European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C

C/2025/6457

4.12.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/6457)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Ribeiro’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1123-AM04 - 5.9.2025

1.   Ainm an táirge

‘Ribeiro’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC

ATFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíonta

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

an Spáinn

5.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Ainm

An Aireacht Talmhaíochta, Iascaigh agus Bhia, Ard-Stiúrthóireacht an Bhia, Fo-Ard-Stiúrthóireacht um Rialú Cáilíochta Bia agus Saotharlanna Agraibhia.

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann an t-údarás inniúil gur leasú caighdeánach é an leasú sin ar shonraíocht táirge an ATFC ‘Ribeiro’; ní féidir é a mheas mar leasú ar leibhéal an Aontais ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2024/1143 maidir le tásca geografacha. Go sonrach: níl athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach i gceist leis; níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní; níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Ceannteideal

ATHRUITHE AR CHLEACHTAIS FÍONSAOTHRÚCHÁIN

Tuairisc

Chun feabhas a chur ar cháilíocht na bhfíonta, ní féidir cineálacha fíniúna atá aicmithe mar chineálacha tánaisteacha (Palomino, Garnacha Tintorera agus Tempranillo) a úsáid nuair atá fíonghoirt nua á bplandú, ná ní féidir iad a úsáid in athphlandú ná i mbeangáin i bhfíonghoirt atá ann cheana. Ceadaítear cineálacha eile den chineál céanna a chur in ionad fíniúnacha atá ar iarraidh ó am go chéile, áfach, i bhfíonghoirt ina bhfuil cineálacha tánaisteacha.

Déanann an leasú sin difear do phointe 3.a. den tsonraíocht táirge agus do phointe 7.1 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

ATHRUITHE AR NA hUASTÁIRGEACHTAÍ TÁIRGEACHTA I BHFÍONCHAORA IN AGHAIDH AN HEICTEÁIR

Tuairisc

I dtéarmaí ginearálta, laghdaíodh an táirgeadh a thomhaistear i bhfíonchaora in aghaidh an heicteáir chun feabhas a chur ar cháilíocht. Chun na críche sin, coinníodh na teorainneacha 13 000 kg/ha i gcás príomhchineálacha geala agus 12 000 kg/ha i gcás príomhchineálacha dearga ar bun. Is é an cleachtas nua, áfach, go bhfuil feidhm ag na teorainneacha sin gan beann ar an gcineál fíona dá bhfuil na fíonchaora beartaithe. I gcás na gcineálacha tánaisteacha, coinnítear ar bun leis an leasú an teorainn 19 000 kg/ha le haghaidh na gcineálacha geala. I gcás na cineálacha dearga, laghdaíodh an teorainn ó 19 000 kg/ha go 18 000 kg/ha.

Mar sin féin, féadfaidh na huastáirgeachtaí a bhunaítear mar riail ghinearálta, mar a leagtar amach sa mhír thuas, a bheith éagsúil in imthosca áirithe. Dá réir sin, i gcás dáileachtaí talún ag a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 planda in aghaidh an heicteáir, laghdaíodh na táirgeachtaí thuas go 10 000 kg/ha i gcás príomhchineálacha geala, agus 9 000 kg/ha i gcás príomhchineálacha dearga. I gcás cineálacha tánaisteacha, laghdaíodh na táirgeachtaí go 16 000 kg/ha i gcás cineálacha geala agus 15 000 kg/ha i gcás cineálacha dearga. Ina theannta sin, i gcás cineálacha fíniúna gile a fhástar ar dháileachtaí talún laistigh d’fhíonghoirt ina bhfuil líon foriomlán na bhfíniúnacha in aghaidh an heicteáir 7 000 nó níos mó, tá táirgeachtaí méadaithe go 15 000 kg/ha i gcás príomhchineálacha agus 20 000 kg/ha i gcás cineálacha tánaisteacha. Coinníodh na táirgeachtaí sonracha sin ard toisc gur léir go bhfuil roinnt mhaith dáileachtaí talún ann, dáileachtaí talún beaga de ghnáth, ar ar cleachtadh an dianphlandaithe le fada an lá. Bíonn táirgeachtaí arda táirgiúla acu agus is úinéirí scothaosta is mó a bhíonn ina bhfeighil a mbíonn sé deacair acu a bhfíonghoirt a athstruchtúrú.

