European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6544

4.12.2025

Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE arna cur isteach ag Cúirt Dúiche Osló dar dáta an 8 Iúil 2025 i gcás Redd Ullevål Sykehus v Stát na hIorua, arbh í an Aireacht um Rialtas Áitiúil agus Forbairt Réigiúnach (Staten v/ Kommunal- og distriktdepartementet) ab ionadaí dó

(Cás E-17/25)

(C/2025/6544)

Chuir Cúirt Dúiche Osló (Oslo tingrett) iarraidh isteach chuig Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE dar dáta an 8 Iúil 2025, a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 15 Iúil 2025, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Redd Ullevål Sykehus v Stát na hIorua, arbh í an Aireacht um Rialtas Áitiúil agus Forbairt Réigiúnach (Staten v/ Kommunal- og distriktdepartementet) ab ionadaí dó, maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

(1)

Ceist Uimh. 1: raon feidhme na Treorach maidir le measúnú straitéiseach comhshaoil (Treoir MSC)

Níl na páirtithe ar aon intinn maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag ceanglais Threoir MSC maidir le measúnú tionchair comhshaoil.

Tá amhras ar an gCúirt Dúiche an bhfuil na coinníollacha chun teacht faoi raon feidhme Threoir MSC comhlíonta i leith na rudaí seo a leanas: (1) an dá phlean criosúcháin; (2) cinneadh chruinniú an ghnóthais sláinte an 24 Meitheamh 2016 maidir leis an spriocíomhá don struchtúr nua ospidéil le haghaidh Ospidéal Ollscoile Osló; (3) cinneadh na Parlaiminte maidir leis an teorainn iasachta i ndáil le céim 1 d’fhorbairt an ospidéil nua, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhpháirteach.

Iarrann an Chúirt Dúiche treoraíocht ghinearálta ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE maidir leis an gcaoi a bhfuil na coinníollacha le forléiriú, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi a réitíonn siad le measúnuithe faoi Threoir MTC.

(2)

Ceist Uimh. 2: rialacha náisiúnta maidir le hearráidí nach bhfuil difear déanta acu do shubstaint cinnidh

Is í an dara ceist an bhfuil sé comhoiriúnach le dlí LEE go gcuirfidh cúirt de chuid na hIorua riail i bhfeidhm, amhail roinn 41 d’Acht Riaracháin Phoiblí na hIorua, lena bhforáiltear go bhféadfar seasamh le cinneadh mar chinneadh bailí d’ainneoin earráid nós imeachta más rud é nach bhféadfadh an earráid tionchar cinntitheach a bheith aici ar shubstaint an chinnidh, i gcás ina n-áitítear nár comhlíonadh ceanglais Threoir MSC maidir le measúnú tionchair comhshaoil.

Tá an Chúirt in amhras an bhfuil sé comhoiriúnach leis an dualgas dílseachta faoi Airteagal 3 de Chomhaontú LEE riail náisiúnta a chur i bhfeidhm amhail roinn 41 den Acht Riaracháin Phoiblí i gcás den sórt sin.

(3)

Na ceisteanna sonracha

(1)

Cé na tosca atá ábhartha sa mheasúnú an ionann na cinntí seo a leanas (ar bhonn aonair nó ar bhonn comhpháirteach) agus ‘plean’ faoi Airteagal 2(a) agus Airteagal 3(2) de Threoir 2001/42/CE: (1) cinneadh ó ghnóthas sláinte maidir le spriocíomhá do struchtúr nua ospidéil, arna ghlacadh ar bhonn a neamhspleáchais faoin dlí príobháideach; (2) plean criosúcháin; (3) maoiniú stáit i bhfoirm cinneadh maidir leis an teorainn iasachta?

Maidir leis an measúnú faoi cheist 1:

I dtaca le cinneadh ó ghnóthas sláinte maidir le spriocíomhá do struchtúr nua ospidéil, an ndéanann sé difear don mheasúnú má ghlacann an Stát an cinneadh sin mar úinéir an ghnóthais sláinte ar bhonn neamhspleáchais faoin dlí príobháideach (is é sin le rá, ní ghlacann an Stát é mar údarás pleanála agus tógála)?

Sa mheasúnú ar an téarma ‘pleananna agus cláir’ faoi Airteagal 3(2)(a), cén tábhacht atá le méid agus cineál an tionscadail?

Maidir leis an gceist cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag Treoir MSC, an bhfuil tionchar air sin ag cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh measúnú faoi Threoir MTC i gcás nach n-áirítear ‘roghanna malartacha réasúnta’ sa mheasúnú faoi Threoir MTC (féach Airteagal 5(1))?

(2)

An bhfuil sé comhoiriúnach le Comhaontú LEE, lena n-áirítear Airteagal 3 de, do chúirt náisiúnta, in imeachtaí lena mbaineann sárú líomhnaithe ar rialacha a leagtar síos i dTreoir 2001/42/CE, riail náisiúnta a chur i bhfeidhm lena bhforáiltear go bhfuil cinneadh riaracháin bailí má chinneann cúirt, ar bhonn measúnú foriomlán ar an bhfianaise sa chás agus gan an dualgas cruthúnais a chur ar an bpáirtí príobháideach, nach bhféadfadh difear a bheith déanta ag an earráid atá i gceist do shubstaint an chinnidh?

Sa mheasúnú i gceist 2:

Cad iad na critéir dhlíthiúla atá ábhartha i measúnú den sórt sin?


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6544/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)