiú teorainneacha agus imirce |
||||||||
|
Tograí maidir leis an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta |
Rathúnas agus Iomaíochas |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú |
||||||||
|
Tograí maidir le simpliú
|
An simpliú |
Rathúnas inbhuanaithe, iomaíochas agus simpliú na hEorpa a dhaingniú Ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa a thabhairt isteach |
(1) Gan dochar do chineál sonrach beartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus i gcomhréir leis na Conarthaí, agus leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile á gcur san áireamh leis.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6793/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)