Baineann an leasú sin le pointe 5 den tsonraíocht táirge agus le pointe 7.2 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

ATHRUITHE AR CHINEÁLACHA ÚDARAITHE

Tuairisc

Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar shainiúlacht na bhfíonta a bhaineann leis an ainmniúchán, áiríodh na cineálacha fíniúna deirge Merenzao agus Espadeiro agus na cineálacha fíniúna gile Branco Lexítimo agus Albilla do Avia, agus aicmíodh iad uile mar phríomhchineálacha. Fásadh na cineálacha sin go traidisiúnta sa limistéar, rud a chiallaíonn go dtagann cuid acu as fíniúnacha atá os cionn 100 bliain d’aois. Trí na cineálacha fíniúna sin a chur san áireamh, is féidir éagsúlacht níos mó a bheith i bhfíonta Ribeiro. D’fhéadfadh sé sin feabhas a chur ar an sciar den mhargadh chomh maith le caomhnú na hoidhreachta géinití a ndéanann na cineálacha mionlaigh sin ionadaíocht uirthi a chur chun cinn. Ba cheart tagairt ar leith a dhéanamh don chineál Albilla do Avia. Is cineál áitiúil é ó ghleann Avia, agus áiríodh é i gclár na gcineálacha tráchtála in 2021 (Ordú APA/1097/2021 an 7 Deireadh Fómhair 2021, a foilsíodh in Iris Oifigiúil Stáit na Spáinne Uimh. 243 an 11 Deireadh Fómhair 2021). Ar feadh na mblianta fada, ceapadh gur den chineál Albillo iad fíniúnacha an chineáil sin, cineál nach bhfástar, i ndáiríre, sa limistéar sin. Ar an gcúis sin, baineadh Albillo de liosta na gcineálacha údaraithe leis an leasú sin an tráth céanna a áiríodh Albilla do Avia, mar a luadh.

Baineann an leasú sin le pointe 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8 den doiciméad aonair.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

ATHRUITHE AR CHEANGLAIS EILE IS INFHEIDHME A BHAINEANN LE TÁIRGEACHT

Tuairisc

I gcomhréir leis na hathruithe ar na huastáirgeachtaí, chun fíonta Ribeiro a tháirgeadh, baineadh an rogha úsáid a bhaint as fíonchaora príomhchineálacha ó dháileachtaí talún ag a bhfuil táirgeachtaí a sháraíonn na teorainneacha bunaithe ach atá níos lú ná 19 000 kg/ha. Níl feidhm aige sin maidir leis na cineálacha ‘Castes’, ‘Barrica’, ‘Espumoso’ agus ‘Tostado’.

Tá leasú ann ar an rogha maidir le huastáirgeachtaí a mhéadú suas le 25 % i séasúir fáis shonracha mar gheall ar na dálaí aimsire an bhliain sin. Tá feidhm ag an rogha sin anois go heisiach maidir leis na príomhchineálacha. Ciallaíonn sé sin, le foclaíocht nua na sonraíochta táirge, nach ann don rogha sin maidir le cineálacha tánaisteacha.

Bhí foráil idirthréimhseach maidir le táirgeachtaí fíonchaor i bhfeidhm go dtí buaint 2017. Tá sé bainte anois toisc nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh.

Baineann an leasú sin le Roinn 8.b.1 den tsonraíocht táirge. Ní dhéantar difear don doiciméad aonair.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

Ceannteideal

FEABHSUITHE AR AN TÉACS

Tuairisc

Ceartaíodh litrithe éagsúla. Leasaíodh tagairtí d’fhorálacha rialála atá imithe i léig le himeacht ama. Tugadh sonraí teagmhála an chomhlachta tharmligthe cothrom le dáta freisin.

Déanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le fíon

‘Ribeiro’

Uimhir thagartha AE: PDO-ES-A1123-AM04 - 5.9.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Ribeiro’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   An tír ar léi an limistéar geografach sainithe

an Spáinn

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 - Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

15.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Castes’ Geal agus Ribeiro Geal

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach ina mbíonn imireacha idir buí éadrom agus ór agus imireacha idir glas agus ór, ag brath ar aois agus ar mhodh táirgthe.

Dea-bholadh

Dea-bholaithe glana láidre, agus bíonn cuid de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí aibí agus torthaí úra, bláthanna, mil, luibheanna aramatacha, plandaí agus balsam. Bíonn castacht níos mó agus déine idir measartha agus ard i gceist le fíonta na catagóire ‘Castes’.

