|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6526 |
2.12.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine aonair atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443 ón gComhairle, ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí
(C/2025/6526)
Dírítear aird na ndaoine aonair a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Ceanglaítear le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2309 arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443, ar dhaoine aonair tuairisc a thabhairt laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti teacht timpeall ar na bearta maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443.
(1) IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.
(2) IO L, 2025/2442, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2442/oj.
(3) IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.
(4) IO L, 2025/2443, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2443/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6526/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)