|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6721 |
17.12.2025 |
Nóta Treorach i dtaca le le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún maidir le húsáid bisfeanóil A (BPA) agus bisfeanól agus díorthach bisfeanóil eile ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe i leith airíonna guaiseacha sonracha in ábhair agus earraí áirithe atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia.
(C/2025/6721)
CLÁR
|
1. |
RAON FEIDHME RIALACHÁN (AE) 2024/3190 ÓN g | 2 |
|
2. |
BISFEANÓIL EILE AGUS DÍORTHAIGH BISFEANÓIL | 3 |
|
3. |
COMHLÍONADH AGUS TÁSTÁIL | 7 |
|
4. |
CUR AR AN MARGADH | 9 |
|
5. |
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA | 9 |
1. RAON FEIDHME RIALACHÁN (AE) 2024/3190 ÓN GCOIMISIÚN
Q1. An bhfuil páipéar agus clár faoi raon feidhme an toirmisc?
Níl, in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún (1) tá liosta ábhar atá faoina raon feidhme, nach n-áirítear páipéar ná clár ann. Baineann an Rialachán leis an toirmeasc ar bhisfeanól A (BPA) a úsáid i monarú ábhar bia-thadhaill agus dá bhrí sin áirítear ann ábhair a bhféadfaidh BPA a úsáid ina monarú, e.g. mar mhonaiméir chun bratuithe plaisteacha nó eapocsacha a dhéanamh ach chun dúigh phriontála nó greamacháin a dhéanamh freisin. Féadfar na hábhair sin a chomhcheangal le páipéar agus clár, áfach, agus sa chás sin bheadh feidhm ag an Rialachán maidir leis an earra bia-thadhaill a bheadh mar thoradh air mar shampla, léiriú ar an ngá atá le Dearbhú Comhlíontachta.
Q2. An bhfuil ábhair bhia-thadhaill athchúrsáilte faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190?
D’fhéadfadh méideanna bídeacha BPA agus bisfeanól eile a bheith in ábhair bhia-thadhaill athchúrsáilte go teagmhasach. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfaidís a bheith i láthair mar éilleán teagmhasach san ábhar ionchuir, lena n-áirítear plaisteach, amhail teireataláit phoileitiléine (TPE), chomh maith le páipéar agus clár, a úsáideadh chun ábhair athchúrsáilte a tháirgeadh. Is féidir méideanna bídeacha d’éilliú den sórt sin a bheith sa phlaisteach nó páipéar athchúrsáilte i gcónaí d’ainneoin próisis ghlantacháin agus dí-éilliúcháin a chur i bhfeidhm agus a bheith i láthair san earra bia-thadhaill deiridh ar deireadh thiar. Ós rud é nach d’aon ghnó a úsáidtear BPA i bpróisis mhonaraíochta den sórt sin agus nach féidir rialú iomlán a dhéanamh maidir leis an éilliú sin, níl ábhair bhia-thadhaill athchúrsáilte faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190.
Q3. An bhfuil cruan le meas mar bhratú agus, dá bhrí sin, ag teacht faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190?
Féadfar an focal ‘bratú’ a úsáid ní hamháin chun an cineál ábhair a léiriú, ach chun feidhm an ábhair a léiriú freisin, ar an mbealach céanna is féidir plaisteach a úsáid chun ábhair eile a bhratú ach fós tagann sé faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2). Cé go bhfeidhmíonn cruan mar chineál brataithe nó cumhdaigh ar ábhair eile, a mhéid a bhaineann sé le hábhair ghloinebhunaithe a leáitear ar chré, ar mhiotal nó ar réada gloine, ní thagann cruan faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190 agus, dá bhrí sin, níl gá le dearbhú comhlíontachta ina leith de réir Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.
Q4. An bhfuil codanna seachtracha d’ábhair bhia-thadhaill faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190?
Is beart sonrach é Rialachán (AE) 2024/3190 de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 (3). I bhfianaise raon feidhme an Rialacháin deiridh sin (4), má úsáidtear ceann de na grúpaí ábhair a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/3190 i monarú an ábhair bia-thadhaill agus ‘ gur féidir coinne a bheith leis le réasún go dtabharfaí i dtadhall le bia iad nó go n-aistreofaí a gcomhábhair chuig bia faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha’ , tá feidhm ag Rialachán (AE) 2024/3190.
D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, maidir leis an taobh amuigh de phacáistíocht brataithe le miotal, faoi phróisis táirgeachta áirithe, a mhínítear in Aithris 19 de Rialachán (AE) 2024/3190, áit a bhféadfadh aistriú tarlú go hindíreach gan beann ar shraith sa bhreis ar an miotal, e.g. ceann de na plaistigh, a bheith i láthair idir an bratú agus an bia.
Q5. Cén fáth a dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/3190 uaireanta d’ábhair agus earraí bia-thadhaill, ach freisin do ‘ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha’ agus ‘earraí bia-thadhaill deiridh’? Cad é an difríocht?
Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/3190 maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill de réir an raoin agus na brí in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, rud a chiallaíonn nach gá iad a bheith ina staid chríochnaithe. Dá bhrí sin, tá ábhair tosaithe, ábhair idirmheánacha agus ábhair agus earraí bia-thadhaill críochnaithe, a mhonaraítear as na hábhair a shonraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/3190, faoi réir an Rialacháin sin. Go minic, tagraítear go cineálach do na táirgí ag céimeanna éagsúla monaraíochta nó díolacháin mar ‘ábhair agus earraí bia-thadhaill’, a ghiorraítear go ‘ábhair bhia-thadhaill’, nó leis an acrainm ‘ÁBT’.
Is chun críche na n-idirthréimhsí a leagtar síos in Airteagail 11 agus 12 amháin a dhéantar idirdhealú, ós rud é gur féidir cur ar an margadh a dhéanamh ag céimeanna táirgthe éagsúla mar gheall ar chineál shlabhra soláthair na n-ábhar bia-thadhaill. Chun an chéim den táirgeadh agus den chur ar an margadh a bhfuil feidhm ag na dátaí idirthréimhseacha sonracha maidir leo a shoiléiriú, tagraítear i Rialachán (AE) 2024/3190 do ‘earraí bia-thadhaill deiridh’ go sonrach murab ionann is ‘ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha’, ar féidir iad a chur ar an margadh ag pointí éagsúla níos luaithe sa slabhra soláthair (féach freisin an roinn ‘forálacha idirthréimhseacha’).
Q6. An bhfuil aon samplaí ann de ‘ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha’ murarbh ionann is ‘earraí bia-thadhaill deiridh’?
Sainmhínítear an dá théarma in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/3190. I measc na samplaí d’ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha tá millíní plaisteacha a ndéanfar buidéil díobh, nó dúigh phriontála agus vearnaisí i bhfoirm leachtach a bheidh le cur ar ábhar neamhspleách eile agus le cruachan air. Is sampla d’earra bia-thadhaill deiridh buidéal deochanna plaisteach in-athúsáidte a chuirtear ar díol do thomhaltóirí.
Q7. An gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2024/3190 ábhair agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia peataí?
Ní chumhdaítear, ní bhaineann ábhair bhia-thadhaill ach le bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (5). Meastar gur ‘beatha’ atá i mbia peataí, a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 4, den Rialachán céanna.
Q8. An gcumhdaítear píopaí a bhaineann le hábhair fhéintacaithe nó atá nasctha leo leis an maolú a bhaineann le hábhair fhéintacaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190?