Blas

Úr agus cothromaithe agus iarbhlas gan locht, marthanach. Bíonn struchtúr, toirt, blas, eastóscán agus iarbhlas níos mó i gceist le fíonta na catagóire ‘Castes’.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

9,5

Aigéadacht iomlán íosta:

4

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

200

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iarbhír íosta ‘Castes’ geal: 11 %

I bhfíonta a aosaíodh in adhmad ar feadh níos mó ná 3 mhí, agus atá suas le 1 bhliain amháin d’aois, is é 0,85 g/l (14,17 meq/l) an aigéadacht luaineach uasta. I bhfíonta atá os cionn bliain d’aois, is é 0,9 g/l (15 meq/l) móide 0,06 g/l (1 meq/l) an t-uasmhéid le haghaidh gach céim de neart alcóil os cionn 11 %. Ní féidir in aon chás na teorainneacha a leagtar amach sa reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm a shárú.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Castes’ Dearg agus Ribeiro Dearg

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach lena mbaineann déine datha meán-ard, imireacha idir corcairghorm agus caordhearg agus imireacha idir corcairghorm agus terracotta, ag brath ar aois agus ar mhodh táirgthe.

Dea-bholadh

Dea-bholaithe glana láidre, agus bíonn cuid de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí dearga agus dorcha, aibí agus úra, bláthanna, luibheanna aramatacha, táirgí déiríochta, plandaí agus balsam. Bíonn castacht níos mó agus déine idir measartha agus ard i gceist le fíonta na catagóire ‘Castes’.

Blas

Úr, cothrom, lena mbaineann struchtúr tainneach meán-ard agus iarbhlas gan locht, marthanach. Bíonn fíneáltacht, toirt, blas, eastóscán agus iarbhlas tainneach níos mó i gceist le fíonta na catagóire ‘Castes’.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

9,5

Aigéadacht iomlán íosta:

4

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

150

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iarbhír íosta ‘Castes’ dearg: 11 %

I bhfíonta a aosaíodh in adhmad ar feadh níos mó ná 3 mhí, agus atá suas le 1 bhliain amháin d’aois, is é 0,85 g/l (14,17 meq/l) an aigéadacht luaineach uasta. I bhfíonta atá os cionn bliain d’aois, is é 0,9 g/l (15 meq/l) móide 0,06 g/l (1 meq/l) an t-uasmhéid le haghaidh gach céim de neart alcóil os cionn 11 %. Ní féidir in aon chás na teorainneacha a leagtar amach sa reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm a shárú.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Barrica’ Geal

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach ina mbíonn imireacha idir buí éadrom agus ór agus imireacha idir glas agus ór, ag brath ar aois agus ar mhodh táirgthe.

Dea-bholadh

Casta go haramatach lena mbaineann dea-bholaithe glana láidre, agus cothromaíocht sa chomhpháirt aramatach adhmadach, déine mheán-ard, agus ina mbíonn roinnt de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí aibí, torthaí úra, torthaí triomaithe, bláthanna, mil, subh, luibheanna aramatacha, plandaí, balsam, spíosraí, dea-bholaithe tóstáilte agus bácáilte.

Blas

Úr, cothrom agus dian, blasta agus ina mbíonn eastóscán, dea-struchtúr agus toirt, ar a mbíonn iarbhlas gan locht, marthanach a mbíonn fad mór ann.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

12

Aigéadacht iomlán íosta:

4

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

200

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

I bhfíonta a aosaíodh in adhmad ar feadh níos mó ná 3 mhí, agus atá suas le 1 bhliain amháin d’aois, is é 0,85 g/l (14,17 meq/l) an aigéadacht luaineach uasta. I bhfíonta atá os cionn bliain d’aois, is é 0,9 g/l (15 meq/l) móide 0,06 g/l (1 meq/l) an t-uasmhéid le haghaidh gach céim de neart alcóil os cionn 11 %. Ní féidir in aon chás na teorainneacha a leagtar amach sa reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm a shárú.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Barrica’ Dearg

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach lena mbaineann déine datha meán-ard, imireacha idir corcairghorm agus caordhearg agus imireacha idir corcairghorm agus terracotta, ag brath ar aois agus ar mhodh táirgthe.

Dea-bholadh

Casta go haramatach lena mbaineann dea-bholaithe glana láidre, agus a bhíonn cothrom ó thaobh na comhpháirte aramataí adhmadaí, déine mheán-ard, agus ina mbíonn roinnt de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí dearga agus dorcha aibí agus úra, torthaí triomaithe, bláthanna, subh, luibheanna aramatacha, plandaí, táirgí déiríochta, balsam, spíosraí, dea-bholaithe tóstáilte, rósta agus bácáilte.

