European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6668

11.12.2025

Foilsiú iarratais ar chlárú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2025/6668)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta

‘Sapin de Noël du Morvan’

Uimh. AE: PGI-FR-03379 – 16.12.2024

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Sapin de Noël du Morvan’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC ☐ TGFC ☒

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

An Fhrainc

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

06 - CRAINN BHEO AGUS PLANDAÍ EILE; BLEIBÍNÍ, FRÉAMHACHA AGUS A LEITHÉIDÍ; BLÁTHANNA GEARRTHA AGUS DUILLIÚR ORNÁIDEACH

0604 - Duilliúr, craobhacha agus codanna eile de phlandaí, gan bhláthanna ná bachlóga bláthanna, agus féara, caonaigh agus léicin ar earraí iad de chineál atá oiriúnach do chrobhaingí nó chun críoch ornáideach, iad úr, triomaithe, daite, tuartha, tuilte nó ullmhaithe ar bhealach eile

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

Is crann ornáideach é ‘Sapin de Noël du Morvan’, agus é gearrtha nó i bpota, a úsáidtear go traidisiúnta chun tithe tomhaltóirí a mhaisiú le linn thréimhse na Nollag.

Cuirtear ‘Sapin de Noël du Morvan’ i láthair agus é gearrtha nó i bpota. Tagann sé ó na speicis seo a leanas:

Abies nordmanniana (Giúis Nordmann)

Abies procera (comhchiallach: nobilis) (giúis mhaorga)

Picea abies (sprús Lochlannach)

Comhlíonann ‘Sapin de Noël du Morvan’ na critéir aeistéitiúla seo a leanas:

seasamh cothrom agus siméadrach;

géaga rialta dlútha;

spíonlach ar a mbíonn dath ‘domhainghlas’ i gcás na sprús agus na ngiúiseanna Nordmann, agus ‘glas scothghorm’ i gcás na ngiúiseanna maorga;

dea-riocht úire a bhaineann le leagan nó stoitheadh déanach.

Bíonn an méid idir 40 cm agus 15 m i gcás gcrann gearrtha Nollag, agus idir 60 cm agus 2 m i gcás na gcrann i bpota.

Tá toirmeasc ar chrainn atá i mbloic ithreach nó atá flocaithe, sioctha nó oighrithe, nó atá cóireáilte le dathán.

Sainmhíniú ar chritéir aeistéitiúla

Bíonn na saintréithe seo a leanas sa ‘Sapin de Noël du Morvan’ a bhíonn idir 40 cm agus 3 m ar airde:

Critéir

Spriocluach

Dath

Comhsheasmhach ar fud an chrainn ar fad

Cruth

Cóimheas leithid/airde idir 0,5 agus 1

Dlús

Ní mór rothóga géag agus idirnód a bheith dáilte go cothrom feadh airde iomlán an chrainn, agus ní mór líon leordhóthanach díobh a bheith ann chun dlús maith a áirithiú.

Stoc

Stoc amháin i lár an chrainn

Príomhphéacán

Príomhphéacán díreach [an chuid uachtarach], cé gur féidir í a bheith cuartha nó a bheith míchumtha chomh fada agus nach mó an cuar ná 20° i gcomparáid leis an gceartingear. Tá an fad sa raon ó chothrom le fad na ngéag den rothóg is uachtaraí go dtí dhá oiread an fhaid sin.

Siméadracht

Cuma shiméadrach de ghnáth agus géaga dáilte thart ar an stoc

4 ghéag, ar a laghad, den fhad céanna i ngach rothóg, mura mbíonn an éifeacht [amhairc] chéanna ag roinnt géag idirmheánach

I gcás crainn atá os cionn 3 mhéadar ar airde, agus nach airde ná 15 mhéadar, bíonn na saintréithe seo a leanas sa ‘Sapin de Noël du Morvan’:

Critéir

Spriocluach

Dath

Comhsheasmhach ar fud an chrainn ar fad

Cruth

Cóimheas leithid/airde idir 0,4 agus 0,9

Dlús

Ní mór rothóga géag agus idirnód a bheith dáilte go cothrom feadh airde iomlán an chrainn, agus ní mór líon leordhóthanach díobh a bheith ann chun dlús maith a áirithiú.

Stoc

Stoc amháin i lár an chrainn

Siméadracht

Cuma shiméadrach de ghnáth agus géaga dáilte thart ar an stoc

Ceadaítear miondamáiste a bheith ar ‘Sapin de Noël du Morvan’ in aon spota, mar aon le mionfhabht amháin.