I gcás píopaí atá greamaithe go buan de dhabhcha agus d’umair, agus toilleadh os cionn 1 000 lítear ina iomláine san ábhar nó earra féintacaithe, meastar go dtagann siad faoi raon feidhme an mhaolaithe. Mar sin féin, mar a réasúnaítear i Rialachán (AE) 2024/3190 in Aithris 7, is beag seans go n-ascnóidh BPA go bia i soithí móra mar gheall ar an gcóimheas íseal idir a ndromchla agus a dtoirt, rud a fhágann gur féidir leanúint de BPA a úsáid i soithí móra. Is den tábhacht, dá bhrí sin, an cóimheas idir achar dromchla agus toirt píopaí a chur san áireamh, ós rud é gur gnách achar dromchla mór ag píopaí i gcoibhneas lena dtoirt, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh an bia i dtadhall leis an ábhar ar feadh i bhfad. Thairis sin, i gcomhréir leis an réasúnaíocht sin, níl píopaí ná soithí eile a bhfuil cóimheas ard dromchla le toirt acu le húsáid chun táirgí bia a stóráil, ach chun iad a aistriú in achar gearr. Ar deireadh, níl feidhm ag an maolú a bhaineann le hábhair fhéintacaithe, a leagtar síos in Iarscríbhinn II, maidir le píopaí beaga, ar féidir iad a bhaint agus a athsholáthar gan an tsuiteáil ar fad a dhíchóimeáil.
2. BISFEANÓIL EILE AGUS DÍORTHAIGH BISFEANÓIL
Q9. An dtoirmisctear díorthaigh BPA i Rialachán (AE) 2024/3190?
Tá toirmeasc ar shalainn BPA de bhua go dtagann siad faoin sainmhíniú ar ‘bisfeanól’ a leagtar síos in Airteagal 2(2)(c) de Rialachán (AE) 2024/3190. Seachas sin, níl toirmeasc sonrach ar dhíorthaigh BPA, mura dtagann siad faoi raon feidhme Airteagal 5 den Rialachán (‘Toirmeasc ar úsáid na mbisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha’).
Go háirithe, ag an am seo, is féidir díorthaigh BPA amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A (‘BADGE’) (Uimh. CAS 1675-54-3) a úsáid i monarú ábhar bia-thadhaill, ach ní mór a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 4 den Rialachán. Ba cheart d’oibreoirí gnólachta ar mian leo bisfeanóil seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil a mhonarú nó a úsáid le haghaidh ábhair bhia-thadhaill aird ar leith a thabhairt ar an bpróiseas monaraíochta agus, go háirithe, ba cheart dóibh an fhéidearthacht go bhféadfadh BPA iarmharach a bheith sna hábhair bhia-thadhaill, lena n-áirítear mar eisíontas, a chur as an áireamh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás éitear déghlicidile bisfeanóil-A (BADGE), a bhfuil BPA ag teastáil ina leith mar réamhtheachtaí le haghaidh a sintéise ceimicí.
Q10. Sa chás sin, cén fáth ar gá na maoluithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190?
Maidir leis na húsáidí bia-thadhaill sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le BPA féin mar mhonaiméir nó substaint tosaithe sa phróiseas monaraíochta, agus chun imoibriú breise a dhéanamh le héitear déghlicidile bisfeanóil-A chun roisíní eapocsacha a tháirgeadh. I gcás na n-ábhar bia-thadhaill sonrach sin, údaraítear leis an Rialachán sin BPA a úsáid chun na hábhair bhia-thadhaill shonracha sin a mhonarú ach foráiltear leis nach ceadmhach ascnamh BPA isteach i mbia a bheith inbhraite.
Q11. Cad faoi bhisfeanóil eile a fhéadfar a úsáid in ionad BPA, bisfeanóil a bhféadfadh airíonna guaiseacha comhchosúla a bheith acu?
D’fhéadfadh rioscaí cosúil leis na rioscaí ó BPA a bheith ag baint le bisfeanóil áirithe eile nó le díorthaigh bisfeanóil, a úsáidtear chun ábhair bhia-thadhaill a mhonarú. Le Rialachán (AE) 2024/3190 toirmisctear úsáid na mbisfeanól eile nó na ndíorthach bisfeanóil a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (6) mar gheall ar a n-aicmiú comhchuibhithe mar ábhar ‘só-ghineach’, ‘carcanaigineach’ nó ‘tocsaineach don atáirgeadh’ (‘CMR’) de chuid chatagóir 1A nó 1B, nó mar airí ‘suaiteora inchrínigh do shláinte an duine’ de chuid chatagóir 1. Maidir le formhór na mbisfeanól agus a ndíorthach, is airíonna tocsaineacha don atáirgeadh agus airíonna suaiteora inchrínigh na hairíonna guaiseacha is ábhartha de ghnáth.
Mar sin féin, le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/3190 ceadaítear úsáid bisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach den sórt sin a údarú de bharr go bhféadfadh úsáid shonrach bia-thadhaill a bheith do-sheachanta, mar gheall ar easpa roghanna malartacha, agus ar choinníoll go léireoidh oibreoirí gnólachta nach riosca do thomhaltóirí í an úsáid shonrach sin.
Q12. Más gá d’oibreoirí gnólachta bisfeanóil ghuaiseacha eile a úsáid, lena n-áirítear bisfeanól S (BPS), i monarú a n-ábhar bia-thadhaill, conas is féidir leo a léiriú nach bhfuil aon riosca ann?
Le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/3190 ceadaítear bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a údarú le haghaidh úsáidí sonracha bia-thadhaill, de réir an nós imeachta um údarú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004. De réir Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2024/3190, ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) treoraíocht a fhoilsiú maidir leis an bhfaisnéis is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhisfeanóil ghuaiseacha eile agus ar dhíorthaigh in ábhair bhia-thadhaill a bheidh le cur faoina bhráid ag iarratasóirí. Féadfar a áireamh san fhaisnéis sin, mar shampla, ceisteanna a mbaineann ábharthacht shonrach leo don mheasúnú riosca ar bhisfeanóil nó, i gcás BPS, ceisteanna atá ábhartha d’fhaisnéis eolaíoch nua a tháinig ar an bhfód ó rinneadh an measúnú riosca roimhe sin, agus an Treoir Eolaíoch atá ann cheana ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (7) le haghaidh iarratais maidir le substaintí a bheidh in úsáid in ábhair bhia-thadhaill phlaisteacha a urramú freisin.
Q13. Cad a tharlóidh sula bhfoilseoidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an treoraíocht a bhaineann leis an bhfaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar bhisfeanóil ghuaiseacha nó ar dhíorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha?
Ní féidir iarratas a chur isteach ar bhisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach a úsáid sula bhfoilseofar an t-aschur eolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2024/3190. Idir an dá linn, is féidir le hoibreoirí gnólachta leanúint d’ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear le bisfeanóil ghuaiseacha nó le díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha (féach an tábla in C17) a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, i gcás BPS, ceadaítear fós é a úsáid in ábhair bhia-thadhaill phlaisteacha go dtí go bhfoilseofar aschur eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, faoi réir na teorann ascnaimh shonrach (SML) 0,05 mg/kg atá ann faoi láthair. Tá a úsáid chun vearnaisí agus bratuithe a mhonarú, mar shampla mar cheanglóir polaiméireach, fós faoi réir rialacha ginearálta Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus aon rialacha náisiúnta sonracha a d’fhéadfadh a bheith ann sna Ballstáit.