Blas

Úr, cothrom agus dian, blasta agus ina mbíonn eastóscán, dea-struchtúr agus toirt, ar a mbíonn iarbhlas gan locht, marthanach a mbíonn fad mór ann.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

12

Aigéadacht iomlán íosta:

4

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

13,3

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

150

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

I bhfíonta a aosaíodh in adhmad ar feadh níos mó ná 3 mhí, agus atá suas le 1 bhliain amháin d’aois, is é 0,85 g/l (14,17 meq/l) an aigéadacht luaineach uasta. I bhfíonta atá os cionn bliain d’aois, is é 0,9 g/l (15 meq/l) móide 0,06 g/l (1 meq/l) an t-uasmhéid le haghaidh gach céim de neart alcóil os cionn 11 %. Ní féidir in aon chás na teorainneacha a leagtar amach sa reachtaíocht is infheidhme atá i bhfeidhm a shárú.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Espumoso’geal agus rosé [súilíneach]

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach ina mbíonn bolgáin mhíne sheasta, imireacha idir buí éadrom agus ór (fíonta geala súilíneacha) agus idir caordhearg agus cróch-bhándearg (fíonta dearga súilíneacha). Bíonn na himireacha idir glas agus órga (fíonta geala súilíneacha) agus idir corcairghorma agus oráiste (fíonta rosé súilíneacha), ag brath ar aois agus ar mhodh táirgthe.

Dea-bholadh

Casta go haramatach lena mbaineann dea-bholaithe glana láidre, déine mheán-ard, agus ina mbíonn cuid de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí aibí, torthaí úra, torthaí triomaithe, giosta, grabhróga aráin, earraí bácáilte, bláthanna, mil, subh, luibheanna aramatacha, plandaí, balsam, spíosraí agus dea-bholaithe tóstáilte.

Blas

Úr, cothrom agus dian, blasta agus ina mbíonn eastóscán, struchtúr meán-ard agus toirt; bíonn na bolgáin mín, seasta, deas, bog agus uachtarúil, ar a mbíonn iarbhlas gan locht, marthanach a bhíonn idir measartha agus fada.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

10

Aigéadacht iomlán íosta:

5

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

16,7

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

185

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

-

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Ribeiro ‘Tostado’ geal agus dearg

Saintréithe orgánaileipteacha

Cuma amhairc

Trédhearcach ina mbíonn imireacha idir buí ómra agus ar dhath an mhahagaine agus imireacha idir órga agus donnrua. Is féidir le himireacha dearga is éadroime forbairt sna fíonta dearga ag brath ar a n-aois agus ar a modh táirgthe.

Dea-bholadh

Casta go haramatach lena mbaineann dea-bholaithe glana láidre, déine mheán-ard, agus in a mbíonn cuid de na tuairisceoirí seo a leanas i láthair: torthaí aibí, torthaí rísínithe, torthaí criostalaithe, torthaí triomaithe, mil, luibheanna aramatacha, spíosraí, balsam, le dea-bholaithe tóstáilte, rósta agus bácáilte agus crua-adhmaid.

Blas

Milis agus cothrom, lena mbaineann úire fíneálta, dian, ard i dtoirt lena mbaineann braistint olach, ina mbíonn eastóscán agus a bhíonn an-bhlasta, ar a mbíonn iarbhlas gan locht, marthanach a bhíonn an-dian agus fada.

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

13

Aigéadacht iomlán íosta:

-

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

-

Aigéadacht luaineach uasta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir:

35

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir):

-

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Uaschion sulfair: 200 mg/l i gcás fíonta dearga agus 250 mg/l i gcás fíonta geala.

Tá aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh agus srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

-

Cineál cleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Fíonta geala agus fíonta dearga Níor cheart an táirgeacht úsctha a bheith níos mó ná 72 lítear fíona in aghaidh gach 100 kg d’fhíonchaora le haghaidh fíonta a dhéantar as na príomhchineálacha fíniúna: Ribeiro ‘Castes’, Ribeiro ‘Barrica’ agus Ribeiro ‘Espumoso’. I gcás na bhfíonta eile, is é 74 lítear fíona in aghaidh gach 100 kg fíonchaor an teorainn.

Ní mór fíonta Ribeiro ‘Castes’ a dhéanamh go heisiach as na príomhchineálacha.

Is fíonta dearga nó fíonta geala iad fíonta Ribeiro ‘Barrica’ a choinnítear, ag pointe ar bith den phróiseas táirgthe, i mbairillí ag a mbíonn toirt uasta 600 lítear, agus a dhéantar go heisiach as príomhchineálacha fíniúna.

Fíonta súilíneacha nach ndéantar ach as príomhchineálacha fíniúna, agus úsáid á baint as an modh traidisiúnta, sna leaganacha ‘Brut’ agus ‘Brut Nature’.