Déantar aicmiú ar dhamáiste agus ar fhabhtanna, mar mhórfhabhtanna nó mar mhionfhabhtanna, a leagan amach anseo thíos.

I gcás ‘Sapins de Noël du Morvan’ a bhíonn 40 cm agus 3 m ar airde.

Critéir

Fabhtanna/Damáiste

Mór/mion

Tá léicean agus/nó caonach ar na géaga

Damáiste

Miondamáiste

Níl spás rialta idir na duillí spíonacha

Damáiste

Miondamáiste

Tá roinnt géag briste nó marbh

Damáiste

Mórdhamáiste

Tá rianta algaí ar an gcrann nó tá miondamáiste déanta ag feithidí nó ag ainmhithe

Damáiste

Miondamáiste

Chun dáileadh rialta géag agus nód a áirithiú, níor cheart idirnóid a bheith níos faide ná dhá oiread fhad fhás na bliana roimhe sin.

Fabht

Mórfhabht

Tá dath neamhréireach ar an gcrann

Fabht

Mionfhabht

Cóimheas leithid/airde idir 1 agus 1,33 nó 0,3 agus 0,5

Fabht

Mionfhabht

Níos mó ná stoc amháin

Fabht

Mórfhabht

Tá claonadh an phríomhphéacáin níos mó ná 20° ón gceartingear

Fabht

Mórfhabht

Ní chomhlíonann an príomhphéacán an ceanglas maidir le fad

Fabht

Mionfhabht

Níl siméadracht ag crann ar a bhfuil níos lú ná ceithre ghéag in aghaidh na rothóige, i gcás nach bhfuil dóthain géaga idirnódacha ann chun an fabht a cheilt.

Fabht

Mórfhabht

I gcás ‘Sapins de Noël du Morvan’ a bhíonn os cionn 3 m ach nach mbíonn os cionn 15 m

Critéir

Fabhtanna/Damáiste

Mór/mion

Tá dath neamhréireach ar an gcrann

Fabht

Mionfhabht

Níl an cóimheas leithid/airde idir 0,4 agus 0,9

Fabht

Mórfhabht

Níos mó ná stoc amháin

Fabht

Mórfhabht

Níl rothóga na ngéag agus na n-idirnód dáilte go cothrom thar airde iomlán an chrainn agus ní leor a líon chun dlús maith a áirithiú.

Fabht

Mórfhabht

Níl cuma ghinearálta an chrainn siméadrach agus níl na géaga dáilte i gceart timpeall an stoic.

Fabht

Mórfhabht

Tá roinnt géag briste mar thoradh ar leagan agus iompar

Damáiste

Miondamáiste

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le tásc geografach faoi chosaint agus sa chás sin amháin)

__

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Déantar gníomhaíochtaí a bhaineann le crainn Nollag a tháirgeadh ar a bhfuil lipéad TGFC (plandú, saothrú, marcáil, leagan nó stoitheadh) a sheoladh i limistéar geografach an TGFC.

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach chun damáiste don táirge a chosc le linn é a sheoladh agus, ar an dóigh sin, chun é a choinneáil i riocht gan damáiste. Go deimhin, fágann an pacáistiú gur féidir na géaga a shocrú feadh an stoic, rud a choisceann iad dul i bhfostú ina chéile agus iad a milleadh (briseadh, caillteanas spíonlaigh) le linn iompair.

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Sainaithnítear Sapins de Noël du Morvan le lipéad ar a n-áirítear an méid seo a leanas:

tagairt don TGFC ‘Sapin de Noël du Morvan’

mionsonraí teagmhála an chomhlachta cáilíochta Excellence Végétale

ainm an speicis a chuirtear ar an margadh (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine)

tagairt do chéannacht an táirgeora

airde an chrainn

5.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Bardais sna ranna seo a leanas:

Côte-d’Or

Aisy-sous-Thil, Bard-le-Régulier, Blanot, Brazey-en-Morvan, Champeau-en-Morvan, Dompierre-en-Morvan, Juillenay, Lacour-d'Arcenay, Liernais, Ménessaire, Molphey, (La) Motte-Ternant, Montigny-Saint-Barthemy, Montlay-en-Auxois, Précy-sous-Thil, (La) Roche-en-Brenil, Rouvray, Saint-Andeux, Saint-Didier, Saint-Germain de Modéon, Saint-Martin-de-la-Mer, Saulieu, Savilly, Sincey-les-Rouvray, Thoisy-la-Berchère, Vianges, Vic-sous-Thil, Villargoix agus Villiers-en-Morvan.