Mar sin féin, cé gurb é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a dhéanann an fhaisnéis is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar úsáid na mbisfeanól guaiseach agus na ndíorthach bisfeanóil guaiseach a mheas, d’fhéadfadh sé gur mhian leis na hoibreoirí gnólachta a úsáideann ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as BPS nó bisfeanóil ghuaiseacha eile, nó a mhonaraíonn agus a chuireann ar an margadh iad, ábharthacht aon fhaisnéise eolaíche nua a mheas iad féin. Maidir le BPS, áirítear leis sin faisnéis a foilsíodh ó mheastóireacht an Choiste Eolaíoch um Bia (SCF) uirthi an 22 Meitheamh 2000 (8), faisnéis nár bhreithnigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ina thuarascáil theicniúil ar BPS (9) a foilsíodh in 2020.
Q14. Cad a tharlóidh tar éis don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an treoraíocht a fhoilsiú maidir leis an bhfaisnéis is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhisfeanóil ghuaiseacha?
I gcomhréir le hAirteagal 5(3)(b)(i) de Rialachán (AE) 2024/3190, maidir leis na hoibreoirí gnólachta ar mian leo leanúint d’ábhair bhia-thadhaill a chur ar an margadh, ar ábhair iad a mhonaraítear le bisfeanól guaiseach nó díorthach guaiseach, a raibh feidhm ag aicmiú comhchuibhithe ábhartha ina leith tráth foilsithe na treoraíochta ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, beidh 9 mí acu chun cur isteach ar mhaolú ar an toirmeasc. I gcomhréir le hAirteagal 5(3)(a)(i) den Rialachán sin, ní mór d’oibreoirí gnólachta a bheith in ann a léiriú freisin maidir leis an ábhar bia-thadhaill ina n-úsáidtear an bisfeanól guaiseach nó an díorthach guaiseach go raibh sé ar an margadh cheana féin tráth a fhoilseoidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an fhaisnéis. Más amhlaidh atá, féadfar leanúint den ábhar bia-thadhaill sin a chur ar an margadh ina dhiaidh sin go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lenar féidir leanúint dá chur ar an margadh.
Mura gcuirtear iarratas ar údarú isteach laistigh de 9 mí tar éis don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia treoraíocht a fhoilsiú, ní fhéadfar an t-ábhar bia-thadhaill a chur ar an margadh a thuilleadh (féach freisin C39). Maidir le hábhair bhia-thadhaill nach bhfuil ar an margadh cheana féin tráth a fhoilseoidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an treoraíocht maidir leis an bhfaisnéis is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhisfeanóil ghuaiseacha nó ar dhíorthaigh ghuaiseacha, ní fhéadfar iad a thabhairt isteach ar an margadh ina dhiaidh sin. Sa dá chás, áfach, d’fhéadfaí iarratas ar údarú a chur isteach ag tráth níos faide anonn.
Q15. Cad a tharlóidh má bhíonn feidhm ag aicmiú comhchuibhithe ábhartha i leith bisfeanóil nó díorthach bisfeanóil amach anseo, tar éis don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a threoraíocht a fhoilsiú?
Maidir le bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh ghuaiseacha nach n-aicmítear leis an aicmiú comhchuibhithe ábhartha go dtí tar éis an dáta a chuirfidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an fhaisnéis ar fáil, beidh 9 mí ag oibreoirí gnólachta tar éis don aicmiú a theacht i bhfeidhm chun iarratas a chur isteach ar mhaolú ar an toirmeasc ar an mbisfeanól guaiseach nó ar an díorthach guaiseach más mian leo go bhfanfadh a gcuid ábhar bia-thadhaill ar an margadh. Seachas sin, ní cheadófar an bisfeanól guaiseach nó an díorthach guaiseach a úsáid chun ábhair bhia-thadhaill a mhonarú agus ní cheadófar ábhair bhia-thadhaill a chur ar an margadh ó 9 mí tar éis an dáta a mbeidh feidhm ag an aicmiú ábhartha. Mar sin féin, mar a míníodh thuas, d’fhéadfaí iarratas ar údarú a chur isteach tráth níos déanaí agus, dá ndeonófaí é, cheadófaí ar an margadh ábhair bhia-thadhaill a n-úsáidtear an bisfeanól guaiseach nó an díorthach guaiseach ina monarú.
I gcás bisfeanól nó díorthach bisfeanóil a údaraítear faoi láthair lena úsáid i monarú ábhair bhia-thadhaill phlaisteacha (10) agus a áireofar ar ball i dtábla 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, a cháileoidh mar bhisfeanól guaiseach nó mar dhíorthach bisfeanóil guaiseach, bheadh feidhm ag Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón dáta a thiocfaidh an t-aicmiú comhchuibhithe sin chun bheith infheidhme, rud a chiallaíonn go dtiocfadh sé faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190 amháin agus go scriosfaí a iontráil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.
Q16. Cén dáta óna n-aicmeofar bisfeanól guaiseach amhlaidh?
Meastar gur ‘bisfeanól guaiseach’ nó ‘díorthach bisfeanóil guaiseach’ é bisfeanól nó díorthach bisfeanóil ón dáta a bheidh feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe i gcomhréir leis an Rialachán leasaitheach a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 lena nglactar aicmiú na substainte, agus aon idirthréimhsí ábhartha a leagtar síos sa leasú sin á gcur san áireamh.
Q17. Cad iad na bisfeanóil agus díorthaigh bisfeanóil eile a mheastar faoi láthair a bheith guaiseach agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 5?
Tráth theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3190, bhí cinneadh déanta cheana féin maidir le haicmiú cúig bhisfeanól nó dhíorthach bisfeanóil, de bhreis ar BPA, mar CMR 1A, 1B nó shuaiteoir inchríneach 1 do shláinte an duine (féach an tábla thíos).
|
Ainm na substainte |
Uimhir CAS |
Aicmiú ábhartha i dtábla 3, Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 |
|
Bisfeanól S (BPS) |
80-09-1 |
Atáirg. 1B |
|
4.4'- Iseabúitileitilidíndéfeinil |
6807-17-6 |
Atáirg. 1B |
|
Feanóltailéin |
77-09-8 |
Carc. 1B |
|
Bisfeanól AF (BPAF) |
1478-61-1 |
Atáirg. 1B |
|
Teitreabrómaibisfeanól-A (TBBPA) |
79-94-7 |
Carc. 1B |
Chun críoch praiticiúil, d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) sraith táblaí Excel (11) ina dtugtar gach nuashonrú ar aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí guaiseacha, a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Ina theannta sin, tá clárlann um aicmiú agus lipéadú (CLH) ‘intentions until outcome’, ar fáil ar shuíomh gréasáin ECHA ina liostaítear na hintinní agus na tograí a fuair ECHA maidir le córas comhchuibhithe nua nó athbhreithnithe um substaint a aicmiú agus a lipéadú (12).
Is fiú a thabhairt ar aird freisin, tráth glactha na treoraíochta sin, gur foilsíodh tuairim ó ECHA RAC (13) an 17 Meán Fómhair 2024 maidir le haicmiú comhchuibhithe a beartaíodh (Atáirg. 1B) le haghaidh bisfeanól F (4,4’-meitiléindéfheanól) (Uimh. CAS 620-92-8).
Cé go sainmhínítear ‘bisfeanóil ghuaiseacha’ agus ‘díorthaigh bhisfeanóil ghuaiseacha’ i Rialachán (AE) 2024/3190 i ndáil leis an aicmiú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, d’fhéadfadh sé gur mhian le hoibreoirí gnólachta, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir lena shábháilte agus a oiriúnaí atá roghanna malartacha, forbairtí leanúnacha a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le faisnéis eolaíoch nua agus bearta a rinneadh sa phróiseas aicmithe, lena n-áirítear tograí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus féinaicmiú.