‘Tostado’: A dhéantar go heisiach as na príomhchineálacha dearga nó geala de réir mar is iomchuí. Baintear úsáid as próiseas chun na fíonchaora a thriomú go nádúrtha i limistéir chumhdaithe ina bhfuil na gnéithe iomchuí ionas go dtriomaíonn na fíonchaora i gceart trí úsáid a bhaint as aeráil nádúrtha. 3 mhí ar a laghad a bhíonn sa tréimhse thriomaithe. Bíonn méid siúcra 350 g/l ar a laghad san úrfhíon fíonchaor. Is é 40 lítear fíona an uastáirgeacht in aghaidh gach 100 kg d’fhíonchaora rísínithe. Tá próiseas ann trína n-aosaítear an fíon i ndabhcha adhmaid darach nó adhmaid silín ar bhealach a áirithíonn nach lú ná 6 mhí an tréimhse iomlán teagmhála leis an adhmad. Áirítear leis sin, i gcás inarb ábhartha, iompú bunoscionn le linn an phróisis coipthe. Mhaireann an próiseas aosaithe i mbuidéil 3 mhí ar a laghad.

Cleachtas fíoneolaíoch

Modhanna saothraithe

Cineál cleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas saothraithe

Tuairisc

Bíonn dlús íosta 3 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir ag planduithe nua.

Tar éis an leagain nua seo den tsonraíocht táirge a fhormheas, ní bheifear in ann na cineálacha fíniúna tánaisteacha (Palomino, Garnacha Tintorera agus Tempranillo) a úsáid i bhfíonghoirt nuaphlandaithe nó athphlandaithe, ná i mbeangáin i bhfíonghoirt atá ann cheana. Mar sin féin, i bhfíonghoirt ina bhfuil na cineálacha tánaisteacha sin, ceadaítear fíniúnacha eile den chineál céanna a chur in ionad fíniúnacha atá ar iarraidh ó am go chéile.

Úsáidtear prúnáil Guyot, prúnáil tródaim, cuachphrúnáil nó prúnáil spoir sa phrúnáil bhliantúil.

Úsáidtear treilísí nó cuaillí sa chóras treoraithe.

7.2.   Uastáirgeachtaí

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

13 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

93,60

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

13 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

52

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

12 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

86,40

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga le haghaidh ‘Tostado’

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

12 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga le haghaidh ‘Tostado’

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

48

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

19 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

140,60

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha dearga

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

18 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha dearga

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

133,20

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

10 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

72

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

10 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

40

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

9 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

64,80

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

9 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha dearga le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

36

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe is lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

16 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe is lú ná 3 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

118,40

15 000

111

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos mó ná 7 000 fíniúin/ha acu

108

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe níos mó ná 7 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

15 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Príomhchineálacha geala le haghaidh ‘Tostado’ ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe is mó ná 7 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

60

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe is mó ná 7 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

20 000

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

cileagram d’fhíonchaora in aghaidh an heicteáir

Gach fíon / catagóir / cineál

Cineálacha tánaisteacha geala ó dháileachtaí talún a bhfuil dlús plandaithe is mó ná 7 000 fíniúin/ha acu

Uastáirgeacht:

Uastáirgeacht

148

Uastáirgeacht in aghaidh an aonaid:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

BRANCELLAO

ALBARIÑO

CAÍÑO BRAVO

LOUREIRA - LOUREIRO BLANCO

TREIXADURA

GARNACHA TINTORERA

TORRONTÉS

PALOMINO

GODELLO

MERENZAO

ALBILLA DO AVIA

CAÍÑO LONGO

CAÍÑO BLANCO

MENCÍA

CAÍÑO TINTO

TEMPRANILLO

FERRÓN

ALBARIN BLANCO - BRANCO LEXITIMO

SOUSÓN

ESPADEIRO

LADO

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach críochaithe

Cuimsíonn limistéar táirgeachta na bhfíonta a chumhdaítear le hainmniúchán tionscnaimh Ribeiro na tailte atá laistigh de na bardais agus na ceantair seo a leanas: bardais Ribadavia, Arnoia, Castrelo de Miño, Carballeda de Avia, Leiro, Cenlle, Beade, Punxín agus Cortegada; paróistí Banga, Cabanelas agus O Barón, bardas O Carballiño; paróistí Pazos de Arenteiro, Albarellos, Laxas, Cameixa agus Moldes i mbardas Boborás; ceantair Santa Cruz de Arrabaldo agus Untes i mbardas Ourense; agus i mbardas Toén, ceantair Puga, A Eirexa de Puga, O Olivar, sráidbhaile Feá y Celeirón agus paróiste Alongos; agus sráidbhaile A Touza i mbardas San Amaro.