Nièvre

Alligny-en-Morvan, Arleuf, Avrée, Bazoches, Blismes, Brassy, Cervon, Chalaux, Château-Chinon (Campagne), Château-Chinon (Ville), Châtin, Chaumard, Chiddes, Corancy, Dommartin, Dun-les-Places, Dun-sur-Grandry, Empury, Fâchin, Fléty, Gâcogne, Gien-sur-Cure, Glux-en-Glenne, Gouloux, Larochemillay, Lavault-de-Frétoy, Lormes, Luzy, Marigny-l'Église, Mhère, Millay, Montigny-en-Morvan, Montreuillon, Montsauche-les-Settons, Moulins-Engilbert, Mouron-sur-Yonne, Moux-en-Morvan, Onlay, Ouroux-en-Morvan, Planchez, Poil, Pouques-Lormes, Préporché, Saint-Agnan, Saint-André-en-Morvan, Saint-Brisson, Saint-Hilaire-en-Morvan, Saint-Honoré-Les-Bains, Saint-Léger-de-Fougeret, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Péreuse, Sémelay, Sermages, Vauclaix agus Villapourçon.

Saône-et-Loire

Anost, Autun, Barnay, Brion, Broye, (La) Celle-en-Morvan, (La) Chapelle-Sous-Uchon, Charbonnat, Chissey en Morvan, (La) Comelle, Cussy en Morvan, Dettey, Étang-sur-Arroux, (La) Grande-Verrière, Laizy, Lucenay-l'Évêque, Mesvres, (La) Petite-Verrière, Roussillon-en-Morvan, Saint-Didier-sur-Arroux, Saint-Léger-sous-Beuvray, Saint-Nizier-sur-Arroux, Saint-Prix, Sommant, (La) Tagnière, Thil-sur-Arroux agus Uchon.

Yonne

Avallon, Beauvilliers, Bussières, Chastellux-sur-Cure, Cussy-les-Forges, Domecy-sur-Cure, Island, Magny, Pontaubert, Quarré-les-Tombes, Saint-Brancher, Saint-Germain-des-Champs, Saint-Léger-Vauban agus Sainte-Magnance.

6.   Nasc leis an limistéar geografach

Tosca nádúrtha

Tá an nasc idir ‘Sapin de Noël du Morvan’ agus an limistéar geografach bunaithe ar a cháilíocht shonrach atá nasctha leis an limistéar

Tá críochú limistéar geografach ‘Sapin de Noël du Morvan’ bunaithe ar chritéir a bhaineann le hithir, le haeráid agus le stair. Is é atá sa limistéar masaíf eibhreach an Morvan, is é sin le rá, an ceann thuaidh den Massif Central. Méadaíonn airde an réigiúin de réir a chéile ón tuaisceart go dtí an deisceart agus, sa deireadh sroichtear Haut Folin, arb é an pointe is airde den Morvan é ag airde 901 mhéadar. Is é 600 méadar an mheánairde.

Tá an foirmiú ithreach atá ann faoi láthair nasctha le forbairt ithreacha aigéadacha donna ar ghaineamh eibhreach. Tá na hithreacha sin bocht i dtéarmaí talmhaíochta agus tá na saintréithe seo a leanas iontu:

uigeacht dhúrabhánach-chréúil-ghainmheach

aigéadach, pH: 4 go 5

easnaimh mhóra cheimiceacha aigéid fhosfaraigh agus caitian

toilleadh ard malartaithe 20 mg/100 g, a théann i laghad go tapa de réir mar a mhéadaíonn doimhneacht, agus a thiteann go dtí cúpla milleachoibhéis ag an leibhéal gainmheach

cúltaisce uisce níos mó ná 1 mm d’uisce in aghaidh an cm d’ithir.

Bíonn ‘geimhreadh fada crua, earrach déanach agus samhradh te ach gearr’ sa Morvan (Sirugue (2008), Le Morvan, inventaire cartographique des paysages et du patrimoine naturel [An Morvan, mapáil tírdhreach agus oidhreachta nádúrtha]). Tá éagsúlacht mhóra idir na blianta. Bíonn an bháisteach ard, agus bíonn teochtaí measartha ann mar aon le rioscaí seaca go minic.

Maidir le frasaíocht sa Morvan, is féidir méadú faoi dhó teacht uirthi ó bhliain go chéile. Is é an Morvan an chéad limistéar ardaithe atá in ann scamaill a thagann ó chósta an Atlantaigh a bhlocáil agus faigheann sé 1 000 mm de fhrasaíocht ar an meán in aghaidh na bliana, agus an fhrasaíocht sin dáilte thar 200 lá.