Q18. Cad iad na bisfeanóil agus na díorthaigh bisfeanóil nach mór a liostú i nDearbhú Comhlíontachta de bhun Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn III, pointe 5 de Rialachán (AE) 2024/3190?
Ní mór na bisfeanóil agus díorthaigh bisfeanóil go léir a úsáidtear i monarú ábhair bia-thadhaill, agus ní hamháin iad siúd a shainítear mar ábhar guaiseach, a liostú sa Dearbhú Comhlíontachta chun a chinneadh go gcomhlíontar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/3190.
Q19. Cén fhaisnéis maidir le stádas substaintí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2024/3190 ba cheart d’ oibreoirí gnólachta a chur isteach?
Faoi láthair, níl ach dhá mhaolú theoranta ann maidir le BPA a úsáid, a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190. Beidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin i dteagmháil i gcónaí le hoibreoirí gnólachta a tháirgeann na hearraí bia-thadhaill ábhartha agus/nó lena n-eagraíochtaí ionadaíocha maidir leis an bhfaisnéis a bhfuiltear a bhfuil coinne leis go dtabharfaidh sí aghaidh ar stádas na roghanna malartacha. Is dócha go n-áireofar ar an bhfaisnéis sin infhaighteacht roghanna malartacha, a n-inmharthanacht theicniúil agus a indéanta a bheidh siad go heacnamaíoch. Má mheastar substaintí malartacha nó córais mhalartacha a mhonaraítear le substaintí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin a bheith inmharthana, féadfar Iarscríbhinn II a leasú agus an tréimhse is gá i gcomhair athsholáthar na gcóras atá ann faoi láthair á cur san áireamh. Amach anseo, d’fhéadfadh baint a bheith aige sin freisin le bisfeanóil ghuaiseacha eile nó le díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile dá dtabharfar údarú sonrach.
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin faisnéis eile atá ar fáil maidir lena hinfhaighte agus a phraiticiúla atá roghanna malartacha, a bhféadfadh faisnéis arna cur isteach ag páirtithe cé is moite díobh siúd a bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu a bheith san áireamh inti.
3. COMHLÍONADH AGUS TÁSTÁIL
Q20. Conas is féidir a léiriú go bhfuil Rialachán (AE) 2024/3190 á chomhlíonadh?
Le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/3190 cuirtear toirmeasc ar BPA a úsáid i monarú ábhar bia-thadhaill. Ar an gcéad dul síos, is féidir a léiriú le doiciméadacht tacaíochta a ghabhann le dearbhú comhlíontachta nár úsáideadh BPA i monarú ábhar bia-thadhaill, lena n-áirítear, mar shampla, le liosta de na monaiméirí nó substaintí tosaithe a úsáideadh. I gcásanna den sórt sin, is faoin oibreoir gnólachta atá sé fíorú breise ar chomhlíonadh a dhéanamh le tástáil.
Maidir leis na hearraí ábhar bia-thadhaill ina bhféadfar BPA a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn II den Rialachán, beidh sé riachtanach a léiriú nach dtarlóidh ascnamh BPA os cionn theorainn an bhraith, rud is féidir a bhaint amach, mar shampla, le tástáil ascnaimh nó samhaltú matamaiticiúil. Ní mór a dheimhniú sa doiciméadacht freisin gur comhlíonadh srianta eile, e.g. cruthúnas ar na próisis ghlantacháin agus sruthlaithe.
I gcás inar úsáideadh bisfeanól eile nó díorthach i monarú ábhair bia-thadhaill, is féidir comhlíonadh Airteagal 4 a bhaint amach le tástáil anailíseach le haghaidh BPA iarmharach san ábhar bia-thadhaill nó le sonraí maidir le láithreacht BPA ann mar eisíontas, rud atá ábhartha go háirithe maidir le díorthaigh áirithe de BPA, amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A.
I gcás tástáil a dhéanamh ar ábhair ar úsáideadh BPA nó bisfeanól eile ina leith sa mhonarú, mar atá i gcás gach ábhair bia-thadhaill, is faoin oibreoir gnólachta nó faoin duine inniúil/faoi na daoine inniúla atá sé paraiméadair áirithe den tástáil a chinneadh, mar shampla an cás is measa a roghnú chun nach gá gach táirge a thástáil. A luaithe a dhéantar tástáil ar shampla ionadaíoch/shamplaí ionadaíocha, níor cheart de ghnáth gur gá leanúint den tástáil gach uair a chuirtear na hábhair ar aghaidh sa slabhra soláthair agus, mar shampla, a chomhcheanglaítear ina n-earraí ilsrathacha iad le hábhair eile nár úsáideadh BPA ná bisfeanóil eile chun iad a mhonarú. I ndeireadh na dála, áfach, is faoi na hoibreoirí gnólachta atá sé rogha a dhéanamh faoi fhíorú comhlíontachta.
Q21. An bhfuil sé éigeantach a chruthú le hanailís saotharlainne nach bhfuil BPA i láthair?
Faoi Rialachán (AE) 2024/3190 níl sé éigeantach tástáil anailíseach a dhéanamh. Mar sin féin, leagtar síos in Airteagal 9 na rialacha maidir le comhlíonadh a fhíorú i gcás ina n-úsáidtear tástáil den sórt sin. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcásanna ina bhféadfar BPA a úsáid i gcomhréir leis na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn II ach nár cheart a ascnamh isteach i mbia a bheith inbhraite, nó i gcás inar úsáideadh bisfeanól nó díorthach bisfeanóil eile amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A ach nach gceadaítear BPA iarmharach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 4.
Q22. An bhfuil an teorainn braite 1 μg/kg (1 ppb nó 0,001 mg/kg) indéanta agus praiticiúil chun críoch comhlíontachta agus forfheidhmithe?
Le linn an phlé a rinneadh sular glacadh Rialachán (AE) 2024/3190, thacaigh na Ballstáit le teorainn braite (LoD) 0,001 mg/kg (1 μg/kg) agus mheas siad gur teorainn indéanta í chun BPA a bhrath. Chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú aonfhoirmeach an Rialacháin sin, le hAirteagal 9 tugtar ról do Shaotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh (EU-RL) maidir le modhanna féideartha a fhorbairt, i gcomhar le Saotharlanna Náisiúnta Tagartha.
Beidh forbairt na bparaiméadar chun comhlíonadh a fhíorú, lena n-áirítear teorainn braite nach ionann é agus 1 μg/kg, agus cineálacha cur chuige eile ag brath ar na modhanna a roghnófar ar deireadh i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán. Cuirfear an t-eolas ar fáil go poiblí in am trátha.
Q23. An bhfuil feidhm ag an teorainn braite sin maidir le hascnamh nó maidir le hábhar iarmharach?
Féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/3190 chun tástáil a dhéanamh ar ascnamh BPA ó na hearraí bia-thadhaill a leagtar síos in Iarscríbhinn II, nach bhfuiltear le hascnamh a bhrath ina leith; nó chun comhlíonadh an cheanglais a eascraíonn as Airteagal 4 den Rialachán sin a fhíorú, nach mbeidh aon BPA iarmharach in ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as bisfeanóil eile nó as díorthaigh bisfeanóil. Beidh feidhm ag an teorainn braite 1 μg/kg a leagtar síos sa Rialachán sin maidir le fíorú comhlíontachta sa dá chás, mura dtiocfar ar chonclúid dhifriúil ag éirí as obair Shaotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh.
Q24. An mar ‘shubstaint nár cuireadh isteach d’aon ghnó’ nó an mar éilleán a bhfuil feidhm ag an teorainn braite maidir le BPA?