Tá na bardais sin uile i gcúige Ourense, i bPobal Féinrialaitheach na Gailíse.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Tá an ceantar suite i limistéar ar a dtugtar limistéar aistrithe aeráide na Gailíse, a cruthaíodh trí bhíthin an mheascáin d’fhoscadh ó na sléibhte máguaird agus de ghaireacht an Aigéin Atlantaigh. Tá an aeráid measartha agus Meánmhuirí ag teacht le tionchar Atlantach arna mhaolú ag na sliabhraonta atá suite ar an taobh thiar den cheantair. Cosnaíonn na sléibhte an ceantar ar na stoirmeacha a thagann isteach ón bhfarraige. I measc na ngnéithe suntasacha tá teochtaí a mbíonn difríocht mhór i gceist leo ó lá go hoíche; leibhéil ísle báistí tar éis théachtadh na dtorthaí; tailte neamhshaothraithe, ar tailte eibhreacha den chuid is mó iad, a bhfuil toilleadh réimse íseal acu, agus an tír-raon géar sléibhe.

Is ar éigean atá an ceantar oiriúnach d’fhíonsaothrúchán. Ní aibíonn na torthaí go héasca, ach sroicheann siad an aibíocht alcólach is gá an tráth céanna le haibíocht fheanólach. Ar an mbealach sin, coinníonn sé úire chothrom ar bun a sholáthraíonn an aigéadacht nádúrtha agus bíonn aigéad tartarach níos láidre ná aigéad malach. Cruthaíonn cineál beagán ilchríochach an limistéir, mar aon leis na sruthanna aeir atá i réim, difríocht mhór sa teocht ó lá go hoíche. Tugann sé sin cúnamh d’aibiú mall, rud a chuireann leis an úire nádúrtha agus leis an dea-bholadh nádúrtha.

Agus leas á bhaint acu as tír-raon cnocach an cheantair, bhunaigh táirgeoirí fíonghoirt ar na fánaí is fabhraí. I roinnt mhaith cásanna, thóg siad léibhinn chun cuidiú le haire a thabhairt do na fíniúnacha agus chun doimhneacht níos fearr a thabhairt don ithir, a raibh mar thoradh air tírdhreach a bhfuil idirghabháil an duine le feiceáil air go soiléir Ar an mbealach sin, d’áirithigh táirgeoirí go bhfaigheann na plandaí a ndóthain solais ón ngrian agus ar an gcaoi sin go gcruthaíonn siad na siúcraí is gá chun fíon ina bhfuil neart maith alcóil a tháirgeadh. Is ar éigean atá an limistéar sin, mar a luadh roimhe seo, oiriúnach d’fhíonsaothrúchán.

Baineann gné bhunúsach eile den nasc idir na fíonta sin agus an limistéar leis na cineálacha fíniúna atá ar fáil. Is cineálacha iad an chuid is mó díobh a fhástar go traidisiúnta sa cheantar ach is annamh a fhaightear iad i limistéir fíonsaothrúcháin eile. Ina measc sin tá an cineál geal Treixadura, an cineál is ionadaíche agus is mó a fhástar sa limistéar geografach sin. Tá na cineálacha sin oiriúnaithe go hiomlán don chomhshaol agus is thoradh ar na roghanna a rinne táirgeoirí le himeacht ama iad. Le dálaí an cheantair, táirgtear fíonta a bhíonn an-aramatach agus torthaíoch agus a mbíonn bolaithe bláthacha orthu as na cineálacha sin, as Treixadura go háirithe. Déanann an neart alcóil cúiteamh ar an aigéadacht, a mbíonn fíonta úra agus cothrom mar thoradh air.

Catagóirí na dtáirgí fíniúna

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Achoimre ar an nasc

Déantar fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán an DO Ribeiro trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta. Tá dlúthbhaint ag a saintréithe leis na dálaí sonracha comhshaoil agus leis na cineálacha fíniúna a úsáidtear.

Is saintréith den chomhshaol é aeráid mheasartha de chineál Meánmhuirí a bhfuil tionchair an Atlantaigh i gceist léi. Bíonn difríocht mhór idir teochtaí ó lá go hoíche ann agus leibhéil ísle báistí ann tar éis théachtadh na dtorthaí. Tá toilleadh réimse íseal ag na hithreacha agus tá tír-raon sléibhtiúil timpeall orthu. Is limistéar é sin inar forbraíodh fíonsaothrúchán faoi dhálaí sriantacha agus nach n-aibíonn fíonchaora go héasca. Mar fhreagairt air sin, baineann fíonsaothraithe leas as tír-raon cnocach an limistéir trí fhíonghoirt a lonnú ar fhánaí ina bhfuil an nochtadh is mó don ghrian. Tá an difríocht sa teocht ó lá go hoíche fabhrach d’aibiú mall na dtorthaí. Cuireann sé sin le húire agus dea-bholadh nádúrtha na bhfíonta súilíneacha sin.