Tagann méadú ar fhrasaíocht de réir na hairde: ó mheán 800 mm in aghaidh na bliana idir 300 agus 400 méadar ar airde, sáraíonn sí 1 600 mm in aghaidh na bliana os cionn airde 900 méadar. Saintréith de chuid dháileadh na frasaíochta freisin is ea séasúr níos tirime ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh Fómhair, agus séasúr níos fliche ó mhí na Samhna go mí Feabhra.

Bíonn na meánteochtaí séimh, mar gheall ar thionchair mhuirí. Bíonn siad sa raon ó -2 °C go + 4 °C sa gheimhreadh, agus sa raon ó + 10 °C go + 25 °C sa samhradh. Mar sin féin, ceileann na meánteochtaí sin raonta leathana, os cionn 20 °C uaireanta ar aon lá amháin. Bíonn sioc dian ann uaireanta agus bíonn sí ann go han-mhinic, is é sin bíonn 100 lá seaca ann in aghaidh na bliana ar an meán. Níl sé neamhghnách teochtaí a thaifeadadh atá beagáinín faoi bhun an reophointe i mí Lúnasa ar urláir an ghleanna.

Tosca daonna

Go stairiúil, is as cultúr Protastúnach, go háirithe sa Ghearmáin agus i gCríoch Lochlann, a tháinig coincheap an ‘Crann Nollag’, bhí an coincheap sin forleathan cheana féin sa 16ú haois. Sa Fhrainc, tháinig an traidisiún sin chun cinn tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus fhorghabháil na Gearmáine, go háirithe i bPáras. Mar gheall ar na dlúthnaisc thrádála atá aige leis an bpríomhchathair trí iompar abhann, thairbhigh an Morvan den éileamh nua sin tráth a bhíodh crainn á dtáirgeadh le linn tréimhse chrua murach sin don talmhaíocht. Seoladh sprúis ó ghlanadh foraoisí chuig margadh Pháras.

Tháinig méadú tapa ar an éileamh, agus níor leor a thuilleadh na crainn ó ghlanadh foraoisí. Cuireadh tús le saothrú an chrainn Nollag, mar is eol dúinn inniu é, an tráth sin agus forbraíodh é go tapa. Bhain níos mó agus níos mó úinéirí dáileachtaí foraoise leas as an deis sin, chun foinsí eile ioncaim a fhorlíonadh, nó mar phríomhghníomhaíocht dóibh. Rinne feirmeoirí in Morvan a ngníomhaíocht a éagsúlú freisin agus tháirg siad crainn Nollag ar a ndáileachtaí talmhaíochta b’achrannaí, a bhí oiriúnach d’fhás crann Nollag.

I gcaitheamh cúig ghlúin de tháirgeoirí uaireanta, tháinig feabhas de réir a chéile ar theicnící saothraithe. Bailíodh fíor-shaineolas le chéile de réir a chéile agus cuireadh ar aghaidh é chuig glúnta nua. Ag tosú le plandú, tarlaíonn gach céim de tháirgeadh na gcrann Nollag sa Morvan. Tá speisialtóireacht déanta ag roinnt plandlann freisin i dtáirgeadh plandaí óga, cé nach féidir, go dtí seo, le táirgeoirí sa limistéar a bheith go hiomlán uathrialach fós. Tá earnáil iomlán curtha ar bun, agus tá go leor fiontar bunaithe ar tháirgeadh crann Nollag, e.g. monaróirí seastán adhmaid, soláthróirí ionchur, meaisíní, etc.

Sainiúlacht an táirge

Is iad seo a leanas saintréithe ‘Sapin de Noël du Morvan’:

seasamh cothrom agus siméadrach lena ngabhann stoc díreach amháin;

géaga rialta dlútha lena ngabhann príomhphéacán díreach comhréireach;

dath atá comhsheasmhach ar fud an chrainn iomláin: glas domhain i gcás na sprús agus na ngiúiseanna Nordmann, agus glas scothghorm i gcás na ngiúiseanna maorga;

dea-riocht úire agus coinneála spíonlaigh tar éis leagan an chrainn.