Is ar BPA a úsáid i monarú ábhar bia-thadhaill áirithe, seachas ar a bheith i láthair a leagtar béim i Rialachán (AE) 2024/3190. Is amhlaidh atá toisc gurb é an phríomhfhoinse BPA ó ábhair bhia-thadhaill go n-úsáidtear d’aon ghnó é chun ábhair bhia-thadhaill a mhonarú, mar mhonaiméir de ghnáth in ábhair amhail plaistigh agus bratuithe. Chun Airteagal 4 den Rialachán a chomhlíonadh, má úsáidtear bisfeanóil nó díorthaigh bisfeanóil eile amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A i monarú ábhar bia-thadhaill, ba cheart a áirithiú nach mbeidh BPA ann mar shubstaint nár cuireadh isteach d’aon ghnó. Is féidir é sin a bhaint amach trí íonacht na substainte tosaithe a áirithiú agus le dea-chleachtais mhonaraíochta i rith an phróisis táirgthe chun táirgí imoibriúcháin agus díghrádúcháin neamh-inmhianaithe a sheachaint. Mura féidir rialú den sórt sin a bhaint amach agus go mbeadh BPA ann de bharr bisfeanóil eile nó díorthaigh a úsáid, níor mhór substaintí tosaithe eile a úsáid.
Mar sin féin, ní hé go díreach go gcuireann Rialachán (AE) 2024/3190 toirmeasc ar BPA a bheith i láthair in ábhair bhia-thadhaill, ós rud é gur féidir é a bheith i láthair ó fhoinsí taismeacha, go háirithe mar éilleán ó shruthanna athchúrsála ón uair nach féidir leibhéil BPA nó bisfeanóil ghuaiseacha eile a laghdú go nialas.
Q25. An bhfuil oibleagáid ann Dearbhú Comhlíontachta a eisiúint i leith na n-ábhar bia-thadhaill go léir atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190, fiú murar úsáideadh aon BPA?
Tá, ní mór dearbhú comhlíontachta a bheith ag gabháil le gach ábhar a shonraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2024/3190, agus earraí il-ábhar san áireamh, fiú murar úsáideadh BPA sa phróiseas monaraíochta. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go gceanglaítear dearbhú comhlíontachta le haghaidh dúigh phriontála agus ábhair eile a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin, agus a bheartaítear mar ábhair bhia-thadhaill agus/nó mar chuid d’earra bia-thadhaill deiridh. Ní mór dearbhú comhlíontachta ina gcomhlíonfar na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bheith ag gabháil leis na hearraí bia-thadhaill deiridh il-ábhair nó ilsrathacha a bheidh mar thoradh air sin.
Q26. Cé air a bhfuil sé de fhreagracht dearbhú comhlíontachta a eisiúint?
Ba cheart d’oibreoirí gnólachta an dearbhú comhlíontachta a eisiúint ag gach céim, lena n-áirítear le haghaidh ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha agus le haghaidh earraí bia-thadhaill deiridh, cé is moite de chéim na miondíola; mar shampla, ní gá d’oibreoirí gnólachta a dhíolann earraí cistine le tomhaltóirí an dearbhú comhlíontachta a sholáthar do thomhaltóirí ach ní mór dóibh dearbhú comhlíontachta a bheith ar fáil ina ndoiciméadacht chomhlíontachta, rud a d’fhéadfadh Údarás Inniúil Ballstáit a iarraidh mar aon le doiciméadacht tacaíochta.
Q27. An mbeidh níos mó ná dearbhú comhlíontachta amháin ag teastáil i gcás ábhar bia-thadhaill a thagann faoi raon feidhme rialacha sonracha eile de chuid an Aontais?
Níl formáid shonrach ann maidir leis an dearbhú comhlíontachta agus dá réir sin, ní gá aon fhaisnéis a cheanglaítear leis an dearbhú comhlíontacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a dhúbailt agus is féidir í a ionchorprú sa doiciméad aonair céanna mar aon leis an bhfaisnéis bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2024/3190.
Q28. An bhfuil oibleagáid ann dearbhú comhlíontachta a eisiúint le linn na n-idirthréimhsí, i.e. ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3190?
Tá, toisc gur gá a áirithiú go bhfuil na srianta á gcomhlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear an teorainn ascnaimh shonrach (0,05 mg/kg) le haghaidh ábhair phlaisteacha agus vearnaisí agus bratuithe. Cuideoidh aistriú faisnéise lena léirítear go bhfuil BPA nó bisfeanóil eile nó díorthaigh eile in úsáid le gnólachtaí sa slabhra táirgeachta agus soláthair táirgeadh na n-earraí deiridh agus a gcur ar an margadh a bhainistiú, más gá, roimh dheireadh na n-idirthréimhsí.
Ós rud é go gcuirfear roinnt ábhar bia-thadhaill, go háirithe ábhair thosaithe agus idirmheánacha, ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3190, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cuid den fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn III le haghaidh an dearbhaithe comhlíontachta, amhail liosta d’aon bhisfeanóil nó de dhíorthaigh bisfeanóil a úsáideadh, ar fáil ar an ngnáthbhealach d’oibreoirí gnólachta a fhaigheann na hábhair bhia-thadhaill sin agus a chuireann ar an margadh iad ina dhiaidh sin e.g. mar earraí bia-thadhaill deiridh. Is iomchuí, dá bhrí sin, cásanna den sórt sin a chur san áireamh le linn obair chomhlíontachta agus chun críocha forfheidhmithe, le linn na hidirthréimhse.
4. CUR AR AN MARGADH
Q29. An féidir ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear le BPA a onnmhairiú chuig tríú tíortha?
Is é is cuspóir do reachtaíocht an Aontais maidir le hábhair bhia-thadhaill sábháilteacht a áirithiú i gcás na n-ábhar bia-thadhaill a chuirtear ar mhargadh an Aontais ina ‘staid chríochnaithe’ agus a bhíonn i dtadhall le bia a bheartaítear le haghaidh mhargadh an Aontais (féach, áfach, Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 178/20025 lena ndéantar dlí bia an Aontais infheidhme maidir le honnmhairí in imthosca áirithe). I bprionsabal, earraí atá le tabhairt i dtadhall le bia a bheartaítear do mhargadh tríú tír, ní mheastar go dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le hábhair bhia-thadhaill. Mar sin féin, tá sé de fhreagracht ar oibreoirí gnólachta, faoi rialú na mBallstát, a áirithiú go mbeidh doiciméadacht iomchuí ag gabháil le hábhair bhia-thadhaill, bídís ina n-ábhair idirmheánacha nó ina n-earraí deiridh, a chuirtear ar mhargadh an Aontais ach a bheartaítear a onnmhairiú chuig tríú tír, chun inrianaitheacht a áirithiú, lena n-áirítear léiriú soiléir ar an gceann scríbe, agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit a sheiceáil nach ndéanfar iad a atreorú agus a chur ar mhargadh an Aontais.
Q30. Cad faoi ábhair bhia-thadhaill a allmhairíodh ó thríú tíortha?