Is cineálacha dúchasacha iad na cineálacha fíniúna uile a úsáidtear agus tá siad oiriúnaithe do dhálaí comhshaoil ar leith an cheantair. Is toradh iad ar an bpróiseas roghnúcháin a rinne táirgeoirí an limistéir le himeacht na mblianta. Ina measc tá an cineál mór le rá Treixadura, an cineál is mó a fhástar. Mar sin féin, tá na cineálacha Loureiro agus Albariño an-oiriúnach freisin chun na fíonta sin a dhéanamh. Ciallaíonn dálaí ithreach agus aeráide an cheantair sin gur féidir na cineálacha sin a bhuain go luath, nuair a bhaintear an chothromaíocht cheart siúcra agus aigéadachta amach. Ar an mbealach sin, baintear na fíonchaora nuair a bhíonn méid siúcra measartha agus leibhéal réasúnta aigéadachta acu. Fágann sé sin gur féidir bunfhíonta cothroma a tháirgeadh nach bhfuil ró-alcólach ach atá an-aramatach. I limistéir fíonsaothrúcháin eile, in aice láimhe, bheadh aigéadacht mhéadaithe ann mar thoradh ar an gcleachtas an bhuaint a thabhairt ar aghaidh chun neart alcóil an bhunfhíona a mhaolú, rud nach dtarlaíonn ansin. Is é an phríomhchúis a bheadh leis an iomarca aigéid mhalaigh a laghdódh cáilíocht an fhíona a tháirgtear.

Is oidhreacht ghéiniteach a bhfuil an-luach ag baint léi iad na cineálacha sin. Tugann sé cáilíocht uathúil do na cineálacha éagsúla fíona ón gceantar sin, go háirithe do na fíonta súilíneacha atá an-aramatach agus torthaíoch.

Catagóirí na dtáirgí fíniúna

15.

Fíon ó fhíonchaora rísínithe

Achoimre ar an nasc

Is fíon é Tostado del Ribeiro a dhéantar as fíonchaora rísínithe. Is iad na hamhábhair a úsáidtear chun é a tháirgeadh, agus na dálaí comhshaoil nádúrtha agus modh táirgthe ar leith, toradh shaineolas na dtáirgeoirí áitiúla is cúis lena shaintréithe ar leith.

Is cineálacha fíniúna dúchasacha de chuid an limistéir iad na hamhábhair atá curtha in oiriúint do na dálaí comhshaoil áirithe. I measc na gcineálacha sin tá Treixadura, an ceann is mó a fhástar agus is saintréithiúla.

Is saintréith den chomhshaol é aeráid mheasartha de chineál Meánmhuirí a bhfuil tionchair an Atlantaigh i gceist léi. Bíonn difríocht mhór idir teochtaí ó lá go hoíche ann agus leibhéil ísle báistí ann tar éis théachtadh na dtorthaí. Tá toilleadh réimse íseal ag na hithreacha neamhshaothraithe agus tá tír-raon sléibhtiúil timpeall orthu. Fástar fíniúnacha ar na fánaí is mó a nochtar don ghrian ionas go n-aibíonn siad i gceart.

Is ar éigean atá an limistéar oiriúnach d’fhíonsaothrúchán, agus níl sé éasca ag fíniúnacha aibiú i gceart ann. Murach go ndéantar na cineálacha fíniúna a úsáidtear a oiriúnú agus a fhás i ndáileachtaí talún a threoshuitear go cúramach ní aibeoidís ar chor ar bith. Is é an t-údar a bhfuil an fíon an-speisialta. Is fíon milis é as limistéar a mbaineann dálaí comhshaoil nádúrtha leis a fhágfadh nach mbeifí in ann iad a tháirgeadh de ghnáth.

Is féidir é sin a dhéanamh a bhuí leis na teicnící táirgthe a d’fhorbair táirgeoirí áitiúla le himeacht ama. Tar éis na fíonchaora a bhuaint, cuireann na táirgeoirí na triopaill faoi réir próiseas casta aibithe i limistéir chlúdaithe ina bhfuil aeráil nádúrtha. Tá an cineál Treixadura oiriúnach go háirithe chun rísíniú a dhéanamh toisc go bhfuil a chraiceann níos tibhe agus níos frithsheasmhaí ná craiceann cineálacha eile. Fágann sé sin gur fearr is féidir leis déileáil leis an bpróiseas rísínithe nádúrtha.