Nasc cúisíoch

Soláthraíonn suíomh geografach chnoic Morvan, mar aon leis na hithreacha agus an aeráid, na dálaí fáis is fearr do na crainn. Tá crainn Nollag á bhfás ag na táirgeoirí le beagnach céad bliain ar mhasaíf eibhreach na Burgúine. Fágann saineolas na dtáirgeoirí, in éineacht leis an gcumraíocht gheografach, gur féidir crainn ardcháilíochta a tháirgeadh. Léirítear saineolas na dtáirgeoirí sna hoibríochtaí prúnála ar feadh shaolré na gcrann: príomhphéacáin dhúbailte a bhaint, tanú ag an mbun, dlús a mhéadú trí chrainn a phrúnáil go cliathánach, nó trí díphéacú fiú. Is é súil oilte an táirgeora freisin a roghnaíonn crainn de réir marcáil ar leithligh.

Rud tábhachtach do tháirgeoirí freisin is ea cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun feidhme mar thoradh ar a suíomh laistigh de Pháirc Nádúrtha Réigiúnach Morvan. Chun éiceachóras Morvan, agus go háirithe na hithreacha, a chaomhnú, tá toirmeasc ar chrainn i mbloic ithreach. Is amhlaidh an méid sin chun baint agus bochtú ithreach sa Morvan a chosc. Úsáidtear múirín chun crainn i bpotaí a tháirgeadh. Ina theannta sin, cuidíonn an timpeallacht gheografach sin le crainn an-mhór a tháirgeadh. Tá corpas gaolmhar eolais forbartha maidir le bainistiú na gcrann, rud a d’fhág gur bunaíodh dáileachtaí talún chun crainn an-mhór a tháirgeadh. I gcaitheamh na mblianta, agus le linn oibríochtaí a bhaineann le leagan, roghnaíonn táirgeoirí na crainn a éireoidh an-mhór.

Fásann na crainn de réir ráta measartha mar gheall ar na hithreacha measartha bocht. Bíonn na crainn a tháirgtear comhsheasmhach, agus bíonn rothóga dlúth-spásáilte acu. Is féidir an dlús a mhéadú trí na teicnící prúnála iomchuí a úsáid. Is é a n-acmhainn, go háirithe, is cúis le cáilíocht ‘Sapins de Noël du Morvan’.

Tá acmhainn in aghaidh seaca ina sásra clíomúcháin arb é is cúis leis na laethanta a bheith ag éirí níos giorra agus an laghdú ar theochtaí fómhair: faoi bhun 5 °C. Éiríonn sé sin níos déine nuair a thiteann teochtaí díreach faoi bhun an reophointe. Tairbhíonn an feiniméan sin go mór de na dálaí aeráide crua is gnách a bheith sa Morvan.

Spreagann na dálaí sin na crainn chun dul i suanacht ag céim an-luath, sula leagtar iad. Tá tionchar an-tairbheach ag an tsuanacht sin ar choinneáil spíonlaigh agus ar an dath a choinneáil le himeacht ama. Mar thoradh ar leagan nó stoitheadh déanach na gcrann, is féidir an riocht úire sin a choinneáil ar bun freisin.

Sa lá atá inniu ann, is é an Morvan an réigiún táirgeora is mó sa Fhrainc agus tá 1 500 heicteár d’fháschoillte ann. Táirgeann thart ar 100 táirgeoir tuairim is 1,2 milliún crann Nollag gach bliain, ar táirgeoirí iad a bhfuil saineolas iontach agus sineirge uathúil forbartha acu trína n-acmhainní a chomhthiomsú.

Ó thaobh an gheilleagair de, tá an ghníomhaíocht sin ríthábhachtach don limistéar tuaithe sin atá faoi mhíbhuntáiste. Bíonn Seó Crainn Sapin ar siúl gach 4 bliana in Saulieu, i mí an Mheithimh. Is cruinniú é anois nach féidir neamhshuim a dhéanamh de i gcás gach gairmí ó earnáil na gcrann Nollag, ón Morvan agus ó áiteanna níos faide i gcéin.

Tá ‘Sapin de Noël du Morvan’ tar éisteacht chun bheith ina shiombail chumhachtach den réigiún. Maisíonn Sapins de Noël du Morvan na suíomhanna is mó meas i bPáras, amhail an Seanad agus Opera Pháras. Le blianta fada anuas, chuir Cumann na Fraince um Chrainn Nollag Nádúrtha (AFSNN) giúis Nordmann ar fáil chun príomhchlós Phálás Elysée a mhaisiú, mar ambasadóir bródúil thar ceann an Morvan.

Tagairt d’fhoilsiú shonraíocht táirge an táisc gheografaigh:

https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDCSapinNoelMorvan-250702.pdf


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6668/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)