European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6444

2.12.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

(C/2025/6444)

Na daoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2436 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2435 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí, dírítear a n-aird ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin a choinneáil ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 agus i Rialachán (AE) 2017/1770. Tugtar na forais leis na daoine sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear sin ar na suíomhanna gréasáin a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 7 Meán Fómhair 2026 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX. 1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2017/1775 agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1770.

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.

(2)   IO L, 2025/2436, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2436/oj.

(3)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

(4)   IO L, 2025/2435, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2435/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6444/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)