Ina theannta sin, tá fómhair níos tirime i gceist le haeráid an cheantair sin ná mar a bheifí ag súil leis mar gheall ar a ghaireacht don Atlantach. Is mar gheall ar an mbacainn chosanta a chruthaigh na sléibhte atá timpeall air san iarthar é sin. Tugann na dálaí sin cúnamh don phróiseas rísínithe. Ní chuirtear na fíonchaora faoi réir leibhéil bogthaise choibhneasta atá ró-ard, rud a chuirfeadh moill ar an bpróiseas díhiodráitithe nádúrtha agus a mhéadódh an baol maidir le galair chrioptagamacha. Ina theannta sin, is gnách na teochtaí fómhair a bheith measartha, rud a thugann cúnamh don phróiseas triomaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh buntáiste ag ceantair atá suite níos faide isteach ón gcósta de bharr bogthaise chomhthimpeallach níos ísle. Mar sin féin, is é an míbhuntáiste a bhaineann leis sin go mbeadh triomú nádúrtha níos deacra mar gheall ar theochtaí ísle.

Is é toradh an phróisis sin fíon milis agus cothrom ina mbíonn méid iomlán siúcra os cionn 120 g/l, a bhíonn an-saintréithiúil de chultúr fíonsaothrúcháin an cheantair. Bíonn an-tóir air, bíonn sé an-chostasach é a tháirgeadh agus bíonn dea-cháil air.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Ceannteideal an cheanglais / an mhaolaithe

Pacáistiú ag an bhfoinse.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál ceanglais / maolaithe breise

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochnaithe

Tuairisc ar an gceanglas / maolú

Tá baol ag baint le hiompar agus le buidéalú lasmuigh den limistéar táirgeachta do cháilíocht an fhíona, rud is féidir a fheiceáil i bhfeiniméin an ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin, na n-éagsúlachtaí teochta agus eile. Dá fhad an t-achar a chumhdaítear is ea is tromchúisí an baol. Trí bhuidéalú a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh is féidir saintréithe agus cáilíocht an fhíona a chaomhnú. Mar gheall air sin, in éineacht leis an taithí agus an t-eolas domhain ar cháilíochtaí áirithe na bhfíonta, arna bhforbairt ag fíonlanna an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Ribeiro’ le himeacht na mblianta, is gá buidéalú a dhéanamh sa limistéar tionscnaimh. Dá dheasca sin, caomhnaítear saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha uile na bhfíonta sin.

Ceannteideal an cheanglais / an mhaolaithe

Rialacha maidir le lipéadú

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál ceanglais / maolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas / maolú

Áirítear lógó agus ainm an ainmniúcháin tionscnaimh ar lipéid na bhfíonta buidéalaithe.

Maidir le fíonta an ainmniúcháin tionscnaimh ‘Ribeiro’ a tháirgtear ó phríomhchineálacha, ceadaítear na téarmaí seo a leanas a áireamh ar na lipéid, ar an bpacáistíocht agus ar na hábhair fógraíochta: ‘Barrica’, ‘Espumoso’ agus ‘Tostado’, de réir mar is iomchuí.

I gcás fíonta nach n-aicmítear mar ‘Castes’, ‘Barrica’, ‘Espumoso’ nó ‘Tostado’ iad, ní cheadaítear na téarmaí ‘caste’ agus ‘autóctonas’ a bheith ar a lipéad, agus ní cheadaítear ainm aon cheann de na príomhchineálacha a bheith air ach oiread. Ar an gcuma chéanna, ní cheadaítear aon téarma eile a úsáid a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le saintréithe an fhíona, go háirithe téarmaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall maidir le fíonta sna catagóirí Ribeiro ‘Castes’, Ribeiro ‘Barrica’, Ribeiro ‘Espumoso’ agus Ribeiro ‘Tostado’.

Ní mór bliain na buainte a bheith le feiceáil ar lipéadú fíonta sna catagóirí ‘Castes’ agus ‘Barrica’.

Ba cheart séalaí cáilíochta uimhrithe nó lipéid tosaigh/chúil, arna n-eisiúint ag an mBord Rialála, a áireamh sa phacáistíocht. Ní mór iad sin a chur i gceangal san fhíonlann chomhfhreagrach.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://agacal.xunta.gal/sites/default/files/calidade-alimentaria/vinos/Pliego_Condiciones_DOP_Ribeiro_abril_2025_ES.pdf

(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6457/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)