Tá na hábhair bhia-thadhaill go léir, lena n-áirítear ábhair nach raibh i dtadhall le bia go fóill mar aon le hearraí atá i dtadhall cheana féin le bia e.g. pacáistíocht bia, faoi réir na rialacha céanna maidir lena gcur ar mhargadh an Aontais. Más earraí iad a monaraíodh trí úsáid a bhaint as BPA lasmuigh den Aontas, ní cheadófar a thuilleadh iad ar mhargadh an Aontais tar éis dheireadh na hidirthréimhse ábhartha, mura mbeidh feidhm ag ceann de na maoluithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Ar an gcaoi chéanna, beidh ar ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as bisfeanól nó díorthaigh bisfeanóil Airteagal 4 de Rialachán (AE) a chomhlíonadh, agus ní mór a léiriú nach ann do BPA iarmharach sna hábhair bhia-thadhaill sin, má chuirtear ar mhargadh an Aontais iad, leis na modhanna céanna a úsáidtear le haghaidh ábhair bhia-thadhaill a mhonaraítear san Aontas (féach freisin an roinn thíos maidir le ‘forálacha idirthréimhseacha’).
Ní mór d’oibreoirí gnólachta a allmhairíonn ábhair bhia-thadhaill ó thríú tíortha Airteagal 5 den Rialachán a chomhlíonadh freisin maidir le toirmeasc ar úsáid bisfeanól guaiseach cé is moite de BPA nó díorthaigh bhisfeanóil ghuaiseacha agus, más gá, iarratas a dhéanamh ar údarú chun bisfeanól guaiseach, cé is moite de BPA nó díorthach bisfeanóil guaiseach, a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6 agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 7 a chomhlíonadh.
Q31. Cad faoi BPA a d’fhéadfadh a bheith i mbia nach dtagann ó ábhair bhia-thadhaill a chuirtear ar mhargadh an Aontais, amhail trealamh táirgthe bia a úsáidtear i dtríú tír? Nó cad faoi BPA a d’fhéadfadh a bheith sa bhia cheana féin, mar shampla mar thoradh ar éilleán comhshaoil?
D’fhéadfadh sé go mbraithfí BPA sa bhia féin, mar gheall ar ábhair bhia-thadhaill a bheith in úsáid mar threalamh táirgthe bia i dtríú tír ónar ascnaigh BPA, mar gheall ar ascnamh ó ábhair bhia-thadhaill athchúrsáilte nó mar thoradh ar éilliú comhshaoil sa bhia. Mar sin féin, le rialacha an Aontais maidir le hábhair bhia-thadhaill, d’fhéadfaí a chur san áireamh gur as foinse seachas ábhair bhia-thadhaill a cuireadh ar mhargadh an Aontais a d'eascair BPA, lena n-áirítear táirgeadh agus próiseáil bianna ó thríú tíortha chomh maith le héilliú comhshaoil. Sa chás sin, ba cheart don oibreoir gnólachta a bheith in ann míniú nó léiriú a thabhairt ar conas a tháinig BPA chun cinn sa chás seo.
Cuideoidh faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ar fáil amach anseo, a mhéid a bhaineann le BPA neamhbheartaithe a bheith i láthair i mbia-ábhair, lena n-áirítear i mbia-ábhair ó thríú tíortha, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chéimeanna amach anseo – más gá – chun tomhaltóirí a chosaint tuilleadh.
5. FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA
Q32. Ó thaobh oibreoir gnólachta de, cad í an idirthréimhse ábhartha chun earra bia-thadhaill a chur ar mhargadh an Aontais?
Is féidir ábhair bhia-thadhaill agus earraí bia-thadhaill ag aon chéim den mhonarú, agus lena n-áirítear earraí bia-thadhaill deiridh, a chur ar an margadh den chéad uair suas le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3190 (go dtí an 20 Iúil 2026) i gcomhréir le hAirteagal 11(1) maidir le hearraí aon úsáide agus Airteagal 12(1) maidir le hearraí athúsáide.
Thairis sin, is féidir roinnt ábhar agus earraí bia-thadhaill sonracha a chur ar an margadh den chéad uair suas le 36 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm (go dtí an 20 Eanáir 2028). Áirítear leis sin earraí bia-thadhaill aon úsáide (pacáistíocht) le haghaidh torthaí agus glasraí (14), chomh maith le táirgí iascaigh (15), agus pacáistíocht ar úsáideadh bratú bunaithe ar BPA ar an dromchla seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 11(2). Ábhair agus earraí bia-thadhaill deiridh athúsáide a úsáidtear mar threalamh gairmiúil táirgthe bia, cé is moite díobh siúd in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190, amhail múnlaí bia plaisteacha, páirteanna d’innealra chomh maith le coimeádáin bhrataithe ar lú a dtoilleadh ná 1 000 lítear, féadfar iad a chur ar an margadh den chéad uair ina staid chríochnaithe deiridh go dtí an 20 Eanáir 2028, i gcomhréir le hAirteagal 12(2).
I ngach cás, ní féidir an t-earra bia-thadhaill deiridh a chur ar an margadh den chéad uair go dtí go mbeidh na céimeanna monaraíochta críochnaithe, nó go n-allmhaireofar an t-earra bia-thadhaill deiridh, agus go mbeidh na hearraí deiridh á gcoinneáil lena ndíol nó lena n-aistriú.
Q33. An bhfuil feidhm ag na forálacha idirthréimhseacha freisin i leith ‘ábhair idirmheánacha’ amhail vearnaisí agus bratuithe nó roisíní plaisteacha?
Is féidir ábhair bhia-thadhaill a chur ar an margadh ag céimeanna monaraíochta éagsúla nó ag pointí éagsúla feadh an tslabhra soláthair agus ag tráthanna éagsúla. Mar shampla, is féidir réamhpholaiméirí chun bratuithe bia-thadhaill a tháirgeadh a chur ar an margadh agus a chur ar fáil do mhonaróir bratuithe bia-thadhaill. Is céim í a tharlaíonn sula gcuirfear an fhoirmle bhrataithe i gcrích agus sula gcuirfear ar fhoshraith mhiotail í, chun an t-earra bia-thadhaill deiridh a fhoirmiú, a chuirfear ar an margadh ina dhiaidh sin.
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, áfach, agus go háirithe chun cuidiú le comhlíonadh agus forfheidhmiú, tá feidhm ag na dátaí ag deireadh na n-idirthréimhsí go sonrach maidir leis na hearraí bia-thadhaill deiridh a chur ar an margadh. Áirítear leis sin formhór na pacáistíochta bia, amhail cannaí brataithe, chomh maith le hábhair agus earraí bia-thadhaill athúsáide, go háirithe na cinn sin amhail earraí cistine agus earraí boird a bhíonn in úsáid ag tomhaltóirí. Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar ‘cur ar an margadh’ a thugtar in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.
Go loighciúil, agus chun leanúint d’earraí bia-thadhaill deiridh a mhonarú, is féidir leanúint d’ábhair idirmheánacha amhail réamhpholaiméirí agus bratuithe a chur ar fáil don chéad ghnólacht eile sa slabhra táirgeachta. Go teoiriciúil, is féidir ábhair idirmheánacha a chur ar an margadh freisin go dtí deireadh na hidirthréimhse/n-idirthréimhsí ábhartha, cé go mbeidh tréimhse leordhóthanach roimh dheireadh na n-idirthréimhsí ag teastáil sa ghnáthshlí chun deis a thabhairt do thiontairí agus do tháirgeoirí earraí deiridh na hearraí deiridh a chur i gcrích agus a chur ar an margadh roimh dheireadh na n-idirthréimhsí.
Murab ionann agus earraí bia-thadhaill deiridh, níl aon fhorálacha ann i leith ábhair bhia-thadhaill idirmheánacha maidir le leanúint de stoic a chur ar an margadh nó a ídiú. Tar éis dheireadh na n-idirthréimhsí ábhartha, ní féidir na hábhair idirmheánacha a úsáid a thuilleadh chun earraí bia-thadhaill deiridh a bheidh le cur ar mhargadh an Aontais a tháirgeadh.
Q34. An féidir leis an earra bia-thadhaill deiridh fanacht ar mhargadh an Aontais ansin, nó an gá é a bhaint óna dhíol?
I gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/3190, earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide – pacáistíocht go príomha – arna gcur ar an margadh den chéad uair (e.g. ag a monaróir) laistigh den idirthréimhse 18 mí nó 36 mhí, cibé acu is infheidhme, agus ar gá fós iad a líonadh le bia, féadfaidh siad fanacht ar an margadh ansin ar feadh suas le bliain amháin, chun deis a thabhairt iad a líonadh le bia. Ina dhiaidh sin, ar choinníoll gur líonadh na hearraí, is féidir an bia pacáistithe a dhíol le hasraonta miondíola agus le tomhaltóirí ina dhiaidh sin, go dtí go n-ídeofar na stoic (nó go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta éagtha). Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide a líonadh le bia cheana féin agus a cuireadh ar an margadh den chéad uair laistigh den idirthréimhse 18 mí nó 36 mhí, lena n-áirítear na cinn sin a allmhairíodh, féadfaidh siad fanacht ar an margadh freisin go dtí go n-ídeofar na stoic. Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide nár cuireadh ar an margadh den chéad uair faoi dheireadh na 18ú mí nó na 36ú mí, cibé acu is infheidhme, ní féidir iad a chur ar an margadh den chéad uair a thuilleadh.
Le hAirteagal 12(3) den Rialachán ceadaítear earraí bia-thadhaill deiridh athúsáide, arna gcur ar an margadh den chéad uair (e.g. ag a monaróir nó a n-allmhaireoir) laistigh den tréimhse 18 mí nó 36 mhí, cibé acu is infheidhme, a fhágáil ar an margadh ar feadh bliana chun críche aistriú agus díol, lena n-áirítear le tomhaltóirí (e.g. earraí cistine) nó le gnólachtaí a úsáidfidh an trealamh chun bia a tháirgeadh, a phróiseáil nó a dháileadh. Ina dhiaidh sin, ní fhéadfar earraí bia-thadhaill deiridh athúsáide a chur ar an margadh a thuilleadh i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘cur ar an margadh’ in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004). Áirítear leis sin an t-aistriú nó an t-aistriú beartaithe chuig tomhaltóirí (mar shampla, earraí cistine a dhíol) nó chuig oibreoir gnólachta eile (mar shampla, trealamh gairmiúil táirgthe bia a dhíol).
Féadfaidh earraí bia-thadhaill deiridh athúsáide fanacht faoi úinéireacht oibreora gnólachta ag deireadh na tréimhse bliana i.e. tar éis an 20 Iúil 2027 nó an 20 Iúil 2029, cibé acu is infheidhme. Ní fhéadfaidh an t-oibreoir gnólachta sin na hearraí a athdhíol ná iad a dháileadh ná a aistriú ar bhealach ar bith, i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus i ndáil leis an Treoirleabhar Gorm ón gCoimisiún Eorpach (16), a n-áirítear ann táirge a léasú nó a fhruiliú ó ghnólacht go gnólacht eile. Mar sin féin, féadfaidh an t-oibreoir gnólachta a raibh úinéireacht dhlíthiúil aige ar an earra bia-thadhaill ag deireadh na tréimhse bliana leanúint á úsáid go dtí nach mbeidh sé feidhmiúil a thuilleadh nó go dtí go roghnóidh an t-oibreoir gnólachta bia é a athsholáthar, ar choinníoll go bhfanfaidh an t-earra faoina úinéireacht dhlíthiúil. Baineann sé sin, mar shampla, le trealamh gairmiúil táirgthe bia a bheith in úsáid ag gnólachtaí bia, mar shampla, múnlaí milseogra chomh maith le hearraí athúsáide ar nós earraí cócaireachta, coimeádáin agus earraí eile chun bia a dháileadh, a bhíonn in úsáid ag lónadóirí, bialanna agus gnólachtaí eile le linn a ngnáthghníomhaíochtaí.
Q35. Cad a áirítear ina ‘threalamh gairmiúil táirgthe bia’?
Tuigtear go n-áirítear le trealamh gairmiúil táirgthe bia earraí bia-thadhaill a bhíonn in úsáid ag gnólacht bia i suíomh táirgthe nó próiseála bia, chun bia-ábhair a tháirgeadh lena gcur ar an margadh. Áirítear leis sin, mar shampla, múnlaí milseogra, séalaí, caidéil, feirí, tomhsairí agus spéaclaí mar a luaitear in Aithris 21 den Rialachán, cé nach liosta uileghabhálach é sin. Maidir le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn earra bia-thadhaill faoin gceannteideal ‘táirgeadh gairmiúil an bhia’ chun críocha Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/3190, ba cheart an cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, agus an t-údar leis an idirthréimhse níos faide dá bhforáiltear in Aithris 21 den Rialachán sin a chur san áireamh. Áirítear leis an údar sin earra a úsáid mar chomhpháirt a fheidhmíonn mar chuid de shuiteáil níos mó, agus a mbeidh gá le tréimhse fhadaithe ama chun é a athsholáthar le comhpháirt a monaraíodh gan BPA a úsáid, go háirithe chun nach gá an córas iomlán táirgthe bia a athsholáthar.
Q36. Cad faoi earraí bia-thadhaill aon úsáide a gceadaítear tréimhse 36 mhí ina leith ach a líontar le bia-ábhair eile freisin, e.g. cannaí ina bhfuil iasc agus pasta araon?
Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide a bheartaítear chun ceann amháin de na bia-ábhair a liostaítear in Airteagal 11(2)(a) de Rialachán (AE) 2024/3190 a chaomhnú, d’fhéadfaidís tairbhiú den idirthréimhse 36 mhí i gcomhréir leis an Rialachán, gan beann ar na bia-ábhair sin a bheith measctha le comhábhair eile. Mar sin féin, ba cheart d’oibreoirí gnó, lena n-áirítear oibreoirí gnólachta bia, a thabhairt dá n-aire an bonn ar ar deonaíodh idirthréimhse fhadaithe le haghaidh na mbia-ábhar sonrach sin agus phríomh-chomhábhair na mbia-ábhar dá bhfuil sé i gceist acu na hearraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide a úsáid.
Q37. Cad faoi na hidirthréimhsí le haghaidh ábhair bhia-thadhaill allmhairithe?
Tá feidhm ag na rialacha céanna maidir le hábhair bhia-thadhaill allmhairithe agus atá maidir leo siúd a tháirgtear laistigh den Aontas, a mhéid a chuirtear ar mhargadh an Aontais iad.
Dá bhrí sin, ní mór ábhair bhia-thadhaill deiridh aon úsáide (pacáistíocht de ghnáth) a chur ar an margadh roimh dheireadh na dtréimhsí 18 mí nó 36 mhí, ag brath ar an gcineál bia a bhfuil siad le líonadh leis, bídís allmhairithe nó ná bíodh. Ina dhiaidh sin, ceadaítear le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/3190 tréimhse bliana chun earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide folmha a líonadh le bia-ábhair. Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide nár cuireadh ar mhargadh an Aontais roimh dheireadh na n-idirthréimhsí ábhartha agus nár líonadh le bia go fóill, ní féidir tar éis na tréimhse sin iad a chur ar an margadh a thuilleadh.
Ní mór ábhair bhia-thadhaill deiridh athúsáide, lena n-áirítear earraí cistine, earraí boird agus trealamh táirgthe bia gairmiúil a bheith curtha ar an margadh den chéad uair, i.e. ag allmhaireoir, sula mbeidh na tréimhsí 18 mí nó 36 mhí faoi seach istigh i gcomhréir leis an Rialachán. Tar éis dheireadh na tréimhse faoi seach, cuirtear tréimhse bhreise bliana ar fáil do gach gnólacht, lena n-áirítear allmhaireoirí nó gnólachtaí an Aontais chun na hábhair bhia-thadhaill deiridh athúsáide allmhairithe a dhíol le tomhaltóirí agus le hoibreoirí gnólachtaí bia.
Q38. An bhforáiltear d’aon bhearta idirthréimhseacha i leith Airteagal 4 maidir le BPA iarmharach a bheith i láthair?
Ní fhoráiltear d’aon bhearta idirthréimhseacha sonracha i leith Airteagal 4. Mar sin féin, is é atá i gceist leis an Airteagal sin a áirithiú, a luaithe a bheidh toirmeasc ar BPA i monarú ábhair bia-thadhaill, nár cheart é a bheith i láthair ach oiread mar iarmhar mar thoradh ar dhíorthaigh BPA, amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A, nó bisfeanóil eile nó a ndíorthaigh, a úsáid. Ós rud é go ndéantar foráil i Rialachán (AE) 2024/3190 do bhearta idirthréimhseacha a mhéid a bhaineann le BPA a úsáid, tá sé le tuiscint go bhfuil feidhm ag na hidirthréimhsí céanna a mhéid a bhaineann le hiarmhar BPA a bheith i láthair mar thoradh ar bhisfeanóil eile nó díorthaigh bisfeanóil a úsáid. Dá bhrí sin, níor ghá tús a chur leis an bhfíorú gur comhlíonadh Airteagal 4 go dtí go mbeadh na hidirthréimhsí ábhartha istigh.
Q39. An mbeidh aon idirthréimhsí infheidhme i leith bisfeanóil ghuaiseacha eile agus díorthach?
Féadfar leanúint de bhisfeanóil ghuaiseacha eile agus díorthaigh a úsáid, faoi réir fhorálacha Airteagail 5 agus 6 den Rialachán (féach an roinn thuas maidir le bisfeanóil eile agus díorthaigh bisfeanóil). I gcás ina ndéantar iarratas agus ina ndeonaítear údarú i leith úsáid bia-thadhaill shonrach, leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/3190. Sa chás nach ndeonaítear an t-údarú, d’fhéadfaí idirthréimhse a leagan síos i leith an bisfeanól guaiseach nó an díorthach guaiseach a úsáid nuair a dhéantar cinneadh gan an t-údarú a dheonú.
Q40. An bhféadfaí amlíne a chur san áireamh mar chur i láthair amhairc maidir leis na hidirthréimhsí/dátaí iarratais éagsúla?
Féach thíos. Is chun críoch léiriúcháin amháin atá an léaráid agus ní hé go gcumhdaíonn sí gach cás maidir le gach uile oibreoir gnólachta.
Forbhreathnú ar idirthréimhsí le haghaidh ábhair bhia-thadhaill faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún. Is chun críoch léiriúcháin amháin an tábla agus ní chumhdaítear gach cás leis. Ba cheart é a léamh in éineacht leis na freagraí a tugadh ar na ceisteanna roimhe seo agus leis an Rialachán
|
|
Ábhair bhia-thadhaill a chomhlíonann na rialacha is infheidhme ar an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán (20 Eanáir 2025) |
+ 18 mí Faoin 20 Iúil 2026 |
+ 12 mhí sa bhreis Faoin 20 Iúil 2027 |
+ 36 mí Faoin 20 Eanáir 2028 |
+ 12 mhí sa bhreis Faoin 20 Eanáir 2029 |
Níor sonraíodh dáta |
|
A |
Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide (e.g. pacáistíocht mhiotail, mar shampla, canna) seachas B |
Ní féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair a thuilleadh. Féadfaidh pacáistíocht neamhlíonta fanacht ar an margadh ar feadh 1 bhliain amháin chun í a líonadh le bia |
Ní mór aon phacáistíocht neamhlíonta a bheith líonta le bia-ábhair agus séalaithe |
|
|
Féadfaidh pacáistíocht bhia líonta fanacht ar mhargadh an Aontais go dtí go n-ídeofar na stoic |
|
B |
Earraí bia-thadhaill deiridh aon úsáide chun torthaí, glasraí agus táirgí iascaigh a chaomhnú nó i gcás vearnais nó bratú a monaraíodh le BPA nár cuireadh ach ar dhromchla seachtrach an mhiotail |
|
|
Ní féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair a thuilleadh. Is féidir le pacáistíocht neamhlíonta fanacht ar an margadh ar feadh 1 bhliain amháin chun í a líonadh le bia |
Ní mór aon phacáistíocht neamhlíonta a bheith líonta le bia-ábhair agus séalaithe |
Féadfaidh pacáistíocht bhia líonta fanacht ar mhargadh an Aontais go dtí go n-ídeofar na stoic |
|
C |
Earraí bia-thadhaill deiridh úsáide athúsáide (e.g. earraí cistine ar nós buidéil deochanna) seachas D |
Ní féidir (i.e. le monaróir an earra deiridh nó leis an allmhaireoir deiridh) iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair a thuilleadh |
Ní féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais a thuilleadh (e.g. earraí cistine lena ndíol le tomhaltóirí) |
|
|
Féadfaidh oibreoirí gnólachta leanúint d’earraí a úsáid go dtí go gcaithfear iad a athsholáthar |
|
D |
Earraí bia-thadhaill deiridh úsáide athúsáide a úsáidtear mar threalamh gairmiúil táirgthe bia |
|
|
Ní féidir (i.e. le monaróir an earra deiridh nó leis an allmhaireoir deiridh) iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair a thuilleadh |
Ní féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais a thuilleadh (e.g. ní féidir iad a chur ar aghaidh ó ghnólacht go gnólacht) |
Féadfaidh oibreoirí gnólachta leanúint d’earraí a úsáid go dtí go gcaithfear iad a athsholáthar |
(1) Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le húsáid bisfeanóil A (BPA) agus bisfeanól agus díorthach bisfeanóil eile ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe i leith airíonna guaiseacha sonracha in ábhair agus earraí áirithe atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/213, IO L 2024/3190, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3190/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hearraí agus ábhair déanta as plaisteach atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE, IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.
(4) Féach Airteagal 1(2), go háirithe pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia, IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, IO L 353, 31.12.2008, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj.
(7) https://www.efsa.europa.eu/en/applications/foodcontactmaterials/regulationsandguidance.
(8) https://food.ec.europa.eu/document/download/e426f49e-3566-4cd8-93af-5118c7a1560c_en.
(9) https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2020.EN-1844.
(10) Féach Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún.
(11) https://echa.europa.eu/information-on-chemicals/annex-vi-to-clp.
(12) https://echa.europa.eu/registry-of-clh-intentions-until-outcome.
(13) https://echa.europa.eu/registry-of-clh-intentions-until-outcome/-/dislist/details/0b0236e187fe3e10.
(14) Torthaí agus glasraí seachas táirgí a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 a bhaineann le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine. IO L 10, 12.1.2002, lch. 58. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/112/oj.
(15) Táirgí iascaigh mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch. IO L 139, 30.4.2004, lch. 55. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj.
(16) Fógra ón gCoimisiún, an ‘Treoirleabhar gorm’ 2022 um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí. IO C 247, 29.6.2022, lch. 1. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52022XC0629(04).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6721/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)